Language of document : ECLI:EU:C:2024:15

Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

RICHARD DE LA TOUR

arna tabhairt an 11 Eanáir 2024 (1)

Cás C814/21

An Coimisiún Eorpach

v

Poblacht na Polainne

(Mainneachtain Stáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Saoránacht den Aontas – Airteagal 22 CFAE – Ceart vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát cónaithe faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Bhallstáit sin – Saoránaigh an Aontais Eorpaigh a bhfuil cónaí orthu sa Pholainn nach náisiúnaigh na Polainne iad – Easpa cirt chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil – Seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha nó i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa faoi choinníollacha leo siúd dá bhforáiltear dóibh dá náisiúnaigh – Airteagal 10 CAE – Prionsabal an daonlathais – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagail 12, 39 agus 40 – Údar – Airteagal 4(2) CAE)






Clár


I. Réamhrá

II. Creat Dlíthiúil

A. Dlí an Aontais Eorpaigh

1. CFAE

2. An Chairt

3. Treoir 93/109/CE

4. Treoir 94/80/CE

B. Dlí na Polainne

1. An Dlí maidir le Páirtithe Polaitiúla

2. An Cód Toghcháin

3. An Dlí Craolacháin

4. An Dlí maidir le Comhlachais

III. An nós imeachta réamhdhlíthíochta

IV. An tordú atá á lorg

V. Anailís

A. An phléadáil do-ghlacthachta arna hardú ag Poblacht na Seice

1. Argóintí na bpáirtithe

2. Measúnú

B. Substaint

1. Argóintí na bpáirtithe

(a) An Coimisiún

(1) Bunús na nimeachtaí mar gheall ar mhainneachtain in oibleagáidí a chomhlíonadh.

(2) Feidhmiú a ninniúlachta ag na Ballstáit

(b) Poblacht na Polainne

(1) Le foclaíocht Airteagal 22 CFAE, ní thugtar an ceart chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil

(2) Údar maith le teorainn le ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúla mar gheall ar an imní chun teorainn a chur le réimse tionchair shaoránaigh ‘shoghluaiste’ an Aontais ar an saol polaitiúil náisiúnta

(3) Níl iarrthóirí nach baill de pháirtí polaitiúil iad faoi mhíbhuntáiste ar leith i gcomparáid leis na baill

(c) Argóintí sonracha Phoblacht na Seice, idiragraí, agus barúlacha an Choimisiúin mar fhreagra

(1) Raon feidhme Airteagal 22 CFAE

(i) Argóintí Phoblacht na Seice

(ii) Barúlacha an Choimisiúin

(2) An bunús dlí is infheidhme

(i) Argóintí Phoblacht na Seice

(ii) Barúlacha an Choimisiúin

(3) Cruthúnas ar an mainneachtain líomhnaithe oibleagáidí a chomhlíonadh

(i) Argóintí Phoblacht na Seice

(ii) Barúlacha an Choimisiúin

(4) Teorainn a bheith ann le feidhmiú na gceart a thugtar le hAirteagal 22 CFAE

(i) Argóintí Phoblacht na Seice

(ii) Barúlacha an Choimisiúin

(5) Maidir leis an staid sna Ballstáit eile

(i) Argóintí Phoblacht na Seice

(ii) Barúlacha an Choimisiúin

2. Measúnú

(a) Raon feidhme Airteagal 22 CFAE

(b) Teorainn a bheith ann le feidhmiú na gceart toghcháin

(c) Údar le teorainn le ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil

VI. Costais

VII. Conclúid


Clár



I.      Réamhrá

1.         Lena chaingean arna tabhairt de bhun Airteagal 258 CFAE bunaithe ar Airteagal 22 CFAE, iarrann an Coimisiún Eorpach ar an gCúirt a chinneadh gur mhainnigh Poblacht na Polainne sna hoibleagáidí atá uirthi a chomhlíonadh faoin dara foráil sin ar an bhforas, go bunúsach, gur lú an seans atá ag saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh nach náisiúnaigh de chuid na Polainne iad ach a chónaíonn ina críoch, (2) go dtoghfaí sna toghcháin bhardasacha nó i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa iad, ná mar atá ag náisiúnaigh na Polainne, toisc nach dtugann Poblacht na Seice an ceart dóibh a bheith mar bhall de pháirtí pholaitiúil. (3)

2.        Sa Tuairim seo, míneoidh mé na cúiseanna le neamh-inghlacthacht dhearcadh Phoblacht na Polainne nach mór gan ach léamh litriúil a dhéanamh ar Airteagal 22 CFAE, ós rud é nach rialaítear leis ach na coinníollacha dlí maidir le hintofacht i dtoghcháin agus, seachas sin, go measfaí go bhfuil bunús leis an éileamh, mar a thacaíonn an Coimisiún leis, go bhfuil feidhmiú éifeachtach an chirt chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin á shárú ar bhonn anailís chomhthéacsúil theileolaíoch a dhéanamh ar na hoibleagáidí faoin bhforáil sin.

II.    Creat Dlíthiúil

A.      Dlí an Aontais Eorpaigh

1.      CFAE

3.        Seo a leanas foclaíocht Airteagal 20 CFAE:

‘1.       Tionscnaítear leis seo saoránacht den Aontas. Is saoránach den Aontas é gach duine a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit aige. Beidh saoránacht an Aontais ann de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad.

2.      Beidh ag saoránaigh den Aontas na cearta dá bhforáiltear sna Conarthaí, agus beidh siad faoi réir na ndualgas dá bhforáiltear iontu. Beidh acu, inter alia:

[...]

an ceart vótála agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina gcónaíonn siad, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin;

[...]

Feidhmeofar na cearta sin faoi na coinníollacha agus na teorainneacha a shainítear leis na Conarthaí agus leis na bearta arna nglacadh dá mbun.’

4.        Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 22 CFAE:

‘1.      Beidh ag gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air i mBallstát nach náisiúnach dá chuid é an ceart vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin. Feidhmeofar an ceart sin faoi réir rialacha mionsonraithe arna nglacadh ag an gComhairle, ag gníomhú di d’aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa; féadfaidh na rialacha mionsonraithe sin maoluithe a fhoráil nuair a dhlíonn fadhbanna is sonrach do Bhallstát é.

2.      Gan dochar d’fhorálacha Airteagal 223(1) agus do na forálacha arna nglacadh lena chur chun feidhme, beidh ag gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air i mBallstát nach náisiúnach dá chuid é an ceart vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin. Feidhmeofar an ceart sin faoi réir rialacha mionsonraithe arna nglacadh ag an gComhairle, ag gníomhú di d’aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa; féadfaidh na rialacha mionsonraithe sin maoluithe a fhoráil nuair a dhlíonn fadhbanna is sonrach do Bhallstát é.’

2.      An Chairt

5.        Seo a leanas foclaíocht Airteagal 12 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, (4) dar teideal ‘Saoirse comhthionóil agus comhlachais’:

‘1.      Tá ag gach duine an ceart chun saoirse comhthionóil shíochánta agus chun saoirse comhlachais ar gach leibhéal, go háirithe in ábhair pholaitiúla, cheardchumainn agus shibhialta, rud a thugann le tuiscint go bhfuil ag gach duine an ceart chun ceardchumainn a chur ar bun agus an ceart chun bheith mar bhall de cheardchumainn chun a leasanna a chosaint.

2.      Rannchuidíonn na páirtithe polaitiúla ar leibhéal an Aontais chun toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.’

3.      Treoir 93/109/CE

6.        Maidir le Treoir 93/109/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú cheart shaoránaigh an Aontais chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, ar saoránaigh iad a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh de iad,(5) leagtar síos in aithris 4 de:

‘De bhrí go mbaineann Airteagal 8b(2) de Chonradh CE leis an bhféidearthacht an ceart vótála a fheidhmiú agus le bheith ina iarrthóir i dtoghcháin chuig Parlaimint na hEorpa, gan dochar d’Airteagal 138(3) de Chonradh CE, a dhéanann foráil maidir le bunú rialacha aonfhoirmeacha i ngach Ballstát do na toghcháin sin, de bhrí go bhfuil sé mar aidhm aige go bunúsach deireadh a chur leis an gceanglas náisiúntachta nach mór a shásamh i bhformhór na mBallstát chun na cearta sin a fheidhmiú.’


7.        Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 1(1) den Treoir sin:

‘Leagtar síos leis an Treoir seo na socruithe mionsonraithe ina bhféadfaidh saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad a gcearta chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir a fheidhmiú sa Bhallstát sin i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.’

4.      Treoir 94/80/CE

8.        Maidir le Treoir 94/80/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 1994 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ag saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad, (6) leagtar síos in aithris 5 de: De bhrí gurb é is cuspóir d’Airteagal 8B1) ná a áirithiú gur féidir le saoránaigh uile an Aontais, bídís ina náisiúnaigh den Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu nó ná bíodh, a gceart vótála agus seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha a fheidhmiú sa Stát sin faoi na coinníollacha céanna;

‘de bhrí gurb é cuspóir Airteagal 8b(1) den Chonradh [gur] féidir le saoránaigh uile den Aontas, bídís ina náisiúnaigh den Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu nó ná bíodh, a gceart vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a fheidhmiú sa Bhallstát sin faoi na coinníollacha céanna; de bhrí gur cheart go mbeadh na coinníollacha a bhaineann le neamhnáisiúnaigh lena n‑áirítear na coinníollacha sin a bhaineann le tréimhse chónaithe agus le cruthúnas cónaithe mar a chéile leo siúd, más ann dóibh, a bhaineann le náisiúnaigh an Bhallstáit áirithe sin; de bhrí nach féidir go mbeadh sé mar cheangal ar neamhnáisiúnaigh coinníollacha speisialta a chomhlíonadh mura rud é, ar bhonn eisceachtúil, go bhfuil bonn cirt le cóir dhifriúil idir náisiúnaigh agus neamhnáisiúnaigh in imthosca a bhaineann go sonrach leis na neamhnáisiúnaigh a idirdhealú ó na náisiúnaigh.’

9.        Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 1(1) den Treoir sin:

‘Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha mionsonraithe faoina bhféadfaidh saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh den Bhallstát sin iad a gcearta chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir a fheidhmiú i dtoghcháin bhardasacha.’

B.      Dlí na Polainne

1.      An Dlí maidir le Páirtithe Polaitiúla

10.      Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 2(1) den ustawa o partiach politycznych (Dlí maidir le páirtithe polaitiúla) (7) an 27 Meitheamh 1997:

‘Féadfaidh náisiúnaigh Phoblacht na Polainne atá 18 mbliana d’aois nó níos sine a bheith ina gcomhaltaí de pháirtí polaitiúil.’

11.      Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 5 den Dlí sin:

‘Ráthófar rochtain ar stáisiúin phoiblí raidió agus teilifíse do pháirtithe polaitiúla i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i ndlíthe ar leith.’

12.      Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 24 den Dlí sin:

‘1.      Eascraíonn sócmhainní páirtithe polaitiúla ó tháillí ballraíochta, bronntanais, comharbais nó leagáidí, ioncam ó mhaoin agus leithdháileadh agus fóirdheontais mar a cheanglaítear ag an dlí.

2.      Ní fhéadfar sócmhainní páirtithe polaitiúla a úsáid ach amháin chun críocha a shainmhínítear sna reachtanna nó chun críoch carthanúla.

[...]

4.      Ní fhéadfaidh pairtí polaitiúil ioncam a dhíorthú óna shócmhainní ach amháin maidir le:

1)      ús a eascraíonn as cistí arna sealbhú ar chuntais bhainc agus ar thaiscí téarma;

2)      caibidlíocht bhannaí Skarbu Państwa [Státchiste, an Pholainn] agus billí Státchiste;

3)      díolachán a shócmhainní;

[...]’

13.      Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 28(1) den Dlí sin:

‘Beidh páirtí polaitiúil:

1)      a bhunaigh a choiste toghcháin féin le haghaidh na dtoghchán don Sejm [Sejm, an Pholainn], a fuair 3 % ar a laghad de na vótaí bailí arna gcaitheamh i bhfabhar a liosta toghlaigh d’iarrthóirí d’oifig ag Feisire Parlaiminte ar an leibhéal náisiúnta, nó

2)      a chuaigh isteach i gcomhghuaillíocht toghcháin le haghaidh na dtoghchán don Sejm, a fuair a liostaí toghlaigh d’iarrthóirí d’oifig ag Feisire Parlaiminte 6 % ar a laghad de na vótaí bailí a caitheadh ar an leibhéal náisiúnta,

i dteideal fóirdheontas arna mhaoiniú ó bhuiséad an Stáit, le linn an téarma pharlaimintigh agus i gcomhréir leis na socruithe mionsonraithe agus rialacha a leagtar síos sa Dlí seo, [...] chun a ghníomhaíochtaí reachtúla a chomhlíonadh.

[...]’

14.      Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 36(1) den Dlí maidir le Páirtithe Polaitiúla:

‘Féadfaidh ciste toghcháin páirtí pholaitiúil teacht ó ranníocaíochtaí an pháirtí pholaitiúil féin, chomh maith le deontais, comharbais agus tiomnachtaí.’

