Language of document : ECLI:EU:C:2024:14

Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

KOKOTT

arna tabhairt an 11 Eanáir 2024 (1)

Cás C48/22 P

Google LLC,

Alphabet, Inc.

v

An Coimisiún Eorpach

(Iomaíocht – Mí-úsáid ag gnóthas a bhfuil staid cheannasach aige – Seirbhísí cuardaigh ghinearálta ar líne – Seirbhísí sainchuardaigh ar líne le haghaidh táirgí – Cinneadh go ndearnadh sárú ar Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE – Mí-úsáid trí bhrú – Iomaíocht de bhua tuillteanais – Cóir neamh-chomhionann trí fhéintosaíocht – Tosaíocht taispeána á tabhairt do thorthaí óna sheirbhís cuardaigh féin – Tionchar eisiaimh a d’fhéadfadh a bheith ann – Anailís fhrithfhíorasach – Iomaitheoir cuir i gcás atá chomh feidhmiúil céanna)






I.      Réamhrá

1.        Cuireadh i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Samhain 2021, Google agus Alphabet v an Coimisiún (Google Shopping) (2) (‘an breithiúnas atá faoi achomharc’) leis an achomharc arna dhéanamh ag Google LLC agus Alphabet Inc (‘na hachomharcóirí’). Sa chinneadh sin, go bunúsach, dhíbh an Chúirt Ghinearálta caingean na n‑achomharcóirí i gcoinne chinneadh Google Search (Shopping) ón gCoimisiún Eorpach an 27 Meitheamh 2017 (3) (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’).  Chinn an Coimisiún leis an gcinneadh sin gur bhain Google mí-úsáid as an staid cheannasach atá aige i margaí náisiúnta éagsúla do sheirbhísí cuardaigh ghinearálta ar líne agus do sheirbhísí sainchuardaigh ar líne de réir bhrí Airteagal 102 CFAE. B’éard a bhí i gceist leis an mí-úsáid go háirithe ná gur chuir Google seirbhísí comparáide praghsanna táirgí a n‑iomaitheoirí faoi bhuntáiste i gcomparáid lena sheirbhís comparáide praghsanna féin, agus torthaí cuardaigh á dtaispeáint aige ar a leathanach torthaí ginearálta. Trína gcaingean, d’iarr na hachomharcóirí ar an gCúirt Ghinearálta an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus, mar mhalairt air sin, an fhíneáil a gearradh orthu sa chinneadh sin a laghdú.

2.        Tá tábhacht mhór dhlíthiúil agus phraiticiúil ag baint leis na saincheisteanna dlí a ardaítear anseo maidir le hAirteagal 102 CFAE.

3.        Ar dtús, is gá soiléiriú a thabhairt ar na coinníollacha faoina gclaontar ó (ghnáth)mhodhanna na hiomaíochta feidhmíochta trí chóir neamh-chomhionann a dhéanamh le hiomaitheoirí ag gnóthas ceannasach, go háirithe i bhfoirm féintosaíocht i margaí digiteacha, agus faoina bhféadfaí mí-úsáid a thabhairt uirthi mar sin. Ceist atá conspóideach go mór is ea cé acu feidhm a bheith nó gan bheith ag na dianchritéir arna n‑athint i mbreithiúnas an 26 Samhain 1998, (4)Bronner (‘breithiúnas Bronner’) maidir le haithint go bhfuil mí-úsáid á déanamh trí rochtain ar ‘shaoráid riachtanach’ a cheilt. 

4.        Anuas air sin, tá critéir sa bhreis le sonrú chun iompar a aithint lena sáraítear Airteagal 102 CFAE. Áirítear leis sin an cheist maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé le cruthú ag an gCoimisiún, trí anailís fhrithfhíorasach a dhéanamh, gur cúis na cleachtais sin le tionchar eisiaimh, a d’fhéadfadh a bheith ann ar a laghad, agus maidir le conas a bhfuil sé le cruthú aige. Ina theannta sin, ní mór soiléiriú a thabhairt an gá nó nach gá don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar thástáil an iomaitheora atá chomh héifeachtúil céanna nó atá chomh feidhmiúil céanna le cruthú gurb ann d’éifeacht eisiaimh dá leithéid. (5)

II.    Ábhar

A.      Cúlra na díospóide

5.        Leagtar cúlra na díospóide amach i míreanna 1 go 20 den bhreithiúnas atá faoi achomharc agus tá achoimre indéanta air mar seo a leanas.

6.        Is cuideachta é Google arb in Mountain View, California (na Stáit Aontaithe) a cheanncheathrú, a thairgeann feidhmeanna cuardaigh éagsúla ar an idirlíon ar fud an domhain. An ceann acu is mó a bhfuil eolas air is ea an ceann ag an seoladh idirlín www.google.com nó an t‑inneall cuardaigh ghinearálta atá ar fáil ag na seoltaí idirlín réigiúnacha comhfhreagracha. An scairshealbhóir aonair de Google agus máthairchuideachta an ghrúpa dar ball Google is ea Alphabet Inc., arb in Mountain View a cheanncheathrú freisin, ón 2 Deireadh Fómhair 2015.

7.        Is féidir le húsáideoirí idirlín tús a chur le próiseas cuardaigh trí théarmaí cuardaigh a iontráil ar láithreán gréasáin Google. Sórtáiltear torthaí cuardaigh de réir ábharthachta trí úsáid a bhaint as critéir éagsúla agus trí algartaim éagsúla a úsáid agus ansin taispeántar iad.

8.        Tá tábhacht áirithe sa chás seo ag baint leis an idirdhealú a dhéantar idir cuardaigh téarmaí ginearálta agus sainchuardach téarmaí ar an idirlíon. Is féidir gurb iomaí idir chuspóir, agus téarma is bun, le cuardach ginearálta. Os a choinne sin, saothraítear cuspóir sonrach cuardaigh le sainchuardach i ndáil le hearraí, seirbhísí, ábhar nó faisnéis ar leith. Ar bhonn na dtéarmaí cuardaigh arna n‑iontráil ag an úsáideoir, déanann Google cuardach ginearálta, sainchuardach nó meascán an dá chuardach agus taispeánann sé na torthaí trí algartaim a úsáid.

9.        Le linn na tréimhse atá i gceist, bhíodh Google in iomaíocht le hoibreoirí eile innill cuardaigh ghinearálta, amhail AltaVista, Yahoo, Bing nó Qwant, a thairgeadh roinnt acu seirbhísí sainchuardaigh (‘innill cuardaigh idirlín’) freisin. Thairgeadh roinnt oibreoirí amhail Bestlist, Nextag, IdealPrice, Twenga, Kelkoo nó Prix.net innill sainchuardaigh le haghaidh comparáidí a dhéanamh idir praghsanna (‘seirbhísí comparáide praghsanna’) freisin.

10.      Baineann an cinneadh atá faoi chonspóid agus an breithiúnas atá faoi achomharc le cuardaigh táirgí agus le torthaí a leithéide de chuardaigh a thaispeáint ar leathanaigh torthaí cuardaigh ghinearálta Google. Trí cuardach a dhéanamh ar tháirgí, taispeántar le hinneall cuardaigh idirlín nó le seirbhís comparáide praghsanna láithreáin ghréasáin éagsúla mar thorthaí, áiteanna inarb incheannaithe na táirgí atá á lorg. Láithreáin ghréasáin trádálaithe nó ardán díolachán ar nós eBay nó Amazon a d’fhéadfadh a bheith iontu.

11.      In 2002 (in USA) agus in 2004 (san Eoraip), thairg Google saoráid cuardaigh táirgí sa bhreis ar an tseirbhís cuardaigh ghinearálta den chéad uair. Agus úsáid á baint as bunachar darbh ainm ‘Innéacs Tráchtearraí’ ina gcuirtí faisnéis ó thrádálaithe, dhéantaí na torthaí cuardaigh a shórtáil agus a thaispeáint de réir a n‑ábharthachta ar bhonn algartaim shonracha. Níorbh ionann na halgartaim chuardaigh sin agus na halgartaim chuardaigh arna n‑úsáid mar chuid de chuardaigh ghinearálta ar líne trí phróiseas darbh ainm ‘crawling’ chun faisnéis a bhaint ó láithreáin ghréasáin, a innéacsú, a chur le ‘Web-Index’ Google, a shórtáil de réir ábharthachta agus a thaispeáint. Ar dtús, rinne Google go raibh sainchuardaigh táirgí indéanta ar láithreán ar leith darbh ainm ‘Froogle’.

12.      Ó 2003 (in USA) agus 2005 (san Eoraip) ar aghaidh, chomhtháthaíodh Google torthaí an tsainchuardaigh earraí le torthaí an chuardaigh ghinearálta. Go dtí 2007, chuirtí torthaí cuardaigh táirgí le chéile agus thaispeántaí iad, in ‘Product OneBox’ ar leith agus a bhíodh cuma dá chuid féin air, mar chuid de na torthaí cuardaigh ghinearálta. Bhíodh naisc i mbosca sin do láithreáin ghréasáin trádálaithe agus láithreán gréasáin Froogle, ina mbíodh rogha níos leithne trádálaithe agus ardán díolachán. Sa bhreis ar Product OneBox, d’áirítí ar thorthaí an chuardaigh ghinearálta naisc do láithreáin ghréasáin seirbhísí comparáide praghsanna eile.

13.      In 2007, dúirt Google gur athraigh sé an taispeáint ar thorthaí cuardaigh táirgí mar chuid de thorthaí cuardaigh ghinearálta. Chuir sé an t‑athainm ‘Product Search’ ar láithreán gréasáin Froogle agus chuir sé ‘Product Universal’, agus ‘Shopping Units’ ina dhiaidh sin, ar Product OneBox. Chomh maith leis sin, chuir sé grianghraif agus faisnéis níos mionsonraithe, go háirithe maidir le praghsanna táirgí agus rátálacha custaiméirí orthu, le torthaí cuardaigh táirgí. Os a choinne sin, ní bhíodh grianghraif nó téacs ach nasc gorm amháin ag torthaí cuardaigh ghinearálta lena dtaispeántaí láithreáin ghréasáin seirbhísí comparáide praghsanna eile freisin. Rinneadh le sásra darbh ainm ‘Universal Search’ go mbíodh táirgí ó Product OneBox nó Product Universal inrangaithe, ar an leathanach torthaí ginearálta, i ndáil le torthaí cuardaigh ghinearálta. Ó Mheán Fómhair 2010 ar aghaidh, chuir Google i gcumas d’fhógróirí agus d’úsáideoirí idirlín cliceáil ar an téacs chun féachaint ar ghrianghraif na dtáirgí atá á gcuardach agus ar na praghsanna arna dtáirgeadh agus iad i bhformáid arna méadú ná formáid fhógra an téacs thosaigh.

14.      I dteannta chur i láthair na dtorthaí cuardaigh táirgí in Product Universal nó Shopping Units agus torthaí cuardaigh ghinearálta a bhíodh cuma dá gcuid féin orthu, thug Google isteach – de réir chinntí an chinnidh atá faoi chonspóid (6) – algartaim choigeartaithe speisialta darbh ainm ‘Panda’ in 2011. Ní chuirtí é seo i bhfeidhm maidir le torthaí cuardaigh táirgí sheirbhís comparáide praghsanna Google, a thaispeántaí in Product Universal nó in Shopping Units ach le torthaí an chuardaigh ghinearálta amháin d’fhonn iad a shórtáil de réir a n‑ábharthachta.

15.      Ó 2013 ar aghaidh, seo a leanas faoi mar a thaispeántaí torthaí cuardaigh táirgí inneall cuardaigh idirlín Google: in Shopping Units, bhí nasc do sheirbhís comparáide praghsanna Google faoin gceannteideal leis an téarma cuardaigh agus naisc do na láithreáin ghréasáin agus d’ardáin díolachán faoi íomhánna na dtáirgí. Thacaítí leis an gcur i láthair sin trí thaispeáint grianghraf, praghsanna agus rátálacha custaiméirí. Os a choinne sin, ní thaispeántaí in Shopping Units na naisc do sheirbhísí comparáide praghsanna ach thaispeántaí iad mar thorthaí cuardaigh ghinearálta trí nasc gorm amháin.

16.      De réir chinntí an Choimisiúin arna n‑achoimriú sa bhreithiúnas atá faoi achomharc (7) – ar fíorais iad nach bhfuil faoi chonspóid a thuilleadh san achomharc – bhíodh sé de thoradh, inter alia, ar úsáid algartam Panda gur mhinic gur lú an tosaíocht taispeána i dtorthaí cuardaigh ghinearálta a bheith ag láithreáin ghréasáin seirbhísí comparáide praghsanna, ós rud é nach ndéantaí tagairt leo ach do láithreáin ghréasáin trádálaithe eile agus d’ardáin díolachán eile gan a n‑ábhar féin a chur i láthair. Ní chuirtí na halgartaim sin i bhfeidhm, áfach, maidir le seirbhís comparáide praghsanna, bíodh is go raibh sé ar comhthréith go mór le seirbhísí comparáide praghsanna eile agus bhí a dtosaíocht i measc na dtorthaí ginearálta inlaghdaithe dá ndeasca. Dá bhrí sin, ó tugadh isteach Product Universal, b’iondúil tosaíocht a bheith ag seirbhís comparáide praghsanna Google ar na torthaí cuardaigh ghinearálta go léir nó go mbíodh siad faoi na chéad torthaí ginearálta, is é sin le rá, bhíodh siad in áit an‑fheiceálach, rud ba chuspóir leis, de réir r-phost inmheánach ó Google, ná ‘cur go mór le trácht’. Ba mhó b’fheiceálaí naisc do sheirbhísí comparáide praghsanna eile ag deireadh 2010 agus tháinig géarlaghdú tobann ar a bhfeiceálacht sa Ríocht Aontaithe, sa Ghearmáin, sa Fhrainc, san Iodáil agus sa Spáinn i ndiaidh thabhairt isteach algartam Panda. Ní bhíodh ina gcur i láthair ach taispeáint naisc ghoirm amháin go fóill, is é le rá, gan grianghraif agus faisnéis maidir le hearraí, praghsanna agus díoltóirí sa bhreis. Ba mhó na rátaí idirnasctha, dá bhrí gur tháinig méadú ar a n‑ioncam, toisc Shopping Units gan bheith faoi réir na haon sásra rátála amháin le seirbhís comparáide praghsanna Google, go háirithe algartam Panda, agus aird a tharraingt orthu i ‘mbosca’ in áit an‑fheiceálach ag barr na dtorthaí cuardaigh ghinearálta, in éineacht le taispeáint ghrafach níos doimhne, lena n‑áirítí grianghraif agus faisnéis dhinimiciúil, mar a bhí beartaithe ag Google.

