Language of document : ECLI:EU:C:2023:229

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

21 Márta 2023 (*)

(Tarchur chun réamhrialú — Comhfhogasú dlíthe — Cineálcheadú mótarfheithiclí — Treoir 2007/46/CE —— Airteagal 18(1) — Airteagal 26(1) — Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 — Airteagal 5(2) — Mótarfheithiclí — Inneall díosail — Astaíochtaí truailleán — Comhla athshruthaithe gáis sceite (comhla AGS) — Laghdú ar astaíochtaí ocsaíde nítrigine arna theorannú ag “fuinneog theochta” — Feiste sháraithe — Cosaint leasanna ceannaitheora aonair feithicle feistithe le feiste sháraithe neamhdhleathach — An ceart chun cúiteamh a fháil ón déantóir feithicle ar bhonn dliteanas tortach — Modh ríofa an chúitimh — Prionsabal na héifeachtachta — Airteagal 267 CFAE — Inghlacthacht — Breithimh aonair ag tarchur ceiste chun na Cúirte)

I gCás C-100/21,

Iarraidh ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Landgericht Ravensburg (Cúirt Réigiúnach, Ravensburg, an Ghearmáin), trí bhreith an 12 Feabhra 2021, a fuarthas ag an gCúirt an 17 Feabhra 2021, sna himeachtaí idir

QB

agus

Mercedes-Benz Group AG, ar a dtugtaí Daimler AG roimhe seo,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe agus P. G. Xuereb (Rapóirtéir), Uachtaráin Dlísheomraí, M. Ilešič, N. Piçarra, I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Jääskinen, N. Wahl, I. Ziemele, Z. Csehi agus O. Spineanu-Matei, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. Rantos,

Cláraitheoir: M. Krausenböck, Riarthóir,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus i dtaca le héisteacht an 8 Márta 2022,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        QB, ag P. Franz, N. Gellert, R. Ghaffari, R. Klinger, K. Meiser agus A. Pacura, Rechtsanwälte,

–        Mercedes-Benz Group AG, ag M. Ruttloff, U. Soltész, E. Wagner agus N. Wimmer, Rechtsanwälte,

–        Rialtas na Gearmáine, J Möller agus D. Klebs, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag M. Huttunen, M. Noll‑Ehlers agus K. Talabér-Ritz, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 2 Meitheamh 2022,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú seo leis an léiriú ar Airteagail 18(1), 26(1) agus 46 de Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO 2007 L 263, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 385/2009 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2009 (IO 2009 L 118, lch. 13) (“Treoir Réime”), arna léamh le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO 2007 L 171, lch. 1), chomh maith leis an dara habairt d’Airteagal 267 CFAE.

2        Rinneadh an t-iarratas in imeachtaí idir QB agus Mercedes-Benz Group AG, ar a dtugtaí Daimler AG, déantóir mótarfheithiclí, maidir leis an gceart chun cúiteamh a fháil ar a bhfuil QB ag brath agus ríomh an méid cúitimh a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air chun mótarfheithicil díosail a cheannach a bhfuil bogearraí feistithe inti lena laghdaítear athchúrsáil truailleán gásach na feithicle sin de réir na teochta seachtraí nach gcomhlíonann ceanglais dhlí an Aontais.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais

 An Treoir Réime

3        Aisghaireadh Treoir Réime 2007/46 le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO 2018 L 151, lch. 1) le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2020. Mar sin féin, i bhfianaise dháta fhíoras na díospóide sna príomhimeachtaí, tá feidhm fós ag an Treoir Réime maidir leis na príomhimeachtaí sin.

4        De réir aithris 3 den Treoir Réime sin:

“Ba cheart na ceanglais theicniúla maidir le córais, comhpháirteanna, aonaid theicniúla ar leithligh agus feithiclí a chomhchuibhiú agus a leagan síos i ngníomhartha rialála. Ní foláir nó go bhféachtar leis na ceanglais seo ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre, cosaint sláinte agus comhshaoil, éifeachta fuinnimh, agus cosaint ar úsáid neamhúdaraithe a áirithiú. ” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Foráladh mar seo a leanas in Airteagal 1 den Treoir Réime chéanna:

“Bunaítear leis an Treoir seo creat comhchuibhithe ina bhfuil na forálacha riaracháin agus na ceanglais ghinearálta theicniúla maidir le gach feithicil nua laistigh dá raon feidhme a cheadú agus maidir leis na córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh na bhfeithiclí sin a cheadú, le háis a gcláraithe, a ndíol agus a gcur i seirbhís laistigh den Chomhphobal.

[...]

Déanfar ceanglais theicniúla shonracha maidir le déanamh agus feidhmiú feithiclí a leagan síos i gcur i bhfeidhm na Treorach seo i ngníomhartha rialála, a bhfuil a liosta uileghabhálach leagtha amach in Iarscríbhinn IV. ” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Foráladh mar seo a leanas i míreanna 5 agus 36 d’Airteagal 3 den Treoir Réime:

“Chun críocha na Treorach seo agus chun críocha na ngníomhartha rialála a liostaítear in Iarscríbhinn IV, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt iontu, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

5.      “ciallaíonn ‘cineálcheadú CE’: an nós imeachta trína ndeimhníonn Ballstát go gcomhlíonann cineál feithicle, cineál córais, cineál comhpháirte nó cineál aonaid theicniúil ar leithligh forálacha riaracháin ábhartha agus ceanglais theicniúla ábhartha na Treorach seo agus na ngníomhartha rialála atá liostaithe in Iarscríbhinn IV nó XI;

[...]

36.      Ciallaíonn ‘deimhniú comhréireachta’ an doiciméad a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, arna eisiúint ag an déantóir, lena ndeimhnítear go gcomhlíonann feithicil ar den tsraith den chineál arna fhormheas faoin Treoir seo í, gach gníomh rialála tráth a táirgthe”.
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        Ba é seo a leanas foclaíocht Airteagal 4:

“ 1.      Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh déantóirí atá ag iarraidh cineálcheadú na n-oibleagáidí a cheanglaítear orthu de réir na Treorach seo.

2.      Ní cheadóidh na Ballstáit ach na feithiclí, na córais, na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla ar leithligh sin a chomhlíonann ceanglais na Treorach seo.

3.      Ní dhéanfaidh na Ballstáit ach feithiclí, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo a chlárú ná a údarú chun iad a dhíol nó a chur i seirbhís.

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

8        Dearbhaíodh a leanas le hAirteagal 8(6) den Treoir Réime sin:

“Cuirfidh an t-údarás cineálcheadaithe a chinneadh lenar dhiúltaigh sé cineálcheadú a thabhairt d’fheithicil nó lenar chuir sé cineálcheadú ar ceal chomh maith leis na cúiseanna leis an gcinneadh sin in iúl dá chomhpháirtithe sna Ballstáit eile gan mhoill.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

9        De réir Airteagal 13(1) den Treoir Réime chéanna:

“Cuirfidh an déantóir aon leasú maidir leis an bhfaisnéis sa phacáiste faisnéise in iúl gan mhoill don Bhallstát a dheonaigh an cineálcheadú. Cinnfidh an Ballstát sin, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Chaibidil seo, an nós imeachta atá le leanúint. Más gá, féadfaidh an Ballstát a chinneadh, i gcomhairle leis an déantóir, go ndeonófar cineálcheadú CE nua.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

10      Dearbhaíodh a leanas le hAirteagal 18(1) den Treoir Réime sin:

“Eiseoidh an déantóir, ina cháil mar shealbhóir de chineálcheadú CE feithicle, deimhniú comhréireachta a bheidh ag gabháil le gach feithicil, bíodh sí iomlán, neamhiomlán nó lánchríochnaithe, arna déanamh i gcomhréir leis an gcineál feithicle ceadaithe.

[...] ” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

11      Ba é seo a leanas foclaíocht Airteagal 26(1) den Treoir Réime sin:

“Gan dochar d’fhorálacha Airteagail 29 agus 30, ní chláróidh na Ballstáit feithiclí agus ní cheadaítear iad a dhíol ná a chur i seirbhís ach amháin má tá deimhniú bailí comhréireachta arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 18 ag gabháil leo.

