Language of document : ECLI:EU:C:2022:202

Cás C-117/20

bpost SA

agus

Autorité belge de la concurrence

(iarraidh ar réamhrialú ón Cour d’appel de Bruxelles (Cúirt Achomhairc, an Bhruiséil, an Bheilg)

 Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Márta 2022

(Tarchur chun réamhrialú – Iomaíocht – Seirbhísí poist – Córas praghsála arna ghlacadh ag soláthraí seirbhíse uilíche – Fíneáil arna forchur ag údarás rialála náisiúnta na hearnála poist – Fíneáil arna forchur ag údarás iomaíochta náisiúnta – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 50 – An prionsabal ne bis in idem – An cion céanna a bheith ann – Airteagal 52(1) – Teorainneacha ar an bprionsabal ne bis in idem – Carnadh imeachtaí agus pionós – Coinníollacha – Cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú – Comhréireacht)

1.        Cearta bunúsacha – An prionsabal ne bis in idem – Cumhdach sa Chairt um Chearta Bunúsacha agus sa Phrótacal Breise Uimh. 7 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine – An bhrí chéanna agus an raon feidhme céanna

(An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 50 agus 52(3))

(féach míreanna 22, 23)

2.        Cearta bunúsacha – An prionsabal ne bis in idem – Coinníollacha cur chun feidhme – Carnadh imeachtaí agus pionós de chineál coiriúil – Critéir chun an cineál coiriúil a mheasúnú – Aicmiú dlíthiúil an chiona faoin dlí náisiúnta, cineál an chiona agus déine an phionóis lena mbaineann

(An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 50)

(féach míreanna 24-27)

3.        Cearta bunúsacha – An prionsabal ne bis in idem – Coinníollacha cur chun feidhme – Cinneadh críochnaitheach a bheith ann roimhe seo – Critéir mheasúnaithe – Cinneadh críochnaitheach a tugadh i ndiaidh thuillteanas an cháis a mheas

(An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 50)

(féach míreanna 29, 30)

4.        Cearta bunúsacha – An prionsabal ne bis in idem – Coinníollacha cur chun feidhme – An cion céanna a bheith ann – Critéir mheasúnaithe – Céannacht na bhfíoras ábhartha

(An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 50)

(féach míreanna 33-38)

5.        Cearta bunúsacha – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí a chumhdaítear sa Chairt – Teorannú ar an bprionsabal ne bis in idem – Coinníollacha – Inneachar sár-riachtanach an phrionsabail sin a urramú – Measúnú

(An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 50 agus 52(1))

(féach mír 43)

6.        Cearta bunúsacha – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí a chumhdaítear sa Chairt – Teorannú ar an bprionsabal ne bis in idem – Coinníollacha – Cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú – Carnadh imeachtaí agus pionós faoi reachtaíocht earnáilsonrach agus faoi dhlí na hiomaíochta – Cuspóirí dlisteanacha difriúla arna saothrú ag reachtaíocht

(An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 50 agus 52(1))

(féach míreanna 44-47)

7.        Cearta bunúsacha – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí a chumhdaítear sa Chairt – Teorannú ar an bprionsabal ne bis in idem – Coinníollacha – Prionsabal na comhréireachta a urramú – Carnadh imeachtaí agus pionós faoi reachtaíocht earnáilsonrach agus faoi dhlí na hiomaíochta – Carnadh imeachtaí agus pionós a bheith iomchuí, comhréireach agus fíor-riachtanach – Measúnú – Critéir

(An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 50 agus 52(1))

(féach míreanna 48-57)

Résumé

Ón mbliain 2010 ar aghaidh, tá córas praghsála nua curtha i bhfeidhm ag an soláthraí seirbhíse poist stairiúil sa Bheilg, bpost SA.

Le cinneadh an 20 Iúil 2011, d’ordaigh údarás rialála na Beilge um earnáil poist (1) do bpost fíneáil EUR 2.3 milliún a íoc as sárú ar an reachtaíocht earnáilsonrach is infheidhme, sa mhéid go raibh an córas nua sin bunaithe ar éagsúlacht éagórach sa chaoi ar caitheadh leis na hidirghabhálaithe agus na custaiméirí díreacha.