17.      Is ábhar na n‑imeachtaí seo an meascán cleachtas faoina dtugtaí ó 2008 ar aghaidh, a líomhnaítear gur chúis ab ea é le tosaíocht a bheith ag torthaí cuardaigh sheirbhís comparáide praghsanna Google ar thorthaí seirbhísí comparáide praghsanna eile ar leathanach na dtorthaí cuardaigh ghinearálta (‘na cleachtais líomhainte’).

B.      Na himeachtaí riaracháin agus an cinneadh atá faoi chonspóid

18.      Ó 2009 ar aghaidh, d’fhaigheadh Google roinnt gearán faoi chleachtais Google a dhéantar cur síos orthu thuas. An 30 Samhain 2010, thionscain sé imeachtaí imscrúdaithe fhoirmiúil faoi Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004. (8) Is é an toradh a bhí ar an gcinneadh sin gur ghlac an Coimisiún réamh-mheasúnú, an 13 Márta 2013, faoi Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003. (9) I ndiaidh dó éisteacht leis na gearánaigh, dhiúltaigh an Coimisiún do thairiscintí ar ghealltanais arna ndéanamh ag Google idir Aibreán 2013 agus Eanáir 2014. An 15 Aibreán 2015, chuir sé ath-thús leis na himeachtaí um shárú dá bhforáiltear le hAirteagal 7(1) de Rialachán Uimh. 1/2003 agus d’eisigh sé ráiteas agóidí a bhí dírithe ar Google. An 14 Iúil 2016, eisíodh ráiteas agóidí sa bhreis.

19.      Leagtar amach i míreanna 21 go 39 den bhreithiúnas atá faoi achomharc na mionsonraí maidir le himeachtaí riaracháin a sheoladh.

20.      An 27 Meitheamh 2017, ghlac an Coimisiún an cinneadh atá faoi chonspóid.

21.      Cinntear leis an gcinneadh sin gur bhain Google mí-úsáid as a cheannasacht i margaí náisiúnta éagsúla do sheirbhísí ginearálta cuardaigh idirlín agus do sheirbhísí sainchuardaigh idirlín faoi Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE. An mhí-úsáid a bhí ann ná gur tharraingtí torthaí seirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí a chuireadh Google torthaí a sheirbhíse comparáide praghsanna i láthair i dtorthaí cuardaigh a innill cuardaigh ghinearálta agus ní chuireadh sé algartam Panda i bhfeidhm ach maidir le torthaí seirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí. Ba chúis na cleachtais sin le trácht sonraí a mhéadú ó láithreán gréasáin Google le haghaidh torthaí cuardaigh ghinearálta chun a láithreáin ghréasáin agus torthaí cuardaigh táirgí agus trácht sonraí a laghdú chun láithreáin ghréasáin sheirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí. Bhí tionchar frithiomaíoch inimeartha ag an méid sin i roinnt margaí náisiúnta do sheirbhisí cuardaigh ghinearálta idirlín agus do sheirbhísí sainchuardaigh táirgí. Ó thaobh suímh agus ama de, tá mí-úsáid den sórt sin sainaitheanta ag an gCoimisiún ó Eanáir 2008 ar aghaidh i leith 13 thír LEE san iomlán ar feadh tréimhsí ama éagsúla, eadhon sa Bheilg, i bPoblacht na Seice, sa Danmhairg, sa Ghearmáin, sa Spáinn, sa Fhrainc, san Iodáil, san Ísiltír, san Ostair, sa Pholainn, sa tSualainn, sa Ríocht Aontaithe agus san Iorua.

22.      Seo a leanas an t‑údar a thugann an Coimisiún leis na cinntí sin, go bunúsach. (10)

23.      Déanann an Coimisiún idirdhealú idir dhá mhargadh dhigiteacha, eadhon an margadh do sheirbhísí cuardaigh ghinearálta ar líne (‘an margadh do sheirbhísí cuardaigh ghinearálta’) agus an margadh do sheirbhísí sainchuardaigh idirlín nó seirbhísí comparáide praghsanna (‘an margadh do sheirbhísí sainchuardaigh táirgí’), ar náisiúnta an dá cheann acu. (11) Maidir leis an gcéad mhargadh, luaitear ann go mbíonn iomaíocht eatarthu siúd a thairgtear na seirbhísí cuardaigh ghinearálta ar na láithreáin gréasáin – ó thaobh ‘dé-ardán’ de – d’fhonn a mhéid sin úsáideoirí idirlín agus is féidir a spreagadh chun úsáid (saor in aisce) a bhaint astu agus cur le héileamh na bhfógróirí ar úsáid tráchtála (ar íocaíocht) mar sin. (12)

24.      Tá aitheanta ag an gCoimisiún go bhfuil bacainní an‑ard iontrála i margaí náisiúnta do sheirbhísí cuardaigh ghinearálta. Ní mór infheistíocht shuntasach a dhéanamh chun dul isteach sna margaí sin. Ní féidir le hinneall cuardaigh idirlín feidhmiú go maith ach i gcás ina ndéanann a ndóthain úsáideoirí go leor iarratas. Ina theannta sin, is den riachtanas é ag maoiniú leordhóthanach a bheith ann go gcuirtear go leor fógraí ar íocaíocht ar láithreán gréasáin an innill cuardaigh sin. Leis an dá rud seo, déantar tairbhe don cheannaire margaidh agus cuirtear le deacracht iontrála sa mhargadh ag soláthróirí nua. (13) Ó 2008 ar aghaidh, tá staid cheannasach ag Google – lasmuigh de Phoblacht na Seice (áit ina bhfuil sí aige ó 2011 ar aghaidh) – sna margaí náisiúnta go léir do sheirbhísí cuardaigh ghinearálta in LEE. (14)

25.      Maidir leis na margaí náisiúnta do shainseirbhísí cuardaigh táirgí, tugann an Coimisiún faoi deara go mbraitheann rath na seirbhíse comparáide praghsanna go príomha ar an méid tráchta a ghintear, is é sin le rá, an méid cliceanna a dhéanann úsáideoirí idirlín ar an láithreán gréasáin sin. Cuirtear i gcumas do lucht seirbhísí comparáide praghsanna trádálaithe a spreagadh chun níos mó sonraí a sholáthar faoina dtáirgí, a dtairiscint a leathnú ar an mbonn sin agus, dá réir sin, cur lena dtarraingt do thrádalaithe, d’fhógróirí, d’úsáideoirí idirlín agus do cheannaitheoirí féideartha, rud a mhéadaíonn a n‑ioncam. (15)

26.      Dar leis an gCoimisiún, bhí sé de thoradh ar na cleachtais líomhainte gur tháinig laghdú ar thrácht ó leathanaigh torthaí ginearálta Google go seirbhísí comparáide praghsanna in iomaíocht leis agus tháinig méadú comhfhreagrach ar thrácht ó na leathanaigh sin chun a sheirbhísí comparáide praghsanna. Bhí na cliceanna ag tuairim is 95 % d’úsáideoirí idirlín ar an gcéad 10 toradh cuardaigh ghinearálta ar láithreán ghréasáin Google, an chuid is mó acu ar an gcéad 3 cheann go 5 cheann, agus gineadh an chuid is mó den trácht leo mar sin. Tá sé faoi bhuntáiste mhór acu go suitear torthaí seirbhísí comparáide praghsanna de chuid a n‑iomaitheoirí ina n‑íochtar, (16) rud nach bhfuil foinsí tráchta eile inchurtha ina ionad go héifeachtach. (17)

27.      Dar leis an gCoimisiún, bhí tionchar frithiomaíoch sna margaí náisiúnta do sheirbhísí cuardaigh ghinearálta agus le haghaidh seirbhísí sainchuardaigh táirgí inimeartha leis na cleachtais líomhainte. Sna margaí sin, d’fhéadfadh sé a bheith de thoradh air sin go gcuirfeadh iomaitheoirí deireadh lena ngníomhaíochtaí, go gcuirfí bac ar an nuálaíocht agus go gcuirfí teorainn le hinrochtaineacht custaiméirí ar na seirbhísí is fearr feidhmíochta. Déantar difear leis seo do struchtúr iomaíoch na margaí sin. Sna margaí do sheirbhísí cuardaigh ghinearálta, bhain Google úsáid as an ioncam breise arna ghiniúint i réimse na sainchuardach táirgí chun treise a chur lena sheirbhísí cuardaigh ghinearálta agus a staid cheannasach sna margaí sin a choinneáil mar sin. (18)

28.      Ghearr an Coimisiún fíneáil EUR 2 424 495 000 ar Google as na cleachtais sin, ar fíneáil í a bhfuil Alphabet, mar scairshealbhóir aonair de, faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith EUR 523 518 000. (19)

C.      Na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus an breithiúnas atá faoi achomharc

29.      Trí chaingean a tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta an 11 Meán Fómhair 2017, d’iarr na hachomharcóirí go gcuirfí ar neamhní an cinneadh atá faoi chonspóid. Mar mhalairt air sin, d’iarr siad go gcuirfí ar neamhní nó go laghdófaí an fhíneáil arna forchur orthu.

30.      Déantar cur síos mionsonraithe ar na himeachtaí os comhair na Cúirte in aithrisí 79 go 118 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.

31.      Sna himeachtaí sin, tugadh cead idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún don Bureau européen des union de consommateurs (Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí, ‘BEUC’), Infederation Ltd (‘Foundem’), do Verband Deutscher Zeitschriftenverleger e. V. (‘VDZ’), do BDZV – Bundesverband Digitalpublisher und Zeitungsverleger e. V. ( ‘BDZV’), do Visual Meta GmbH, do Twenga, d’Údarás Faireacháin CSTE, do Kelkoo agus do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine. Tugadh cead idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag na hachomharcóirí do Computer & Communication Industry Association (‘CCIA’).

32.      Leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc, chuir an Chúirt Ghinearálta an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní a mhéid a chinn an Coimisiún, sa chinneadh sin, gur sáraíodh Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 LEE trí mhí-úsáid a bhaint as staid cheannasach Google sna 13 mhargadh náisiúnta do sheirbhísí cuardaigh ghinearálta. Thairis sin, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don chaingean agus sheas sí leis an gcinneadh gur baineadh mí-úsáid as staid cheannasach Google sna 13 mhargadh náisiúnta do shainseirbhísí cuardaigh táirgí. Sheas sí le méid iomlán na fíneála arna gearradh ag an gCoimisiún ar na hachomharcóirí agus a rogha neamhtheoranta á fheidhmiú.

III. Nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais agus argóintí na bpáirtithe

33.      Le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte Breithiúnais an 20 Eanáir 2022, rinne na hachomharcóirí achomharc i gcoinne an bhreithiúnais faoi achomharc.

34.      Le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte Breithiúnais an 2 Feabhra 2022, d’iarr na hachomharcóirí go gcaithfí go rúnda i leith na n‑idiragraithe le hIarscríbhinn 2 a ghabhann lena n‑achomharc ina raibh an cinneadh atá faoi chonspóid, sa leagan a bhaineann le hIarscríbhinn 1 a ghabhann lena n‑iarratas. Ag an gcéad chéim, cheadaigh an Chúirt Ghinearálta dá leithéid d’iarratas ar chaitheamh rúnda. Le hordú an 22 Márta 2022, dheonaigh Uachtarán na Cúirte an iarraidh sin. (20)

35.      Le doiciméad arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Breithiúnais an 9 Meitheamh 2022, rinne PriceRunner International AB (‘PriceRunner’) iarratas ar chead idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún, i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 40 de Reacht na Cúirte Breithiúnais. Le hordú an 1 Meán Fómhair 2022, cheadaigh Uachtarán na Cúirte don iarratas sin. Forchoimeádadh go gcaithfí faoi rún le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an ráiteas achomhairc i leith PriceRunner agus thug sí údarás dó ráiteas idiragartha a thaisceadh.

36.      Le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 17 Meitheamh 2022, d’iarr FairSearch AISBL ar chead idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún, de bhun an dara mír d’Airteagal 40 de Reacht na Cúirte Breithiúnais. Le hordú an 1 Meán Fómhair 2022, cheadaigh Uachtarán na Cúirte don iarratas sin.

37.      Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–        an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

–        an cinneadh a chur ar neamhní nó, mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chun na Cúirte Ginearálta;

–        a ordú don Choimisiún costais na n‑imeachtaí seo agus costais na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc, agus

–        a ordú do PriceRunner costais a idiragartha a íoc.

38.      Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Ghinearálta:

–        diúltú don achomharc; agus

–        a ordú do na hachomharcóirí na costais a íoc.

39.      Iarrann CCIA ar an gCúirt an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní nó, mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chun na Cúirte Ginearálta le haghaidh breithiúnais agus a ordú don Choimisiún na costais a bhaineann lena idiragairt a íoc.

40.      Iarrann Údarás Faireacháin CSTE ar an gCúirt diúltú don achomharc agus a ordú do na hachomharcóirí na costais a íoc.