[...] ” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

12      Dearbhaíodh a leanas le hAirteagal 30(1) den Treoir Réime sin:

“Má chinneann Ballstát a dheonaigh cineálcheadú CE nach bhfuil feithiclí nua, córais nua, comhpháirteanna nua nó aonaid theicniúla ar leithligh nua lena ngabhann deimhniú comhréireachta nó ar a bhfuil marc formheasa i gcomhréir leis an gcineál atá ceadaithe aige, glacfaidh sé na bearta is gá, lena n-áirítear, más iomchuí, tarraingt siar an chineálcheadaithe, chun a áirithiú go dtabharfar feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh a táirgeadh i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe. Cuirfidh údarás cineálcheadaithe an Bhallstáit sin na bearta a rinneadh in iúl d’údaráis cineálcheadaithe na mBallstát eile. ” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

13      Foráladh mar seo a leanas in Airteagal 46 den Treoir Réime chéanna:

“Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 46 den Treoir sin go gcinnfidh na Ballstáit na pionóis is infheidhme maidir le neamhchomhlíonadh fhorálacha na Treorach sin, go háirithe na toirmisc atá in Airteagal 31 nó atá mar thoradh air, agus na gníomhartha rialála atá liostaithe i gCuid I d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2007/46 agus go nglacfaidh siad gach beart is gá chun iad a chur chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún (Eorpach) faoi na forálacha sin faoin 29 Aibreán 2009 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú arna dhéanamh orthu ina dhiaidh sin. ” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

14      Leagadh amach inneachar an deimhniú comhréireachta CE in Iarscríbhinn IX den Treoir Réime. Dearbhaíodh a leanas le mír 0 den Iarscríbhinn sin:

“Is ionann an deimhniú comhréireachta agus dearbhú arna eisiúint ag déantóir na feithicle don cheannaitheoir d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonann an fheithicil atá ceannaithe aige an reachtaíocht atá i bhfeidhm san Aontas tráth a táirgthe.

Tá feidhm eile leis an deimhniú, mar atá caoi a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát feithiclí a chlárú gan iarraidh ar an iarratasóir an chláraithe doiciméid theicniúla bhreise a chur ar fáil.

[...] ” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Rialachán Uimh. 715/2007

15      De réir aithrisí 1, 5, 6 agus 17 de Rialachán Uimh. 715/2007:

“ (1)      [...] Dá bhrí sin, ba cheart na riachtanais theicniúla a bhaineann le comhchineálú mótarfheithiclí maidir le hastaíochtaí [...] a chomhchuibhiú sa dóigh nach mbeadh riachtanais dhifriúla ann ó Bhallstát amháin go Ballstát eile agus chun ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú.

[...]

(5)      Chun cuspóirí cáilíochta aeir an Aontais a bhaint amach, beidh gá le hiarracht leanúnach astaíochtaí ó fheithiclí a laghdú. [...]

(6)      Is gá, go háirithe, laghdú suntasach a dhéanamh ar astaíochtaí ocsaíde nítrigine ó fheithiclí díosail chun cáilíocht an aeir a fheabhsú agus chun luachanna teorantacha truaillithe a chomhlíonadh. [...]

[...]

(17)      Is gá modh caighdeánaithe tomhais d’ídiú breosla ag feithiclí agus d’astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin uathu riachtanach chun a áirithiú nach n-éireoidh bacainní teicniúla ar thrádáil idir na Ballstáit. Ina theannta sin, ní mór a áirithiú go gcuirfear eolas cruinn oibiachtúil ar fáil do chustaiméirí agus d’úsáideoirí.”

16      Foráiltear le hAirteagal 1(1) den Rialachán sin:

“Bunaítear leis an Rialachán seo ceanglais chomhchoiteanna teicniúla maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí (‘feithiclí’) agus páirteanna athsholáthair, ar nós feistí athsholáthair rialaithe truaillithe, i dtaca lena n-astaíochtaí.”

17      Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 3(10) den Rialachán sin:

“Chun críocha an Rialacháin seo agus chun críocha a bheart cur chun feidhme, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

10) ciallaíonn ‘feiste s[h]áraithe’ aon eilimint dearaidh lena mbraitear teocht, luas feithicle, luas innill (ISN), giar traiseolta, folús iolrúcháin nó aon pharaiméadar eile chun críocha oibriú aon chuid den chóras rialaithe astaíochta a ghníomhachtú, a mhodhnú, a mhoilliú nó a dhíghníomhachtú agus lena laghdaítear éifeachtúlacht an chórais rialaithe astaíochta i gcoinníollacha a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leo i ngnáthoibriú agus i ngnáthúsáid feithicle.”

18      Foráiltear le hAirteagal 4(1) go (3) den Rialachán sin:

“ 1.      Léireoidh déantóirí go bhfuil gach feithicil nua a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís sa Chomhphobal cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena bhearta cur chun feidhme. Léireoidh monaróirí chomh maith go mbeidh gach feiste athsholáthair rialaithe truaillithe nua a mbeidh cineálcheadú riachtanach dóibh a dhíolfar nó a chuirfear i seirbhís sa Chomhphobal cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena bhearta cur chun feidhme.

Áirítear ar na hoibleagáidí sin na teorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5 a chomhlíonadh.

2.      Cinnteoidh déantóirí go gcomhlíonfar nósanna imeachta cineálcheadaithe chun comhréireacht táirgeachta, marthanacht feistí rialaithe truaillithe agus comhréireacht inseirbhíse a fhíorú.

Chomh maith leis sin, caithfidh na bearta teicniúla a ghlacfaidh an déantóir a áirithiú go gcuirfear srian i gceart le hastaíochtaí sceithphíopa agus galaithe, de bhun an Rialacháin seo, ar feadh ghnáth-shaolré na bhfeithiclí agus iad á dtiomáint faoi ghnáthchoinníollacha úsáide. [...]

[...]

3.      Déanfaidh déantóirí figiúirí astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus ídithe breosla a leagan amach i ndoiciméad a thabharfar do cheannatheoir na feithicle tráth an cheannaigh.”

19      Seo a leanas foclaíocht Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007:

“ 1.      Feisteoidh an déantóir na feithiclí ionas go mbeidh na comhpháirteanna deartha, déanta agus cóimeáilte ar dhóigh go bhféadfaidh an fheithicil, sa ghnáthúsáid, an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme a chomhlíonadh.

2.      Toirmiscfear úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtúlacht na gcóras rialaithe astaíochtaí. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sna cásanna seo a leanas:

a)      i gcás ina mbeidh call leis an bhfeiste chun an t-inneall a chosaint ó dhamáiste nó ó thionóisc agus chun go n-oibreoidh an fheithicil go sábháilte;

[...]”

20      De réir Airteagal 13 den Rialachán sin:

“ 1.      Leagfaidh Ballstáit síos na forálacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo ag déantóirí agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór go mbeidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. [...]

2.      Áireofar ar na cineálacha sáruithe a bheidh faoi réir pionóis:

[...]

(d)      feistí sáraithe a úsáid;

[...]”

 Dlí na Gearmáine

21      Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 823 de Bürgerliches Gesetzbuch (Cód Sibhialta, “BGB”):

“ 1.      Aon duine a dhéanfaidh, ag gníomhú le hintinn nó go faillíoch, dochar go neamhdhleathach do bheatha, do chorp, do shláinte, do shaoirse, do mhaoin nó ar d’aon cheart eile de chuid duine eile, dlifear ar an duine sin cúiteamh ar an damáiste a tharlóidh mar thoradh air sin a íoc leis an duine eile sin.

22      2.      Tá feidhm ag an oibleagáid chéanna maidir le duine a sháraíonn dlí atá ceaptha chun duine eile a chosaint. Más rud é, de bhua ábhar an dlí, gur féidir é a shárú freisin gan locht, ní thagann an oibleagáid cúiteamh a chur ar fáil ach amháin i gcás lochta.” Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 348 den Zivilprozessordnung (Cód um Nós Imeachta Shibhialta, “ZPO”):

“(1)      Is é an Dlísheomra Sibhialta a dhéanann an cinneadh trí dhuine dá chomhaltaí mar bhreitheamh aonair. [...]

[...]

(3)      Tarchuirfidh an breitheamh aonair an díospóid ar ais chuig an Seomra Sibhialta chun í a athscrúdú, más rud é:

1.      go bhfuil deacrachtaí fíorasacha nó dlíthiúla ar leith ag baint leis an gcás;

2.      go bhfuil tábhacht bhunúsach ag baint leis an gcás, nó

3.      go n-iarrann na páirtithe d’aon toil é sin.