2.      An Cód Toghcháin

15.      Foráiltear le hAirteagal 84 den ustawa Kodeks wyborczy (an Dlí maidir leis an gCód Toghcháin),(8) an 5 Eanáir 2011 (‘an Cód Toghcháin’):

‘1.      Is ag na coistí toghcháin atá an ceart chun iarrthóirí a ainmniú lena dtoghadh. Déanann coistí toghcháin gníomhaíochtaí toghcháin eile freisin agus, go háirithe, ar bhonn phrionsabal an eisiachais, reáchtálann siad an feachtas toghcháin ar son na n‑iarrthóirí.

2.      I dtoghcháin don Sejm agus don Seanad agus i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa i bPoblacht na Polainne, féadfaidh páirtithe polaitiúla agus comhghuaillíochtaí páirtithe polaitiúla agus vótálaithe coistí a bhunú.

[...]

4.      I dtoghcháin do chomhlachtaí ionadaíocha údarás áitiúil agus réigiúnach agus i dtoghcháin méarachta, féadfaidh páirtithe polaitiúla agus comhghuaillíochtaí páirtithe polaitiúla, comhlachais shóisialta agus eagraíochtaí (‘eagraíochtaí’), mar aon le vótálaithe, coistí toghcháin a bhunú.’

16.      Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 87(1) agus (2) den Chód sin:

‘1.      Féadfaidh páirtithe polaitiúla comhghuaillíocht toghcháin a bhunú chun iarrthóirí comhchoiteanna a ainmniú. Ní fhéadfaidh páirtí polaitiúil a bheith páirteach ach in aon chomhghuaillíocht toghcháin amháin.

2.      Déanfaidh coiste toghcháin comhghuaillíochta, arna bhunú ag comhlachtaí na bpáirtithe polaitiúla atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh do gach páirtí vis-à-vis an pobal, gníomhaíochtaí toghcháin ar son chomhghuaillíocht toghcháin.’

17.      Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 89(1) den Chód sin:

‘Féadfaidh 15 náisiúnach ar a laghad, a bhfuil ceart vótála acu, toghchoiste vótálaithe a bhunú’.

18.      Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 117(1) den Chód céanna:

‘Beidh sé de cheart ag coistí toghcháin lenar cláraíodh a n‑iarrthóirí, ón 15ú lá roimh dháta an toghcháin go dtí dáta deiridh an fheachtais toghcháin, a gcláir toghcháin a thíolacadh saor in aisce ar stáisiúin phoiblí raidió agus teilifíse, ar chostas na gcraoltóirí.’

19.      Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 119(1) den Chód céanna:

‘D’ainneoin an chirt dá dtagraítear in Airteagal 117(1), féadfaidh gach coiste toghcháin, ón dáta a bhfaighidh an t‑údarás inniúil um thoghchán an fógra faoina bhunú agus go dtí dáta deiridh an fheachtais toghcháin, a chlár toghcháin a thíolacadh ar stáisiúin teilifíse agus raidió phoiblí agus phríobháideacha trí sheirbhís íoctha.’

20.      Foráiltear le hAirteagal 126 den Chód sin:

‘Íocfaidh coistí toghcháin na costais arna dtabhú chun críocha na dtoghchán óna n‑acmhainní féin.’

21.      Foráiltear in Airteagal 130 den Chód sin:

‘1.      Is ar an ngníomhaire airgeadais atá an fhreagracht as oibleagáidí airgeadais an choiste toghcháin.

2.      Ní fhéadfar dul faoi aon oibleagáid airgeadais in ainm agus thar ceann an choiste toghcháin gan comhaontú i scríbhinn ón ngníomhaire airgeadais.

3.      I gcás nach leor na sócmhainní atá ar fáil don ghníomhaire airgeadais chun na héilimh i gcoinne an toghchoiste a chumhdach:

1)      tá an fhreagracht as dliteanas airgeadais choiste toghcháin an pháirtí pholaitiúil nó na heagraíochta polaitiúla ar an bpáirtí polaitiúil nó ar an eagraíocht pholaitiúil a bhunaigh an coiste sin;

2)      tá an fhreagracht as dliteanas airgeadais an choiste toghcháin comhrialtais i gcomhpháirt agus go leithleach ar na páirtithe polaitiúla atá mar chuid den comhrialtais sin;

3)      tá an fhreagracht as dliteanas airgeadais coiste toghthóirí i gcomhpháirt agus go leithleach ar chomhaltaí an choiste.

[...]’

22.      Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 132 den Chód:

‘1.      Ní fhéadfaidh acmhainní airgeadais an choiste toghcháin de pháirtí polaitiúil teacht ach ó chiste toghcháin an pháirtí sin, arna chomhdhéanamh i gcomhréir le forálacha an [Dlí maidir le páirtithe polaitiúla].

2.      Ní fhéadfaidh acmhainní airgeadais an choiste toghcháin comhrialtais teacht ach ó chiste toghcháin a chomhpháirtithe.

3.      Ní fhéadfaidh acmhainní airgeadais

1)      coiste toghcháin eagraíochta,

2)      coiste toghthóirí vótálaithe,

teacht ach amháin ó ranníocaíochtaí ó náisiúnaigh Pholannacha a bhfuil buanchónaí orthu i gcríoch Phoblacht na Polainne agus ó iasachtaí bainc a baineadh amach chun críoch toghchán amháin.

[...]’

23.      Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 133 den Chód Toghcháin:

‘1.      Féadfaidh an Coiste Toghcháin de pháirtí polaitiúil nó comhrialtais áitreabh agus trealamh oifige an pháirtí pholaitiúil a úsáid saor in aisce le linn an fheachtais toghcháin.

2.      Féadfaidh an Coiste toghthóirí áitreabh agus trealamh oifige comhalta den choiste sin a úsáid saor in aisce le linn an fheachtais toghcháin.

3.      Féadfaidh an Coiste Toghcháin d’eagraíocht áitreabh agus trealamh oifige na heagraíochta sin a úsáid saor in aisce le linn an fheachtais toghcháin.’

24.      Foráiltear in Airteagal 341 den Chód sin:

‘Tá sé de cheart acu siúd a leanas iarrthóirí a ainmniú i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa:

1)      Coiste toghcháin páirtí pholaitiúil;

2)      Coiste toghcháin comhrialtais;

3)      Coiste toghthóirí vótáilaithe.’

25.      I gcomhréir le hAirteagal 343 den chód sin, ní mór sínithe ó 10 000 vótálaí ar a laghad a bhfuil buanchónaí orthu sa toghcheantar lena mbaineann a bheith mar thaca le liosta na n‑iarrthóirí.

26.      Maidir le toghcháin ionadaithe d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, foráiltear in Airteagal 399 den chód céanna gur ag coistí toghcháin páirtithe polaitiúla, coistí toghcháin comhghuaillíochtaí, coistí toghcháin eagraíochtaí agus coistí toghcháin vótálaithe atá an ceart chun iarrthóirí a ainmniú do phost an chomhairleora.

27.      De bhun Airteagal 400(1) den Chód Toghcháin, ceanglaítear ar thoghchoiste páirtí pholaitiúil fógra a thabhairt don Państwowa Komisja Wyborcza (Coimisiún Náisiúnta um Thoghcháin) faoina bhunú ón dáta a bhfoilseofar na rialacha maidir le toghcháin a reáchtáil go dtí an 55ú lá roimh dháta an toghcháin.

28.      Foráiltear le hAirteagal 401(1) den chód sin go bhféadfar toghchoiste comhghuaillíochta a bhunú i rith na tréimhse ó dháta foilsithe na rialacha maidir le toghcháin a chomóradh go dtí an 55ú lá roimh dháta an toghcháin, agus cuirfidh gníomhaire toghcháin an choiste toghcháin comhrialtas an méid sin in iúl don Choimisiún Náisiúnta um Thoghcháin an 55ú lá ar a dhéanaí roimh dháta an toghcháin.

29.      I gcomhréir le hAirteagal 402(1) den chód sin, ceanglaítear ar choiste toghcháin d’eagraíocht a bhunaíocht a chur in iúl don choimisinéir toghcháin inniúil agus áitreabh na heagraíochta sin á chur san áireamh ó dháta foilsithe na rialacha maidir le toghcháin a reáchtáil go dtí an 55ú lá roimh dháta an toghcháin.

30.      Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 403(1) go (3) den Dlí sin:

‘1.      Féadfaidh 15 náisiúnach ar a laghad, a bhfuil ceart vótála acu, toghchoiste vótálaithe a bhunú.

2.      Tar éis 1 000 síniú ó náisiúnaigh a bhfuil ceart vótála acu a thacóidh coiste toghthóirí a bhunú, cuirfidh an gníomhaire toghcháin bunú an choiste sin in iúl don choimisiún toghcháin náisiúnta, faoi réir fhorálacha mhír 3. Féadfar an fógra a thabhairt tráth nach déanaí ná 55 lá roimh dháta an toghcháin.

3.      Má bunaíodh an Coiste Toghthóirí chun iarrthóirí a ainmniú in aon réigiún amháin:

1)      is é cúigear líon na náisiúnach dá dtagraítear i mír 1 a bheidh ann;

2)      is é 20 líon na sínithe dá dtagraítear i mír 2 a bheidh ann agus cuirfear an fógra dá dtagraítear i mír 2 chuig an gcoimisinéir toghcháin inniúil agus áitreabh an Choiste á chur san áireamh.’

3.      An Dlí Craolacháin

31.      Foráiltear le hAirteagal 23(1) den ustawa o radiofonii i telewizji (an Dlí Craolacháin), (9) an 29 Nollaig 1992, go dtabharfaidh stáisiúin phoiblí raidió agus teilifíse deis do pháirtithe polaitiúla a dtuairimí a chur in iúl maidir le saincheisteanna bunúsacha gnóthaí poiblí.

4.      An Dlí maidir le Comhlachais

32.      Faoi Airteagal 4(1) den ustawa Prawo o stowarzyszeniach (Dlí maidir le Comhlachais), (10) an 7 Aibreán 1989, féadfaidh náisiúnaigh eachtracha a bhfuil cónaí orthu sa Pholainn athghrúpáil laistigh de chomhlachas freisin.

III. An nós imeachta réamhdhlíthíochta

33.      An 16 Aibreán 2012, i gcomhthéacs threoirthionscadal an Aontais, chuir an Coimisiún údaráis na Polainne ar an eolas faoina réamhthuairim maidir le neamh-chomhoiriúnacht reachtaíocht na Polainne le hAirteagal 22 CFAE lena bhforchoimeádtar do náisiúnaigh Pholannacha an ceart chun páirtí polaitiúil a bhunú agus an ceart a bheith páirteach i bpáirtí polaitiúil.

34.      In éagmais freagra, sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig Poblacht na Polainne an 26 Aibreán 2013 leis an ábhar céanna. Ina fhreagra an 24 Iúil 2013, rinne an Ballstát sin agóid i gcoinne aon sárú ar dhlí an Aontais.

35.      An 22 Aibreán 2014, thug an Coimisiún tuairim réasúnaithe inar mhaígh sé gur theip ar Phoblacht na Polainne a hoibleagáidí faoi Airteagal 22 CFAE a chomhlíonadh tríd an ceart chun páirtí polaitiúil a bhunú agus an ceart a bheith rannpháirteach i bpáirtí polaitiúil a dhiúltú do shaoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas.

36.      Ina freagra an 16 Meitheamh 2014, d’áitigh Poblacht na Polainne nach dtugtar le hAirteagal 22 CFAE an ceart chun páirtí polaitiúil a bhunú agus páirt a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil ar shaoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas ina mBallstát cónaithe.

37.      I litir dar dáta an 2 Nollaig 2020, d’iarr an Coimisinéir Eorpach um Cheartas ar Phoblacht na Polainne é a chur ar an eolas faoi aon athrú ar a sheasamh nó faoi athruithe reachtacha arna nglacadh chun na cearta atá i gceist a ráthú do na saoránaigh ‘shoghluaiste’ sin de chuid an Aontais.

38.      Tar éis d’údaráis na Polainne a chur in iúl don Choimisiún i litir dar dáta an 26 Eanáir 2021 gur athdhearbhaigh siad a dtuairimí, chinn an Coimisiún an chaingean seo a thabhairt, agus ábhar a shrianadh do bhallraíocht páirtí pholaitiúil a theorannú do náisiúnaigh Pholannacha amháin. Dúirt an Coimisiún, maidir leis an tsaincheist maidir le páirtí polaitiúil a chruthú ag saoránaigh ‘shoghluaiste’ de chuid an Aontais, a ardaíodh le linn na gcéimeanna níos luaithe den nós imeachta, choimeád sé an ceart chun é a ardú i nós imeachta ar leith.

IV.    An tordú atá á lorg

39.      Trína iarratas, iarrann an Coimisiún Eorpach ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–        á dhearbhú ‘trí dhiúltú do shaoránaigh den Aontas Eorpach nach náisiúnaigh Pholannacha iad ach a bhfuil cónaí orthu ar chríoch Phoblacht na Polainne an ceart chun bheith ina chomhalta de pháirtí polaitiúil, gur mhainnigh [an Ballstát sin] sna hoibleagáidí a chomhlíonadh atá uirthi faoi Airteagal 22 [CFAE]’, agus

–        a ordú do Phoblacht na Polainne na costais a íoc.

40.      Áitíonn Poblacht na Polainne gur cheart an chaingean a dhíbhe toisc í a bheith gan bhunús agus gur cheart a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

41.      Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an lá céanna, ceadaíodh don Ungáir idirghabháil a dhéanamh chun tacú le héilimh Phoblacht na Polainne.