41.      Iarrann BEUC ar an gCúirt diúltú don achomharc agus a ordú do na hachomharcóirí costais na hidiragartha sna himeachtaí achomhairc a íoc.

42.      Iarrann Foundem diúltú don achomharc toisc gur léir é go bhfuil sé do-ghlactha nó gan bhunús ina iomláine agus a ordú do na hachomharcóirí costais a n‑idiragartha a íoc.

43.      Iarrann Kelkoo ar an gCúirt diúltú don achomharc toisc é a bheith neamh-inghlactha a mhéid a bhfuil sé dírithe ar chinntí fíorais a rinne an Chúirt Ghinearálta agus, maidir leis an gcuid eile, toisc é a bheith gan bhunús, agus a ordú do na hachomharcóirí na costais a bhaineann lena n‑idiragairt a íoc.

44.      Iarrann Ladenzeile (ar a dtugtaí ‘Visual Meta GmbH’ roimhe seo), BDZV agus VDZ ar an gCúirt diúltú don achomharc ina iomláine agus a ordú do na hachomharcóirí na costais a íoc, lena n‑áirítear na costais a bhaineann lena n‑idiragairt.

45.      Iarrann Twenga ar an gCúirt diúltú d’fhorais achomhairc na n‑achomharcóirí, seasamh leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc agus leis an ordú atá faoi chonspóid agus ordú a thabhairt do na hachomharcóirí na costais a íoc.

46.      Iarrann PriceRunner ar an gCúirt diúltú don achomharc agus a ordú do na hachomharcóirí na costais a bhaineann lena n‑idiragairt a íoc.

47.      Chuir na páirtithe argóintí ó bhéal i láthair agus thug siad freagra ar na ceisteanna a chuir an Chúirt ag an éisteacht an 19 Meán Fómhair 2023.

48.      Mar fhreagra ar cheist ón gCúirt Bhreithiúnais, mar a taifeadadh i miontuairiscí na héisteachta, tharraing na achomharcóirí siar an t‑achomharc sa mhéid gur díríodh é i gcoinne na coda den bhreithiúnas atá faoi achomharc lenar cheadaigh an Chúirt Ghinearálta dá n‑iarratas (mír 1 den chuid oibríochtúil).

IV.    Measúnú

A.      Inghlacthacht

49.      Ní féidir éirí leis an ordú atá á lorg ag Foundem agus Kelkoo nach mór diúltú don achomharc toisc é a bheith do-ghlactha (go follasach). Ní thugtar údar fónta leis sin tríd a n‑argóintí ó bhéal nó tríd a mbarúlacha i scríbhinn ag an éisteacht.

50.      Go háirithe, ní chomhlíontar na ceanglais arna n‑aithint sa chásdlí le léiriú gur do-ghlactha achomharc le hargóint Foundem gurb é is bun leis an achomharc ná ráiteas míthreorach nó easnamhach d’fhíorais ábhartha nó athmheasúnú neamhdhleathach orthu. Ní hamhlaidh a cás ach amháin má fhéachtar léi athmheasúnú a dhéanamh ar na fíorais nó ar an bhfianaise nach bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais ina leith ar achomharc i bpriosabal. (21) Ní feidhm aige seo, áfach, le haon cheann de forais achomhairc arna n‑ardú san achomharc seo. Ina theannta sin, ní léir ó argóint Foundem nó Kelkoo an neamh-chomhionann nó nach neamh-chomhionann cur i gcoinne na gcinntí maidir leis na fíorais ag an gCúirt Ghinearálta san achomharc agus an measúnú dlí ar na fíorais sin a líomhnaítear a bheith mícheart, agus a mhéid arb amhlaidh an cás.

51.      Dá bhrí sin, tá an t‑achomharc inghlactha.

B.      Forais achomhairc

52.      Maíonn na hachomharcóirí ceithre fhoras achomhairc.

53.      Lena gcéad fhoras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí, go bunúsach, nár thug an Chúirt Ghinearálta aird air nach raibh sé d’oibleagáid ar Google rochtain neamh-idirdhealaitheach ar a sheirbhís cuardaigh idirlín a thabhairt do lucht seirbhísí comparáide praghsanna iomaíocha, go háirithe do na ‘boscaí’ a bheartaítear i leith na seirbhíse cuardaigh táirgí.

54.      Lena ndara foras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta roinnt earráidí dlí a mhéid ar ghlac sí leis gur suíodh, sa chinneadh atá faoi chonspóid, gur chlaon cleachtais Google ó ghnáthiomaíocht feidhmíochta.

55.      Lena dtríú foras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus measúnú á dhéanamh ar an nasc cúisíoch idir na cleachtais líomhainte agus an tionchar inimeartha aige, go háirithe i gcás nár cuireadh i gcoinne easpa anailíse frithfhíorasaí sa chinneadh atá faoi chonspóid.

56.      Lena gceathrú foras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí le cinneadh nach raibh sé de cheangal ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil iomaitheoirí atá chomh feidhmiúil céanna indíbeartha ón margadh leis na cleachtais.

C.      Mí-úsáid nó Gnáthiomaíocht (an chéad fhoras achomhairc agus an dara forais achomhairc)?

1.      Nótaí tosaigh

57.      Baineann an chéad agus an dara foras achomhairc le cé acu an ndearna nó nach ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí dheimhniú go gclaontar leis na cleachtais líomhainte ó na modhanna iomaíochta feidhmíochta agus, dá bhrí sin, gur mí-úsáid atá ann de réir bhrí Airteagal 102 CFAE. Cé go mbaineann an dara foras achomhairc le gearáin éagsúla a bhaineann leis an idirdhealú idir iomaíocht feidhmíochta agus ar iompar mí-úsáideach i gcoitinne, baineann an chéad fhoras achomhairc leis an gceist shonrach maidir le hinfheidhmeacht na gcritéar a aithnítear, inter alia, in Bronner (22) (‘critéir Bronner’ ).

58.      Tá critéir Bronner forbartha ag an gCúirt le measúnú a dhéanamh an mí-úsáid nó nach mí-úsáid atá ceannasach do rochtain (neamh-idirdhealaitheach) ar ionchur bunúsach a cheilt ag gnóthas, amhail ceadúnas chun ceart maoine intleachtúla a úsáid, nó ar bhonneagar atá faoina sheilbh. Tá an cásdlí seo á phlé le fada faoin gceannteideal ‘saorái[de] riachtana[í]’ (‘essential facility’). (23) Mar is léir sa chás seo freisin, tá raon feidhme na gcritéar sin an‑chonspóideach. I mo thuairimse, ba cheart nach mbaineann a n‑iarratas ach le cásanna maidir le soláthar nó rochtain a cheilt mar a aithníodh ar dtús. Más rud é, mar atá sa chás seo, nach ann do cheilt dá leithéid agus go bhfuil na coinníollacha soláthair nó rochtana míréasúnta nó idirdhealaitheach, ní féidir é a chur i bhfeidhm dá bhrí sin.

59.      Pléifidh mé leis an gcéad fhoras achomhairc (Roinn 1) agus ansin leis an dara foras achomhairc (Roinn 2) – murab ionann agus faoi mar a rinne an Chúirt Ghinearálta a scrúdú (24) – d’fhonn a scrúdú an raibh nó nach raibh mí-úsáideacht na gcleachtas líomhainte indeimhnithe gan earráid dlí a dhéanamh.

2.      Infheidhmeacht chritéir Bronner (an chéad fhoras achomhairc)

(a)    Achoimre ar na hargóintí sa chéad fhoras achomhairc

60.      Leis an gcéad fhoras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí na cúiseanna a bhí sa chinneadh atá faoi chonspóid a chur in ionad go neamh-inghlactha gan critéir Bronner a chur i bhfeidhm (an chéad chuid) agus le dearbhú go bhfuil sí gan fheidhm (an dara cuid). Mar sin féin, tá feidhm ag na critéir sin maidir le haon oibleagáid ar ghnóthas ceannasach rochtain a thabhairt d’iomaitheoirí ar shaoráid riachtanach agus, i bprionsabal, maidir le gach cineál córa neamh-chomhionanne. Is bonneagar ar leith arna fhorbairt ag Google é Shopping Units arna dtaispeáint ar láithreán cuardaigh ghinearálta Google. Mar sin, is é atá i gceist leis an tosaíocht a bheith ag torthaí a sheirbhíse comparáide praghsanna féin ná rochtain mhíchothrom ar an mbonneagar de réir bhrí bhreithiúnas Bronner, ach i gcomhréir le hiomaíocht feidhmíochta. Mar thoradh ar an gcinneadh atá faoi chonspóid, áfach, ní mór do Google an rochtain chéanna ar Shopping Units a thabhairt do lucht seirbhísí comparáide praghsanna. Dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don argóint sin go mícheart.

61.      Le tacaíocht óna idiragraithe, cuireann an Coimisiún faoi chonspóid gur chuir an Chúirt Ghinearálta cúiseanna in ionad na gcúiseanna atá leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. Freagraíonn sé, go bunúsach, nach bonneagar ar leith iad boscaí Shopping Units. Ina áit sin, ba chuid iad de láithreán thorthaí chuardach ghinearálta Google, rud ar thug sé rochtain air cheana féin do lucht seirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí. Ní bhaineann an líomhain arna déanamh sa chinneadh atá faoi chonspóid, go bunúsach, le rochtain ar bhonneagar ar leith, ach ar chleachtas Google lena dtaispeánann sé torthaí cuardaigh a sheirbhíse comparáide praghsanna féin de rogha ar thorthaí sheirbhís comparáide praghsanna a n‑iomaitheoirí ar a leathanach torthaí ginearálta, rud lena bhféadfaí iad a dhíbirt ón margadh. Níl critéir Bronner infheidhme, nó infheidhme go ginearálta, i gcás féintosaíocht dá leithéid.

(b)    Cinntí arna gcáineadh ag an gCúirt Ghinearálta

62.      Baineann an chéad fhoras achomhairc leis an ráiteas i míreanna 212 go 249 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ar ráiteas é lena gcinntear an méid seo a leanas mar fhreagra ar an gcúigiú foras achomhairc.

63.      Ar an gcéad dul síos, déanann an Chúirt Ghinearálta tagairt d’aithrisí 649 go 651 den chinneadh atá faoi chonspóid, ar dá réir nach bhfuil critéir Bronner infheidhme maidir le fíorais an cháis seo ar thrí chúis. Sa chéad áit, is cineál mí-úsáide nach ionann é agus iomaíocht feidhmíochta í mí-úsáid trí bhrú. Sa dara háit, níorbh é a bhí sa chleachtas líomhainte ag Google ná rochtain ar leathanaigh torthaí cuardaigh ghinearálta Google a cheilt go héighníomhach, ach ba í a bhí ann ná tosaíocht ghníomhaíoch a thabhairt trí chaitheamh níos fabhraí lena sheirbhísí comparáide praghsanna féin ná le seirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí. Sa tríú háit, murab ionann agus an cás is ábhar do bhreithiúnas Bronner, níor ghá sa chás seo sócmhainn a aistriú ná conradh a dhéanamh le daoine nár roghnaigh sé d’fhonn deireadh a chur leis an mí-úsáid. (25)

64.      Tar éis di critéir Bronner a leagan amach, lena n‑áirítear an critéar maidir le costas na rochtana ar shaoráidí riachtanacha chun cothabháil a dhéanamh ar iomaíocht nó í a chur ar chumas do dhaoine, (26) scrúdaíonn an Chúirt an gá na critéir sin a chomhlíonadh leis na coinníollacha faoina dtugann Google rochtain ar leathanaigh torthaí a sheirbhíse cuardaigh ghinearálta do lucht seirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí. (27)

65.      Sa chéad áit, maidir le, inter alia, Roinn 7.2.4.2 agus aithrisí 662, 699, agus 700(c) den chinneadh atá faoi chonspóid, cinneann an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, gurb í is aidhm leis an gcinneadh aon rochtain amháin a thabhairt do lucht seirbhísí comparáide praghsanna ar leathanaigh torthaí cuardaigh ghinearálta Google agus a fhorchoimeádtaí roimhe seo do lucht seirbhísí comparáide praghsanna Google, gan beann ar chineál na dtorthaí. (28)

66.      Sa dara háit, i bhfianaise aithrisí 341, 342, 344 agus 649 go 652 den chinneadh atá faoi chonspóid, chinn an Chúirt Ghinearálta go bunúsach nár bhraith an Coimisiún ar critéir Bronner ach ar an gcásdlí maidir le mí-úsáid trí bhrú chun mí-úsáid a shuí. Chinn sí gur bhain Google úsáid as a staid cheannasach sa mhargadh do sheirbhísí cuardaigh ghinearálta mar bhrú chun tosaíocht a thabhairt dá sheirbhís comparáide praghsanna féin sa mhargadh do shainsheirbhísí cuardaigh táirgí, rud a bhí ina chúis le hiomaitheoirí a bhrú amach as an margadh iartheachtach go féideartha nó go hiarbhír. (29) Cuireann an Chúirt Ghinearálta in iúl an méid seo a leanas freisin: ‘Tá tréithe i leathanach torthaí ginearálta Google lena ndéantar gur beag nach saoráid riachtanach é... ar an dóigh, nach de rogha iarbhír nó féideartha air a bhféadfaí a chur ina ionad sa mhargadh mar atá fónta ó thaobh na heacnamaíochta de’. I ndáil leis sin, déantar tagairt leis do mhíreanna 170 go 173 den bhreithiúnas atá faoi achomharc agus do Roinn 7.2.4 den chinneadh atá faoi chonspóid. B’ionann an trácht cuardaigh ó leathanach torthaí ginearálta Google agus sciar mór de thrácht go seirbhísí comparáide praghsanna agus nach bhféadfaí foinsí tráchta eile atá ar fáil dóibh a chur ina ionad mar atá éifeachtach nó ‘fónta ó thaobh na heacnamaíochta de’. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go bhfuil an trácht ‘riachtanach’ chun dul in iomaíocht le seirbhísí comparáide praghsanna. (30) Ar deireadh, i Roinn 7.3 den chinneadh atá faoi chonspóid, tháinig sé ar an gconclúid go bhféadfadh na cleachtais líomhainte a bheith ina ‘gcúis le deireadh a chur le haon iomaíocht’. (31)