Éistfidh an Dlísheomra an díospóid i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí 1 agus 2 den chéad abairt. Eiseoidh sé a chinneadh ina leith sin le hordú. Cuirtear toirmeasc ar aistriú eile chuig an mbreitheamh aonair.

[...]”

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

23      An 20 Márta 2014, cheannaigh QB ó Auto Y GmbH, mótarfheithicil athláimhe de mharc Mercedes-Benz, den chineál C 220 CDI, a raibh inneall díosail den ghlúin Euro 5 inti, agus 28 591 km de mhíleáiste aici, ar phraghas EUR 29 999. Cláraíodh an fheithicil sin, a chuir an déantóir mótarfheithiclí Daimler ar an margadh, den chéad uair an 15 Márta 2013.

24      Tá bogearraí clársceidealaithe innill ag an bhfeithicil chun an ráta athshruthaithe gáis sceite a laghdú nuair atá teochtaí seachtracha faoi bhun tairseach áirithe, a chuirfeadh méadú le hastaíochtaí NOx. Dá bhrí sin, níl an athchúrsáil iomlán éifeachtach ach amháin mura dtiteann an teocht sheachtrach faoi bhun na tairsí sin (“an fhuinneog theochta”). I ndáil leis sin, tá an teocht sheachtrach faoina dtarlaíonn an laghdú ar an ráta athshruthaithe gáis sceite agus méid an laghdaithe sin faoi dhíospóid idir na páirtithe sna príomhimeachtaí.

25      Thóg QB caingean os comhair Landgericht Ravensburg (an Chúirt Réigiúnach, Ravensburg, an Ghearmáin), an chúirt a rinne an tarchur, i gcoinne Mercedes-Benz Group, ag lorg cúitimh as an damáiste a líomhnaítear a rinne Mercedes-Benz Group dó trí fheistí sáraithe a chur san fheithicil atá i gceist, ar feistí toirmiscthe iad faoi Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007.

26      Os comhair na cúirte sin, d’agair na páirtithe sna príomhimeachtaí an bhfuil feistí neamhdhleathacha den sórt sin ar an bhfeithicil atá i gceist, méid an chirt a d’fhéadfadh a bheith ag QB chun cúitimh agus fritháireamh féideartha, i gcoinne mhéid an deisiúcháin, an tsochair a fuair QB ó úsáid na feithicle sin.

27      Measann an chúirt a rinne an tarchur gurb ionann an fhuinneog theochta agus feiste sháraithe neamhdhleathach de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 agus Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007. Go bunúsach, bheadh ráta athshruthaithe gáis sceite na feithicle atá i gceist agus, dá bhrí sin, éifeachtacht an chórais rialaithe astaíochta a laghdú tar éis a bheith ag teocht sheachtrach níos treise ná 0 céim Celsius, cé go bhfuil an teocht sin ar cheann de na “coinníollacha a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leo i ngnáthoibriú agus i ngnáthúsáid feithicle”, de réir bhrí Airteagal 3(10).

28      Ina theannta sin, tá an chúirt sin den tuairim, prima facie, nach bhfuil feidhm ag an eisceacht sin dá bhforáiltear de bhun Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007, ós rud é gur luadh sa bhreithiúnas sin nach féidir ach na rioscaí láithreacha go dtarlódh damáiste as a n-eascródh baol sonrach le linn thiomáint na feithicle a dhlisteanú chun údar cuí a thabhairt le húsáid feiste sháraithe [breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feiste sháraithe innill díosail), C-693/18, EU:C:2020:1040, mír 114]. Tá amhras uirthi go gcomhlíontar le fuinneog theochta, arb é is cuspóir di foirmiú deascadh san inneall a chosc agus dá bhrí sin cosc a chur ar chaitheamh agus cuimilt, na coinníollacha diana chun an eisceacht sin a chur i bhfeidhm.

29      Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, d‘fhéadfadh QB ceart chun cúiteamh a fháil a bheith aige faoi Alt 823(2) de BGB, nach ndéantar riachtanas d’fhaillí aonta ann. Mar sin féin, glactar leis an bhforáil sin, áfach, go bhfuil sárú á dhéanamh ar dhlí chun daoine eile a chosaint, rud a chiallaíonn, de réir chásdlí an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Cónaidhme, an Ghearmáin), go bhfuil an dlí beartaithe, ar a laghad, le duine aonair nó grúpa daoine a chosaint ar shárú ar leas dlíthiúil ar leith. I ndáil leis sin, is leor gur glacadh an dlí sin d’fhonn cosaint dhlíthiúil a thabhairt don duine aonair sin nó don ghrúpa daoine sin, fiú má bhaineann sé go príomha le cosaint leasa ghinearálta. Thairis sin, tugtar le tuiscint leis an bhforáil sin go gcaithfeadh baol an damáiste iarbhír leis an gcontúirt a bhfuil sé i gceist leis an dlí cosaint a thabhairt ina coinne agus nach mór don duine a ndearnadh damáiste iarbhír dó teacht faoi raon feidhme pearsanta an dlí atá faoi cheist. Dá bhrí sin, iarrann an chúirt a rinne an tarchur an gcumhdaítear le hAirteagail 18(1), 26(1) agus 46 de Threoir 2007/46, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, anuas ar na leasanna ginearálta a chosaint, leasanna ceannaitheora aonair feithicle nach gcomhlíonann dlí an Aontais, go háirithe i gcás ina bhfuil sé feistithe le feiste sháraithe atá neamhdhleathach de bhun an Rialacháin sin.

30      Tá léiriúcháin éagsúla ar na saincheisteanna sin i gcásdlí agus i litríocht dhlíthiúil na Gearmáine. Tá Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Cónaidhme) den tuairim go bhfuil gníomhartha an Aontais Eorpaigh a glacadh d’fhonn comhchuibhiú a dhéanamh ar cheanglais theicniúla d’fheithiclí dírithe go príomha ar ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre agus ar chosaint na sláinte agus an chomhshaoil. Thairis sin, níor ceapadh Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 715/2007 le cosaint a thabhairt do cheart an cheannaitheora aonair feithicle chun féinchinntiúcháin eacnamaíoch.

31      A mhalairt ar fad, tá go leor cúirteanna réigiúnacha den tuairim go bhfuil cosaint aonair an cheannaitheora feithicle mar chuspóir ag Airteagail 18(1), 26(1) agus 46 den Treoir Réime chomh maith le hAirteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007 go léir freisin. Go bunúsach, is ceann de chuspóirí an deimhnithe comhréireachta é, i gcomhréir le hIarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir Réime, go gcinntíonn déantóir feithicle do cheannaitheoir na feithicle sin go gcomhlíonann sí na forálacha dlíthiúla is infheidhme san Aontas Eorpach tráth a monaraithe. Tá sé i gceist leis an deimhniú freisin an nós imeachta clárúcháin riaracháin agus saorghluaiseacht earraí laistigh den Aontas Eorpach a éascú.

32      Má chinntear nach gcosnaíonn na forálacha dá dtagraítear ag mír 29 den bhreithiúnas seo ach leasanna dlíthiúla ginearálta agus ní leasanna ar leith na gceannaitheoirí, iarrann an Chúirt a rinne an tarchur an bhféadfadh go gceanglódh prionsabal na héifeachta go ngearrfaí pionós ar aon locht le hintinn nó le faillí arna dhéanamh ag déantóir gluaisteán trí fheithiclí a chur ar an margadh a bhfuil feiste sháraithe neamhdhleathach feistithe orthu i bhfianaise Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 715/2007, toisc go bhféadfadh an ceannaitheoir ceart chun cúitimh a dhearbhú i gcoinne an déantóra sin bunaithe ar dhliteanas tortach.

33      I ndáil leis sin, de réir Landgericht Stuttgart (an Chúirt Réigiúnach, Stuttgart, an Ghearmáin), tá infheidhmeacht Airteagal 823(2) de BGB bunaithe ar an bhfíoras, ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach dhlí an Aontais, gur gá pionóis dlí shibhialta a chur i gceangal le forálacha ábhartha dhlí an Aontais.

34      I gcás ina bhféadfadh QB leas a bhaint as ceart den sórt sin chun cúiteamh a fháil de bhun Airteagal 823(2) de BGB, iarrann an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil sé riachtanach, chun éifeacht phraiticiúil a thabhairt d’fhorálacha dhlí an Aontais is infheidhme sa chás seo, nach ndéanfaí an tairbhe a bhaintear as úsáid na feithicle a fhritháireamh i gcoinne an chirt seo chun cúiteamh a fháil nó go ndéanfaí amhlaidh go pointe teoranta. Tá an cheist sin faoi réir tuairimí éagsúla i gcásdlí agus litríocht dhlíthiúil na Gearmáine, lena n-áirítear an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an toirmeasc ar shaibhriú éagórach ar a leithéid.