42.      Ina ráiteas idiragartha, d’ardaigh Poblacht na Seice pléadáil do-ghlacthachta, d’fhorbair sí argóintí áirithe de chuid Phoblacht na Polainne agus thug sí freagra ar argóintí áirithe a chuir an Coimisiún chun cinn.

43.      Tugann an institiúid sin a barúlacha maidir leis an ráiteas idiragartha sin chun críche, teoranta do shaincheisteanna nua, sa mhéid is go gcoinníonn sí an t‑ord atá á lorg ina hiarratas.

V.      Anailís

A.      An phléadáil do-ghlacthachta arna hardú ag Poblacht na Seice

1.      Argóintí na bpáirtithe

44.      Murab ionann agus Poblacht na Polainne, áitíonn Poblacht na Seice ina ráiteas idiragartha go bhfuil an ghníomhaíocht mar gheall ar mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh do-ghlacthachta mar gheall ar easpa soiléireachta sna forálacha ar a bhfuil sí bunaithe. Tugann an Ballstát sin faoi deara, cé gur chinn an Coimisiún go raibh sárú ar Airteagal 22 CFAE, ar fhorais an iarratais, go dtagraíonn sí freisin d’Airteagal 20(2)(b) CFAE agus Airteagail 11 agus 12 den Chairt.

45.      Measann an Coimisiún go maíonn sé gan débhrí go bhfuil an toirmeasc ar bhallraíocht i bpáirtí do shaoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas ar neamhréir le hAirteagal 22 CFAE. Thuig Poblacht na Polainne é sin go hiomlán agus cosnaíonn sí í féin go soiléir ina pléadálacha. Dearbhaíonn an Coimisiún, ar an gcéad dul síos, go raibh gá le forálacha eile den dlí príomha a chur san áireamh ar bhealach córasach chun léiriú ceart a thabhairt ar bhonn a chuid gníomhaíochta. Ina dhiaidh sin, rinne sé tagairt freisin don Chairt chun a mheabhrú, nuair a leagann na Ballstáit síos rialacha lena rialaítear feidhmiú na gceart polaitiúil a thugtar le hAirteagal 22 CFAE, go bhfuil dlí an Aontais á chur chun feidhme acu agus nach mór dóibh, dá bhrí sin, cearta bunúsacha a fhorfheidhmiú. Ar deireadh, ní chaitheann sé sin amhras ar raon feidhme an cháis seo, mar a léirítear san achomhairc, ar dá réir nach mór a mheas gur sárú ar Airteagal 22 CFAE é an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist, a dhéanann idirdhealú díreach ar bhonn náisiúntachta.

2.      Measúnú

46.      Foráiltear in Airteagal 40 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ‘Beidh iarratas ar idiragairt teoranta do thacaíocht a thabhairt don saghas ordaithe atá á lorg ag ceann de na páirtithe’.(11) Dá bhrí sin, tá an réamhagóid a rinne Poblacht na Seice do-ghlacthachta,  (12) cé nár ardaigh Poblacht na Polainne pléadáil do-ghlacthachta.

47.      Mar sin féin, ag féachaint do na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 120(c) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte agus dá cásdlí,(13) ní mór scrúdú a dhéanamh ar cibé acu an leagtar amach i gcaingean, an Choimisiúin na gearáin go comhleanúnach agus go beacht, ionas go bhféadfaidh Poblacht na Polainne agus an Chúirt tuiscint bheacht a fháil ar raon feidhme an tsáraithe líomhnaithe ar dhlí an Aontais, ar coinníoll riachtanach é chun go mbeidh an Stát sin in ann a chosaint a chur ar aghaidh go héifeachtach agus chun go mbeidh an Chúirt in ann a chinneadh an ndearnadh an mhainneachtain líomhnaithe oibleagáidí a chomhlíonadh.

48.      Sa chás seo, mar a thíolacann an Coimisiún, is léir ó fhorais an iarratais nach mór Airteagal 22 CFAE, ar a bhfuil sé bunaithe, a léiriú trína chur sa chomhthéacs a shainítear le hAirteagal 20(2)(b) CFAE agus trí na naisc le hAirteagail 11 agus 12 den Chairt a chur san áireamh. Ní leanann sé, dá bhrí sin, go líomhnaíonn an Coimisiún go ndearnadh sárú ar na forálacha sin.(14)

B.      Substaint

1.      Argóintí na bpáirtithe

(a)    An Coimisiún

(1)    Bunús na nimeachtaí mar gheall ar mhainneachtain in oibleagáidí a chomhlíonadh.

49.      Bhunaigh an Coimisiún a iarratas ar Airteagal 22 CFAE ar na forais seo a leanas:

–        tugann sé an ceart do shaoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas cearta toghcháin a fheidhmiú i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu;

–        bunaítear an prionsabal ginearálta agus uilíoch na córa comhionainne, nach bhfuil teoranta do na rialacha praiticiúla, riaracháin agus nós imeachta a leagtar amach go háirithe i dTreoracha 93/109 agus 94/80, agus nach gceanglaítear leis go ndéanfaí é a mhionsonrú ina ghnéithe sonracha uile a bhaineann le rochtain ar thoghcháin;

–        dá réir sin, tá toirmeasc ar aon bheart atá bunaithe ar chritéar náisiúntachta lena gcuirtear cosc ar shaoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas a gceart chun seasamh mar iarrthóir a fheidhmiú faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu, agus

–        ós rud é nach féidir le saoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil, mar thoradh ar Airteagal 2(1) den Dlí maidir le páirtithe polaitiúla, rud a fhágann nach féidir leo rochtain a fháil ar chomhlacht bunúsach chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin, dhéanfaí díobháil den seans go dtoghfar iad i gcomparáid le náisiúnaigh na Polainne. Dá bhrí sin, baineann sé de na saoránaigh sin an éifeacht bheartaithe atá ag na cearta a thugtar leis an gConradh bunaithe ar a imeascadh sa Bhallstát cónaithe.(15)

50.      Cuireann sé i bhfios go láidir nach maíonn sé go n‑aithnítear i ndlí an Aontais ceart chun rannpháirtíocht pholaitiúil a bheith ag saoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas. Ar an taobh eile, leagann sé béim ar an ról ríthábhachtach atá ag na páirtithe polaitiúla i gcórais toghcháin, i saol polaitiúil na mBallstát agus, ar bhonn níos ginearálta, sa mhéid a chuireann siad leis an daonlathas ionadaíoch. Braitheann sé, i ndáil leis sin, ar chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (16) agus ar na treoirlínte maidir le rialáil pháirtithe polaitiúla an Choimisiúin Eorpaigh um Dhaonlathas tríd an Dlí (Coimisiún na Veinéise).(17)

51.      Measann sí, dá thoradh sin, nach féidir le saoránach ‘soghluaiste’ den Aontas seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin mura féidir leis seasamh mar bhall de pháirtí polaitiúil náisiúnta.

52.      Áitíonn sí, ina leith sin, maidir le hiarrthóir i dtoghcháin, is iomaí buntáistí sonracha a bhaineann le comhaltas i bpáirtí polaitiúil, gan a choibhéis lasmuigh de pháirtí den sórt sin, contrártha d’anailís Phoblacht na Polainne ar fhorálacha náisiúnta áirithe a bhaineann le heagraíochtaí.(18) Is iad seo a leanas:

–        eolas an phobail ar ainm an pháirtí, a fhréamhacha stairiúla agus a cháil, chomh maith le naisc le struchtúir shoch-eagraíochta (e.g. ceardchumainn, ar féidir iad a nascadh go stairiúil le páirtí, le heagraíochtaí óige, etc.);

–        úsáid fearais toghcháin agus acmhainní daonna agus airgeadais an pháirtí pholaitiúil, agus

–        na sainphribhléidí sonracha arna dtabhairt dóibh leis an dlí náisiúnta maidir le rochtain ar mhaoiniúchán nó ar na meáin agus ar chánachas.

53.      Maidir le cistiú sa Pholainn, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil páirtithe polaitiúla a fuair méid áirithe vótaí i dtoghcháin don Sejm i dteideal fóirdheontas a fháil le linn an téarma pharlaimintigh de réir Airteagal 28 den Dlí maidir le páirtithe polaitiúla. Tá rochtain acu ar fhoinsí maoiniúchán, i gcomhréir le hAirteagal 24 den dlí sin, atá i bhfad níos líonmhaire ná na foinsí atá ar fáil do choistí toghcháin vótálaithe agus eagraíochtaí agus is féidir na foinsí sin a úsáid, inter alia, chun an feachtas toghcháin a mhaoiniú trína gcistí toghcháin, cistí a mhaoinítear freisin le bronntanais, comharbais agus tiomnachtaí, de bhun Airteagal 36 den dlí sin.

54.      Cuireann an Coimisiún in iúl, ina leith sin, dhá shrian eile a bhaineann go sonrach le coistí toghcháin, eadhon:

–        i dtoghcháin bhardasacha, ní mór do vótálaithe ar mian leo coiste toghcháin a bhunú 1 000 síniú ar a laghad a bhailiú, i gcomhréir le hAirteagal 403 den Chód Toghcháin, agus

–        ní bhíonn an ceart ag iarrthóirí nach as an bPolainn iad ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh le coistí toghcháin eagraíochtaí nó vótálaithe, ionas nach féidir leo cistí a aistriú chuig an gcoiste, fiú dá bhfeachtas féin, ós rud é go méadaíonn an srian sin an seans go dtoghfar iad.(19)

55.      Maidir leis na meáin, cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir go bhfuil níos mó acmhainní airgeadais tábhachtacha ag páirtithe polaitiúla, mar riail ghinearálta, le caitheamh ar ghníomhaíochtaí atá dírithe ar a n‑iarrthóirí a chur chun cinn nó fiú leathanaigh fógraíochta a cheannach ar bhealaí príobháideacha nó a bheith gníomhach ar na meáin shóisialta. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Dlí maidir le Páirtithe Polaitiúla agus le hAirteagal 23 den Acht Craolacháin, tá rochtain bhuan ar mheáin na seirbhíse poiblí ráthaithe ag páirtithe polaitiúla agus, dá bhrí sin, féadfaidh siad iad féin a chur in iúl ar stáisiúin phoiblí raidió agus teilifíse maidir le saincheisteanna bunúsacha a bhaineann le gnóthaí poiblí, fiú mura bhfuil siad sin nasctha le feachtas toghcháin ar leith. De réir an Choimisiúin, ciallaíonn sé sin go léir go bhfuil seans níos mó ann go mbeidh comhaltaí an pháirtí ar eolas agus go scaipfear go forleathan ábhar a gclár toghcháin.

56.      Ina theannta sin, tá an Coimisiún den tuairim nach féidir le roinnt pobalbhreitheanna a léiríonn go ndíríonn an vótálaí a vóta níos minice ar bhonn phearsantacht an iarrthóra ná a bhallraíocht nó a ballraíocht i bpáirtí polaitiúil an cinneadh go ndéantar le dlí na Polainne idirdhealú díreach ar bhonn náisiúntachta i gcoinne shaoránaigh ‘shoghluaiste’ an Aontais ar mian leo seasamh i dtoghchán bhardasacha nó i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa a chur ó bhail. Go praiticiúil, ní mór a chur san áireamh freisin nach bhfuil aithne chomh maith céanna ar na saoránaigh sin ina dtír óstach.

(2)    Feidhmiú a ninniúlachta ag na Ballstáit

57.      Meabhraíonn an Coimisiún, de réir chásdlí socair na Cúirte:

–        Ní mór do na Ballstáit a n‑inniúlachtaí a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais, (20) agus

–        Ní féidir údar a thabhairt ar bhonn dhlí an Aontais le cur i bhfeidhm beart náisiúnta a d’fhéadfadh bac a chur ar fheidhmiú na saoirsí bunúsacha a ráthaítear leis an gConradh ach amháin mura mbeidh sárú ar na cearta bunúsacha a chosnaítear i ndlíchóras an Aontais mar thoradh ar chur i bhfeidhm an bhirt sin. (21)

58.      Áitíonn sé, ina leith sin, agus forálacha maidir le hincháilitheacht i dtoghcháin bhardasacha agus do Pharlaimint na hEorpa á nglacadh aici, nach mór do Phoblacht na Polainne na hoibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 20(2)(b) agus Airteagal 22 CFAE a chur san áireamh, agus, mar thoradh air sin, go bhfuil feidhm ag dlí an Aontais de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt.(22)

59.      Is léiriú é ballraíocht páirtí pholaitiúil ar fheidhmiú saoirse comhlachais agus saoirse tuairimí a nochtadh, atá cumhdaithe in Airteagal 12(1), (23) agus in Airteagal 11 faoi seach den Chairt. Dar leis an gCoimisiún, ní mór raon feidhme agus ceanglais Airteagal 20(2)(b) agus Airteagal 22 CFAE a léiriú i bhfianaise fhorálacha sin na Cairte (24) a chur san áireamh.

60.      Dá bhrí sin, áitíonn an Coimisiún gur léiriú soiléir é díothacht an chirt chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil ar shrian ar an gceart bunúsach comhlachais. I gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt, ní fhéadfaidh srian den sórt sin dul thar shrian a cheadaítear faoi CECD. Meabhraíonn sí freisin go n‑aithnítear sainiúlacht Bhallstáit an Aontais le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. (25)

61.      Thairis sin, meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil sé mar aidhm le cuimsiú na gceart polaitiúil i bhforálacha CFAE maidir le saoránacht a áirithiú gur féidir le saoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas comhtháthú agus ról gníomhach polaitiúil a bheith acu sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu, i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa, rud a chuireann aon smaoineamh maidir le cur isteach ar ghnóthaí náisiúnta ó bhail.

