Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landesverwaltungsgericht Steiermark (an Ostair) a taisceadh an 2 Samhain 2023 – pro medico Handels GmbH v Bürgermeisterin der Stadt Graz

(Cás C-652/23, pro medico Handel)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landesverwaltungsgericht Steiermark

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: pro medico Handels GmbH

Cosantóir: Bürgermeisterin der Stadt Graz

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 14(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 1 , arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(5) den Rialachán sin, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht Bhallstáit nó ar léiriú ar an reachtaíocht sin ar dá réir ba cheart a mheas go bhfuil bia mí-oiriúnach lena chaitheamh ag an duine mura ráthaítear gur féidir é a úsáid de réir na críche dár beartaíodh é, gan aon cheann de na cúiseanna a leagtar amach in Airteagal 14(5) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 chun go mbeidh bia mí-oiriúnach lena chaitheamh ag an duine (mar gheall air éilliú trí ábhar coimhthíoch nó ar shlí eile, nó trí mhorgadh, trí mheathlú nó trí lobhadh) a bheith ann?

Más freagra diúltach a thabharfar ar an gcéad cheist:

An gcaithfear Airteagal 14(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(5) den Rialachán sin, a léiriú sa chaoi gur chóir a mheas go bhfuil bia mí-oiriúnach lena chaitheamh ag an duine más rud é, nuair a chaitear é mar a beartaíodh, go sáraíonn sé go suntasach leibhéal ar a mbreathnaíonn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, ina mheasúnú ar shubstaint mhianrach (atá sa bhia), mar iontógáil laethúil infhulaingthe?

Más freagra dearfach a thabharfar ar an dara ceist:

An bhfuil an teorainnluach le haghaidh since arna leagan síos ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia ina cheangal nó an féidir a cheadú go sáraítear an teorainnluach go pointe áirithe más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 14(3)(b) de Rialachán Uimh. 178/2002, go gcuirtear eolas ar an táirge lena gcuirtear in iúl go bhfuil an táirge oiriúnach do ghrúpa áirithe daoine amháin, nach féidir aon ullmhóid eile ina bhfuil sinc a ghlacadh leis agus nach mór an iontógáil a theorannú ó thaobh ama de?

____________

1     Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (IO 2002 L 31, lch. 1)