35      I ndáil leis sin, measann an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Cónaidhme), ar thaobh amháin, i bhfianaise an toirmisc ar shaibhriú éagórach a leagtar síos leis an dlí náisiúnta maidir le cúiteamh, nach féidir an duine a ndearnadh damáiste dó a chur i riocht níos fabhraí ná mar a bheadh aige gan an teagmhas díobhálach agus nach ceart ach na sochair a bhaineann leis an teagmhas sin a fhritháireamh i gcoinne an chirt chun cúiteamh a fháil, gan faoiseamh díréireach a thabhairt don duine is cúis leis an damáiste. Ar an taobh eile, measann roinnt cúirteanna réigiúnacha gur féidir an tairbhe a bhaintear as úsáid feithicle a bhfuil feiste sháraithe neamhdhleathach feistithe uirthi a chur i leith an chirt chun cúiteamh a fháil.

36      Ar deireadh, tugann an chúirt a rinne an tarchur, a bhreithníonn mar bhreitheamh aonair sna príomhimeachtaí, faoi deara, faoi phointí 1 agus 2 den chéad abairt d’Airteagal 348(3) de ZPO, go gceanglaítear ar an mbreitheamh aonair bunaidh an cás a tharchur chuig an dlísheomra sibhialta ionas gur féidir leis déileáil leis i gcás ina bhfuil deacrachtaí ar leith fíorais nó dlí ag baint leis an gcás nó i gcás ina bhfuil tábhacht bhunúsach ag baint leis. I ndáil leis sin, níl aon lánrogha ag an mbreitheamh aonair. Go sonrach, is léir ó chásdlí Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Cónaidhme) i gcás ina ndéanann breitheamh aonair tarchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú gan an díospóid a tharchur ar dtús chuig an dlísheomra sibhialta le haghaidh réamhrialú, go sáraíonn an chúirt sin prionsabal bunreachtúil an bhreithimh dhleathaigh, a leagtar síos sa dara habairt d’Airteagal 101(1) den Grundgesetz (an Bundlí).

37      Tá an chúirt a rinne an tarchur den tuairim go gcoisctear oibleagáid den sórt sin an cás a tharchur ar ais chuig an dlísheomra sibhialta leis an dara mír d’Airteagal 267 CFAE. Is fíor, trína breithiúnas an 13 Nollaig 2018, Rittinger agus páirtithe eile (C-492/17, EU:C:2018:1019), gur chinn an Chúirt go bhfuil iarraidh ar réamhrialú ó bhreitheamh aonair inghlactha ó thaobh dhlí an Aontais de, is cuma ar comhlíonadh rialacha nóis imeachta náisiúnta nó nár comhlíonadh. Níor scrúdaigh an Chúirt, áfach, an gcoisctear foráil náisiúnta lena gcuirtear srian leis an bhféidearthacht iarraidh den sórt sin a tharchur chuici leis an dara mír d’Airteagal 267.

38      Ba sna himthosca sin a chinn an Landgericht Ravensburg (Cúirt Réigiúnach, Ravensburg) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“ 1)      An bhfuil sé d’aidhm freisin ag Airteagail 18(1), 26(1) agus 46 de [Threoir 2007/46], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(2) de [Rialachán Uimh. 715/2007], leasanna ceannaitheoirí aonair mótarfheithiclí a chosaint?

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist sin:

2)      An áirítear leis sin leas ceannaitheora aonair feithicle gan feithicil a cheannach nach gcomhlíonann ceanglais dhlí an Aontais, agus go háirithe gan feithicil a cheannach atá feistithe le feiste sháraithe toirmiscthe i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de [Rialachán Uimh. 715/2007]?

Más freagra diúltach a bheidh ar an gcéad cheist:

3)      An bhfuil sé ar neamhréir le dlí an Aontais nach bhfuil ceannaitheoir a cheannaíonn feithicil go neamhaireach arna cur ar an margadh ag an déantóir ar a bhfuil feiste sháraithe toirmiscthe i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007 i dteideal éilimh shibhialta ar bhonn dliteanas tortach a thabhairt i gcoinne an mhonaróra, go háirithe éileamh ar aisíocaíocht an phraghais ceannaigh a íocadh don fheithicil ag an am céanna le haistriú úinéireacht na feithicle, ach amháin in imthosca eisceachtúla inar ghníomhaigh déantóir na feithicle le hintinn agus ar neamhréir leis an mbeartas poiblí agus le prionsabail na moráltachta?

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist sin:

4)      An gceanglaítear le dlí an Aontais ar cheannaitheoir feithicle an ceart chun cúiteamh a fháil a bheith aige bunaithe ar dhliteanas tortach sibhialta dhéantóir na feithicle i gcás ina ndearna an déantóir sin locht (go faillíoch nó le hintinn) trí fheithicil a chur ar an margadh a bhí feistithe le feiste sháraithe atá toirmiscthe i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007?

Beag beann ar na freagraí ar na chéad cheithre cheist:

5)      An bhfuil sé ar neamhréir le dlí an Aontais nach mór do cheannaitheoir feithicle a bheith faoi dhliteanas faoin dlí náisiúnta as an tairbhe a bhaintear as úsáid iarbhír na feithicle a fhritháireamh má éilíonn sé ón déantóir, ar bhonn dliteanas tortach, go n-aisíocfar praghas ceannaigh feithicle atá feistithe le feiste sháraithe toirmiscthe i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007 an tráth céanna a ndéantar an fheithicil a thabhairt ar ais agus a húinéireacht a aistriú?

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist sin:

6)      An bhfuil sé ar neamhréir le dlí an Aontais go bhfuil an tairbhe sin a bhaintear as an úsáid le ríomh ar bhonn phraghas ceannaigh iomlán na feithicle, gan aon laghdú a dhéanamh i leith laghdú luacha mar thoradh ar fheiste sháraithe a thoirmeasctar a fheistiú agus/nó úsáid feithicle nach bhfuil ag teastáil ón gceannaitheoir, nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais?

Beag beann ar na freagraí ar na chéad sé cheist:

7)      An bhfuil Alt 348(3) de ZPO, a mhéid a bhaineann an fhoráil sin le horduithe tarchuir a ghlacadh faoin dara mír d’Airteagal 267 CFAE, ar neamhréir le cumhacht na gcúirteanna náisiúnta tarchuir chun réamhrialú a dhéanamh faoin dara mír d’Airteagal 267 CFAE agus, dá bhrí sin, an bhfuil sé neamh-infheidhme maidir le horduithe tarchuir a ghlacadh?”

 Na hiarrataí an chuid ó bhéal den nós imeachta a athoscailt

39      Tar éis don Abhcóide Ginearálta a Thuairim a thabhairt, d’iarr Rialtas na Gearmáine agus Mercedes-Benz Group, trí dhoiciméid a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 11 agus an 14 Iúil 2022 faoi seach, go n-athosclófaí an chuid ó bhéal den nós imeachta, de bhun Airteagal 83 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte.

40      Chun tacú lena iarraidh, áitíonn Mercedes-Benz Group, go bunúsach, gur mheas an tAbhcóide Ginearálta go mícheart, i mír 49 dá Thuairim, go gcothaítear, le seilbh feithicil nach gcomhlíonann forálacha dhlí an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil trí astaíochtaí truailleán lena sáraítear na luachanna teoranna a astú, damáiste morálta chomh maith don cheannaitheoir. I ndáiríre, ní bheadh an chúirt náisiúnta tar éis a lua gurb ann do dhamáiste neamhábhartha agus ní bheadh díospóireacht déanta ag na páirtithe ar a leithéid.

41      San iarraidh uaidh, maíonn Rialtas na Gearmáine, go bunúsach, go bhfuil Tuairim an Abhcóide Ghinearálta bunaithe ar thosca nua, nach bhfuil díospóireacht déanta ag na páirtithe orthu go fóill, a mhéid a thagraíonn siad d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir Réime agus pointe 0 di. Ar an dara dul síos, cuireann an rialtas sin bailíocht phointe 0 faoi chonspóid.