62.      Ina theannta sin, tá sé de rogha ag na Ballstáit an ceart chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin náisiúnta (nó, i roinnt cásanna, toghcháin réigiúnacha) a fhorchoimeád dá náisiúnaigh, rud a chomhlíonann an prionsabal nach mbainfí an bonn den fhéiniúlacht náisiúnta atá ina cuid dhílis de struchtúir bhunúsacha pholaitiúla agus bhunreachtúla. I ndáil leis sin, tugann an Coimisiún faoi deara nár chuir Poblacht na Polainne aon fhianaise ar fáil maidir le sárú den sórt sin, ach, seachas é sin agus Poblacht na Seice, ní chuireann aon Bhallstát eile srian ar na coinníollacha maidir le ballraíocht i bpáirtí polaitiúil. Ina theannta sin, is mian leis an gCoimisiún iarratas a dhéanamh gan srian ar cheart chun rannpháirtíocht pholaitiúil sa Bhallstát cónaithe. Thairis sin, ní féidir cosc a chur le srian a chur le raon feidhme na gníomhaíochta a bhaineann le rannpháirtíocht shaoránaigh ‘shoghluaiste’ an Aontais i bpáirtithe polaitiúla, mar shampla nuair a chuirtear iarrthóirí ar thoghcháin pharlaiminteacha náisiúnta ar bun.

63.      Ar deireadh, ós rud é gur féidir iarrthóirí nach comhaltaí de pháirtí polaitiúil iad a chlárú ar liosta toghchoiste páirtí, ní hionann sin agus comhionannas a thabhairt ar ais leis na hiarrthóirí a bhaineann le páirtí polaitiúil, ós rud é gur leor a thabhairt faoi deara go bhfuil an páirtí sin i láthair mar chomhaltaí páirtí agus go mbraitheann an chéad pháirtí ar chomhaontú arna thabhairt i gcrích tar éis cinneadh fabhrach ó chomhaltaí an pháirtí, ar comhaontú é nach féidir leo tionchar a imirt ‘ó laistigh de’.

(b)    Poblacht na Polainne

64.      Cuireann an Ballstát sin trí shraith argóintí ar aghaidh.

(1)    Le foclaíocht Airteagal 22 CFAE, ní thugtar an ceart chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil

65.      De réir Phoblacht na Polainne, níl Airteagal 22 CFAE infheidhme go díreach, mar ceanglaítear lena dhá mhír glacadh le reachtacha comhlántacha nach bhfuil comhchuibhiú domhanda chórais toghcháin na mBallstát d’aidhm acu.(26) Ní dhírítear leis an Airteagal sin ach ar cheanglais incháilitheachta fhoirmiúla agus ní ar na deiseanna nithiúla go dtoghfar iad i mBallstát. Dá leathnófaí an léiriú ar Airteagal 22 CFAE chuig an gceart chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil, bheadh sé contrártha do phrionsabal na tabhartha dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus Airteagal 4(1) agus (2) CAE.

(2)    Údar maith le teorainn le ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúla mar gheall ar an imní chun teorainn a chur le réimse tionchair shaoránaigh ‘shoghluaiste’ an Aontais ar an saol polaitiúil náisiúnta

66.      Measann Poblacht na Polainne, i bhfianaise ról na bpáirtithe in ábhair a bhaineann leis an mbeartas poiblí agus mar gheall ar an gcuspóir cumhacht phoiblí arna saothrú acu a fheidhmiú, is é is dóichí go mbeidh tionchar ag aontachas shaoránaigh ‘shoghluaiste’ an Aontais Eorpaigh le páirtí polaitiúil, go háirithe, ar thorthaí na dtoghchán parlaiminteach nó uachtaránachta, rud a bheadh ar neamhréir le hAirteagal 22 CFAE, a mbeidh a raon feidhme teoranta do thoghcháin áirithe, agus le hAirteagal 4(2) CAE.

67.      Ar an gcaoi sin, áitíonn sí, maidir le ballraíocht páirtithe polaitiúla, go ráthaítear le hAirteagal 11(1) den Konstytucja Rzeczypospolitej Polskiej (Bunreacht Phoblacht na Polainne) an tsaoirse chun páirtithe polaitiúla a bhunú, saoirse a ngníomhaíochtaí, ar an tuiscint go dtugann páirtithe polaitiúla le chéile, i gcomhréir le prionsabail na saor-rannpháirtíochta agus comhionannais, shaoránaigh na Polainne d’fhonn tionchar a imirt ar bheartais náisiúnta, trí mhodhanna daonlathacha.

68.      Déanann Poblacht na Polainne agóid i gcoinne anailís an Choimisiúin go sáraítear le cailleadh an chirt chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil an tsaoirse comhlachais a chumhdaítear in Airteagal 12 den Chairt agus in Airteagal 11 de CECD. Áitíonn sí, ar an gcéad dul síos, go bhféadfaidh Páirtithe an coinbhinsiún sin srianta ar ghníomhaíocht pholaitiúil eachtrannach a thabhairt isteach.(27) Ar an dara dul síos, in éagmais fhorálacha dhlí an Aontais maidir leis an gceart ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil ní bheidh feidhm ag Airteagal 12 den Chairt.

(3)    Níl iarrthóirí nach baill de pháirtí polaitiúil iad faoi mhíbhuntáiste ar leith i gcomparáid leis na baill

69.      Áitíonn Poblacht na Polainne, ar an gcéad dul síos, nach bhfágtar le dlí na Polainne go bhfuil an fhéidearthacht seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha nó i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa coinníollach ar bhallraíocht i bpáirtí polaitiúil.

70.      Ar an dara dul síos, dar le Poblacht na Polainne, ba cheart don Choimisiún bunús a thabhairt lena éilimh go n‑uasmhéadaíonn ballraíocht i bpáirtí polaitiúil an seans go dtoghfar iad i dtoghcháin bhardasacha nó i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, ach léirítear i staidéir go bhfuil rogha na vótálaithe bunaithe ar a mhalairt de réir mar a bhraitheann vótálaithe orthu, ag brath ar a rannpháirtíocht sa saol sóisialta agus polaitiúil (28) nó, i bhfocail eile, ar a gcáil. Ina theannta sin, maidir leis an sampla a thug an Choimisiúin go ndéanfaí saoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas a ghrúpáil ina gcomhlachas a d’fhéadfadh tuairimí cosúil le tuairimí páirtí pholaitiúil a chosaint, tá sé scoite amach ón bhfírinne ós rud é go nglacann sé leis nach mbeadh Polannach ar bith ina bhall de.

71.      Ar an tríú dul síos, thug Poblacht na Polainne faoi deara gur féidir saoránach ‘soghluaiste’ den Aontas a chur ar liosta na n‑iarrthóirí a mhol páirtí polaitiúil nó comhghuaillíocht páirtithe. (29)

72.      Ar an gceathrú dul síos, cuireann Poblacht na Polainne i bhfáth, mar fhreagairt ar argóintí an Choimisiúin maidir le cistiú, ar an gcéad dul síos, go ndéanann an Coimisiún neamhaird ar na tairseacha caiteachais a fhorchuirtear leis an gCód Toghcháin ar choistí toghcháin páirtí nó comhrialtais nuair a áitíonn sí, i gcomparáid leis sin, go bhfuil coistí agus eagraíochtaí toghcháin vótálaithe faoi mhíbhuntáiste airgeadais. Ar an taobh eile, is fíor nach féidir ach le náisiúnaigh Pholannacha rannchuidiú le maoiniú páirtí pholaitiúil, ach nach mór dóibh, i bprionsabal, cónaí go buan ar a chríoch, i gcomhréir le hAirteagal 25(1) den Dlí maidir le páirtithe polaitiúla.

73.      Ar an gcúigiú dul síos, de réir Phoblacht na Polainne, cé nach ndéantar an ceanglas 1 000 síniú a bhailiú, (30) seachas cásanna áirithe, chun coiste toghcháin a bhunú, a fhorchur ar choistí toghcháin páirtithe, comhghuaillíochtaí agus eagraíochtaí, tá sé de rogha ag saoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas Eorpach coistí toghcháin eagraíochtaí a chur ar bun a bhféadfaidh siad iarratas a dhéanamh orthu agus tairbhe a bhaint as a mbonneagar.

74.      Ar an séú dul síos, maidir leis na meáin, luann Poblacht na Polainne, ar an gcéad dul síos, go rialaítear a rochtain gan idirdhealú idir coistí toghcháin le hAirteagal 116 et seq. den Chód Toghcháin agus le forálacha sonracha an chóid sin maidir leis na toghcháin éagsúla. Ina dhiaidh sin, maidir leis an gceart labhairt ar bhealaí poiblí lasmuigh de thréimhse an fheachtais toghcháin, tugann Poblacht na Polainne faoi deara go leanann sé as ról na bpáirtithe i gcóras polaitiúil an Stáit agus go bhfuil inniúlacht eisiach ag na Ballstáit ina leith sin. Ar deireadh, tugann sí aird ar rochtain chomhionann ar líonraí sóisialta, a bhfuil tionchar acu le linn agus lasmuigh d’fheachtais toghcháin.

(c)    Argóintí sonracha Phoblacht na Seice, idiragraí, agus barúlacha an Choimisiúin mar fhreagra

(1)    Raon feidhme Airteagal 22 CFAE

(i)    Argóintí Phoblacht na Seice

75.      Áitíonn an Ballstát sin go leanann sé ó Threoracha 93/109 agus 94/80, lena dtreoraítear léiriú Airteagail 22 CFAE, go gcaitear leis an gcoinníoll náisiúntachta maidir leis an gceart vótála agus chun seasamh mar iarrthóir seachas maidir le gnéithe eile, lena n‑áirítear na coinníollacha le haghaidh ballraíocht i bpáirtí polaitiúil. Tá cásdlí na Cúirte ag tacú leis an anailís sin.(31)

(ii) Barúlacha an Choimisiúin

76.      Measann an Coimisiún, cé gur cinnte go rialaítear le reachtaíocht thánaisteach gnéithe áirithe de dhlí shaoránaigh an Aontais i ndáil le toghcháin, nach féidir brath ar reachtaíocht thánaisteach chun raon feidhme Airteagal 22 CFAE agus, dá bhrí sin, raon feidhme Airteagal 20(2)(b) CFAE a theorannú do shaincheisteanna sonracha a rialaítear leis an dlí sin. Is faoin gConradh atá sé raon feidhme incheadaithe na reachtaíochta tánaistí a chinneadh, seachas a mhalairt.(32)

(2)    An bunús dlí is infheidhme

(i)    Argóintí Phoblacht na Seice

77.      Áitíonn Poblacht na Seice, dá mbeadh dlí an Aontais infheidhme maidir leis an gcás seo, gur cheart é a mheasúnú i bhfianaise an toirmisc ghinearálta ar idirdhealú ar fhorais náisiúntachta atá in Airteagal 18 CFAE, agus ní i bhfianaise Airteagal 22 CFAE, lena leagtar síos toirmeasc sonrach ar idirdhealú maidir leis an gceart vótála agus chun seasamh mar iarrthóir do shaoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas i dtoghcháin áirithe. Ós rud é nach dtugann ballraíocht i bpáirtí polaitiúil stádas iarrthóra i dtoghchán do shaoránach ‘soghluaiste’ den Aontas Eorpach, in éagmais stádas den sórt sin, níl feidhm ach ag Airteagal 18 CFAE.(33)

(ii) Barúlacha an Choimisiúin

78.      Easaontaíonn an Coimisiún le hábharthacht an chásdlí arna lua ag Poblacht na Seice chun tacú lena hargóintí. Cé gur chinn an Chúirt go bhfuil idirdhealú ann atá contrártha do na forálacha a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 18 CFAE, ní chiallaíonn sé sin nach féidir a mheas gur sárú ar an oibleagáid maidir le cóir chomhionann a leagtar síos go sainráite san fhoráil sin iad na forálacha idirdhealaitheacha atá i gceist sna himeachtaí reatha, a bhaineann leis na coinníollacha maidir le feidhmiú na gceart polaitiúil a thugtar do shaoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas le hAirteagal 22 CFAE. Shoiléirigh reachtóir an Aontais sa Treoir 93/109 gurb ‘é atá i gceist leis an gceart vótála agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa ina mBallstát cónaithe, dá bhforáiltear in [Airteagal 22(2) CFAE], ná prionsabal an neamh-idirdhealaithe idir náisiúnaigh agus neamhnáisiúnaigh a chur i bhfeidhm’.(34) Ina theannta sin, tá an léiriú go mbeadh raon feidhme Airteagal 22 CFAE teoranta do shaoránaigh amháin a bhfuil cáilíocht na n‑iarrthóirí acu contrártha le foclaíocht na forála sin maidir le ceanglais incháilitheachta, lena áirítear an deis a bheith ina iarrthóir agus seasamh i dtoghchán. (35)

(3)    Cruthúnas ar an mainneachtain líomhnaithe oibleagáidí a chomhlíonadh

(i)    Argóintí Phoblacht na Seice

79.      Áitíonn Poblacht na Seice, de réir chásdlí socair na Cúirte, gur cheart don Choimisiún mainneachtain na hoibleagáidí a chomhlíonadh a dhearbhú, gan a bheith ag brath ar aon toimhde. (36) Mar thoradh, ní fhéadfaí glacadh leis na líomhaintí agus na toimhdí nach bhfuil údar leo maidir le seasamh lag shaoránaigh ‘shoghluaiste’ an Aontais nach bhfuil mar bhaill de pháirtí polaitiúil atá san iarratas.