Chuir an cour d’appel de Bruxelles (Cúirt Achomhairc, an Bhruiséil, an Bheilg) an cinneadh sin ar neamhní, ar an bhforas nach raibh an cleachtas praghsála i gceist idirdhealaitheach. Tugadh an breithiúnas sin, a tháinig chun bheith críochnaitheach, i ndiaidh tarchur chun réamhrialú, inar tugadh breithiúnas na Cúirte an 11 Feabhra 2015, bpost (2).

Idir an dá linn, le cinneadh an 10 Nollaig 2012, chinn údarás iomaíochta na Beilge, go raibh mí-úsáid á baint ag bpost as a cheannasacht, ar mí-úsáid í a thoirmeasctar le dlí maidir le hiomaíocht a chosaint (3) agus le hAirteagal 102 CFAE. Is éard a bhí i gceist leis an mí-úsáid sin ná glacadh agus cur chun feidhme a chóras praghsála nua le linn na tréimhse ó mhí Eanáir 2010 go dtí mí Iúil 2011. Mar gheall air sin, d’ordaigh údarás iomaíochta na Beilge do bpost fíneáil EUR 37 399 786 a íoc, arna ríomh ag cur san áireamh na fíneála a d’fhorchuir údarás rialála na hearnála poist roimhe sin.

Chuir an cour d’appel de Bruxelles (Cúirt Achomhairc, an Bhruiséil) an cinneadh sin ar neamhní freisin, mar gheall go raibh sé ar neamhréir leis an bprionsabail ne bis in idem. I ndáil leis sin, mheas an chúirt sin go raibh na fíorais chéanna i gceist sna himeachtaí arna seoladh ag údarás rialála na hearnála poist agus ag an údarás iomaíochta.

Neamhnigh an Cour de cassation (an Chúirt Uachtarach, an Bheilg) an breithiúnas sin agus tharchuir sé an cás ar ais chuig an cour d’appel de Bruxelles (Cúirt Achomhairc, an Bhruiséil).

Sna himeachtaí i ndiaidh an tarchuir sin, chinn an cour d’appel de Bruxelles (Cúirt Achomhairc, an Bhruiséil) dhá cheist a chur faoi bhráid na Cúirte chun réamhrialú a fháil, lena bhfiafraítear, go bunúsach, an gcuirtear cosc leis an bprionsabal ne bis in idem, mar atá cumhdaithe in Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), ar sholáthraí seirbhíse poist a phionósú le fíneáil as sárú a bheith déanta aige ar dhlí iomaíochta an Aontais, más rud é, i ndáil leis na fíorais chéanna, go raibh an soláthraí sin ina ábhar do chinneadh críochnaitheach cheana féin a bhaineann le sárú ar an reachtaíocht earnáilsonrach poist.

Mar fhreagra ar na ceisteanna sin, soiléiríonn an Chúirt, ina suí mar Mhór-Dhlísheomra, raon feidhme agus teorainneacha na cosanta a thugtar leis an bprionsabal ne bis in idem a ráthaítear le hAirteagal 50 den Chairt.

Breithniú na Cúirte

Tugann an Chúirt dá haire ar dtús go gcuirtear cosc leis an bprionsabal ne bis in idem, mar atá cumhdaithe in Airteagal 50 den Chairt, ar charnadh imeachtaí agus pionós de chineál coiriúil de réir bhrí an Airteagail sin i ndáil leis na fíorais chéanna agus i gcoinne an duine chéanna.

Ós rud é go bhfuil cineál coiriúil na n-imeachtaí a thug údarás rialála na Beilge um earnáil poist agus ag údarás iomaíochta na Beilge, faoi seach, i gcoinne bpost deimhnithe ag an gcúirt a rinne an tarchur, tugann an Chúirt dá haire ansin go bhfuil cur i bhfeidhm an phrionsabail ne bis in idem faoi réir coinníoll dúbailte, eadhon, ar thaobh amháin, go bhfuil cinneadh críochnaitheach ann roimhe seo (an coinníoll “bis”) agus, ar an taobh eile, go mbaineann an cinneadh roimhe seo leis na fíorais chéanna agus a mbaineann na himeachtaí nó na cinntí ina dhiaidh sin leo (an coinníoll “idem”).