42      Thairis sin, cuireann an Rialtas sin in iúl nach n-aontaíonn sé le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta a mhéid a thugann sé neamhaird ar an ngaol idir an Treoir Réime agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíol earraí tomhaltais agus na ráthaíochtaí gaolmhara (IO 1999 L 171, lch. 12). Ar an gcéad dul síos, bheadh sé ar neamhréir le scéim ghinearálta na treorach sin ceart chun cúitimh a dheonú don tomhaltóir as locht simplí. Ar an dara dul síos, ní féidir a mheas go bhfuil deimhniú comhréireachta, de réir bhrí na Treorach Réime, coibhéiseach le ráthaíocht déantóra.

43      I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, nach bhforáiltear i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ná ina Rialacha Nós Imeachta go bhféadfadh na páirtithe dá dtagraítear in Airteagal 23 den reacht sin barúlacha a chur isteach mar fhreagairt ar Thuairim an Abhcóide Ghinearálta (breithiúnas an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile, C-748/19 go C-754/19, EU:C:2021:931, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear).

44      Ar an dara dul síos, i bhfianaise an dara mír d’Airteagal 252 CFAE, tá de dhualgas ar an Abhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i gcúirt oscailte ar chásanna ina n-éilítear a rannpháirtíocht i gcomhréir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh an Chúirt faoi cheangal ag conclúid an Abhcóide Ghinearálta ná ag an réasúnaíocht ba bhun leis an gconclúid sin. Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh easaontú páirtí leasmhar leis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta, beag beann ar na ceisteanna a scrúdaíonn sé sa Tuairim sin, a bheith ina fhoras ann féin lena dtugtar údar d’athoscailt na coda ó bhéal den nós imeachta (breithiúnas an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile, C-748/19 go C-754/19, EU:C:2021:931, mír 31 agus an cásdlí a luadh).

45      Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 83 de na Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh an Chúirt tráth ar bith, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, a ordú go n-athosclófar an chuid ó bhéal den nós imeachta, go háirithe má mheasann sí nach bhfuil faisnéis leordhóthanach ann nó má mheasann sí go bhfuil fíoras nua curtha isteach ag páirtí, tar éis dheireadh na coda sin den nós imeachta, ar fíoras é de chineál a d’fhéadfadh a bheith ina thoisc chinntitheach do chinneadh na Cúirte, nó nuair nach mór cás a chinneadh ar bhonn argóint nár pléadh idir na páirtithe leasmhara.

46      Sa chás seo, áfach, tugann an Chúirt dá haire go bhfuil an fhaisnéis uile is gá aici chun rialú a thabhairt agus nach gá an cás seo a chinneadh ar bhonn argóintí nár pléadh idir na páirtithe lena mbaineann. Ar deireadh, ní nochtann an dá iarraidh ar an gcuid sin den nós imeachta dá dtagraítear i mír 39 den bhreithiúnas seo a athoscailt aon fhíoras nua de chineál a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar an gcinneadh a iarrtar ar an gCúirt a thabhairt sa chás sin.

47      Sna himthosca sin, measann an Chúirt, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, nach gá a ordú go n-athosclófaí an chuid sin den nós imeachta ó bhéal.

 Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

 Maidir leis an inghlacthacht

48      Leis an seachtú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá an dara mír d’Airteagal 267 CFAE a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta faoina gceanglaítear ar bhreitheamh aonair, go háirithe mar gheall ar an tábhacht bhunúsach a bhaineann le cás os a comhair, an cás sin a aistriú chuig dlísheomra sibhialta ina bhfuil triúr breithiúna agus staonadh ó iarratas ar réamhrialú a dhéanamh chuig an gCúirt Bhreithiúnais sa chás sin.

49      D’áitigh Mercedes-Benz Group nach bhfuil an cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú doghlactha ar an bhforas nach bhfuil dlínse ag an gCúirt, in imeachtaí arna dtionscnamh faoi Airteagal 267 CFAE, rialú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht an dlí náisiúnta le dlí an Aontais.

50      Áitíonn Rialtas na Gearmáine nach bhfuil gá le freagra ón gCúirt ar an gceist sin chun go mbeadh an chúirt a rinne an tarchur in ann rialú ar an díospóid sna príomhimeachtaí.

51      Dar leis an gCoimisiún, maidir leis an gceist an gceadaítear, leis an dlí náisiúnta, do chúirt aonair tarchur a dhéanamh chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú, níl sí ábhartha chun críocha rialú a dhéanamh ar an díospóid sin, rud a bhaineann le ceart chun cúitimh a bheith ann, ar ceart é a líomhnaíonn ceannaitheoir feithicle i gcoinne déantóir mótarfheithicle, toisc go bhfuil feiste sháraithe a thoirmisctear faoi Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007 san fheithicil sin. Ina theannta sin, bheadh an cheist seo hipitéiseach, mar is léir ón ordú tarchuir, nach raibh an díospóid sna príomhimeachtaí ina ábhar caingne an tráth a tarchuireadh chun na Cúirte é.

52      Ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, gur don chúirt náisiúnta ar tugadh an díospóid os a comhair agus nach mór freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, an gá atá le réamhrialú ionas go mbeidh sí in ann a breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuirfidh sí faoi bhráid na Cúirte araon a chinneadh. Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh isteach le léiriú dhlí an Aontais, tá an Chúirt faoi cheangal, i bprionsabal, rialú a thabhairt (breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C-709/20, EU:C:2021:602, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).

53      Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ann maidir le ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais Eorpaigh. Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnas diúltú do rialú a thabhairt ar iarraidh arna déanamh ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíricí iarbhír nó cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, gur fadhb de chineál hipitéiseach í nó nach bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi [breithiúnas an 24 Samhain 2020, Openbaar Ministerie (Brionnú doiciméad), C-510/19, EU:C:2020:953, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).

54      Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara go mbaineann an seachtú ceist le léiriú an dara mír d’Airteagal 267 CFAE agus nár mhínigh an chúirt a rinne an tarchur na cúiseanna gur gá léiriú na forála sin chun a chur ar a cumas an díospóid os a comhair a chinneadh. Níor luaigh sí ach go bhféadfaí agóid a dhéanamh i gcoinne dhlínse na cúirte aonair chun an iarraidh seo ar réamhrialú a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais. Ar an taobh eile, ní shonraítear ann cén éifeacht a bheadh leis an ordú tarchuir nó, de réir mar a bheidh, leis an gcinneadh chun imeachtaí a dhúnadh maidir le haon locht nós imeachta a eascraíonn as an gcás a bheith tarchurtha chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú gan an cás sna príomhimeachtaí a tharchur chuig painéal breithiúna. Go háirithe, ní léir ón ordú tagartha go raibh sé, ag an gcéim sin de na himeachtaí, ina ábhar caingne ina líomhnaítear go bhfuil sé curtha ó bhail ag locht den sórt sin.

55      Dá bhrí sin, ní mór an seachtú ceist a dhearbhú a bheith neamh-inghlactha.

 Substaint an cháis

 Réamhbharúlacha

56      Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú go sainmhínítear “feiste sháraithe” le hAirteagal 3(10) de Rialachán Uimh. 715/2007 mar “aon eilimint dearaidh lena mothaítear teocht, luas feithicle, luas innill (ISN), giar traiseolta, folús iolrúcháin nó aon pharaiméadar eile chun críocha oibriú aon chuid den chóras rialaithe astaíochta a ghníomhachtú, a mhodhnú, a mhoilliú nó a dhíghníomhachtú agus lena laghdaítear éifeachtúlacht an chórais rialaithe astaíochta i gcoinníollacha a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leo i ngnáthoibriú agus i ngnáthúsáid feithicle”.

57      Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú gur bhunaigh na bogearraí dá dtagraítear i mír 24 thuas fuinneog theochta trína bhfuil athshruthú gáis sceite éifeachtach go hiomlán ach amháin mura dtiteann an teocht sheachtrach faoi thairseach áirithe. I ndáil leis sin, deir an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil an ráta athshruthaithe gáis sceite agus, dá bhrí sin, éifeachtacht an chórais rialaithe astaíochtaí laghdaithe cheana féin ó theocht sheachtrach os cionn 0 céim Celsius, is é sin le rá, teocht a thagann faoi na dálaí ar féidir a bheith ag súil léi go réasúnach le linn gnáthoibriú agus gnáthúsáid feithiclí, de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán Uimh. 715/2007.