(ii) Barúlacha an Choimisiúin

80.      Cuireann sí in iúl go n‑eascraíonn an t‑idirdhealú a líomhnaítear in aghaidh Phoblacht na Polainne go díreach as forálacha dlíthiúla ceangailteacha seachas as cleachtas riaracháin. Dá bhrí sin, ní gá sonraí staidrimh a chur ar fáil don Chúirt maidir le líon na saoránach ‘soghluaiste’ de chuid Aontais a d’fhulaing díobháil de facto mar thoradh ar an idirdhealú sin. Ní féidir é sin a dhéanamh go praiticiúil ach oiread i gcás, amhail an cás atá i gceist, ina bhfuil éifeacht dhíspreagthach ag an mbeart idirdhealaitheach. Go deimhin, ní féidir a chinneadh go beacht cé mhéad saoránach ‘soghluaiste’ de chuid an Aontais nach ndearna iarracht seasamh i dtoghcháin toisc gur díspreagadh iad sin a dhéanamh mar gheall ar an gcosc ar bhallraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil. (37)

(4)    Teorainn a bheith ann le feidhmiú na gceart a thugtar le hAirteagal 22 CFAE

(i)    Argóintí Phoblacht na Seice

81.      Cáineann an Ballstát sin ábharthacht an chásdlí a luaigh an Coimisiún, eadhon breithiúnas an 27 Aibreán 2006, an Coimisiún v an Ghearmáin, (38) agus cuireann sé i bhfáth, in aon chás, nach ndéanann sé difear do shubstaint na gceart toghchánacha dá bhforáiltear in Airteagal 22 CFAE agus le reachtaíocht na Polainne na cearta sin a fheidhmiú ina n‑iomláine.

(ii) Barúlacha an Choimisiúin

82.      Claíonn sé lena seasamh, nuair a leagann na Ballstáit síos rialacha maidir le feidhmiú na gceart polaitiúil a thugtar le hAirteagal 22 CFAE, nach mór dóibh déanamh amhlaidh i gcomhréir le ceanglais na forála sin agus i gcomhréir le cearta bunúsacha. Cuireann an Coimisiún in iúl go leanann sé ón gcásdlí a luaitear ina iarratas, a bhaineann leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit na cearta sin a chur san áireamh, go bhfuil sé d’oibleagáid orthu a lánrogha a fheidhmiú ar bhealach a áiritheoidh go n‑urramófar na cearta sin. (39)

(5)    Maidir leis an staid sna Ballstáit eile

(i)    Argóintí Phoblacht na Seice

83.      Dar le Poblacht na Seice, níl argóint an Choimisiúin nach ndéanann ach dhá Bhallstát foráil do shrianta ar bhallraíocht páirtithe polaitiúla ábhartha maidir le léiriú Airteagal 22 CFAE. Os a choinne sin, deimhnítear leis an argóint sin go bhféachann an Coimisiún léiriú nua a thabhairt leis an bhforáil sin, ar foráil í nár tháinig athrú ar a foclaíocht ar feadh i bhfad, ar bhonn athrú sa chomhthéacs sóisialta. Mar sin féin, ní féidir le hathrú den sórt sin a bheith ina chúis le leasú ar an bhforáil atá i gceist a mheas, seachas athrú bunúsach ar a léiriú.

(ii) Barúlacha an Choimisiúin

84.      Dar leis an gCoimisiún, is cosúil go bhfuil an argóint sin dothuigthe. Os a choinne sin, ós rud é nach gcuireann formhór mór na mBallstát srian ar rochtain ar bhallraíocht i bpáirtí polaitiúil do shaoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas, léirítear ábharthacht a léirmhínithe.

2.      Measúnú

85.      Baineann an chaingean seo le hintofacht i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa a eascraíonn ón gceart chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil, rud nach ndeonaítear do shaoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas. An bhfuil sé d’éifeacht ag an gcosc sin, mar a áitíonn an Coimisiún, go bhfeidhmíonn na saoránaigh sin a gceart chun seasamh mar iarrthóir sna toghcháin sin ‘faoi na coinníollacha céanna’ le náisiúnaigh na Polainne de réir bhrí Airteagal 22 CFAE?

86.      Faoi mar a sheasann dlí an Aontais faoi láthair, tagann ballraíocht i bpáirtí polaitiúil faoi inniúlacht na mBallstát. Mar sin féin, is léir ó chásdlí socair na Cúirte go gceanglaítear ar na Ballstáit, agus a n‑inniúlacht á feidhmiú acu, na hoibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais a chomhlíonadh.(40)

87.      Dá réir sin, ní mór a mheas cad iad na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 22 CFAE, a bhfuil an Coimisiún ag brath orthu, agus an féidir a áitiú go bailí go bhféadfadh na ceanglais sin difear a dhéanamh do chéannacht náisiúnta Ballstáit, de réir bhrí Airteagal 4(2) CAE.

(a)    Raon feidhme Airteagal 22 CFAE

88.      De bhun na foclaíochta atá ann, tá raon feidhme Airteagal 22 CFAE teoranta do na toghcháin dá dtagraíonn sé, eadhon toghcháin bhardasacha (mír 1) agus toghcháin do Pharlaimint na hEorpa (mír 2), agus toghcháin pharlaiminteacha nó uachtaránachta á n‑eisiamh ar an gcaoi sin.

89.      Leis an gcaingean seo, iarrtar ar an gCúirt a shoiléiriú an gá a thuiscint le prionsabal an chomhionannais a leagtar síos in Airteagal 22 CFAE go gcumhdaítear na coinníollacha uile faoina bhféadfaidh aon shaoránach ‘soghluaiste’ de chuid an Aontais seasamh i dtoghcháin nó an mbaineann sé le coinníollacha dlíthiúla na hincháilitheachta amháin.

90.       Ar an ábhar sin, is gá an lánrogha a thugtar do na Ballstáit a shainiú toisc go leagtar síos le Treoracha 93/109 agus 94/80 na rialacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú an chirt chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa (41) agus i dtoghcháin bhardasacha faoi seach.

91.      Ní mór argóint Phoblacht na Polainne, bunaithe ar léamh litriúil d’Airteagal 22 CFAE, go gcuirtear bac leis na treoracha sin ar phrionsabal an chomhionannais a leagtar síos san fhoráil sin, a dhiúltú ón tús ar an bhforas a bhaineann le hordlathas na norm, le tacaíocht ón gCoimisiún, nach féidir le reachtaíocht thánaisteach srian a chur le ceart a aithnítear sa Chonradh. (42)

92.      Dá bhrí sin, ní shainítear sna treoracha sin ach creat íosta ina dtugtar léiriú nithiúil ar phrionsabal an chomhionannais maidir le feidhmiú an chirt chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir.(43)

93.      Tugtar chun suntais, áfach, go han‑soiléir, ó Chonradh Liospóin ar aghaidh, trí thionscnamh Airteagal 22 CFAE agus trí fhorbairt an chreata dlí lena mbaineann ábhar na forála sin, nach mór an fhoráil sin a léiriú i bhfianaise an dá cholún ar a bhfuil sí bunaithe, eadhon saoránacht an Aontais agus an daonlathas ionadaíoch.

94.      Maidir le saoránacht an Aontais, ar an gcéad dul síos, tá an Coimisiún ag brath, mar is ceart, ar chur i bhfeidhm Airteagal 20(2)(b) CFAE, ina luaitear go dtugtar, leis an tsaoránacht sin, (44) i measc cearta eile, an ceart vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin.

95.      Is cuid den dlí príomha ó Chonradh Maastricht ar aghaidh, a síníodh an 7 Feabhra 1992, é an nasc sin leis an tsaoránacht. (45) Bhí baint aige ón tús leis an gceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (46) agus le prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar bhonn náisiúntachta, atá mar chuid de gach ceann de na saoirsí gluaiseachta.

96.      Cuireadh tréith ar leith, áfach, leis an nasc sin mar thoradh ar na leasuithe a tugadh isteach le Conradh Liospóin mar thoradh ar mhian na mBallstát, go háirithe, tosaíocht a thabhairt don tsaoránacht. Ar an gcéad dul síos, saibhríodh Conradh an Aontais Eorpaigh le Teideal II, dar teideal ‘Forálacha maidir leis na prionsabail dhaonlathacha’, ina bhfuil Airteagal 9, lena bhforáiltear don mhéid seo a leanas ‘ina chuid gníomhaíochtaí uile, urramóidh an tAontas prionsabal chomhionannas a shaoránach, a gheobhaidh cóir chomhionann óna institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí. Is saoránach den Aontas é gach náisiúnach de Bhallstát. Beidh saoránacht an Aontais ann de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad’. Leagtar amach na cearta maidir le saoránacht an Aontais in Airteagail 20 go 24 CFAE, ar Airteagail iad a fhreagraíonn d’Airteagail 17 go 21 CE. Leagtar amach na cearta atá ag saoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha in Airteagal 20(2)(b) agus Airteagal 22 CFAE.

97.      Ar an dara dul síos, tá gach ceann de na cearta sin san áireamh freisin i dTeideal V den Chairt, (47) dar teideal ‘Saoránacht’. Tá na cearta atá ag saoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha cumhdaithe in Airteagail 39 (48) agus 40 (49) i dtéarmaí ginearálta.

98.      Dá bhrí sin, le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ní mór anailís a dhéanamh ar chearta toghchánacha shaoránaigh an Aontais a leagtar síos in Airteagal 22 CFAE mar chearta bunúsacha agus mar léiriú ar phrionsabal na córa comhionainne, rud atá ina chuid dhílis de stádas bunúsach náisiúnaigh na mBallstát. (50)

99.      Féachtar chomh maith lena n‑athdhearbhú in CAE agus sa Chairt naisc a bhunú leis na cearta agus prionsabail eile a leagtar amach iontu, amhail an comhionannas agus an daonlathas, ar comhluachanna ag Ballstáit iad na luachanna sin a bhfuil an tAontas fothaithe orthu.(51)

100. Sa dara háit, maidir leis na prionsabail dhaonlathacha, ó Chonradh Liospóin ar aghaidh, luaitear in Airteagal 10(1) CAE go ‘[mb]eidh oibriú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch’ (52) agus aithnítear i míreanna 2 agus 3 an ceart atá ag saoránaigh an Aontais go ndéanfar ionadaíocht dhíreach dóibh i bParlaimint na hEorpa agus chun bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais.

101. Dá bhrí sin, mar gheall ar an gcomhcheangal a rinneadh le Conradh Liospóin, ar a laghad do thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, idir na cearta chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir iarrthóir a théann le saoránacht den Aontas agus prionsabail dhaonlathacha laistigh den Aontas, cuirtear in iúl go soiléir an cuspóir maidir le hionadaíocht éifeachtach shaoránaigh ‘shoghluaiste’ an Aontais a áirithiú.

102. Áitíonn an Coimisiún, agus an ceart aige, gurb é atá san ionadaíocht sin ná an comhthoradh ar imeascadh shaoránaigh ‘shoghluaiste’ an Aontais ina Stát cónaithe, mar a luaitear sna haithrisí a ghabhann le Treoracha 93/109 agus 94/80. (53) Go sonrach, ar an leibhéal áitiúil, is é is aidhm do na cearta polaitiúla a aithnítear a bhfuil ag na saoránaigh sin chun spreagadh a thabhairt d’imeascadh sóisialta na saoránach sin a roghnaigh cónaí i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad. Ón taobh sin de, ní mór an cuspóir a thabhairt faoi deara chomh maith a leagtar amach sna haithrisí sin, eadhon ‘aon deighilt a sheachaint idir liostaí d’iarrthóirí is náisiúnaigh agus liostaí d’iarrthóirí is neamhnáisiúnaigh’.

103. Dá bhrí sin, i mo thuairimse, d’fhéadfadh an Coimisiún a áitiú, agus cúis mhaith aige, ar bhonn Airteagal 22 CFAE, agus é curtha i gcomhthéacs na gceart a théann le saoránacht an Aontais agus leis na prionsabail dhaonlathacha a leagtar amach sna Conarthaí, nach mór oibleagáid ghinearálta gan drogall a chur roimh rannpháirtíocht sna toghcháin ar chúiseanna éagsúla a bheith i gceist leis an ráthaíocht um chomhionannas chearta toghcháin shaoránaigh an Aontais, gan gá le liosta na gcritéar táscach, nó uileghabhálach fiú, a chur le chéile. (54)

104. Is é sin le rá, ní mór Airteagal 22 CFAE a thuiscint sa chaoi gurb ionann aon bhac ar fheidhmiú ceart toghcháin lasmuigh de na creataí a shainítear le Treoracha 93/109 agus 94/80, ar bhonn náisiúntachta, agus idirdhealú laistigh de raon feidhme na gConarthaí, (55) atá toirmiscthe.(56)

105. Sna himthosca sin, is gá anois scrúdú a dhéanamh ar anailís an Choimisiúin nach féidir ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil de chineál a chuirfeadh bac ar fheidhmiú na gceart sin.