Sa mhéid gur cuireadh an cinneadh ó údarás rialála na Beilge um earnáil poist ar neamhní le breithiúnas atá tagtha chun bheith críochnaitheach, ar dá réir a éigiontaíodh bpost i leith na n-imeachtaí a tionscnaíodh ina choinne ar bhonn na reachtaíochta earnáilsonraí poist, dealraíonn sé gur cuireadh clabhsúr leis an nós imeachta arna dtionscnamh ag an údarás sin le cinneadh críochnaitheach, agus gurb é an toradh a bhí air sin go gcomhlíontar an coinníoll “bis” sa chás seo.

Maidir leis an gcoinníoll “idem”, is é an critéar ábhartha lena ndéantar measúnú i dtaobh an é an cion céanna ná céannacht na bhfíoras ábhartha, beag beann ar a n-aicmiú dlíthiúil faoin dlí náisiúnta nó ar an leas dlíthiúil cosanta. I ndáil leis sin, tuigtear céannacht na bhfíoras ábhartha mar thacar d’imthosca sonracha a eascraíonn as imeachtaí arb ionann iad, go bunúsach, a mhéid a luaitear an déantóir céanna ina leith agus go bhfuil dlúthbhaint acu lena chéile ó thaobh ama agus spáis de.

Dá réir sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé cinneadh a dhéanamh an ionann na fíorais ab ábhar don dá nós imeachta arna dtionscnamh i gcoinne bpost ar bhonn reachtaíocht earnáilsonrach poist agus dlí na hiomaíochta, faoi seach. Dá mba amhlaidh, bheadh carnadh an dá nós imeachta a tionscnaíodh i gcoinne bpost ina theorannú ar an bprionsabal ne bis in idem a ráthaítear le hAirteagal 50 den Chairt.

Féadfar bonn cirt a thabhairt, mar sin féin, le teorannú den sórt sin faoi Airteagal 52(1) den Chairt. I gcomhréir leis an bhforáil sin, ní mór foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n-aithint sa Chairt sin agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú. Sonraítear leis an bhforáil sin, faoi réir phrionsabal na comhréireachta, nach bhféadfar teorainneacha a chur leis na cearta agus na saoirsí sin ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí eile leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

I ndáil leis sin, tugann an Chúirt dá haire go n-urramaítear inneachar sár-riachtanach Airteagal 50 den Chairt leis an bhféidearthacht, dá bhforáiltear leis faoin dlí, chun imeachtaí arna dtionscnamh ag dhá údarás náisiúnta éagsúla agus na pionóis arna bhforchur ag na húdaráis sin a charnadh, ar choinníoll nach gceadaítear leis an reachtaíocht náisiúnta na fíorais chéanna a thriail agus a phionósú i ngeall ar an gcion céanna nó chun an cuspóir céanna a shaothrú, agus nach bhforáiltear léi ach don fhéidearthacht d’imeachtaí agus do phionóis faoi ghníomhartha éagsúla reachtaíochta a charnadh.

Maidir leis an gceist an bhféadfadh an carnadh sin a bheith ag freagairt do chuspóir leasa ghinearálta atá aitheanta ag an Aontas, cinneann an Chúirt go bhfuil cuspóirí dlisteanacha difriúla á saothrú leis an dá ghníomh reachtaíochta faoina ndearnadh imeachtaí a thabhairt i gcoinne bpost. Cé go bhfuil sé mar chuspóir ag an reachtaíocht earnáilsonrach poist margadh inmheánach na seirbhísí poist a léirscaoileadh, saothraítear leis na rialacha maidir le hiomaíocht a chosaint an cuspóir maidir le hiomaíocht gan saobhadh a áirithiú sa mhargadh inmheánach. Dá bhrí sin, tá sé dlisteanach go ndéanfaidh Ballstát, chun a áirithiú go leanfar den phróiseas léirscaoilte ar mhargadh inmheánach na seirbhísí poist agus go ndéanfar feidhmiú cuí an mhargaidh sin a áirithiú, pionós a chur ar sháruithe ar an reachtaíocht earnáilsonrach arb é is cuspóir léi an margadh lena mbaineann a léirscaoileadh agus ar sháruithe ar na rialacha is infheidhme i ndlí na hiomaíochta.