67.      Sa tríú háit, míníonn an Chúirt go fadchainteach go leor, bíodh is go bhfuil na cleachtais líomhainte ‘ag teacht ar dhóigheanna áirithe le fadhb rochtana’, go bhfuil a mhalairt de bhuntréithe aige agus ag rochtain nó soláthar a cheilt de réir bhrí chritéir Bronner. Dá bhrí sin, ní bheadh na critéir sin infheidhme maidir lena leithéid d’iompar neamhspleách, bíodh is gur féidir leis an tionchar eisiaimh céanna a bheith aige. (32) Glactar le ‘diúltú’ rochtana, ar thaobh amháin, gur sainráite an diúltú í, is é sin le rá, go ndéantar ‘iarratas’ ar rochtain, nó gur mian rochtain a fháil, agus gurb ann ‘diúltú’ gaolmhar ann. Ar an taobh eile, ní mór an éifeacht eisiatach a bheith bunaithe go príomha ar dhiúltú inti féin agus ní ar iompar eile, mar shampla i bhfoirm mí-úsáid trí bhrú. Dá bhrí sin, in éagmais diúltú sainráite rochtain a dheonú, ní dhéanfar cleachtais a bhfuil éifeachtaí inchomparáide acu ach, mar gheall ar a gcomhpháirteanna a imíonn ón iomaíocht ar thuillteanais, ar shárú neamhspleách ar Airteagal 102 CFAE iad a mheasúnú faoi threoir na ndianchritéar atá leagtha síos maidir le diúltú den sórt sin. (33)

68.      Dar leis an gCúirt, d’fhéadfadh sé gurb ionann iomlán an chleachtais eisiatach, nó an chuid is mó de ar a laghad, agus soláthar a dhiúltú go hintuigthe toisc go gcuirtear le deacracht rochtain a fháil ar mhargadh go ginearálta. Mar sin féin, ní féidir critéir Bronner a chur i bhfeidhm ar na cleachtais sin go léir. Bheadh sé sin contrártha le focail agus brí Airteagal 102 CFAE, arb Airteagal é nach bhféadfaí a dhéanamh nach éard atá ina raon feidhme ach cleachtais mhí-úsáideacha maidir le hearraí agus seirbhísí atá ‘riachtanach’ de réir bhrí an bhreithiúnais sin. (34) Thairis sin, maidir leis an gcásdlí a bhaineann le fadhbanna a bhaineann le rochtain a fháil ar sheirbhís, amhail cúngach corrlaigh agus díol nasctha, níor ghá cruthúnas ar riachtanas ina leith. (35)

69.      Measann an Chúirt, dá bhrí sin, nach bhfuil critéir Bronner infheidhme anseo. (36) Cineál mí-úsáide as féin atá sa chóir neamh-chomhionann a líomhnaítear atá á déanamh ag Google trí bhrú a úsáid. (37)

70.      Ag an deireadh ar fad, diúltaíonn an Chúirt, inter alia, d’argóint Google gur riachtanach cur i bhfeidhm chritéir Bronner ag an oibleagáid maidir le haistriú sócmhainní, tabhairt i gcrích conarthaí agus rochtain ar a sheirbhísí a thabhairt go neamh-idirdhealaitheach ag gnóthas ceannasach mí-úsáideach. Ní féidir aon cheangal uathoibríoch a bheith ann idir na critéir maidir le tabhairt síos don mhí-úsáid ó thaobh dlí de agus na leigheasanna lena bhfuil deireadh inchurtha leis. Dá bhrí sin, níl feidhm ag an gcritéar maidir leis an ngá sócmhainní a aistriú nó conarthaí a thabhairt i gcrích chun deireadh a chur leis an sárú maidir le sáruithe gníomhacha nach ionann iad, mar atá sa chás seo, agus soláthar a dhiúltú amháin. (38)

(c)    Measúnú

(1)    Cóir neamh-chomhionann trí fhéintosaíocht mar chineál mí-úsáide as féin?

71.      Is úr ráiteas na Cúirte Ginearálta i mír 21 et seq. den bhreithiúnas atá faoi achomharc – atá fadchainteach iomarcach go leor – a mhéid, den chéad uair riamh sa chásdlí, a thugtar mí-úsáideacht de réir bhrí Airteagal 102 CFAE síos go sainráite do chóir neamh-chomhionann i bhfoirm féintosaíocht ag gnóthas ceannasach trí bhrú a úsáid. Mar a léiríonn mé thíos, áfach, is féidir an léiriú sin a bheith bunaithe ar na critéir a leagadh síos sa chásdlí roimhe seo maidir le coincheap na mí-úsáide a chur i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, ní thugtar aon earráid dlí le fios leis.

72.      Is í is croí na cleachtais líomhainte ná gur tháinig Google i dtír ar a staid cheannasach – rud nach bhfuil faoi chonspóid – sa mhargadh réamhtheachtach do sheirbhísí cuardaigh ghinearálta trí bhrú d’fhonn buntáiste iomaíoch a thabhairt dá sheirbhís comparáide praghsanna féin ar sheirbhísí comparáide praghsanna sa mhargadh iartheachtach do sheirbhísí sainchuardaigh táirgí, áit nach bhfuil a leithéid de staid aige. Ba bhun leis an mbuntáiste sin tosaíocht a thabhairt dá sheirbhís comparáide praghsanna féin ar an leathanach cuardaigh ghinearálta i ndiaidh d’úsáideoirí idirlín ceisteanna sainchuardaigh táirgí a chur. Trí algartaim ar leith a úsáid, go háirithe algartam Panda, chuir Google torthaí cuardaigh a sheirbhíse comparáide praghsanna i láthair ag barr a leathanaigh torthaí ginearálta agus – trí fhaisnéis íomhá agus téacs tharraingteach– tarraingíodh aird orthu in Shopping Units. Ar an taobh eile, ní raibh torthaí cuardaigh sheirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí ach le feiceáil ina n‑íochtar sa leathanach sin mar nasc gorm. Níl aon amhras ann ach an oiread gur chruthaigh an Coimisiún agus gur dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta go raibh tionchar buan ag an gcleachtas sin ar iompar úsáideoirí agus ar thrácht i bhfabhar Google agus chun dochair do sheirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí. Tugtar cineál mí-úsáide as féin ar chóir neamh-chomhionann na féintosaíochta sin le Ranna 7.1. agus 7.2 den chinneadh atá faoi chonspóid. (39) Tá an cinneadh sin bunaithe, inter alia, ar an gcásdlí maidir le mí-úsáid trí bhrú. (40)

73.      Mar a léirím thíos, claontar leis na cleachtais líomhainte ó iomaíocht feidhmíochta, rud nach féidir a chur faoi cheist ar bhonn chritéir Bronner.

74.      Chuige sin, scrúdóidh mé ar dtús na critéir dlí a leagtar síos sa chásdlí a bhaineann le coincheap na mí-úsáide in Airteagal 102 CFAE agus, go sonrach, maidir le cóir neamh-chomhionann a dhéanamh le hiomaitheoirí ag gnóthas ceannasach (Roinn 2). Ansin, breathnóidh mé ar argóint Google nach féidir mí-úsáid a bheith ina leithéid de chóir neamh-chomhionann i gcás ina gcomhlíontar critéir Bronner (Roinn 3). Ansin, déanfaidh mé mionscrúdú ar na hargóintí arna ndéanamh i gcoinne na gcinntí i mír 212 et seq. den bhreithiúnas atá faoi achomharc (Roinn 4).

(2)    Critéir ghinearálta chun measúnú a dhéanamh ar mhí-úsáid trí chóir neamh-chomhionann a dhéanamh le hiomaitheoirí

75.      Is é Airteagal 102(c) CFAE an túsphointe chun na critéir ábhartha a aithint le cruthú go bhfuiltear ag claonadh ó na modhanna iomaíochta feidhmíochta agus ag déanamh mí-úsáide. Rialaítear go sainráite leis an bhforáil sin cás sonrach ina ndéanann gnóthas ceannasach cóir neamh-chomhionann. Dá réir sin, caithfidh gurb ionann an mhí-úsáid agus ‘coinníollacha éagsúla maidir le seirbhísí coibhéiseacha a chur i bhfeidhm i leith comhpháirtithe trádála, rud a fhágann go bhfuil siad faoi mhíbhuntáiste ó thaobh na hiomaíochta de’.

76.      Tagraítear leis an sampla seo go príomha d’idirdhealú idir comhpháirtithe trádála éagsúla nó iomaitheoirí éagsúla an ghnóthais cheannasaigh. (41) De réir cásdlí socair, áfach, ní hionann na cásanna dá dtagraítear i bhfomhíreanna (a) go (d) den fhoráil sin agus athráiteas uileghabhálach ar iompar mí-úsáideach. (42) Dá bhrí sin, tá foirmeacha comhchosúla córa neamh-chomhionainne atá a dhíobhálaí céanna d’iomaíocht inaicmithe mar mhí-úsáideach.

77.      Ar an taobh eile, tá an buntuiscint sin ar aon dul leis an bprionsabal go bhfuil gnóthas ceannasach freagrach go speisialta as áirithiú nach ndéantar dochar lena iompar d’iomaíocht éifeachtach neamhshaofa sa mhargadh inmheánach. (43) Ar an dara dul síos, is oibiachtúil coincheap na mí-úsáide a bhaint as staid cheannasach de réir bhrí Airteagal 102 CFAE – bíodh is leathchoincheap é – nach mór a choinníollacha a léiriú i ngach cás aonair. De réir cásdlí socair, is éard atá i gceist leis seo ná na cleachtais, i margadh ina bhfuil iomaíocht laghdaithe cheana féin go díreach ag gnóthas ceannasach a bheith ann, lena gcuirtear bac ar chothabháil nó forbairt na hiomaíochta atá fós ann trí mhodhanna lena gclaontar ó ghnáthiomaíocht feidhmíochta idir oibreoirí eacnamaíocha. (44) Ní mór dálaí uile an cháis a chur san áireamh agus scrúdú á dhéanamh ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil cleachtais a leithéide de ghnóthas i gcomhréir leis an iomaíocht feidhmíochta. (45)

78.      I gcomhthéacs an chéad fhorais achomhairc, tagann an cheist chun cinn, dá bhrí sin, maidir le cibé acu an cleachtas nó nach cleachtas atá inchurtha leis an sampla caighdeánach a leagtar amach in Airteagal 102(c) CFAE í cóir neamh-chomhionann na féintosaíochta ag Google, mar a líomhnaítear, rud a fhágann go bhfuil seirbhísí comparáide praghsanna faoi mhíbhuntáiste ó thaobh na hiomaíochta de ar bealach lena gclaontar ó iomaíocht feidhmíochta. Ar an taobh eile, measann Google, i gcomhthéacs an chéad fhorais achomhairc, nach féidir an cheist sin a fhreagairt go dearfach ach amháin i gcás ina bhfuil critéir Bronner ann go carnach, ar critéir iad le haghaidh rochtain nó soláthar a dhiúltú a bhfuil léiriú docht le déanamh orthu ach nach gcomhlíontar iad anseo.

79.      Ní réasúnta liom an argóint sin.

80.      Is iondúil gurb é atá i gceist le critéir Bronner ná cás ina ndéanann gnóthas ceannasach rochtain ar bhonneagar a dhiúltú ar a iomaitheoirí, ar bonneagar é atá forbartha ag an ngnóthas sin le haghaidh a ghníomhaíochtaí féin agus ar leis é. Fágann an cásdlí nach féidir mí-úsáid a bheith ina leithéid de mhí-úsáid i gcás, ar an gcéad dul síos, ina bhfuil deireadh inchurtha tríd an diúltú sin le hiomaíocht uile sa mhargadh ábhartha ag an bpáirtí a bhfuil rochtain á lorg aige, ar an dara dul síos, nach bhfuil údar oibiachtúil intugtha leis agus, ar an tríú dul síos, gur riachtanach an bonneagar ann féin ar mhaithe le feidhmiú ghníomhaíocht an iomaitheora ar an dóigh nach de rogha iarbhír nó fhéideartha air. (46) Maidir lena leithéid d’imthosca eisceachtúla a bheith ann, tá critéir chomhfhreagracha aitheanta ag an gCúirt Bhreithiúnais cheana féin i mbreithiúnas Magill, i gcás ceilt soláthair nó diúltú do cheadúnas ag dílseánach cirt maoine intleachtúla. (47)

81.      I gcomhréir le cásdlí na Cúirte roimhe seo, measaim gur ceart critéir Bronner a chur i bhfeidhm laistigh de theorainneacha cúnga agus ach amháin maidir le cásanna comhchosúla maidir le rochtain nó soláthar a cheilt. Ní bhaineann sé sin, áfach, le leithéid seo d’iompar, nach bhfuil inchurtha lena leithéid de cheilt, mar a léirím thíos i mír 88 et seq., ach claontar leis ó mhodhanna iomaíochta feidhmíochta mar gheall ar a chineál míchuí agus idirdhealaitheach mar sin féin.