106. Sa chás seo, aontaíonn na páirtithe go bhfuil an seans go mbeidh rochtain ar fheidhmeanna tofa ar an leibhéal bardasach nó Eorpach ag brath ar an leibhéal rannpháirtíochta i saol daonlathach an Bhallstáit ina bhfuil saoránaigh ‘shoghluaiste’ de chuid an Aontais ina n‑iarrthóirí, bíodh sin laistigh de pháirtí nó go neamhspleách.

107. Tá mé den tuairim, áfach, ar an gcaoi chéanna leis an gCoimisiún, a bhraitheann ar threoirlínte Choimisiún na Veinéise, (57) nár cháin Poblacht na Polainne, gur gné riachtanach é rochtain ar na modhanna atá ar fáil do pháirtithe polaitiúla chun tacú le hiarrthóirí i dtoghcháin (58) bhardasacha nó i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa.

108. Ina theannta sin, mar a d’áitigh an Coimisiún ar bhonn cásdlí ábhartha na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, tá buntábhacht le ról na bpáirtithe polaitíochta i bhfeidhmiú na gceart polaitiúil sna Ballstáit.(59) Ar leibhéal an Aontais, aithnítear go soiléir an ról sin in Airteagal 10(4) CAE, (60) a léirítear in Airteagal 12(2) den Chairt.(61)

109. Go deimhin, tá nasc soiléir ann idir an tAirteagal sin den Chairt agus Airteagail 39 agus 40.(62) Sna himthosca sin agus i gcomhréir leis an méid a luaitear cheana, (63) agus urraim chuí á tabhairt do phrionsabal na tabhartha, a leagtar síos in Airteagal 5(2) CAE, ní mór do gach Ballstát na forálacha sin a chur san áireamh, chun feidhmiú na gceart a thugtar le hAirteagal 22 CFAE a ráthú.

110. Dá bhrí sin, aontaím leis an gCoimisiún nach mór measúnú a dhéanamh ar a chaingean faoi Airteagal 22 CFAE a mheasúnú i bhfianaise an chirt chun saoirse comhlachais a chumhdaítear in Airteagal 12(1) den Chairt, i gcomhar le hAirteagal 11 (64) di maidir le saoirse tuairimí a nochtadh. Cosnaítear na saoirsí sin go háirithe mar gheall ar an ról buntábhachtach atá acu i rannpháirtíocht na saoránach sa daonlathas.(65) Léirítear le hAirteagal 12(2) den Chairt, cur chuige maidir leis an nasc sin a bhaineann le páirtithe polaitiúla Eorpacha.

111. Freagraíonn an ceart sin chun saoirse comhlachais don cheart a ráthaítear in Airteagal 11(1) de CECD agus, dá bhrí sin, ní mór an bhrí chéanna agus an raon feidhme céanna a thabhairt dó agus don cheart sin, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt.(66)

112. Is léir ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine go bhfuil an ceart chun saoirse comhlachais ar cheann de na bunchlocha riachtanacha de shochaí dhaonlathach agus iolraíoch, a mhéid a chuirtear ar chumas do shaoránaigh leis gníomhú i dteannta a chéile sna réimsí a bhfuil leas coiteann acu iontu agus rannchuidiú le dea-fheidhmiú an tsaoil phoiblí dá bhrí sin. (67)

113. Dá bhrí sin, i bhfianaise fhorálacha CAE agus na Cairte sin nach mór measúnú a dhéanamh, mar a áitíonn an Coimisiún, an mbaineann sé nó nach mbaineann sé de chomhionannas choinníollacha intofachta shaoránaigh ‘shoghluaiste’ an Aontais chun seasamh i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, go háirithe a mhéid a fhágtar gur lú go suntasach an seans go dtoghfaí iad, mura féidir leo ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil i bPoblacht na Seice de réir dlí.

(b)    Teorainn a bheith ann le feidhmiú na gceart toghcháin

114. Dar le Phoblacht na Polainne, le tacaíocht ó Phoblacht na Seice, ní chuireann an Coimisiún fianaise ar fáil maidir le héifeachtaí praiticiúla na bhforálacha dlíthiúla atá i gceist maidir le hincháilitheacht shaoránaigh ‘shoghluaiste’ an Aontais.

115. Chinn an Chúirt gur féidir a chruthú gurb ann do mhainneachtain in oibleagáidí a chomhlíonadh, i gcás ina n‑eascraíonn sé ó bheart reachtach nó rialála a ghlacadh nach bhfuil díospóid ann maidir lena chur i bhfeidhm, trí anailís dhlíthiúil a dhéanamh ar fhorálacha an bhirt sin. (68)

116. Sa chás seo, eascraíonn an mhainneachtain a shéanann an Coimisiún i gcoinne Phoblacht na Polainne as glacadh le beart reachtach nach ndéanann an Ballstát sin agóid ina choinne agus a bhfuil a fhorálacha faoi réir anailís dhlíthiúil in iarratas tionscanta na n‑imeachtaí.

117. Ina theannta sin, is é an aidhm ná measúnú a dhéanamh ar a mhéid a bhíonn éifeachtaí athchomhairleacha ag an reachtaíocht sin ar iarratais fhéideartha ar thoghcháin, rud nach bhfuil inchainníochtaithe.

118. Dá bhrí sin, níl údar maith le Poblacht na Polainne an Coimisiún a cháineadh toisc nár sholáthair sí fianaise ar na héifeachtaí praiticiúla ar chearta toghchánacha shaoránaigh ‘shoghluaiste’ an Aontais, atá ag an dlí lena bhforchoimeádtar ballraíocht i bpáirtí polaitiúil do náisiúnaigh na Polainne.

119. Maidir le dlí na Polainne atá i gceist, lena bhforchoimeádtar an ceart chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil do náisiúnaigh Pholannacha, dar liom, is é is cúis amháin leis an gcóir neamh-chomhionann ná an ráiteas go bhfuil sé de shaor-rogha acu a bheith ina n‑iarrthóirí ar thoghcháin bhardasacha nó do Pharlaimint na hEorpa, eadhon mar bhaill de pháirtí polaitiúla nó mar iarrthóirí neamhspleácha, fad nach féidir le saoránaigh ‘shoghluaiste’ an Aontais ach a bheith ina n‑iarrthóirí neamhspleácha. Mar sin féin, mar a mhínítear thuas, is féidir cearta toghchánacha a fheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí mar gheall ar rochtain ar pháirtithe polaitiúla chun páirt a ghlacadh sa saol daonlathach.

120. Ní féidir le haon cheann de na maolaitheoirí atá leagtha amach ag Poblacht na Polainne an measúnú sin a athrú. Go háirithe, níl an teorainn sin lena gcumas gníomhaíochta inréitithe trí ghlacadh le saoránaigh ‘shoghluaiste’ an Aontais chun bheith ina n‑iarrthóirí ar liosta páirtí, ós rud é go mbraitheann siad ar chritéir shonracha atá le comhlíonadh, mar a leag an Coimisiún iad amach. Thairis sin, ní bhaineann fairsinge an róil atá ag eagraíochtaí a fhreastalaíonn ar neamhchomhaltaí de pháirtí polaitiúil, ar a bhraith Poblacht na Polainne, le ról páirtí pholaitiúil.

121. Ina theannta sin, tugann an Coimisiún údar le héagothroime a bheith ann i maoiniú na gcoistí toghcháin mar thoradh díreach ar na forálacha dlíthiúla, a bhfuil cur síos air mar chonstaic shoiléir ag údair na tuarascála a luann sé ina leith.(69)

122. Dá bhrí sin, molaim don Chúirt a chinneadh gur shuigh an Coimisiún go leordhóthanach gurb ann do theorainn le feidhmiú na gceart toghcháin chun dochair do shaoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas arb ionann a gcás agus cas náisiúnach.

123. Dá bhrí sin, níor chomhlíon Poblacht na Polainne, trí na forálacha náisiúnta atá i gceist a ghlacadh i bhfeidhmiú a dlínse, ceanglais dhlí an Aontais, eadhon ceanglais Airteagal 22 CFAE, nach mór a léamh i gcomhar le hAirteagail 12, 39 agus 40 den Chairt.

(c)    Údar le teorainn le ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil

124. Tugann Poblacht na Polainne údar leis an mbealach eagsúil a chaitear le saoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas, rud a eascraíonn as a rogha ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil dá náisiúnaigh, ar chúiseanna a d’eascródh as an gConradh, go háirithe iad siúd a bhaineann le hurraim don fhéiniúlacht náisiúnta.

125. Braitheann an Ballstát sin ar Airteagal 4(2) CAE agus áitíonn sé, go bunúsach, go mbeadh sé de thoradh ar dhlí an Aontais, arna léiriú ag an gCoimisiún, go mbeadh saoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas rannpháirteach sa saol poiblí ar leibhéal nach ionann é agus an leibhéal arna cheadú ag na Ballstáit agus go gcuirtear ar a gcumas go sonrach tionchar a bheith acu ar chinntí náisiúnta trí leas a bhaint as veicteoir páirtithe polaitiúla.

126. Ní mór a thabhairt chun cuimhne, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CAE, go n‑urramóidh an tAontas Eorpach féiniúlacht náisiúnta a Bhallstáit, rud atá ina cuid dhílis dá struchtúir bhunúsacha, idir pholaitiúil agus bhunreachtúil.

127. Is fíor gur cuid den fhéiniúlacht náisiúnta de réir bhrí Airteagal 4(2) CAE é eagrú an tsaoil pholaitiúil náisiúnta, rud a rannchuidíonn na páirtithe polaitiúla leis. Ina leith sin, léirítear an urraim don fhéiniúlacht sin trí srian a chur ar rannpháirtíocht shaoránaigh ‘shoghluaiste’ an Aontais i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus toghcháin bhardasacha amháin, gan cuspóir comhchuibhiú chórais toghcháin na mBallstát. (70) Chuir reachtóir an Aontais san áireamh freisin an tionchar a bheidh ag rochtain éasca ar na toghcháin sin ar chothromaíocht an tsaoil pholaitiúil sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu trína fhoráil gur féidir leis na Ballstáit glacadh le socruithe sonracha (71) agus idirthréimhseacha, ar mhaithe lena náisiúnaigh.

128. Maidir leis an gceist faoin tionchar ar leibhéal náisiúnta a bheadh ag aontachas shaoránaigh ‘shoghluaiste’ an Aontais le páirtithe polaitiúla mar gheall ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige laistigh de na páirtithe sin, tugaim faoi deara, i dtuairim na bpáirtithe uile, gur faoi na páirtithe polaitiúla é sin. Go deimhin, tá saorchead acu maidir le sainiú a n‑eagraíochta agus na rialacha mionsonraithe maidir lena n‑iarrthóirí a roghnú. (72) Tugaim faoi deara, nach bhfuil Poblacht na Polainne ach ag maíomh, gan a léiriú, go bhfuil sé dodhéanta raon feidhme gníomhachtaí a comhalta, gurb saoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas iad i dtoghcháin áirithe a theorannú.

129. Dá bhrí sin, tá mé den tuairim chéanna leis an gCoimisiún ná trí cead ballraíocht a ghlacadh i bpáirtithe polaitiúla a bhronnadh ar shaoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas chun éifeachtacht chearta na saoránach sin i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa a ráthú, ní dhéanfaí dochar le féiniúlacht náisiúnta Phoblacht na Polainne.

130. Ina theannta sin, fiú má ghlactar le sárú den sórt sin, ní mór Airteagal 4(2) CAE a léamh i bhfianaise fhorálacha an rangaithe chéanna leis. (73)

131. Dá bhrí sin, le hAirteagal 4(2) CAE, ní fhéadfaí na Ballstáit a dhíolmhú ó urraim a thabhairt do na cearta bunúsacha a athdhearbhaítear leis an gCairt, (74) lena n‑áirítear prionsabal an daonlathais agus prionsabal an chomhionannais, a leagtar amach in Airteagal 22 CFAE (75) agus a thugtar le saoránacht an Aontais, chun an ceart chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú. Is cuid de bhunluachanna an Aontais iad na prionsabail sin. (76)

132. Maidir leis na breithnithe sin go léir, molaim gur cheart don Chúirt a chinneadh go bhfuil bunús maith le caingean an Choimisiúin.

VI.    Costais

133. Faoi Airteagal 138(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis. Sa mhéid gur cheart don Chúirt, i mo thuairimse, an cineál ordaithe atá á lorg ag an gCoimisiún a cheadú, ní mór a ordú do Phoblacht na Polainne na costais a íoc.

134. I gcomhréir le hAirteagal 140(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór do Phoblacht na Seice a costais féin a íoc.

VII. Conclúid

135. I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, molaim don Chúirt rialú a thabhairt mar seo a leanas:

1)      a dhearbhú, gur mhainnigh Poblacht na Polainne na hoibleagáidí atá uirthi de réir Airteagal 22 CFAE a chomhlíonadh, tríd an gceart chun ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil nó i ngluaiseacht pholaitiúil a shéanadh ar shaoránaigh de chuid an Aontais nach náisiúnaigh de chuid na Polainne iad ach a bhfuil cónaí orthu i bPoblacht na Polainne;

2)      a ordú do Phoblacht na Polainne na costais a íoc.

3)      a ordú do Phoblacht na Seice a costais féin a íoc.



1 Bunteanga: an Fhraincis.


2 ‘Saoránaigh shoghluaiste’ de chuid an Aontais.


3      Thionscain an Coimisiún caingean chomhionann i gcoinne Phoblacht na Seice (Cás C‑808/21), lena déileáiltear léi ar bhonn comhordaithe. Eagraíodh comhéisteacht sa dá chás sin an 12 Meán Fómhair 2023.