Maidir le prionsabal na comhréireachta a urramú, ceanglaítear leis an bprionsabal sin nach rachaidh an carnadh imeachtaí agus pionós dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta thar na teorainneacha i dtaobh a bhfuil iomchuí agus riachtanach chun na cuspóirí dlisteanacha atá á saothrú leis an reachtaíocht sin a bhaint amach, ar an tuiscint, i gcás ina gcaithfear roghnú idir roinnt mhaith bearta iomchuí, gur ceart dul ar iontaoibh an bhirt lena mbaineann an t-ualach is éadroime, agus ní foláir nach mbeidh na míbhuntáistí a eascróidh as sin díréireach maidir leis na cuspóirí atá á saothrú.

I ndáil leis sin, cuireann an Chúirt i bhfios go bhféadfar é a chur san áireamh go bhfuil cuspóirí leasa ghinearálta ar leith á saothrú le dhá nós imeachta a bhfuil sé dlisteanach iad a chosaint go carnach, i gcomhthéacs na hanailíse ar chomhréireacht carnadh imeachtaí agus pionós, mar thoisc chun bonn cirt a thabhairt leis an gcarnadh sin, ar choinníoll go bhfuil na nósanna imeachta sin comhlántach agus gur féidir an t-ualach breise a léirítear leis an gcarnadh sin a chosaint i ngeall ar an dá chuspóir atá á saothrú.

Maidir le fíor-riachtanais i leith carnadh imeachtaí agus pionós den sórt sin, ní mór a mheas an bhfuil na hualaí a eascraíonn, do na daoine lena mbaineann, as carnadh den sórt sin teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach agus go bhfreagródh na pionóis fhoriomlána a d’fhorchuirfí do thromchúis na gcionta a rinneadh. Chun na gcríoch sin, ní mór measúnú a dhéanamh an bhfuil rialacha soiléire agus beachta ann lenar féidir a thuar cé na gníomhartha agus na neamhghníomhartha a d’fhéadfadh a bheith faoi réir carnadh imeachtaí agus pionós, chomh maith leis an gcomhordú idir an dá údarás inniúla, gur seoladh an dá nós imeachta ar bhealach sách comhordaithe laistigh de thréimhse ghearr agus go bhfreagraíonn iomlán na bpionós a fhorchuirtear do thromchúis na gcionta a rinneadh.

Dá bhrí sin, déantar an bonn cirt a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le carnadh pionós a theorannú le coinníollacha atá beartaithe, go háirithe, má chomhlíontar iad, chun teorainn a chur, gan bheithsine “bis” ann féin a thabhairt faoi amhras, áfach, le cineál sainiúil na nósanna imeachta atá i gceist ó thaobh na feidhme de, agus, dá bhrí sin, an tionchar nithiúil a bhíonn ar na daoine lena mbaineann ag an bhfíoras go ndéantar na nósanna imeachta sin, arna seoladh ina leith, a charnadh.


1      Eadhon, an Institut belge des services postage et des télécommunications (“údarás rialála na hearnála poist”) (IBPT).


2      Breithiúnas an 11 Feabhra 2015, bpost (C-340/13, EU:C:2015:77).


3      Dlí an 10 Meitheamh 2006 maidir le hiomaíocht eacnamaíoch a chosaint (Moniteur belge an 29 Meitheamh 2006, lch. 32755), arna chomhordú ag Foraithne Ríoga an 15 Meán Fómhair 2006 (Moniteur belge an 29 Meán Fómhair 2006, lch. 50613).