58      Chuige sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais, maidir le fuinneog theochta amhail an ceann atá i gceist sna príomhimeachtaí, nach mór Airteagal 3(10) de Rialachán Uimh. 715/2007, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(1) den Rialachán sin, a léiriú sa chaoi is gur “feiste sháraithe” de réir bhrí Airteagal 3(10) í feiste lena n-áirithítear nach gcomhlíontar na luachanna teorantacha astaíochta a leagtar síos sa Rialachán sin ach amháin nuair atá an teocht sheachtrach idir 15 agus 33 céim Celsius agus airde an tráchta níos lú ná 1,000 méadar (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Iúil 2022, GSMB Invest, C-128/20, EU:C:2022:570, mír 47).

59      Maidir leis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchuir dá haire go bhfuil an teocht sheachtrach faoina dtarlaíonn an laghdú ar an ráta athshruthaithe gáis sceite agus méid an laghdaithe sin faoi dhíospóid idir na páirtithe sna príomhimeachtaí. Mar sin féin, ní mór a mheabhrú, in imeachtaí faoi Airteagal 267 CFAE, atá bunaithe ar dheighilt shoiléir feidhmeanna idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, go bhfuil dlínse eisiach ag an gcúirt náisiúnta fíorais na díospóide sna príomhimeachtaí a chinneadh agus a mheas agus an dlí náisiúnta a léiriú agus a chur i bhfeidhm (breithiúnas an 14 Iúil 2022, GSMB Invest, C-128/20, EU:C:2022:570, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá bhrí sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé cinneadh a dhéanamh, más gá, i bhfianaise na soiléirithe dá bhforáiltear sa chásdlí dá dtagraítear i mír 58 thuas, arb ionann na bogearraí dá dtagraítear i mír 24 den bhreithiúnas sin agus “feiste sháraithe” de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán Uimh. 715/2007.

60      Ar an dara dul síos, faoi Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, tá toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe lena laghdaítear éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí. Mar sin féin, tá trí eisceacht ann ón toirmeasc sin, arb é, dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, an t-aon cheann ábhartha in Airteagal 5(2)(a). Baineann sé sin leis an gcás “[ina mbeidh] call leis an bhfeiste chun an t-inneall a chosaint ó dheascadh nó ó thionóisc agus chun go n-oibreodh an fheithicil go sábháilte”.

61      A mhéid a leagtar amach ann eisceacht ón toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe lena laghdaítear éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí, ní mór Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 a léiriú go docht (breithiúnas an 14 Iúil 2022, GSMB Invest, C-128/20, EU:C:2022:570, mír 50).

62      Is léir ó fhoclaíocht an fhorála sin gur cheart, d’fhonn teacht faoin eisceacht dá bhforáiltear ann, chun údar a bheith le feiste sháraithe, gá a bheith ann léi ní hamháin chun an t-inneall a chosaint ar dheascadh nó ar thionóisc, ach freisin chun go n-oibreodh an fheithicil go sábháilte. I bhfianaise úsáid an chónaisc comhordúcháin “agus” san fhoráil sin, ní mór a léiriú go gciallaíonn sé go bhfuil na coinníollacha dá leagtar síos ann carnach (breithiúnas an 14 Iúil 2022, GSMB Invest, C-128/20, EU:C:2022:570, mír 61).

63      Maidir leis sin, bheadh an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 5(2), an chéad abairt, den Rialachán sin, gan bhrí agus bhainfí aon éifeacht phraiticiúil de dá mbeadh údarás ag déantóirí mótarfheithiclí a fheistiú le feistí sáraithe den sórt sin chun an t-inneall a chosaint ar luchtú agus ar aosú, agus chun na críche sin amháin [féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feiste sháraithe innill díosail), C-693/18, EU:C:2020:1040, mír 113].

64      Dá réir sin, ní féidir bonn cirt a thabhairt le bogearra amhail an ceann atá i gceist sna príomhimeachtaí má chaithfear é a chur faoi chuimsiú na heisceachta sin ach amháin sa mhéid go suitear go bhfreagraíonn an fheiste go docht don ghá atá ann rioscaí láithreacha damáiste nó tionóisce don inneall a sheachaint, arbh é ba chúis leo sin mífheidhmiú comhpháirt den chóras athshruthaithe gáis sceite, mífheidhmiú é sin atá chomh tromchúiseach sin go mbaineann contúirt nithiúil leis agus an fheithicil atá feistithe leis an fheiste chéanna á tiomáint (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Iúil 2022, GSMB Invest, C-128/20, EU:C:2022:570, mír 62).

65      Ina theannta sin, maidir le fuinneog theochta amhail an ceann atá i gceist sna príomhimeachtaí, chinn an Chúirt Bhreithiúnais, cé gur fíor nach bhforchuirtear go foirmiúil le hAirteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 coinníollacha eile maidir le cur i bhfeidhm na heisceachta dá bhforáiltear san fhoráil sin, is fíor fós gur léir go rachadh feiste sháraithe, ar cheart di, i ngnáthchoinníollacha tiomána, a oibriú ar feadh an chuid is mó den bhliain chun an t-inneall a chosaint ar dhamáiste nó ar thionóisc agus oibriú sábháilte na feithicle a áirithiú i gcoinne an chuspóra atá á shaothrú leis an Rialachán sin, agus nach gceadaítear leis an bhforáil sin maolú uaidh sin ach amháin i gcúinsí ríshonracha, agus go n-eascródh sárú díréireach ar an bprionsabal féin maidir le teorannú ar astaíochtaí NOx ó fheithiclí as (breithiúnas an 14 Iúil 2022, GSMB Invest, C-128/20, EU:C:2022:570, mír 63).

66      Tháinig an Chúirt ar an gconclúid nach bhféadfaí bonn cirt a thabhairt le feiste sháraithe dá leithéid faoin bhforáil sin. I ndáiríre, glacadh leis go bhféadfadh sé go dtiocfadh feiste sháraithe den sórt sin faoin eisceacht a leagtar síos san fhoráil sin go mbeadh an eisceacht sin infheidhme don chuid is mó den bhliain i bhfíordhálaí tiomána atá i gcríoch an Aontais, agus mar thoradh air sin nach bhféadfaí prionsabal an toirmisc ar fheistí sáraithe den sórt sin, a leagtar síos sa chéad abairt d’Airteagal 5(2), a chur i bhfeidhm, i ndáiríre chomh minic céanna leis an eisceacht sin (breithiúnas an 14 Iúil 2022, GSMB Invest, C-128/20, EU:C:2022:570, míreanna 64 agus 65).

67      Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé na measúnuithe fíorasacha is gá a dhéanamh chun na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 60 go 66 den bhreithiúnas seo a chur i bhfeidhm.

 An chéad cheist agus an dara ceist

68      I ngeall ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist atá aici, arb iomchuí go bhfreagrófaí i dteannta a chéile iad, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, más rud é go gcaithfear Airteagail 18(1), 26(1) agus 46 den Treoir Réime, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007 a léiriú ar chaoi go gcosnaítear leo, de bhreis ar leasanna ginearálta, leasanna ar leith an cheannaitheora mótarfheithicle vis-à-vis déantóir na feithicle sin i gcás ina bhfuil feiste sháraithe toirmiscthe feistithe ar an bhfeithicil sin de réir bhrí na forála sin.

69      Is léir ón iarraidh ar réamhrialú go bhfuil na ceisteanna sin bunaithe ar an bhfíoras, dar leis an gcúirt sin, go dtugann agairt an chirt chun cúiteamh a fháil dá bhforáiltear in Airteagal 823(2) de BGB ó cheannaitheoir aonair na mótarfheithicle nach gcomhlíonann dlí an Aontais le tuiscint go bhfuil sárú ann ar dhlí atá ceaptha cosaint a thabhairt do dhaoine eile.

70      Maidir le hAirteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, ba cheart a mheabhrú gurb é an cuspóir atá á shaothrú leis an Rialachán sin, mar is léir ó aithrisí 1 agus 6 de, ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú agus, go sonrach, astaíochtaí NOx ó fheithiclí díosail a laghdú go suntasach chun cáilíocht an aeir a fheabhsú agus teorannluachanna a chomhlíonadh i dtéarmaí truaillithe (breithiúnas an 14 Iúil 2022, GSMB Invest, C-128/20, EU:C:2022:570, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear). A mhéid a leagtar síos an toirmeasc, leis an gcéad abairt d’Airteagal 5(2), ar úsáid feistí sáraithe lena laghdaítear éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí chun astaíochtaí gás truaillithe a theorannú go beacht agus, dá bhrí sin, rannchuidiú leis an gcuspóir maidir le cosaint an chomhshaoil a shaothraítear leis an Rialachán sin [féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Samhain 2022, Deutsche Umwelthilfe (Cineálcheadú mótarfheithiclí), C-873/19, EU:C:2022:857, mír 57].