4 ‘An Chairt’.


5      IO 1993 L 329, lch. 34 agus eagrán speisialta d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh sa Pholainnis, Caibidil 20, Imleabhar 1, lch. 7.


6      IO 1994 L 368, lch. 38 agus eagrán speisialta d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh sa Pholainnis, Caibidil 20, Imleabhar 1, lch. 12.


7 Dz. U. 1997, Uimh. 98, mír 604, arna leasú (Dz.U. 2022, mír 372).


8      DZ. U. 2011, Uimh. 21, mír 112, arna leasú (Dz. U. de 2020, mír 1319).


9      DZ. U. 1993, Uimh. 7, mír 34, arna leasú (Dz. U. 2020, mír 805).


10      Dz. U. 1989, Uimh. 20, mír 104, arna leasú (Dz. U. 2020, mír 2261).


11      Féach freisin Airteagal 129 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.


12      Féach breithiúnais an 24 Márta 1993, CIRFS agus páirtithe eile v an Coimisiún (C‑313/90, EU:C:1993:111, mír 22), agus an 8 Samhain 2007, an Spáinn v an Chomhairle (C‑141/05, EU:C:2007:653, míreanna 27 agus 28).


13      Féach, inter alia, ar an athbhreithniú a rinne an Chúirt, breithiúnais an 2 Meitheamh 2016, an Coimisiún v an Ísiltír (C‑233/14, EU:C:2016:396, mír 43), agus an 22 Meán Fómhair 2016, an Coimisiún v Poblacht na Seice (C‑525/14, EU:C:2016:714, mír 14), agus, maidir leis na coinníollacha atá le comhlíonadh, breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus príobháideachas na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, míreanna 188 go 190 agus an cásdlí dá dtagraítear).


14      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 30 Meán Fómhair 2010, an Coimisiún v an Bheilg (C‑132/09, EU:C:2010:562, míreanna 40 agus 41).


15      Déanann an Coimisiún tagairt d’aithris 10 sa bhrollach a ghabhann le Treoir 93/109 agus d’aithris 14 sa bhrollach a ghabhann le Treoir 94/80.


16      Luann an Coimisiún breithiúnas ECtHR an 30 Eanáir 1998, Páirtí Cumannach Aontaithe na Tuirce agus páirtithe eile v an Tuirc (CE:ECHR:1998:0130JUD001939292, § 44), agus, maidir le tábhacht na bpáirtithe polaitiúla, mar shampla, breithiúnais an 25 Bealtaine 1998, Páirtí Sóisialach agus páirtithe eile v an Tuirc (CE:ECHR:1998:0525JUD002123793, § 41), agus an 13 Feabhra 2003, Refah Partisi (Páirtí an tSéin) agus páirtithe eile v an Tuirc (CE:ECHR:2003:0213JUD004134098, § 86 go 89).  


17      ‘Treoirlínte Choimisiún na Veinéise’. Féach an dara heagrán de na treoirlínte seo (Staidéar Uimh. 881/2017). Déanann an Coimisiún tagairt do mhír 1 (lch. 5) agus do mhíreanna 17 agus 18 (lch. 9) de na Treoirlínte. Maidir leis an gcaidreamh idir páirtithe idir saoránaigh agus sealbhóirí oifige poiblí, tagraíonn an foras sin do mhír 18 (lch. 9).


18      Féach míreanna 72 agus 73 den Tuairim seo. Thairis sin, measann an Coimisiún nach dtugann Poblacht na Polainne údar leis an bhfíoras nach bhfuil ballraíocht páirtí pholaitiúil chomh tábhachtach céanna le pearsantacht na n‑iarrthóirí do vótálaithe.


19      Déanann an Coimisiún tagairt don tuarascáil arna maoiniú ag Clár an Choimisiúin um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht (2014-2020) dar teideal ‘Report on Political Participation of Mobile EU Citizens: Poland (Tuarascáil ar rannpháirtíocht pholaitiúil shaoránaigh shoghluaiste an Aontais: an Pholainn), Deireadh Fómhair 2018, lch. 14, ar fáil ag: https://faireu.ecas.org/wp-content/uploads/2019/02/FAIREU_Poland.pdf?msclkid= 2da146edac3e11ec9e63cccc876888d9.


20      Luann an Coimisiún, i ndáil leis an nós imeachta toghcháin, breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2006, Eman agus Sevinger (C‑300/04, EU:C:2006:545).


21 Déanann an Coimisiún tagairt do bhreithiúnas an 27 Aibreán 2006, an Coimisiún v an Ghearmáin (C‑441/02, EU:C:2006:253, mír 108).


22      Luann an institiúid sin breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland (C‑709/20, EU:C:2021:602, mír 88), ag cur in iúl gur shonraigh an Chúirt, nuair a chuireann na Ballstáit forálacha Chonradh FEU a bhaineann le stádas bunúsach shaoránaigh an Aontais chun feidhme, go gceanglaítear orthu forálacha na Cairte a chomhlíonadh.


23      Meabhraíonn an Coimisiún go bhfreagraíonn an fhoráil sin d’Airteagal 11 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (‘an CECD’).


24      Déanann an Coimisiún tagairt arís do bhreithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland (C‑709/20, EU:C:2021:602). Maidir leis an bhfíoras nach mór do rialacha náisiúnta an ceart chun saoirse comhlachais a chumhdaítear in Airteagal 12 den Chairt a urramú, tagraíonn sé do bhreithiúnas an 18 Meitheamh 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Trédhearcacht na gcomhlachas) (C‑78/18, EU:C:2020:47).


25      Déanann an Coimisiún tagairt, maidir le hAirteagal 16 de CECD, do bhreithiúnas an ECtHR an 27 Aibreán 1995, Piermont v an Fhrainc (CE:ECHR:1995:0427JUD001577389, § 64), a thugann nach bhféadfaidh Ballstáit an Aontais brath ar an bhforáil sin i gcoinne náisiúnaigh Ballstát eile a éilíonn cearta a thugtar dóibh leis na Conarthaí.


26      Déanann Poblacht na Polainne tagairt do Threoracha 93/109 agus 94/80 agus, go háirithe, don chúigiú haithris sa bhrollach a ghabhann leis an gcéad aithris agus don cheathrú haithris sa bhrollach a ghabhann leis an dara haithris sin.


27      Tá an argóint sin bunaithe ar fhorálacha Airteagal 16 CECD.


28 Déanann Poblacht na Polainne tagairt do dhá thuarascáil staidéir ón Centrum Badania Opinii Społecznej (an Lárionad um Staidéar ar Thuairim an Phobail, an Pholainn), Uimh. 165/2018, dar teideal ‘Cúiseanna le vótáil i dtoghcháin bhardasacha 2018’, agus Uimh. 96/2014, dar teideal ‘Toghcháin do Pharlaimint na hEorpa in iarthoghcháin sa Pholainn’, arna dtarraingt suas ar bhonn ráitis ó na hagallaithe.


29      I ndáil leis sin, luann Poblacht na Polainne, sna toghcháin bhardasacha dheireanacha, a bhí ar siúl in 2018, go raibh ceathrar saoránach ‘soghluaiste’ de chuid an Aontais ina n‑iarrthóirí, lena n‑áirítear beirt mar iarrthóirí ar choiste toghcháin páirtí nó comhghuaillíocht páirtithe. Toghadh duine de na hiarrthóirí sin. I dtoghcháin 2019 do Pharlaimint na hEorpa, ní raibh aon iarrthóir ‘soghluaiste’ de chuid an Aontais ann. Cuireann Poblacht na Polainne in iúl cé gur léirigh saoránaigh ‘shoghluaiste’ den Aontas go léirítear spéis íseal seasamh i dtoghcháin, cé nach mór aird a thabhairt freisin ar an líon iomlán íseal saoránach soghluaiste de chuid an Aontais a bhfuil cónaí orthu sa Pholainn, bhí leath de na saoránaigh sin ar liostaí na gcoistí toghcháin de pháirtí polaitiúil nó de chomhghuaillíocht páirtí. Le comhfhogasú a dhéanamh ar an tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle, arna dtíolacadh an 25 Samhain 2021, lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa do shaoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (doiciméad oibre SWD (2021) 357 final), a luaigh an Coimisiún. Mhaígh saoránach ‘soghluaiste’ de chuid an Aontais go ndearna sé iarracht seasamh i dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa ina Bhallstát cónaithe agus nach raibh sé in ann ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil. Cuireann Poblacht na Polainne in iúl go bhfuil na sonraí sa tuarascáil sin bunaithe ar líon beag rannchuiditheoirí.


30      Féach Airteagal 403 den Chód Toghcháin.


31      Dar le Phoblacht na Seice, tá feidhm ag Airteagal 19(2) CE, sa leagan a d’eascair as Conradh Amstardam, i.e. Airteagal 22 CFAE mar atá, ‘go bhfuil sé teoranta don fheidhm ag Airteagal 22 CFAE faoi láthair maidir leis an gceart sin chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais náisiúntachta’. Luaitear breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2006, Eman agus Sevinger(C‑300/04, EU:C:2006:545, mír 53).


32      Luann an Coimisiún, de réir analaí, maidir le hAirteagal 21 CFAE, breithiúnais an 14 Samhain 2017, Lounes (C‑165/16, EU:C:2017:862), agus an 5 Meitheamh 2018, Coman agus páirtithe eile (C‑673/16, EU:C:2018:385).


33      Chuir an Ballstát sin na tagairtí seo a leanas leis: ‘Féach breithiúnas an 12 Bealtaine 1998, Martínez Sala (C‑85/96, AE:C:1998:217, míreanna 58 agus 63). Sa chás sin, bhain an pointe a bhí i gceist leis an gceist an bhfuair an saoránach ‘soghluaiste’ den Aontas lena mbaineann stádas oibrí’, agus ‘féach breithiúnas an 29 Meitheamh 1999, an Coimisiún v an Bheilg (C‑172/98, EU:C:1999:335, mír 12), agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Cosmas sa chás an Coimisiún v an Bheilg (C‑172/98, EU:C:1999:43, mír 11).’


34      Luann an Coimisiún go páirteach an tríú haithris sa bhrollach a ghabhann leis an Treoir sin.


35      Bheadh feidhm ag an réasúnaíocht chéanna maidir leis an gceart vótála. Ráthaítear le hAirteagal 22 CFAE an ceart chun vótála ag an gcéim sin nár bunaíodh an stádas sin go fóill.


36      Déanann an Ballstát sin tagairt, inter alia, do bhreithiúnas an 14 Márta 2019, an Coimisiún v Poblacht na Seice (C‑399/17, EU:C:2019:200, mír 51).


37      Tugann an Coimisiún dá aire, mar sin féin, go bhfuil sampla amháin ar a laghad den sórt sin tugtha aige, féach an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair a luaitear i bhfonóta 29 den Tuairim seo.


38      C‑441/02, EU:C:2006:253, mír 108.


39      Deimhnítear a tagairt do mhír 108 de bhreithiúnas an 27 Aibreán 2006, an Coimisiún v an Ghearmáin (C‑441/02, EU:C:2006:253), agus tagraíonn sí freisin don chásdlí a luaitear sa mhír sin.


40      Féach, i gcúrsaí toghcháin, maidir le sealbhóirí ceart toghcháin a chinneadh, breithiúnais an 12 Meán Fómhair 2006, Eman agus Sevinger (C‑300/04, EU:C:2006:545, míreanna 45 agus 52), agus an 6 Deireadh Fómhair 2015, Delvigne (C‑650/13, EU:C:2015:648, mír 42). Féach freisin, a mhéid a bhaineann leis na cearta a ghabhann le saoránacht an Aontais, breithiúnas an 14 Nollaig 2021, Stolichna obshtina, rayon ‘Pancharevo’ (C‑490/20, EU:C:2021:1008, mír 52). Féach, ar deireadh, maidir le luachanna an Aontais Eorpaigh, breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus príobháideachas na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, míreanna 64 go 67 agus an cásdlí dá dtagraítear).


41      Chinn an Chúirt go leanann sé as an gcéad mhír d’Airteagal 8 agus as Airteagal 12 d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh ionadaithe don Tionól trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (IO 1976 L 278, lch. 5), ina sonraítear na comhphrionsabail is infheidhme maidir leis an nós imeachta chun comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, go bhfanann na Ballstáit i bprionsabal inniúil ar an nós imeachta toghcháin a rialú. Féach breithiúnas an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies (C‑502/19, EU:C:2019:1115, míreanna 67 go 69).


42 Féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Meitheamh 2022, an Coimisiún v an Ostair (Innéacsú sochar teaghlaigh) (C‑328/20, EU:C:2022:468, mír 57).


43      Féach Airteagal 22 CFAE, in fine, agus an ceathrú agus an séú haithris de Threoir 93/109, agus an ceathrú agus cúigiú haithris de Threoir 94/80. Leagann na Treoracha sin na coinníollacha coitianta le feidhmiú an chirt vótála agus an ceart seasamh mar iarrthóir ábhartha amach, mar shampla, maidir le saoránacht an Aontais agus an tréimhse chónaithe arna leagann síos ag an mBallstát cónaithe, na rialacha chun clárú ar rolla na dtoghthóirí agus an iarratas chun seasamh mar iarrthóir, chomh maith leis na cásanna eisiaimh.


