Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie (an Rómáin) a taisceadh an 31 Deireadh Fómhair 2023 – Institutul de Istorie şi Teorie Literară ‘G. Călinescu’, Fundaţia Naţională pentru Ştiinţă şi Artă v HK, oidhre TB, VP, GR

(Cás C-649/23, Institutul G. Călinescu)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóirí ar phointe dlí - Cosantóirí ag an gcéad chéim: Institutul de Istorie şi Teorie Literară ‘G. Călinescu’, Fundaţia Naţională pentru Ştiinţă şi Artă

Freagróirí ar phointe dlí - Iarratasóirí ag an gcéad chéim: HK, oidhre TB, VP

Achomharcóir ar phointe dlí - Cosantóir ag an gcéad chéim: GR

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil forálacha Airteagal 2(a) de Threoir 2001/29/CE 1 le léiriú sa chaoi a chiallaíonn go bhféadfar eagrán criticiúil de shaothar arb é is aidhm dó téacs saothair bhunaidh a bhunú trí dhul i gcomhairle leis an lámhscríbhinn, tráchtaireacht agus an gaireas criticiúil riachtanach ag gabháil leis, a mheas mar shaothar atá cosanta ag cóipcheart?

____________

1 Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO 2001 L 167, lch. 10)