Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – JPMorgan Chase agus páirtithe eile v an Coimisiún Eorpach

(Cás T-106/17)1

(Iomaíocht – Cairtéal – Earnáil na nDíorthach Ráta Úis Euro – Cinneadh go raibh sárú ann ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE – Ionramháil ar rátaí tagartha idirbhainc Euribor – Malartú faisnéise rúnda – Srianadh iomaíochta de réir cuspóra – Sárú leanúnach aonair – Nós imeachta ‘hibrideach’ céimnithe le himeacht ama – Toimhde na neamhchiontachta – Neamhchlaontacht – Fíneálacha – Bunmhéid – Luach na ndíolachán – Airteagal 23(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Cinneadh leasaitheach lena bhforlíontar an ráiteas ar chúiseanna – Cóir chomhionann – Comhréireacht – Dlínse gan teorainn)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: JPMorgan Chase & Co. (Nua Eabhrac, Nua Eabhrac, na Stáit Aontaithe), JPMorgan Chase Bank, National Association (Columbus, Ohio, na Stáit Aontaithe), J.P. Morgan Services LLP (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: B. Tormey, A. Holroyd, L. Ream, N. French, N. Frey, D. Das, D. Hunt, N. English, Solicitors, M. Lester, KC, D. Piccinin agus D. Heaton, Barristers)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: F. van Schaik, T. Baumé agus M. Farley, Gníomhairí)

Ábhar

Lena gcaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, ar thaobh amháin, go gcuirfear Cinneadh C(2016) 8530 final ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2016 maidir le himeacht de bhun Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39914 – Díorthaigh Ráta Úis Euro (EIRD)) ar neamhní go páirteach agus, ar an taobh eile, ar bhonn coimhdeach, méid na fíneála ar gearradh orthu sa chinneadh sin a chur ar neamhní nó a laghdú. Ina theannta sin, iarrann siad ar rialú ar dá réir nach bhfuil gá Cinneadh C(2021) 4610 final ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leasaítear an cinneadh atá faoi chonspóid a chur san áireamh nó, ar bhonn coimhdeach, an cinneadh sin a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Ní gá a thuilleadh don chaingean, tionscanta ag J.P. Morgan Services LLP, dul ar aghaidh chun breithiúnais.

Cuirtear Airteagal 2(c) de Chinneadh C(2016) 8530 final ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2016 maidir le himeacht faoi Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE (Cás AT. 39914 – Díorthaigh Ráta Úis Euro (EIRD)) ar neamhní a mhéid a bhaineann sé le JPMorgan Chase & Co. agus JPMorgan Chase Bank, National Association.

Déantar méid na fíneála, dá bhfuil JPMorgan Chase & Co. agus JPMorgan Chase Bank, National Association faoi dhliteanas go leithleach, a shocrú ag EUR 337 196 000.

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 112, 10.4.2017.