44      Maidir le haicmiú mar ‘stádas bunúsach’, féach, inter alia, breithiúnas an 9 Meitheamh 2022, Préfet du Gers agus Institut national de la statistique et des études économiques (C‑673/20, EU:C:2022:449, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear).


45      Féach ón gcéad aithris go dtí an tríú haithris sa bhrollach a ghabhann le Treoracha 93/109 agus 94/180. De réir Shaw, J., ‘Sovereignty at the Boundaries of the Polity’, in Walker, N., Sovereignty in Transition, Hart Publishing, Londain, 2003, lgh. 461 go 500, go háirithe lch. 471, is cuid mhór de bhreisluach fhorálacha Chonradh Maastricht iad na forálacha maidir le dlí toghcháin. Mar thoradh, tá an ceart páirt a ghlacadh i dtoghcháin dhíreacha do Pharlaimint na hEorpa ann ó Dhlí an 20 Meán Fómhair 1976 (féach an nóta ag bun leathanach 41 den Tuairim seo). Is ó theacht i bhfeidhm Chonradh Maastricht amháin a rinneadh an ceart sin a rialú le Conradh CE, le hAirteagal 8, ansin le hAirteagal 19 CE, agus le hAirteagal 22 CFAE. Féach, chun meabhrú a fháil ar stair na reachtaíochta, Shaw, J., agus Khadar, L, ‘Airteagal 39’, in Peers, S., Hervey, T., Kenner, J., agus Ward, A., The EU Charter of Fundamental Rights: A Commentary, 2ú heagrán, Hart Publishing, Oxford, 2021, lgh. 1085 go 1112, go háirithe míreanna 39.33 agus 39.34 (lgh. 1093 go 1094). Is amhlaidh atá i gcás toghcháin bhardasacha ó bhí an Conradh ann. Chun meabhrúchán stairiúil mionsonraithe a fháil, féach Groenendijk, K., ‘Airteagal 40’, The EU Charter of Fundamental Rights: A Commentary, op. cit., lgh. 1113 go 1123, go háirithe mír 40.17 (lch. 1118). Féach, maidir le hAirteagal 19 CE, breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2006, an Spáinn v an Ríocht Aontaithe (C‑145/04, EU:C:2006:543, mír 66), agus, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2015, Delvigne (C‑650/13, EU:C:2015:648, mír 42).


46      Féach an tríú haithris sa bhrollach a ghabhann le Treoracha 93/109 agus 94/80 agus, chuige sin, breithiúnas an 9 Meitheamh 2022, Préfet du Gers agus Institut national de la statistique et des études économiques (C‑673/20, EU:C:2022:449, mír 50).


47      I gcomhréir le hAirteagal 6(1) CAE, tá an Chairt ar chomhstádas dlí leis na Conarthaí.


48      De réir na Mínithe maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha (IO 2007 C 303, lch. 17) (‘na mínithe maidir leis an gCairt’), ‘freagraíonn Airteagal 39(1) don cheart a ráthaítear in Airteagal 20(2) [CFAE]’, agus is é Airteagal 22 CFAE an bunús dlí chun rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an gceart sin a fheidhmiú.


49      De réir na Mínithe maidir leis an gCairt, freagraíonn an tAirteagal sin ‘don cheart a ráthaítear in Airteagal 20(2) [CFAE]’ agus is éard atá in Airteagal 22 CFAE ná an bunús dlí chun rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an gceart sin a fheidhmiú. Féach breithiúnas an 9 Meitheamh 2022, Préfet du Gers et Institut national de la statistique et des études économiques (C‑673/20, EU:C:2022:449, mír 51).


50      Féach breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2001, Grzelczyk (C‑184/99, EU:C:2001:458, mír 31).


51      Féach Airteagal 2 CAE. Féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, míreanna 64 agus 67, agus an cásdlí dá dtagraítear), atá le cur i gcomparáid le breithiúnas an 18 Meitheamh 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Trédhearcacht comhlachas) ((C‑78/18, EU:C:2020:476, mír 112), bunaithe ar an nasc intuigthe idir trí luach a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, eadhon an daonlathas, an smacht reachta agus urraim do chearta bunúsacha). Maidir le cumhacht athbhreithnithe na n‑institiúidí, féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑156/21, EU:C:2022:97, mír 159).


52      Chinn an Chúirt go léirítear go nithiúil le hAirteagal 10(1) CAE luach an daonlathais dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE. Féach breithiúnas an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies (C‑502/19, EU:C:2019:1115, mír 63).


53      Féach aithris 10 agus an dara fomhír d’Airteagal 14(1) a ghabhann le Treoir 93/109 agus aithris 14 a ghabhann le Threoir 94/80 agus Airteagal 12(1)(c) di. Féach, chomh maith, maidir leis an tábhacht a bhaineann leis sin, Shaw, J., ‘Sovereignty at the Boundaries of the Polity’, op. cit., lch. 478, ar dá réir gur ‘cearta toghcháin... [iad] cearta a theánn le himirce shaoránaigh an Aontais, cearta nach mór don Aontas a bhunú mar phacáiste polaitiúil cosantach chun braistint níos doimhne a chothú maidir le rannpháirtíocht imirceach de chuid an Aontais sa Stát óstach agus i ngnéithe áirithe dá chultúr polaitiúil, agus chun teorainn a chur leis an dochar do chaillteanas na gceart polaitiúil is féidir tarlú don imirceach mar thoradh ar a Stát tionscnaimh a fhágáil’.


54      De réir cásdlí socair, ní hamháin go gcuireann na rialacha maidir le cóir chomhionann idir náisiúnaigh agus neamhnáisiúnaigh cosc ar idirdhealú follasach ar bhonn náisiúntachta ach ar gach cineál idirdhealaithe cheilte as a dtagann an toradh céanna freisin, trí chritéir idirdhealaitheacha eile a chur i bhfeidhm. Féach breithiúnas an 2 Feabhra 2023, Freikirche der SiebentenTags-Adventisten in Deutschland (C‑372/21, EU:C:2023:59, mír 29).


55      Féach, chuige sin, an séú haithris sa bhrollach de Threoir 93/109 agus an cúigiú haithris sa bhrollach de Threoir 94/80.


56      A mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 18 CFAE, a bhfuil Poblacht na Seice ag brath air, ba cheart tagairt a dhéanamh do bhreithiúnas an 11 Meitheamh 2020, TÜV Rheinland LGA Products and Allianz IARD (C‑581/18, EU:C:2020:453, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear). Mheabhraigh an Chúirt an prionsabal nach bhféadfar bearta náisiúnta a scrúdú i bhfianaise na chéad mhíre d’Airteagal 18 CFAE ach amháin a mhéid a bhaineann siad le cásanna nach gcumhdaítear le rialacha sonracha neamh-idirdhealaithe a leagtar síos sa Chonradh sin.


57      Féach, go háirithe, míreanna 17 agus 18 (lch. 9).


58      Féach, ina leith sin, maidir le cistiú agus rochtain ar na meáin, Treoirlínte Choimisiún na Veinéise, mír 185 (lgh. 59 agus 60).


59      Féach mír 50 den Tuairim seo. Féach freisin breithiúnas ECtHR, an 8 Iúil 2008, Yumak agus Sadak v an Tuirc (CE:ECHR:2008:0708JUD001022603, § 107 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ina cásdlí socair, cuireann an Chúirt sin in iúl go láidir go bhfuil díospóireacht pholaitiúil, a rannchuidíonn páirtithe polaitiúla léi, ‘i gcroílár choincheap na sochaí daonlathaí’.


60      Baineann an fhoráil seo le páirtithe polaitiúla Eorpacha. Tá athrá substaintiúil ar an gcéad mhír d’Airteagal 191 CE ann.


61      Féach na Mínithe a bhaineann leis an gCairt.


62      Ar bhonn an nasc idir Airteagail 39 agus 40 den Chairt agus Airteagal 12(2) di, maidir le ról páirtithe polaitiúla, féach Costa, O., ‘Article 39 – Droit de vote et d’éligibilité aux élections municipales et au Parlement européen’ in Picod, F., Rizcallah, C., Van Drooghenbroeck, S., Charte des droits fondamentaux de l’Union européenne : commentaire article par article, 3ú heagrán, Bruylant, an Bhruiséil, 2023, lgh. 1043 go 1068, go háirithe mír 6 (lch. 1048), agus sa leabhar céanna, Ducoulombier, P., ‘Article 12 – Liberté de réunion et d’association’, lgh. 313 go 327, go háirithe mír 6 (lch. 317 agus 318). Féach freisin Shaw, J., agus Khadar, L., op. cit., mír 39.04 (lch. 1087), agus Groenendijk, K., op. cit., mír 40.26 (lch. 1120).


63      Féach mír 99 den Tuairim seo.


64      Freagraíonn an tAirteagal seo d’Airteagal 10 den CECD. Féach na mínithe a bhaineann leis an gCairt.


65      Féach freisin, ina leith sin, Airteagal 3 de Phrótacal Uimh. 1 a ghabhann le CECD agus breithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine an 18 Feabhra 1999, Matthews v an Ríocht Aontaithe (CE:ECHR:1999:0218JUD002483394, § 44), maidir leis an bhforáil sin a chur i bhfeidhm maidir le toghcháin d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa.


66      Féach breithiúnas an 18 Meitheamh 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Trédhearcacht comhlachas) (C‑78/18, EU:C:2020:476, míreanna 111 go 114).


67      Féach breithiúnas ECtHR an 30 Eanáir 1998, Páirtí Cumannach Aontaithe na Tuirce agus páirtithe eile v an Tuirc (CE:ECHR:1998:0130JUD001939292, § 25). Luaitear ann gur ‘cineál comhlachais ríthábhachtach iad na páirtithe polaitiúla d’fheidhmiú cuí an daonlathais. Ag féachaint don tábhacht a bhaineann leis sa chóras [ECHR], ní féidir aon amhras a bheith ann go dtagann siad faoi raon feidhme Airteagal 11’. Maidir leis an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht na saoránach sa saol poiblí i gcomhthéacs níos leithne, féach, inter alia, breithiúnais ó ECtHR an 17 Feabhra 2004, Gorzelik agus páirtithe eile v an Pholainn (CE:ECHR:2004:0217JUD004415898, § 88, 90 agus 92), agus an 8 Deireadh Fómhair 2009, Tebieti Mühafise Cemiyyeti agus Israfilov v an Asarbaiseáin (CE:ECHR:2009:1008JUD003708303, § 52 agus 53).


68      Féach breithiúnas an 18 Meitheamh 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Trédhearcacht comhlachas) (C‑78/18, EU:C:2020:476, mír 37).


69      Féach an tuarascáil maidir le rannpháirtíocht pholaitiúil a luaitear i bhfonóta 19 den Tuairim seo, lch. 14.


70      Féach, chuige sin, an cúigiú haithris de Threoir 93/109 agus an ceathrú haithris de Threoir 94/80. Féach freisin breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2006, Eman agus Sevinger (C‑300/04, EU:C:2006:545, míreanna 52 agus 53).


71      Féach mír 104 den Tuairim seo. Féach, chuige sin, aithrisí 5 agus 10 agus Airteagal 5(3) agus (4) de Threoir 94/80, maidir leis an srian ar rochtain ar phoist áirithe do náisiúnaigh agus maidir le rannpháirtíocht i dtoghcháin do thionól parlaiminteach. Maidir le reachtaíocht na mBallstát i gcomhthéacs na rogha sin, féach an tuarascáil ar an measúnú tionchair a luaitear i bhfonóta 29 den Tuairim seo, mír 1.3.6 (lch. 20), agus an anailís arna déanamh in Blacher, P., ‘Article 40 – Droit de vote et d’éligibilité aux élections municipales’, in Picod, F., Rizcallah, C. agus Van Drooghenbroeck, S., op. cit., lgh 1069 go 1088, go háirithe mír 16 (lgh. 1083 agus 1084). Maidir leis na teorainneacha leis an gceart vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin, go háirithe bunaithe ar chionroinnt na saoránach ‘soghulaiste’ de chuid an Aontais sa Bhallstát cónaithe agus ar an bhfad cónaithe, féach Airteagal 14 de Threoir 93/109 agus Airteagal 12 de Threoir 94/80. Féach chomh maith na tráchtaireachtaí ó Shaw, J., agus Khadar, L., op. cit., mír 39.74 (lch. 1104), maidir leis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, agus Groenendijk, K., op. cit., míreanna 40.27 agus 40.28 (lch. 1121), maidir le toghcháin bhardasacha.


72      Féach, ina leith sin, Treoirlínte Choimisiún na Veinéise, míreanna 153 agus 155 (lgh. 49 go 50). Féach freisin, mar léiriú air sin, tuarascáil Alina Ostling arna maoiniú ag Clár an Choimisiúin um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht (2014-2020) dar teideal ‘Fair EU Synthesis report: Electoral Rights for Mobile EU Citizens – Challenges and Facilitators of Implementation’, mír 4.1.2 (lch. 27).


73      Féach breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus príobháideachas na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, mír 72).


74      Féach aithrisí 2 agus 5 sa bhrollach a ghabhann leis an gCairt.


75      Maidir le raon feidhme an Airteagail sin, ba cheart tagairt a dhéanamh do phointí 101, 110 agus 113 den Tuairim seo.


76      Féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C-156/21, EU:C:2022:97, mír 127), agus an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C-157/21, EU:C:2022:98, mír 145). Féach breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus príobháideachas na mbreithiúna) (C-204/21, EU:C:2023:442, mír 72).