82.      Ansin, míneoidh mé an chúis leis go raibh sé inchinnte ag an gCúirt nárbh infheidhme na critéir sin anseo.

(3)    Gan cás sonrach mí-úsáide trí rochtain nó soláthar a dhiúltú a bheith ann (Critéir Bronner)

83.      Mar a aithnítear sa chásdlí, is é is cúis le dianchritéir Bronner ná cúinsí ar leith a bhaineann le rochtain nó soláthar a dhiúltú agus tá raon feidhme an‑teoranta acu i bhfianaise na gcuspóirí atá á saothrú acu. (48)

84.      Is eisceachtúil iad na critéir sin agus ní iomchuí iad go ginearálta le cinneadh gurb ann do mhí-úsáid. (49) I gcás sonrach a leithéide de dhiúltú, beartaítear leo cothromaíocht a bhaint amach idir, ar thaobh amháin, úsáid bhunúsach eisiach an chirt chun maoine (intleachtúla) agus saoirse chonarthach an ghnóthais cheannasaigh agus, ar an taobh eile, áis a thabhairt d’iomaíocht nó cothabháil a dhéanamh uirthi.

85.      Mar a luann an Chúirt Ghinearálta freisin i mír 217 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, léirítear go nithiúil le dianchritéir Bronner dhá chuspóir nach bhfuil ag teacht le chéile, go háirithe le critéir an riachtanais agus an bhaoil go gcuirfí deireadh leis an iomaíocht go léir. (50)

86.      Ar an gcéad dul síos, cuirtear san áireamh sna critéir sin an gá atá le ceart bunúsach agus saoirse bhunúsach an ghnóthais (cheannasaigh) a chosaint, a chomhpháirtithe trádála a roghnú agus a mhaoin a úsáid. Is amhlaidh atá toisc go gcuirtear isteach ar an gceart sin agus ar an tsaoirse sin trí gach oibleagáid rochtana nó soláthair arna forchur ar an ngnóthas sin i leith a iomaitheoirí le hAirteagal 102 CFAE agus, dá bhrí sin, ní mór measúnú a dhéanamh uirthi agus údar a thabhairt léi go grinn. (51)

87.      Ar an dara dul síos, dá réir sin, is dócha go gcuirfí srian le hiomaíocht gan cúis le critéir atá níos lú déine ná critéir Bronner le haghaidh mí-úsáid a aithint trí rochtain nó soláthar a cheilt, lena n‑áirítear chun dochair do na tomhaltóirí. Ní spreagfar ná caomhnófar dreasacht bhunaidh chun infheistíocht a dhéanamh ag gnóthas i saoráidí nó i gcearta maoine (intleachtúla) arna bhforbairt aige féin amháin, ach i gcás ina bhfuil cead úsáide aige ina leith. (52) Is é sin le rá, tá an spreagadh sin ina bhunchúis le hinfheistíocht a dhéanamh agus dul i mbun nuálaíochta, rud atá le cur chun cinn go díreach ag an bpróiseas iomaíochta. Mar sin féin, d’fhéadfadh oibleagáid rochtana nó soláthair a fhorchuirtear le hAirteagal 102 CFAE an spreagadh sin don ghnóthas ceannasach agus dá iomaitheoirí araon a laghdú nó fiú deireadh a chur leis. Is amhlaidh atá toisc go dtabharfaí cead d’iomaitheoirí sochar a leithéide d’infheistíocht nó de nuálaíocht a bheith leo gan gá le hinfheistíocht a dhéanamh i bhforbairt bhonneagar a iomaitheoirí. Dá bhrí sin, is féidir cur as d’iomaíocht go fadtéarmach, lena n‑áirítear leas tomhaltóirí, leis na cleachtais sin, ar thugtar saorthairbhiú (free riding) freisin. Ní féidir cur as d’iomaíocht mar sin a chúiteamh trí iomaíocht a chur chun cinn ar bhonn oibleagáid rochtana nó soláthair. (53) Ní mór a chur san áireamh freisin gurb é príomhchuspóir Airteagal 102 CFAE an iomaíocht ina hiomláine a chosaint, lena n‑áirítear leasanna tomhaltóirí, ach ní leasanna iomaitheoirí aonair. (54)

88.      I bhfianaise an bhunúis le critéir Bronner, ní fheictear dom nach mór tabhairt síos do na cleachtais líomhainte faoi dhlí na hiomaíochta, eadhon cóir neamh-chomhionann trí fhéintosaíocht, a bheith faoi réir a leithéide sin de dhianchritéir d’fhonn mí-úsáid a shuí. Chuirfí teorainn mhíchuí freisin leis sin le héifeachtacht phraiticiúil Airteagal 102 CFAE. (55)

89.      Os a choinne sin, chinn an Chúirt cheana féin nach bhfuil feidhm ag na critéir sin más rud é, murab ionann agus sa chás is bun le breithiúnas Bronner, nach mór do ghnóthas ceannasach rochtain a thabhairt cheana féin ar a bhonneagar nó, mar atá in earnáil na teileachumarsáide, fiú rochtain a thabhairt ar a bhonneagar ar bhonn na reachtaíochta atá i bhfeidhm, ach a fhágann go bhfuil an rochtain sin faoi réir coinníollacha míréasúnta. Dá bhrí sin, féadfaidh a leithéid d’iompar a bheith ina fhoirmeacha uathrialacha mí-úsáide astu féin, ar choinníoll go mbeidh tionchar frithiomaíoch nó fiú eisiaimh inimeartha aige ar an margadh ábhartha ag baint leis ar a laghad. Is soiléire sin i gcás ina bhfuil rochtain ar bhonneagar, seirbhís nó ionchur den sórt sin riachtanach chun go bhfeidhmeoidh iomaitheoirí an ghnóthais cheannasaigh go brabúsach ar mhargadh iartheachtach. (56)

90.      I mo thuairimse, is cineál mí-úsáide as féin í féintosaíocht Google trí dhálaí rochtana míchuí a chur i bhfeidhm maidir le lucht seirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí, ar choinníoll go bhféadfadh tionchar a bheith aige atá frithiomaíoch ar a laghad (mír 159 et seq. thíos). Níl critéir Bronner infheidhme maidir lena leithéid de chineál mí-úsáide.

91.      Murab ionann agus áitiú an achomharcóra, níl soláthar nó rochtain á ndiúltú de réir bhrí chritéir Bronner. Ní chuirtear srian gan cúis le bonneagar a sheirbhíse cuardaigh ghinearálta a bheith i seilbh Google nó lena shaoirse conartha mar gheall ar na critéir sin gan a chur i bhfeidhm ach an oiread, gan trácht ar shrian a chur leis an bhfonn atá air infheistíocht a dhéanamh nó dul i mbun nuálaíochta. Os a choinne sin, d’áitigh idiragraithe an Choimisiúin go háititheach, go háirithe ag an éisteacht, nár iarr siad riamh ar Google rochtain a fháil ar bhoscaí Shopping Units mar bhonneagar ar leith nó conradh a thabhairt i gcrích chuige sin. Ina áit sin, d’iarr siad go gcuirfí deireadh leo agus go ndéanfaí de réir an chleachtais tosaigh lena dtaispeántaí agus rangaítí torthaí cuardaigh ar bhonn ábharthacht na gcritéar cuardaigh arna n‑iontráil ag úsáideoirí idirlín, agus ar an mbonn sin amháin.

92.      Mar a chinn an Chúirt Ghinearálta i míreanna 177 agus 178 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gan earráid dlí a dhéanamh, is é is bun le samhail ghnóthais Google, ina áit sin, bonneagar saor go bunúsach a thairiscint a cheaptar le haghaidh an oiread sin úsáideoirí idirlín agus is féidir a mhealladh agus trácht sonraí a ghiniúint d’fhonn éifeachtaí dearfacha gréasáin a bhaint amach is gá iad dá rath ó thaobh na heacnamaíochta de. Dá réir sin, thug sé rochtain ar a leathanach cuardaigh ghinearálta – de réir loighic a shamhla gnóthais – do lucht seirbhísí comparáide praghsanna riamh. Chuireadh sé a thorthaí i láthair, áfach, inter alia, trí algartaim speisialta a chur i bhfeidhm nárbh infheidhme iad maidir lena sheirbhís comparáide praghsanna féin, agus in íochtar torthaí eile sa dóigh nár ghnách dóibh a bheith ina ndíol suime ag úsáideoirí idirlín. Is é sin le rá, bhí an chóir neamh-chomhionann sin trí fhéintosaíocht bunaithe ar dhálaí míréasúnta rochtana de réir an chásdlí dá dtagraítear i 89 thuas, ar dálaí iad lena n‑imrítí drochthionchar ar bhrabúsacht gníomhaíochta seirbhísí comparáide praghsanna sa mhargadh iartheachtach do shainseirbhísí cuardaigh trí iompar úsáideoirí a chur ar míthreoir. Mar a thugann an Coimisiún agus an Chúirt Ghinearálta araon dá n‑aire, baineadh as an iompar seo trí úsáid a bhaint as brú, (57) lena ndeachaigh Google i dtír ar a staid cheannasach sa mhargadh do sheirbhísí cuardaigh ghinearálta d’fhonn buntáiste iomaíocht a fháil sa mhargadh iartheachtacha do shainseirbhísí cuardaigh táirgí, áit nach raibh sé (go fóill).

93.      Ní inchonspóidte na breithnithe i mír 212 et seq. den bhreithiúnas atá faoi achomharc, dá bhrí sin.

94.      Mar is léir ó mhír 234 et seq. den bhreithiúnas atá faoi achomharc freisin, deimhnítear an breithniú sin leis an gcásdlí roimhe seo maidir le rochtain míréasúnta nó dálaí míréasúnta soláthair go háirithe, a bhí ina gcúis le cóir neamh-chomhionann idir an gnóthas ceannasach agus a iomaitheoirí.

95.      Is beag go leor idir an cás féintosaíochta seo agus cásanna gearrtha corrlach nó ‘cúngaigh corrlaigh’. (58) Sna cásanna sin, déanann gnóthas teileachumarsáide atá comhtháite go hingearach dúshaothrú air go bhfuil a iomaitheoirí atá ag feidhmiú sa mhargadh iartheachtach i muinín a sheirbhísí rochtana – go háirithe rochtain ar a línte lúibe – agus go bhfuil táille le híoc acu astu. Trína phraghsáil agus trína rochtain phribhléidithe agus, go háirithe, ísealchostais, tá praghsanna níos ísle intáirgthe ag an ngnóthas sin dá chustaiméirí deiridh as a sheirbhísí sa mhargadh iartheachtach, rud nach féidir le hiomaitheoirí dul in iomaíocht leo ina leith gan caillteanas a thabhú, i bhfianaise na gcostas rochtana níos airde ar an margadh iartheachtach, fiú má tá siad chomh feidhmiúil céanna. (59) Mar sin, déantar a gcorrlaigh a chúngú a mhéid sin nach féidir leo oibriú go feidhmiúil a thuilleadh agus cuirtear den mhargadh iad ar deireadh thiar. Go nithiúil, seo praghsáil mhí-úsáideach ag an ngnóthas ceannasach, de thoradh ó chóir neamh-chomhionann idir an gnóthas sin agus a iomaitheoirí ó thaobh dálaí rochtana ar ionchur atá riachtanach chun gnó a dhéanamh sa mhargadh réamhtheachtach ar deireadh thiar.

96.      Cé nach praghsáil mhí-úsáideach atá ann, is deimhin gurb inchurtha na cleachtais líomhainte leis an gcleachtas a gcuirtear síos air thuas, mar atá á áitiú ag an gCoimisiún freisin. Mar a leagtar amach i mír 72 thuas, baineann Google úsáid as a staid cheannasach sa mhargadh réamhtheachtach do sheirbhísí cuardaigh ghinearálta idirlín chun buntáiste iomaíoch a thabhairt dá sheirbhís comparáide praghsanna sa mhargadh iartheachtach do shainseirbhísí cuardaigh táirgí agus chun seirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí a chur faoi mhíbhuntáiste. De réir chinntí an Choimisiúin agus na Cúirte Ginearálta – nach bhfuil faoi chonspóid a thuilleadh – bhí a iomaitheoirí i muinín trácht sonraí ó leathanach torthaí cuardaigh ghinearálta Google chun go n‑éireodh leis ó thaobh na tráchtála de agus chun gur féidir leis fanacht sa mhargadh sin.

97.      Ina theannta sin, mar a áitíonn an Coimisiún agus a idirghabhálaithe, níorbh é ba chúis leis an trácht a chur ar mhalairt slí ar dá dheasca a raibh caighdeán níos airde ag seirbhís comparáide praghsanna Google. Ina ionad sin, ba iad féintosaíocht agus brú ar leathanach torthaí ginearálta Google ba chúiseanna leis, i.e. dúshaothrú a dhéanamh ar a staid cheannasach sa mhargadh do sheirbhísí cuardaigh idirlín ghinearálta. (60) Deimhnítear é sin toisc, mar a luaitear in aithris 343 den chinneadh atá faoi chonspóid, nár éirigh leis an tseirbhís comparáide praghsanna arna táirgeadh ag Google ag láithreán gréasáin ar leith darbh ainm Froogle agus nár cuireadh athrú ar an scéal sin go follasach ach leis na cleachtais líomhainte. Dá réir sin, mar a luaitear le haithris 380 et seq. den chinneadh, ós rud é go raibh seirbhís comparáide praghsanna Google ar comhthréith go mór le seirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí, chuirfí iad ina n‑íochtar sna torthaí cuardaigh ghinearálta mar an gcéanna i gcás inar cuireadh na halgartaim chéanna i bhfeidhm maidir leo. (61)

98.      Dá bhrí sin, is éard atá i gceist leis an gcineál sin córa neamh-chomhionainne trí fhéintosaíocht ná cleachtas lena gclaontar ó na modhanna iomaíochta feidhmíochta agus atá mí-úsáideach a mhéid is a bhfuil difear don iomaíocht leis (mír 159 et seq. thíos).

99.      Sa mhéid seo a leanas, leagfaidh mé amach go mionchruinn na cúiseanna nach bhfuil bunús leis na hargóintí a ardaíodh sa chéad fhoras achomhairc in aghaidh chinntí ábhartha na Cúirte Ginearálta (agus an Choimisiúin).