71      Ní mór a mheas, dá bhrí sin, go saothraíonn an fhoráil sin, amhail an rialachán a bhfuil sí ina cuid de, cuspóir ginearálta maidir le hardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú.

72      Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 40 dá Thuairim, tá sé ag saothrú an chuspóra ghinearálta sin go mbeadh an oibleagáid ar dhéantóirí, a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Rialachán Uimh. 715/2007, doiciméad a chur ar fáil do cheannaitheoir na feithicle ag tráth an cheannaithe ina leagtar amach na figiúirí d’astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus d’ídiú breosla mar chuid de shaothrú an chuspóra ghinearálta sin. Go bunúsach, tá sé d’aidhm ag an oibleagáid sin, mar a d’fhéadfaí a thuiscint ó aithris 17 den Rialachán sin, a áirithiú go gcuirfí faisnéis oibiachtúil bheacht ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí maidir leis an gcineál feithicle is mó nó is lú truaillithe agus iad ag déanamh a gcinntí ceannaigh.

73      D’fhonn an chéad dá cheist dá dtagraítear a fhreagairt, áfach, ní mór Rialachán Uimh. 715/2007 a chur sa chomhthéacs inar scríobhadh é. I ndáil leis sin, ní mór Airteagal 5 den Rialachán sin a scrúdú, ní hamháin i bhfianaise fhorálacha éagsúla an rialacháin sin, ach i bhfianaise an chreata rialála maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí laistigh den Aontas ar cuid den Rialachán sin freisin é [féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feiste sháraithe innill díosail), C-693/18, EU:C:2020:1040, mír 75].

74      In Airteagal 3(5) den Treoir Réime, sainmhínítear “cineálcheadú CE” mótarfheithicle, amhail a bhfuil i gceist sna príomhimeachtaí, mar “an gníomh trína ndeimhníonn Ballstát go gcomhlíonann cineál feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leithligh forálacha riaracháin ábhartha agus ceanglais theicniúla ábhartha [na Treorach Réime sin] agus na ngníomhartha rialála atá liostaithe in Iarscríbhinn IV nó in Iarscríbhinn XI” a ghabhann leis an Treoir Réime sin. In Iarscríbhinn IV, dar teideal “Liosta de ghníomhartha rialála lena leagtar síos ceanglais chun críocha chineálcheadú feithiclí CE”, tagraíodh, i gCuid I, dar teideal “Liosta de ghníomhartha rialála chun críche cineálcheadú CE feithiclí a tháirgtear i sraitheanna gan teorainn”, do Rialachán Uimh. 715/2007 maidir le “[h]astaíochtaí ó fheithiclí éadroma tráchtála (Euro 5 agus Euro 6)/faisnéis”.

75      Ní mór a choinneáil i gcuimhne freisin go leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(3) den Treoir Réime nach ndeánfaidh na Ballstáit ach feithiclí atá i gcomhréir le ceanglais na Treorach sin a chlárú nó a údarú chun iad a dhíol nó a chur i seirbhís.

76      Faoi dheireadh, foráiltear in Airteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 715/2007 go léireoidh déantóirí go bhfuil gach feithicil nua a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís san Aontas cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán sin agus lena bhearta cur chun feidhme.

77      Leanann as na forálacha dá dtagraítear i míreanna 74 go 76 den bhreithiúnas seo, ar thaobh amháin, nach mór do na feithiclí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2007/46 a bheith cineálcheadaithe agus, ar an taobh eile, nach bhféadfaí an cineálcheadú seo a dheonú ach amháin dá gcomhlíonfadh an cineál feithicle i gceist forálacha Rialachán Uimh. 715/2007, go háirithe iadsan a bhaineann le hastaíochtaí, lena n-áirítear Airteagal 5 den Rialachán sin (breithiúnas an 14 Iúil 2022, Porsche Inter Auto agus Volkswagen C-145/20, EU:C:2022:572, mír 52).

78      Chomh maith leis na ceanglais seo maidir le cineálcheadú CE, ceanglaítear ar na déantóirí deimhniú comhréireachta a eisiúint chuig ceannaitheoir aonair feithicle freisin. Thairis sin, de réir Airteagal 18(1) de Threoir 2007/46, déanfaidh an déantóir, ina cháil mar shealbhóir de chineál cineálcheadaithe feithicle, deimhniú comhréireachta a eisiúint a bheidh ag gabháil le gach feithicil, bíodh sí iomlán, neamhiomlán nó lánchríochnaithe, arna déanamh i gcomhréir leis an gcineál feithicle cineálcheadaithe.

79      I gcomhréir le hAirteagal 26(1) den Treoir Réime sin, tá an deimhniú sin éigeantach chun críocha feithicil a chlárú agus a dhíol nó a chur i seirbhís. Mínítear an oibleagáid sin toisc go bhfuil an deimhniú sin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(36) den Treoir Réime sin mar seo, “arna eisiúint ag an déantóir, lena ndeimhnítear go gcomhlíonann feithicil ar den tsraith den chineál arna fhormheas faoin [Treoir Réime chéanna] í, gach gníomh rialála tráth a táirgthe”.

80      Thairis sin, sa bhreis ar an gcuspóir maidir le margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú arb é is príomhthréith ann iomaíocht chóir idir déantóirí arna saothrú le hAirteagal 46 den Treoir Réime, ní mór a áirithiú leis na pionóis dá dtagraítear san airteagal sin go bhfuil deimhniú comhréireachta ag ceannaitheoir feithicle lena gcumasaítear dó, i gcomhréir le hIarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir Réime sin, an deimhniú sin a chlárú in aon Bhallstát gan doiciméid theicniúla bhreise a sholáthar (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2018, an Coimisiún v an Ghearmáin, C-668/16, EU:C:2018:802, mír 87).

81      Sa chás ina bhfaigheann sé feithicil de chuid na sraithe feithicle cineálcheadaithe a bhfuil, uime sin, deimhniú comhréireachta ag gabháil léi, d’fhéadfadh coinne réasúnta a bheith ag ceannaitheoir aonair go gcomhlíontar Rialachán Uimh. 715/2007 agus, go háirithe, Airteagal 5 de maidir leis an bhfeithicil sin, (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Iúil 2022, Porsche Inter Auto agus Volkswagen, C-145/20, EU:C:2022:572, mír 54).

82      Dá bhrí sin, tá sé mar thoradh ar fhorálacha na Creat-Treorach dá dtagraítear i míreanna 78 go 80 thuas go mbunaítear nasc díreach idir déantóir na feithicle agus ceannaitheoir aonair mótarfheithicle chun a áirithiú go gcomhlíonann an mhótarfheithicil reachtaíocht ábhartha an Aontais. Go háirithe, ós rud é nach mór do dhéantóir feithicle na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 715/2007 a chomhlíonadh agus deimhniú comhréireachta á eisiúint aige chuig ceannaitheoir aonair na feithicle sin d’fhonn an fheithicil sin a chlárú, a dhíol nó a chur i seirbhís, is féidir an ceannaitheoir sin a chosaint ar neamhchomhlíonadh ag an déantóir sin maidir lena oibleagáid feithiclí a chur ar an margadh a chomhlíonann an fhoráil sin.

