Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Högsta förvaltningsdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an 6 Feabhra 2023 – Skatteverket v Digital Charging Solutions GmbH

(Cás C-60/23, Digital Charging Solutions)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Högsta förvaltningsdomstolen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Skatteverket

Cosantóir: Digital Charging Solutions GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

An ionann soláthar d’úsáideoir feithicle leictrí arb é atá ann an fheithicil a luchtú ag pointe luchtaithe agus soláthar earraí faoi Airteagail 14(1) agus 15(1) den Treoir maidir le CBL?1

Má thugtar freagra dearfach ar Cheist 1, an measfar soláthar den sórt sin a bheith ann ag gach céim de shlabhra idirbheart ina bhfuil cuideachta idirghabhálaí páirteach, i gcás ina bhfuil conradh ag gabháil leis an slabhra idirbheart ag gach céim, ach nach bhfuil sé de cheart ach ag úsáideoir na feithicle cinneadh a dhéanamh maidir le cúrsaí amhail cainníocht, tráth an cheannaigh agus suíomh luchtaithe, chomh maith leis an gcaoi ina mbeidh an leictreachas le húsáid?

____________

1 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. l).