(4)    Argóintí a bhaineann leis an gcéad fhoras achomhairc go mionsonraithe

(i)    An chéad chuid den chéad fhoras achomhairc

100. Leis an gcéad chuid den chéad fhoras achomhairc, cuireann na hachomharcóirí i leith na Cúirte Ginearálta gur chuir sí í féin in ionad an Choimisiúin i míreanna 224 go 228 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Sa chinneadh sin, rinne an Chúirt Ghinearálta idirdhealú mícheart idir an cás seo agus an cás ba chúis, inter alia, le breithiúnas Bronner, d’ainneoin easpa fianaise sa chinneadh atá faoi chonspóid. Dá bhrí sin, d’aithin sé go hearráideach nár mhór do Google rochtain ar sheirbhís cuardaigh idirlín a thabhairt do lucht seirbhísí comparáide praghsanna, go háirithe rochtain ar na ‘boscaí’ a bheartaítear le haghaidh na seirbhíse cuardaigh táirgí. Ina theannta sin, chuir an Chúirt Ghinearálta na ráitis líomhainte ar chúiseanna in ionad na n‑aithrisí sa chinneadh sin.

101. Is dóigh liom go bhfuil an chéad chuid den chéad fhoras achomhairc gan bhunús ina hiomláine.

102. Sa bhreithiúnas atá faoi chonspóid, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire, go háirithe, gur beag nach saoráid riachtanach é leathanach torthaí ginearálta Google mar gheall ar na tréithe atá ann, (62) ar an dara dul síos, gur mheas an Coimisiún go bhfuil an trácht arna ghiniúint aige riachtanach do lucht sheirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí agus, (63) ar an tríú dul síos, gur chinn sí go bhféadfadh deireadh a chur le haon iomaíocht mar thoradh ar na cleachtais líomhainte. (64)

103. Is fíor nach gcuirtear é i bhfocail dhíreacha sa chinneadh faoi chonspóid ‘gur beag nach saoráid riachtanach’ é leathanach torthaí ginearálta Google mar gheall ar na tréithe atá ann. Ní hé atá i gceist anseo, áfach, ach measúnú neamhspleách arna dhéanamh ar dtús ag an gCúirt Ghinearálta ar na húdair le hiompar mí-úsáideach a bheith ann, ar údair iad atá in aithris 341 go 343, 444 et seq. agus 539 et seq. go háirithe den chinneadh sin. Ansin, cuireann an Chúirt Ghinearálta leis an measúnú sin i míreanna 225 go 227. Is sa chomhthéacs sin atá na ráitis in aithris 224 den bhreithiúnas atá faoi chonspóid le léamh freisin. De réir na míreanna sin, ní de rogha, atá fónta ó thaobh na heacnamaíochta de, ar an trácht ó leathanach torthaí ginearálta Google ag seirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí. (65) Dá bhrí sin, ní fhéadfaí a mheas gur rogha inghlactha ar bhonn an chinnidh atá faoi chonspóid atá i measúnú na Cúirte Ginearálta gur beag nach ionann trácht sonraí an leathanaigh torthaí sin agus saoráid riachtanach nó ionchur riachtanach.

104. Is amhlaidh atá maidir leis an measúnú, i mír 227 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go bhfuil leathanach torthaí ginearálta Google ‘riachtanach’ ag seirbhísí de chuid na n-iomaitheoirí. Murab ionann agus a bhfuil á thabhairt le tuiscint ag na hachomharcóirí, ní cur i bhfeidhm (atá ceart ó thaobh an dlí de) é sin ar chritéar na riachtanacha de réir bhrí bhreithiúnais Bronner. (66) Ina áit sin, trí úsáid an fhocail ‘riachtanach’ i míreanna 227 agus 234 den bhreithiúnas atá faoi achomharc (ag an deireadh de), tá tagairt á déanamh ag an gCúirt Ghinearálta don chritéar is bun leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 89 thuas le mí-úsáid a shuí i bhfoirm dálaí míréasúnta soláthair. De réir an chásdlí sin, d’fhéadfadh na coinníollacha sin a bheith mí-úsáideach, go háirithe i gcás ina bhfuil rochtain ar bhonneagar, ar sheirbhís nó ar tháirge mórdhíola riachtanach d’iomaitheoirí an ghnóthais cheannasach chun oibriú go brabúsach i margadh iartheachtach.

105. Dá bharr sin, níor chuir an Chúirt aon údar in ionad na n‑údar leis an gcinneadh atá faoi chonspóid go hinghlactha. Ar an gcéad dul síos, déantar tagairt leis an gcinneadh sin freisin, bíodh nach tagairt cé chomh sainráite sin agus a dhéanann an Chúirt, le mí-úsáideacht a thabhairt síos do na cleachtais. (67) Ar an dara dul síos, déantar mionchur síos le haithris 542 et seq. air nach bhféadfaí cur in ionad trácht sonraí ó leathanach torthaí ginearálta Google, i.e. go bhfuil sí ‘riachtanach’ ag seirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí. Déanann an Chúirt tagairt dó sin i mír 219 den chinneadh atá faoi chonspóid freisin.

106. Ag an deireadh ar fad, níl bunús ach an oiread leis an tríú cuid den chéad chuid den chéad fhoras achomhairc – is ar éigean ar tugadh bunús léi.

107. De réir na hargóinte sin, níor cheart don Chúirt Ghinearálta a chinneadh, i mír 228 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur chinn an Coimisiún, i Roinn 7.3 den chinneadh atá faoi chonspóid, go bhféadfadh na cleachtais líomhainte a bheith ina ‘gcúis le deireadh a chur le haon iomaíocht’. Is fíor nach léirítear ábhar aithris 589 et seq. den chinneadh sin go cruinn leis an gconclúid sin, lena mínítear go mion an chúis le tionchar frithiomaíoch a imirt ag na cleachtais sin sna margaí do shainchuardaigh táirgí. (68) Luaitear le haithris 594 i mbrollach an chinnidh atá faoi chonspóid, ar aithris í dá ndéanann an Chúirt Ghinearálta tagairt sainráite, gur dócha gur cúis na cleachtais líomhainte le scor dá seirbhís cuardaigh táirgí ag seirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí. (69) Cé gur rud beag áibhéalach an t‑athfhriotal arna chur ag an gCúirt Ghinearálta, d’fhéadfaí brí a bhaint as mar dheireadh féideartha le hiomaíocht. Dá bhrí sin, níl aon bhaol ann gur cuireadh údar in ionad an údair arna thabhairt sa chinneadh sin go hinghlactha.

108. A mhéid a mhaíonn na hachomharcóirí go ndearna an Coimisiún agus an Chúirt Ghinearálta earráid dlí maidir le critéir Bronner a chur i bhfeidhm ar an mbealach sin, is leor a chur in iúl nach bhfuil na critéir sin infheidhme sa chás seo (mír 75 et seq. thuas) chun diúltú don argóint sin toisc í a bheith gan bhunús.

109. Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad chuid den chéad fhoras achomhairc.

(ii) An dara cuid den chéad fhoras achomhairc

110. Sa dara cuid den chéad fhoras achomhairc, líomhnaíonn na hachomharcóirí roinnt earráidí dlí a rinne an Chúirt Ghinearálta i míreanna 229 go 248 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Áitíonn siad, gur chinn an Chúirt Ghinearálta go mícheart sna míreanna sin nach raibh critéir Bronner infheidhme, cé go raibh Google faoi réir oibleagáid rochtana leis an gcinneadh atá faoi chonspóid.

111. Leis an gcéad argóint, áitíonn na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, i míreanna 237 go 240 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, trí idirdhealú a dhéanamh idir an chóir neamh-chomhionann arna déanamh agus cás maidir le diúltú do rochtain a thabhairt. Murab ionann agus an méid a thoimhdítear i mír 239 den bhreithiúnas sin, is cás sonrach de dhifríocht den sórt sin í an diúltú rochtana. Is eintiteas ar leith iad boscaí Shopping Units a d’fhorbair Google, rud a d’fhág gur féidir torthaí cuardaigh a sheirbhíse comparáide praghsanna a chur i láthair ar bhealach níos buntáistí, ach ní raibh rochtain acu ar sheirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí. Ní raibh ach rochtain níos lú fabhraí acu ar leathanach torthaí ginearálta Google. Dá bhrí sin, murab ionann agus an méid a bhí i mír 232 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ní iompar lasmuigh de raon feidhme an diúltaithe rochtana ab ea an chóir neamh-chomhionann mar sin. Mar sin féin, ba cheart critéir Bronner a chur i bhfeidhm maidir leo.

112. I bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i mír 75 et seq. thuas, ní mór diúltú don chéad argóint sin.

113. Sin an míniú atá agam air nach bhfuil critéir Bronner infheidhme i gcás chóir neamh-chomhionann na féintosaíochta seo. Ní hé sin an cás ina ndiúltaítear rochtain ar bhonneagar, ar sheirbhís nó ar earra mórdhíola de réir bhrí bhreithiúnas Bronner, ach i gcás ina leagtar síos dálaí míréasúnta rochtana nó soláthair tar éis rochtain a dheonú cheana féin.

114. Is bréagach, nó treallach fiú, an t‑idirdhealú arna dhéanamh ag na hachomharcóirí idir rochtain ar leathanach torthaí ginearálta Google ar thaobh amháin agus boscaí Shopping Units atá ann, rudaí nach dtaispeántar leo ach torthaí cuardaigh sheirbhís comparáide praghsanna Google, ar an taobh eile. D’áitigh VDZ, BDZV agus Ladenzeile an pointe seo go diongbháilte ag an éisteacht.

115. Fiú má tharraingítear aird orthu ar leathanach torthaí ginearálta Google, ní bonneagar ar leith iad boscaí sin de réir brí leathanaigh torthaí atá go hiomlán neamhspleách go teicniúil, ach, murab ionann agus a iarsheirbhís cuardaigh táirgí Froogle, rinne Google, de réir chinntí an Choimisiúin agus na Cúirte Ginearálta, (70) nach bhfuil faoi chonspóid a thuilleadh, a chomhtháthú go sonrach ina inneall cuardaigh ghinearálta agus ina fheidhmiú chun tairbhe a bhaint as na héifeachtaí líonra a ghintear ann sa mhargadh do shainseirbhísí cuardaigh táirgí. Dá réir sin, rinneadh na halgartaim shonracha, arbh é an toradh a bhí ar a n‑úsáid boscaí Shopping Units nach raibh iontu ach torthaí comparáide praghsanna Google, a ghníomhachtú le horduithe cuardaigh úsáideoirí ar a n‑inneall cuardaigh ghinearálta. Dá bhrí sin, baineann an míbhuntáiste a bhaineann le torthaí cuardaigh sheirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí leis an mbealach a dtugtar rochtain ar leathanach torthaí ginearálta Google agus ní bhaineann sé le rochtain ar bhonneagar a líomhnaítear a bheith ar leithligh i bhfoirm boscaí Shopping Units. Mar a luadh cheana i mír 90 thuas, d’áitigh na hidirghabhálaithe go hinchreidte ar an gCoimisiún, go háirithe ag an éisteacht, nár iarr siad rochtain ar bhoscaí Shopping Units riamh, ach d’éiligh siad go gcuirfí deireadh leo.

116. I bhfianaise an mhéid sin, ní féidir agóid a dhéanamh i gcoinne conclúid de chuid na Cúirte Ginearálta i mír 240 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Dá réir sin, níor ceanglaíodh ar an gCoimisiún a chruthú gur comhlíonadh critéir Bronner chun a chinneadh go ndearnadh sárú sa chás seo. Dá bhrí sin, bhí an Chúirt Ghinearálta in ann, gan earráid dlí a dhéanamh, gurbh ionann an cleachtas líomhainte agus foirm mí-úsáide trí bhrú, rud a bhí le léiriú trí chleachtas ‘gníomhaíoch’, eadhon i bhfoirm idirdhealú dearfach ar son thorthaí cuardaigh sheirbhís comparáide praghsanna Google.

117. Níl sa dara hargóint ach athrú ar an gcéad argóint agus ní mór diúltú dó toisc é a bheith gan bhunús freisin.

118. Cuireann na hachomharcóirí i leith na Cúirte Ginearálta, go háirithe i míreanna 219 agus 243 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go ndearna sí cur síos ar an gcinneadh atá faoi chonspóid go do-ghlactha earráideach amhail is go mbaineann sé le dálaí rochtana agus soláthair agus nach mbaineann sé le bonneagar ar leith ann féin. Níl mar aon bhunús leis an argóint sin, áfach, ar na cúiseanna arna leagan amach i míreanna 113 agus 116 thuas.

119. Leis an tríú hargóint, cuireann na hachomharcóirí i gcoinne bhreithnithe na Cúirte Ginearálta i míreanna 232 agus 233 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, lenar shéan sí gurbh infheidhme chritéir Bronner ar an bhforas nach raibh siad ina n‑iarratas sainráite ar rochtain nó nár diúltú rochtain go sainráite leis sa chás seo.

120. Leis na breithnithe sin, tagraíonn an Chúirt Ghinearálta, go hintuigthe ar a laghad, d’aithris 651 sa bhrollach a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, ar dá réir nach bhfuil critéir Bronner infheidhme maidir leis na cleachtais líomhainte. Cé nach bhfuil an tagairt d’éagmais iarrata agus do rochtain a dhiúltú léirithe go sainráite sa ráiteas ar chúiseanna leis an gcinneadh sin agus go bhfuil siad bunaithe ar dhearcadh sách foirmiúil, ní thacaítear ar bhealach ar bith le conclúid na Cúirte Ginearálta gur dlíodh don Choimisiún cur i bhfeidhm chritéir Bronner sa chás seo a tharscaoileadh, gan earráid dlí a dhéanamh.