83      Ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe cineál feithicle, atá cumhdaithe ag cineál-cheadú CE, lena gceadaítear an fheithicil a úsáid ar an mbóthar, a cheadú ar dtús gan na bogearraí dá dtagraítear i mír 24 thuas a bheith nochta dó. Maidir leis sin, déantar foráil leis an Treoir Réime i dtaca leis an gcás nach bhfaightear amach go bhfuil gné dearthóireachta feithicle neamhdhleathach, i bhfianaise cheanglais Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 715/2007 mar shampla, go dtí tar éis cineálcheadú a bheith faighte cheana aici. Dá bhrí sin, foráiltear le hAirteagal 8(6) den Treoir Réime sin go bhféadfaidh an t-údarás sin cineálcheadú feithicle a chealú. Ina theannta sin, tugtar le tuiscint ón gcéad agus ón tríú habairt d’Airteagal 13(1) den Treoir Réime sin go bhféadfaidh, más gá, Ballstát a chinneadh, i gcomhairle leis an déantóir, nach mór cineálcheadú CE nua a dheonú i gcás ina gcuirfidh an déantóir aon leasú maidir leis an bhfaisnéis sa phacáiste faisnéise in iúl don Bhallstát a dheonaigh an cineálcheadú (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Iúil 2022, Porsche Inter Auto agus Volkswagen, C‑145/20, EU:C:2022:572, mír 56). Ar deireadh, foráladh in Airteagal 30(1) den Treoir Réime sin, i gcás inar chinn Ballstát a dheonaigh cineálcheadú CE go raibh easpa comhréireachta ann leis an gcineál feithicle a cheadaigh sé, go ndéanfadh sé na bearta is gá, lena n-áirítear, más iomchuí, an cineálcheadú sin a tharraingt siar, chun a áirithiú go ndearnadh na feithiclí a táirgeadh i gcomhréir leis an gcineál sin.

84      Dá bhrí sin, i ngeall ar neamhdhleathacht feiste sháraithe ar mhótarfheithicil, ar a dtángthas tar éis chineálcheadú CE na feithicle sin, d’fhéadfadh sé amhras a chaitheamh ar bhailíocht an chineálcheadaithe sin agus, leis sin, ar bhailíocht an deimhnithe comhréireachta a mheastar a dheimhníonn gur chomhlíon an fheithicil sin, a bhain leis an tsraith den chineál ceadaithe, na gníomhartha rialála uile tráth a táirgthe. Ag féachaint don riail a leagtar síos in Airteagal 26(1) den Treoir Réime, gur dócha, dá bhrí sin, go bhféadfadh neamhdhleathacht, inter alia, éiginnteacht a chruthú maidir leis an bhféidearthacht an fheithicil chéanna a chlárú, a dhíol nó a chur i seirbhís agus, ar deireadh, damáiste a dhéanamh do cheannaitheoir feithicle a bhfuil feiste sháraithe neamhdhleathach aici.

85      I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist nach mór a thuiscint as Airteagal 18(1), Airteagal 26(1) agus Airteagal 46 den Treoir Réime, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, go gcosnaítear, de bhreis ar leasanna ginearálta, leasanna ar leith an cheannaitheora aonair mótarfheithicle vis-à-vis déantóir na feithicle sin i gcás ina bhfuil feiste sháraithe toirmiscthe feistithe ar an bhfeithicil sin de réir bhrí na forála sin.

 An tríú agus an ceathrú ceist

86      I bhfianaise an fhreagra a tugadh ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist, ní gá an tríú agus an ceathrú ceist a fhreagairt.

 An cúigiú agus an séú ceist

87      Leis an gcúigiú agus an séú ceist, arb iomchuí a scrúdú le chéile, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, ar cheart a thuiscint as dlí an Aontais gurb é is ciall leis, i gcomhthéacs cúiteamh i leith damáiste a dhéantar do cheannaitheoir feithicle ar a bhfuil feiste sháraithe toirmiscthe, de réir bhrí Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, nach féidir an brabús a eascraíonn as úsáid iarbhír na feithicle sin a fhritháireamh i gcoinne aisíocaíocht phraghas ceannaigh na feithicle sin agus, murab amhlaidh an cás, ón mbrabús sin a ríomh ar bhonn phraghas ceannaigh iomlán na feithicle sin.

88      Mar sin, is oiriúnach a áitimh, mar is léir ón bhfreagra ar an gcéad agus an dara ceist, caithfear Airteagail 18(1), 26(1) agus 46 den Treoir Réime, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, a léiriú ar chaoi go gcosnaítear, de bhreis ar leasanna ginearálta, leasanna ar leith an cheannaitheora aonair mótarfheithicle vis-à-vis déantóir na feithicle sin i gcás ina bhfuil feiste sháraithe toirmiscthe feistithe ar an bhfeithicil sin de réir bhrí na forála sin.

89      Dá bhrí sin, is léir ó na forálacha sin go bhfuil ceart ag ceannaitheoir aonair mótarfheithicle, vis-à-vis déantóir na feithicle sin, nach mbeadh feiste sháraithe toirmiscthe feistithe ar an bhfeithicil sin de réir bhrí Airteagal 5(2) den Rialachán sin.

90      Ina theannta sin, mar a cuireadh in iúl cheana, go bunúsach, i mír 80 den bhreithiúnas seo, is faoi na Ballstáit atá sé, faoi Airteagal 46 den Treoir Réime, na pionóis is infheidhme a chinneadh i gcás nach gcomhlíontar a forálacha. Ní mór do na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán Uimh. 715/2007, tá na Ballstáit le forálacha a leagan síos maidir le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an rialacháin sin. Ní mór do na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach..

91      De réir na gcúinsí sin, caithfear a dhearbhú, go bhfuil dualgas ar na Ballstáit, de bhun Airteagail 18(1), 26(1) agus 46 den Treoir Réime, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007 a fhoráil go bhfuil ceart ag ceannaitheoir mótarfheithicle atá feistithe le feiste sháraithe toirmiscthe, de réir bhrí Airteagal 5(2) den Rialachán sin, chun cúiteamh a fháil ó dhéantóir na feithicle i gcás ina ndearna an fheiste sin damáiste don cheannaitheoir sin.

92      In éagmais forálacha de dhlí an Aontais lena rialaítear na socruithe chun cúiteamh den sórt sin a fháil ag na ceannaitheoirí a bhfuil baint acu le feithicil den sórt sin a fháil, is faoi gach Ballstát atá sé na rialacha mionsonraithe sin a leagan síos.

93      Bíodh sé sin ráite, ní bheadh reachtaíocht náisiúnta a fhágann go bhfuil sé dodhéanta nó ródheacair do cheannaitheoir mótarfheithicle cúiteamh leordhóthanach a fháil as damáiste arna dhéanamh dó ag monaróir na feithicle sin ag teacht leis an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007.

94      Faoi réir an choinníll sin, is iomchuí a mheabhrú go bhfuil cúirteanna náisiúnta i dteideal a áirithiú nach mbeidh de thoradh ar chosaint na gceart a ráthaítear le dlíchóras an Aontais go ndéanfar na daoine atá i dteideal a shaibhriú go míchóir (breithiúnas an 25 Márta 2021, Balgarska Narodna Banka, C-501/18, EU:C:2021:249, mír 125).

95      Sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fháil amach an n-áirithítear le hiontráil bharúlach an tsochair a fuarthas ó úsáid iarbhír na feithicle atá i gceist cúiteamh leordhóthanach don cheannaitheoir lena mbaineann, ar choinníoll go mbunaítear gur bhain damáiste don cheannaitheoir a bhaineann le feiste sháraithe toirmiscthe a shuiteáil san fheithicil seo de réir bhrí Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007.

96      Dá bhrí sin, is é an freagra ar an gcúigiú agus ar an séú ceist nach mór dlí an Aontais a léiriú amhail is go gciallaíonn sé, in éagmais forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, gur faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann atá sé na rialacha maidir le cúiteamh as damáiste a rinneadh go hiarbhír do cheannaitheoir feithicle ar a bhfuil feiste sháraithe toirmiscthe, de réir bhrí Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, a chinneadh, ar choinníoll go mbeidh an cúiteamh sin leordhóthanach don damáiste a bhain di.

 Costais

97      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir le hAirteagail 18(1), 26(1) agus 46 de Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime), arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 385/2009 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2009, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cosnaítear leo, de bhreis ar leasanna ginearálta, leasanna ar leith an cheannaitheora aonair mótarfheithicle vis-à-vis déantóir na feithicle sin i gcás ina bhfuil feiste sháraithe toirmiscthe feistithe ar an bhfeithicil sin de réir bhrí na forála sin.

2.      Ní mór dlí an Aontais Eorpaigh a léiriú ar chaoi go gciallaíonn sé, in éagmais forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, gur faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann atá sé na rialacha maidir le cúiteamh as damáiste a rinneadh go hiarbhír do cheannaitheoir feithicle ar a bhfuil feiste sháraithe toirmiscthe, de réir bhrí Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, a chinneadh, ar choinníoll go mbeidh an cúiteamh sin leordhóthanach don damáiste a bhain di.

Sínithe:


*      Teanga an cháis: an Ghearmáinis.