Language of document :

Caingean arna tabhairt an 7 Samhain 2022 — Vima World v an Coimisiún

(Cás T-671/22)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Vima World, SA (Panama, Panama) (ionadaí: P. Braz, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Airteagail 1 agus 4 go 6 de Chinneadh (AE) 2022/1414 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur i bhfeidhm ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca de Madeira (ZFM) — Scéim III a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear earráid maidir le toimhdí fíorais agus dlí, mar gheall, sa chás seo, nach ionann an beart agus cabhair arna bronnadh ag Stát, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, ó tharla go raibh na brabúis a gineadh in Zona Franca de Madeira (“ZFM”) faoi réir cánachais sa Spáinn.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar dhlí na hiomaíochta, ó tharla, sa chás seo, go bhforchuirtear, leis an gcinneadh chun an chabhair neamhréireach a deonaíodh a aisghabháil, cánachas dúbailte ar na brabúis a rinneadh in ZFM.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid maidir leis na toimhdí dlí sa chinneadh atá faoi chonspóid, toisc go gcomhlíontar, le Scéim III de ZFM, na ceanglais chun postanna a chruthú agus a chaomhnú i Réigiún Féinrialaitheach Mhaidéara arna mbunú le Cinntí C(2007) 3037 final agus C(2013) 4043 final, le hAirteagail 107 CFAE agus 108 CFAE agus le Treoracha 2007.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid maidir leis na toimhdí fíorais agus dlí sa chinneadh atá faoi chonspóid, toisc go ndéantar léiriú ann, ar bhealach sriantach, ar an gcoincheap “gníomhaíocht a dhéantar go héifeachtach agus go hábhartha i Maidéara” arna leagan síos i gCinntí C(2007) 3037 final agus C(2013) 4043 final.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ar an bprionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint agus ar phrionsabal na comhréireachta.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí toisc nár comhlíonadh an oibleagáid réasúin a shonrú a leagtar amach in Airteagal 296 CFAE.

____________