Language of document :

Caingean arna tabhairt an 31 Márta 2023 — an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Portaingéile

(Cás C-211/23)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Samnadda agus I. Melo Sampaio, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Portaingéile

An t-ordú atá á lorg

1)    Go ndearbhófar gur mhainnigh Poblacht na Portaingéile na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 29(1) agus (2) de Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE1 a chomhlíonadh trí mhainneachtain na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin go léir is gá a ghlacadh chun an méid a leagtar síos sa Treoir sin a chomhlíonadh agus trí mhainneachtain iad a chur in iúl don Choimisiún.

2)    Go n-ordófar do Phoblacht na Portaingéile méid socraithe a íoc leis an gCoimisiún arb ionann é agus an méid is airde idir an dá mhéid seo a leanas: (i) méid laethúil EUR 4 600 le méadú faoi líon na laethanta idir an lá i ndiaidh dheireadh na teorann ama trasuite a shonraítear i dTreoir 2019/790 agus an dáta a thiocfaidh deireadh leis an sárú nó, i gcás neamhchomhlíonta, an dáta a thabharfar an breithiúnas; nó (ii) íosmhéid sonraithe EUR 1 288 000.

3)    I gcás go leanann an mhainneachtain a leagadh amach i mír 1) ar aghaidh go dtí an dáta a thabharfar an breithiúnas sa chás seo, go n-ordófar do Phoblacht na Portaingéile íocaíocht phionósach thréimhsiúil EUR 59 290.50 a íoc leis an gCoimisiún do gach lá moille, go dtí go gcomhlíonfaidh an Ballstát sin a oibleagáidí faoi Threoir 2019/790; agus

4)    Go n-ordófar do Phoblacht na Portaingéile na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Le Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE déantar uasdátú ar na rialacha maidir le cóipcheart chun teicneolaíochtaí digiteacha, lenar athraíodh an bealach ina dtairgtear, ina scaiptear agus ina bhfaightear rochtain ar ábhar cruthaitheach, a chur san áireamh. Le hAirteagal 29(1) den Treoir sin sonraítear an 7 Meitheamh 2021 mar dháta trasuite do na Ballstáit. I gcomhréir le mír 2 den Airteagal céanna “[d]éanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.”

An 23 Iúil 2021, sheol an Coimisiún litir fhoirmiúil fógartha chuig Poblacht na Portaingéile. An 19 Bealtaine 2022, sheol an Coimisiún tuairim réasúnaithe chuig an mBallstát sin. Níor ghlac an Ballstát bearta trasuite uile na Treorach go fóill áfach, nó, in aon chás, níor chuir sé in iúl don Choimisiún iad.

____________

1 IO 2019 L 130, lch. 92.