121. Dá bhrí sin, tá an tríú hargóint neamhéifeachtach agus ní mór diúltú dó freisin.

122. Tá an ceathrú hargóint dírithe ar mhír 240 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Ba in éigeart a dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta go bhfuil soláthar á cheilt toisc nach cás iompair ‘éighníomhaigh’ ach cás córa neamh-chomhionainne ‘gníomhaí’ a bhí ann.

123. Ós rud é nach mbaineann na cleachtais líomhainte ar na cúiseanna a luaitear in aithris 75 et seq. le cás rochtain a dhiúltú de réir bhrí chritéir Bronner, ach le cóir neamh-chomhionann na féintosaíochta, rud atá le cur i leith úsáid na n-algartam speisialaithe i ndeireadh na dála, ní inchonspóidte ‘gníomhaíocht’ a thabhairt síos do na cleachtais ag an gCúirt Ghinearálta ar bhonn aithris 650.

124. Dá bhrí sin, tá an argóint sin neamhéifeachtach agus ní mór diúltú di freisin.

125. Leis an gcúigiú hargóint, cháin na hachomharcóirí na cúinsí a leagtar amach i mír 246 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Chinn an Chúirt go mícheart nár bhain na bearta arna nglacadh le deireadh a chur leis an sárú le hábhar agus measúnú á dhéanamh ar dhleathacht na mí-úsáide líomhainte. Níor bunaíodh a leithéid de nasc in aithrisí 699 agus 700 den chinneadh atá faoi chonspóid i ndáil le rochtain a dhiúltú ar bhonneagar mar a líomhnaíonn an Coimisiún.

126. Mar a luadh cheana, tá an argóint sin bunaithe ar an tuiscint freisin gurb ionann na cleachtais líomhainte agus rochtain nó soláthar a dhiúltú de réir bhrí chritéir Bronner.

127. Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chúigiú hargóint sin freisin toisc í a bheith neamhéifeachtach.

128. Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara cuid den chéad fhoras achomhairc agus d’iomlán an dara foras achomhairc.

3.      Measúnú ginearálta an gclaontar nó nach gclaontar ó mhodhanna gnáthiomaíochta feidhmíochta (an dara foras achomhairc)

(a)    Ábhar an dara foras achomhairc

129. Leis an dara foras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí, le tacaíocht ó CCIA, go ndearna an Chúirt Ghinearálta roinnt earráidí dlí. Ar an gcéad dul síos, ba leor an ráiteas ar chúiseanna sa chinneadh atá faoi chonspóid, a bhain leis an tionchar a líomhnaítear a d’fhéadfadh a bheith ag na cleachtais líomhainte, ach ní leis an gcleachtas líomhainte, chun a shuí go gclaontaí ón modh iomaíochta feidhmíochta. Ar an dara dul síos, d’úsáid an Chúirt Ghinearálta, chuige sin, údair eile – nach bhfuil sa chinneadh sin, áfach. Ar an tríú dul síos, ní thacaítear lena bhreithiúnas leis na húdair sa bhreis. Ina theannta sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí gan gnéithe frith-iomaíochta Google a chur san áireamh sa mheasúnú sin, ach ní dhearna sí anailís orthu amhail is gurbh údair fhéideartha iad.

130. Áitíonn an Coimisiún go bhfuil na hargóintí sin neamh-inghlactha a mhéid a dhírítear iad i gcoinne na dtorthaí sa chinneadh atá faoi chonspóid maidir leis na cleachtais líomhainte (an chéad chuid), nár chuir na hachomharcóirí ina choinne os comhair na Cúirte Ginearálta. Tá ráiteas leordhóthanach sa chinneadh sin freisin ar na cúiseanna go gclaontaí leis an gcleachtas sin ón iomaíocht feidhmíochta trí mheasúnú a dhéanamh air i gcomhthéacs eacnamaíoch an chleachtais sin. Sa mhéid a chuireann na hachomharcóirí i gcoinne na n‑údar sa bhreis de chuid na Cúirte Ginearálta (an dara cuid), tá sé sin neamhéifeachtach. Níor cuireadh na breithnithe sin in ionad ráiteas na gcúiseanna sa chinneadh atá faoi chonspóid, ach níor míníodh leo ach, ar mhaithe le hiomláine, an chúis leis go gclaontaí leis na cleachtais líomhainte ó na modhanna iomaíochta feidhmíochta. Ní féidir agóid a dhéanamh i gcoinne breithnithe na Cúirte Ginearálta ó thaobh a substainte ach an oiread (an tríú cuid).

131. Scrúdóidh mé ar dtús inghlacthacht na chéad choda den dara foras achomhairc.

(b)    Inghlacthacht na chéad choda den dara foras achomhairc

132. Baineann an chéad chuid den dara foras achomhairc, go háirithe, leis an gcúigiú saincheist a d’ardaigh an Chúirt Ghinearálta, ar dtús, i míreanna 136 et seq. den bhreithiúnas atá faoi achomharc, faoin gceannteideal ‘Comhréireacht na gcleachtas atá i gceist leis an iomaíocht feidhmíochta’.

133. De réir na hachoimre i mír 122 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, d’áitigh na hachomharcóirí go bunúsach leis an bhforas achomhairc sin gur cuireadh le caighdeán sheirbhís cuardaigh ghinearálta Google tríd na cleachtais líomhainte. Ós rud é nár léirigh an Coimisiún aon ghnéithe de na feabhsuithe sin atá éagsúil leis an iomaíocht ó thaobh feidhmíochta de, ní féidir aon mhí-úsáid a bhaint as. Os a choinne sin, d’fhorchuir sé oibleagáid ar Google rochtain a thabhairt dá iomaitheoirí ar ‘shaoráid riachtanach’, gan dianchritéir Bronner a chomhlíonadh. Ina theannta sin, i mír 122, luann an Chúirt Ghinearálta go scrúdóidh sí, sa chomhthéacs sin, an argóint nár shaothraigh Google cuspóir frithiomaíoch tríd na torthaí sonracha cuardaigh a thabhairt isteach, ós rud é go gcuirtear le cáilíocht a sheirbhíse cuardaigh tríd na torthaí sin. (71)

134. Tá an chéad chuid den dara foras achomhairc dírithe, go háirithe, i gcoinne na dtorthaí a dhéantar i mír 162 et seq. den bhreithiúnas atá faoi achomharc mar fhreagra ar an gcúigiú saincheist dlí sin. Leagann an Chúirt Ghinearálta amach ann na cúiseanna ar dlíodh don Choimisiún a chinneadh go gclaontaí leis na cleachtais faoi cheist ó na modhanna iomaíochta feidhmíochta. Murab ionann agus tuairim an Choimisiúin, cuireadh faoi cheist leis an gcúigiú saincheist cinntí aithris 341 den bhrollach a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid dá bhrí sin, ar dá réir a bhfuil na cleachtais sin lasmuigh de raon feidhme na hiomaíochta feidhmíochta. Déantar an pointe a athdhearbhú sin sa chéad chuid den dara foras achomhairc.

135. De réir cásdlí socair, i gcás ina gcuireann an t‑achomharcóir i gcoinne léiriú nó chur i bhfeidhm dhlí an Aontais ag an gCúirt Ghinearálta, féadfar na pointí dlí a scrúdaíodh ag an gcéad chéim a phlé arís le linn achomhairc. Murach sin, dhéanfaí cuid dá bhrí a bhaint den nós imeachta achomhairc. (72)

136. Dá bhrí sin, ní mór diúltú don fhoras achomhairc maidir le neamh-inghlacthacht de chuid an Choimisiúin agus tá an chéad chuid den dara foras achomhairc inghlactha.

(c)    Tuillteanas na chéad choda  den dara foras achomhairc

137. Is dóigh liom, áfach, go bhfuil an chéad chuid den dara foras achomhairc gan bhunús.

138. Murab ionann agus a bhfuil á áitiú ag na hachomharcóirí, ní fíor nach dtagraítear leis na ráitis i mír 162 et seq. den bhreithiúnas atá faoi achomharc ach don tionchar a líomhnaítear a d’fhéadfadh a bheith ag na cleachtais líomhainte agus ní ag na cleachtais sin iontu féin. Ina áit sin, baineann an Chúirt Ghinearálta leas as an gcinneadh atá faoi chonspóid chun tabhairt síos do na cleachtais sin ó thaobh an dlí de d’fhonn údar a thabhairt le claonadh ó na modhanna iomaíochta feidhmíochta, dá bhrí go gcomhlíontar coincheap na mí-úsáide.

139. Sna barúlacha sin, braitheann an Chúirt Ghinearálta, go háirithe, ar aithris 344 sa bhrollach a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, inar chinn an Coimisiún go ndéantaí cóir neamh-chomhionann le lucht seirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí trí thosaíocht a thabhairt don tseirbhís comparáide praghsanna de chuid Google féin. (73) Tagraítear ann freisin do thorthaí an chinnidh atá faoi chonspóid gur dhócha go laghdófaí iomaíocht sa mhargadh tríd an gcóir neamh-chomhionann seo, mar gheall, ar an gcéad dul síos, ar thábhacht an tráchta ó leathanach torthaí ginearálta Google, ar an dara dul síos, ar iompar úsáideoirí mar chuid de chuardaigh idirlín agus, ar an tríú dul síos, i bhfianaise gurbh í a bhíodh ina gcuid is mó den trácht sin go seirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí ab ea trácht arna chur ar mhalairt slí nárbh fhéidir foinsí eile a chur ina n‑ionad go héifeachtach. (74)

140. Seo a leanas mionsonraí na n‑údar a thug an Chúirt Ghinearálta leis an méid sin.

141. Tugann sí chun cuimhne, ar an gcéad dul síos, an tábhacht a bhaineann le trácht sonraí agus na héifeachtaí dearfacha gréasáin maidir le rath na seirbhíse comparáide praghsanna ó thaobh na heacnamaíochta de, mar a leagtar iad amach in aithrisí 444 go 450 den chinneadh atá faoi chonspóid, bíodh is féidir gur cúis é laghdú ar an trácht sin le titim thubaisteach agus, go fadtéarmach, le himeacht ón margadh. (75) Ansin, scrúdaíonn an Chúirt an anailís ar iompar úsáideoirí a leagtar amach in aithrisí 454 go 461 agus 535 den chinneadh sin. Ina dhiaidh sin, is gnách d’úsáideoirí díriú ar na chéad trí nó cúig thoradh cuardaigh agus is beag aird ar bith a thugann siad ar na torthaí ina dhiaidh sin, go háirithe iad siúd atá faoi bhun na coda den scáileán atá infheicthe láithreach (an filleadh). (76) Ina theannta sin, braitheann an Chúirt Ghinearálta ar na torthaí a leagtar amach i Ranna 7.2.4.1 agus 7.2.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid (77) maidir le tionchar an tráchta a chuirtear ar mhalairt slí ó leathanach torthaí ginearálta Google. Is ionann seo agus cuid mhór de thrácht comparáide praghsanna a iomaitheoirí agus ní fhéadfaí foinsí eile amhail fógraí téacs, feidhmchláir mhóibíleacha, trácht díreach, naisc do láithreáin ghréasáin dá chomhpháirtithe, do ghréasáin shóisialta, agus d’innill chuardaigh eile a chur ina hionad go éifeachtach. (78)

142. Cinneann an Chúirt Ghinearálta nach ndearna an Coimisiún earráid dlí le meas gur féidir an tábacht a bhaineann le trácht ó leathanaigh cuardaigh ghinearálta Google agus a dho-ionadaitheacht éifeacht a bheith de réir tréithe iompair lasmuigh de raon feidhme na hiomaíochta feidhmíochta. Ní hamháin gur chinn sé an ann do bhrú ach, ina áit sin, d’aicmigh sé iompar Google ó thaobh an dlí de maidir leis an éifeacht bhrú sin ar bhonn na gcritéar ábhartha. Ar choinníoll gur léirigh an Coimisiún an tosaíocht agus tionchar arna imirt léi i gceart, dlíodh dó glacadh leis gur chlaon sé ó iomaíocht feidhmíochta dá bhrí sin. (79)

143. Léirítear leis na breithnithe sin go ndearna an Chúirt Ghinearálta scrúdú mionsonraithe ar an gceist an bhféadfadh an Coimisiún a rialú, agus cúis mhaith a bheith aige, sa chinneadh atá faoi chonspóid, gurbh ar neamhréir leis na modhanna iomaíochta feidhmíochta ab ea na cleachtais líomhainte ar iontu féin – agus ní amháin an tionchar atá acu. Ó thaobh tosaíocht a thabhairt do sheirbhís comparáide praghsanna Google ar sheirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí, rud a bhí ina rún agus ina éifeacht, b’amhlaidh an cás dar leis an gCoimisiún, mar a dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta. Ó thaobh an Choimisiúin agus na Cúirte Ginearálta de, tugtar síos go dlíthiúil leis sin don cheist maidir le cé acu an ndearna Google de réir na modhanna iomaíochta feidhmíochta nó an ndearna sí mí-úsáid maidir le hoibriú na margaí digiteacha lena mbaineann, ar bhonn na gcinntí cuimsitheacha fíorais agus na fianaise cuimsithí ón gCoimisiún.

144. Tá an cur chuige sin i gcomhréir leis na ceanglais a aithnítear sa chásdlí. Faoin bhforáil sin, ní mór measúnú a dhéanamh ar mhí-úsáideacht an iompair agus í a chruthú i bhfianaise na n‑imthosca fíorasacha ábhartha go léir. (80) Ina theannta sin, mar a thugann an Coimisiún le fios, agus tagairt á déanamh aige do mhír 152 den bhreithiúnas atá faoi achomharc go háirithe, tá idirdhealú ó thaobh coincheapa de le déanamh idir an cheist maidir le cé acu an gclaontar nó nach gclaontar ó mhodhanna iomaíochta feidhmíochta agus an cheist maidir le cé acu an bhféadfaí nó nach bhféadfaí srian a chur le hiomaíocht, fiú más codanna de choincheap na mí-úsáide ceachtar de na critéir sin.

