Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Eanáir 2024 – TA Towers v EUIPO – Wobben Properties (Ábhar foirgníochta)

(Cás T-202/22) 1

(Dearadh Comhphobail – Imeachtaí neamhbhailíochta – Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear ábhar foirgníochta – Foras le neamhbhailíocht – Neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha cosanta  – Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 – Easpa saincháilíochta – Airteagal 6 de Rialachán Uimh. 6/2002)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: TA Towers ApS (Odense, an Danmhairg) (ionadaí: L. Andersen, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionada: J. Ivanauskas, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhord Achomhairc de EUIPO, idiragaí os comhair na Cúirte Ginearálta: Wobben Properties GmbH (Aurich, an Ghearmáin) (ionadaithe: R. F. Böhm agus A. Ebert-Weidenfeller, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Feabhra 2022 (Cás R 2493/2020-3) ar neamhní.

An cuid oibríochtúil

Cuirtear an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig an Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Feabhra 2022 (Cás R 2493/2020-3) ar neamhní.

Diúltaítear don chuid eile don chaingean.

Ordaítear do EUIPO agus do Wobben Properties GmbH a gcostais féin a íoc chomh maith le, gach ceann díobh, leath de na costais arna dtabhú ag TA Towers ApS os comhair na Cúirte Ginearálta agus os comhair an Bhoird Achomhairc.

____________

1 IO C 222, 7.6.2022.