145. Ní fhéadfadh na hachomharcóirí a áitiú go fónta gur cháin an Chúirt Ghinearálta aithris 341 den bhrollach a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid i ndáil le hargóint CCIA maidir le sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla. (81) Dar leis an gCúirt Ghinearálta, tá mí-bhrí inbhainte as an aithris sin – le plé ina haonair – amhail nár thug an Coimisiún le tuiscint ón tionchar eisiaimh (atá inimeartha) arna aithint aige ach go gclaontaí leis ón iomaíocht feidhmíochta. Nílim ar aon intinn léi, mar a mhínigh mé i mír 143 thuas. Mar a luann an Chúirt Ghinearálta féin, áfach, tá aithris 341 le léamh i gcomhar le haithris 342 sa bhrollach a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. (82) I ndáil leis sin, rinne an Coimisiún tagairt do na himthosca a leagtar amach i míreanna 139 go 141 thuas chun údar a thabhairt, go háirithe, le claonadh ó na modhanna iomaíochta feidhmíochta, rud a d’fhág gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta d’argóint CCIA. (83) Dá bhrí sin, tá argóintí na n‑achomharcóirí neamhéifeachtach.

146. Mar sin, ní féidir rath a bheith ar an gcéad chuid den dara foras achomhairc agus ní mór diúltú di.

(d)    Cúiseanna breise sa bhreithiúnas atá faoi achomharc (an dara cuid den dara foras achomhairc)

147. Sa dara cuid den dara foras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí gur thug an Chúirt Ghinearálta údair le claonadh ó na modhanna iomaíochta feidhmíochta atá sa bhreis orthu sa chinneadh faoi chonspóid. I ndáil leis sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína mbreithnithe féin a chur in ionad bhreithnithe an Choimisiúin.

148. B’iad a bhí i gceist leis na breithnithe breise ná, ar an gcéad dul síos, measúnú dlí atá níos déine le haghaidh cuideachtaí a bhfuil staid ‘ollcheannasach’ acu; (84) ar an dara dul síos, an measúnú, i bhfianaise gur saor go bunúsach an bonneagar é inneall cuardaigh Google, go bhfuil sé ‘aimhrialta’ go dtugtar tosaíocht dá thorthaí sainchuardaigh féin ar thorthaí cuardaigh a iomaitheoirí; (85) agus, ar an tríú dul síos, an measúnú gurb idirdhealaitheach na cleachtais sin. (86)

149. Ní mór seasamh leis na hachomharcóirí a mhéid, i míreanna 176 go 185 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go leagann an Chúirt Ghinearálta amach breithnithe sa bhreis nach bhfuil, ar a laghad go páirteach, i bhforais an chinnidh atá faoi chonspóid.

150. I bhfianaise an bhonneagair a chuireann Google ar fáil, atá oscailte saor go bunúsach, is aimhrialta leis an gCúirt Ghinearálta go dtugtar tosaíocht leis do thorthaí cuardaigh a sheirbhíse comparáide praghsanna féin ar thorthaí sheirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí. Tá údar le tabhairt leis ag an duine atá freagrach as a leithéid de chóir neamh-chomhionann i bhfianaise dhlí na hiomaíochta. (87) Léirítear an méid sin freisin le Rialachán (AE) 2015/2120, (88) lena bhforchuirtear oibleagáid ghinearálta maidir le cóir chomhionann ar sholáthraithe seirbhíse idirlín uíliche, eadhon gan idirdhealú, srian ná cur isteach ar thrácht. (89) Is follasaí a thuilleadh an claonadh ó na modhanna iomaíochta feidhmíochta toisc gurbh í ba chúis leis na cleachtais líomhainte – i ndiaidh na teipe ar Froogle sa mhargadh do sheirbhísí sainchuardaigh táirgí – ná athrú iompar Google sa mhargadh do sheirbhísí cuardaigh ghinearálta, áit ina bhfuil staid ‘ollcheannasach’ aige. I bhfianaise an tseasaimh sin, a róil mar thairseach don idirlíon agus na bacainní an‑arda iontrála sa mhargadh do sheirbhísí cuardaigh ghinearálta, bhí oibleagáid áirithe ar Google gan bac a chur ar iomaíocht ar an margadh do shainseirbhísí cuardaigh lena mbaineann trína chleachtais. (90)

151. I mo thuairimse, áfach, tá an dara cuid den dara foras achomhairc neamhéifeachtach. Fiú i gcás inar fhorlíon an Chúirt Ghinearálta an t‑údar sa chinneadh atá faoi chonspóid, nó gur chuir sí údar ina ionad iad mar sin, (91) ba leor na ráitis in aithris 162 et seq. den bhreithiúnas sin – mar a leagtar iad amach i mír 138 – gan cur i gcoinne an rialaithe arna thabhairt sa chinneadh atá faoi chonspóid, ar dá réir go gclaontaí leis na cleachtais líomhainte ó na modhanna iomaíochta feidhmíochta. (92)

152. Dá bhrí sin, níor ghá na húdair eile arna dtabhairt ag an gCúirt Ghinearálta – ar a laghad sa chomhthéacs seo agus gan beann ar an tabhairt síos orthu ó thaobh dlí de. Ina theannta sin, cé is moite den chinneadh gurb aimhrialta agus idirdhealaitheach an féintosaíocht líomhainte i bhfianaise an bhonneagair arna sholáthar ag Google atá oscailte go bunúsach, ní fíor go bhfuil forais an chinnidh faoi chonspóid ina dtacaíocht shainráite leis na cinntí sin.

153. Is iad seo a leanas na cúiseanna atá leis sin:

154. Ar an gcéad dul síos, mar a dheimhnítear leis na focail tosaigh i mír  180 den bhreithiúnas atá faoi achomharc,(93) níl i measúnú Rialachán 2015/2120 –nach gcuirtear san áireamh sa chinneadh atá faoi chonspóid – ach breithnithe tánaisteacha amháin nach bhfuil siad ina dtacaíocht leis an gcinneadh a leagtar amach i mír 179 den bhreithiúnas sin. Ar an dara dul síos, i míreanna 182 agus 183 den bhreithiúnas sin, aithrisí 271 go 283 den chinneadh sin, inar chinn an Coimisiún go raibh sciartha den mhargadh i bhfad os cionn 90 % acu den chuid is mó is bun, go hintuigthe ar a laghad, leis an tagairt don staid ‘ollcheannasach’ atá ag Google ar na margaí éagsúla (náisiúnta) do sheirbhísí cuardaigh ghinearálta. Ar an tríú dul síos, tá na torthaí a leagtar amach in aithrisí 343, 490 agus 491 den chinneadh sin is bun leis an ráiteas i míreanna 181 agus 184 den bhreithiúnas sin gur athraigh Google a iompar ar na margaí sin tar éis scor dá sheirbhís saincuardaigh táirgí Froogle. Ar an gceathrú dul síos, níl sna breithnithe a leagtar amach i mír 184 den bhreithiúnas sin ach na breithnithe a leagtar amach in aithris 344 den bhreithiúnas sin maidir le féintosaíocht Google. (94)Ar an gcúigiú dul síos agus ag an deireadh ar fad, an chonclúid ar thángthas uirthi ag deireadh mhír 185 go dtéitear thar iomaíocht feidhmíochta leis na cleachtais líomhainte, ní thagraítear leis do bhreithnithe breise na Cúirte Ginearálta a leagtar amach i mír 176 et seq. den bhreithiúnas sin, arna gcáineadh ag na hachomharcóirí, ach do na breithnithe a leagtar amach i míreanna 170 go 173.

155. Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara cuid den dara foras achomhairc freisin.

156. Ós rud é go bhfuil argóintí na n‑achomharcóirí a bhaineann leis an dara cuid neamhéifeachtach, ní gá measúnú a dhéanamh ar an tríú cuid den dara foras achomhairc, i.e. an cheist maidir le cé acu an ndéantar nó nach ndéantar earráid dlí leis na tosca sa bhreis i mír 176 et seq. den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Tá feidhm freisin ag an méid seo leis an argóint go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí gan na gnéithe frith-iomaíochta arna gcur chun tosaigh ina breithiúnas a chur san áireamh, ach scrúdú a dhéanamh orthu mar údar féideartha amháin.

157. Ag an deireadh ar fad, a mhéid a bhaineann na hargóintí nó na breithnithe sin le hinfheidhmeacht chritéir Bronner, is leor tagairt a dhéanamh do na breithnithe a leagtar amach i mír 83 et seq. thuas d’fhonn diúltú dóibh.

158. Dá bhrí sin, ní mór diúltú don tríú saincheist dlí ina hiomláine toisc í a bheith gan bhunús.

D.      Nasc cúisíoch idir na cleachtais líomhainte agus na héifeachtaí sriantacha a d’fhéadfadh a bheith ar an iomaíocht – an gá le hanailís fhrithfhíorasach (an tríú saincheist dlí)?

1.      Ábhar agus inghlacthacht an tríú foras achomhairc

159. Ar an tríú foras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta roinnt earráidí dlí gan cur ina gcoinne nach ndearnadh anailís fhrithfhíorasach sa chinneadh faoi chonspóid. Níl ach trí anailís atá sé inchruthaithe go bhfuil an tionchar frith-iomaíoch inimeartha mar a líomhnaítear inchurtha i leith na gcleachtas líomhainte agus ní i leith cúinsí eile go bunúsach.

160. Cuirtear in aghaidh na dtorthaí i mír 368 et seq. den bhreithiúnas atá faoi achomharc leis an bhforas achomhairc sin, mar fhreagairt ar an gcéad chuid den tríú saincheist dlí. Dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta do na hargóintí nár chruthaigh an Coimisiún gur chúis ab ea na cleachtais líomhainte le laghdú ar thrácht sonraí chun dochair do sheirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí. De réir argóintí an iarratasóra, níor chúis ach éifeacht na n‑algartam coigeartaithe speisialta – ar éifeacht é nach raibh faoi chonspóid ach nár chur an Coimisiún ina choinne – leis an laghdú sin. Ní dhearnadh leo sin, áfach, ach cur le caighdeán na dtorthaí cuardaigh. Níor cruthaíodh nasc cúisíoch idir, ar thaobh amháin, cur chun cinn sheirbhís comparáide praghsanna Google, mar atá faoi chonspóid, agus, ar an taobh eile, eisiamh líomhainte sheirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí. Ina áit sin, ba cheart don Choimisiún an fhorbairt a chinneadh a bheadh ar an trácht sonraí mura dtabharfaí tosaíocht suímh agus taispeána do thorthaí cuardaigh sheirbhís comparáide praghsanna Google.

161. Tá an tríú foras achomhairc ina thrí chuid. Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí le cinneadh, i míreanna 377 go 379 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nárbh ag an gCoimisiún ach ag Google go raibh an anailís fhrithfhíorasach le déanamh. Ar an dara dul síos, cuirtear míreanna 374 agus 376 den bhreithiúnas sin ó bhail mar gheall ar earráid dlí a mhéid a chinn an Chúirt Ghinearálta gur gá, chun críocha a leithéide d’anailís, neamhaird a thabhairt ar an dá chuid de na cleachtais líomhainte. Ar an tríú dul síos, i mír 572 den bhreithiúnas sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina measúnú ar éifeachtaí na gcleachtas sin agus le húdar a thabhairt aige leo.

162. Murab ionann agus an dearcadh atá ag roinnt idiragraithe de chuid an Choimisiúin, tá an chéad chuid agus an dara cuid den fhoras achomhairc sin inghlactha. Ni hé atá i gceist leis na codanna sin ná athmheasúnú a dhéanamh ag an gCúirt ar na fíorais nó ar an bhfianaise. A mhalairt air sin, cuirtear faoi cheist leo dleathacht na gcritéar arna n‑úsáid ag an gCúirt Ghinearálta le cinneadh ar chóir nó nár chóir don Choimisiún anailís fhrithfhíorasach a dhéanamh le nasc cúisíoch a bhunú idir an cleachtas de chodanna éagsúla agus an tionchar frithiomaíoch atá inimeartha aige, agus conas a d’fhéadfadh siad é a dhéanamh.

2.      An chéad chuid den tríú foras achomhairc

163. Sa chéad chuid, áitíonn na hachomharcóirí ar dtús, gur chinn an Coimisiún, i ndáiríre, in aithris 462 den bhrollach a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, nárbh fhéideartha amháin ach gurbh iarbhír na héifeachtaí maidir le hiomaíocht a bhíodh ag an gcleachtas líomhainte. Laghdaíodh trácht ó leathanach torthaí ginearálta Google go seirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí mar thoradh air. Bhraith an Chúirt Ghinearálta ar an gcinneadh sin, i mír 519 don bhreithiúnas atá faoi achomharc freisin. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún anailís fhrithfhíorasach a dhéanamh ar na héifeachtaí iarbhír sin. Dá réir sin, níor cheart don Chúirt Ghinearálta glacadh leis nár ghlac an Coimisiún ach leis an tionchar atá inimeartha leis an gcleachtas sin.

164. Táim den tuairim go bhfuil an chéad chuid den tríú foras achomhairc gan bhunús go follasach.

165. Ar an gcéad dul síos, i míreanna 67, 228, 450, 454, 519 agus 667 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, tá an Chúirt Ghinearálta ag brath ar Roinn 7.3 den chinneadh atá faoi chonspóid, (95) inar luaigh an Coimisiún go raibh tionchar frithiomaíoch inimeartha ag an gcleachtas líomhainte i roinnt margaí náisiúnta. Ar an dara dul síos, is é is údar cruthaithe aige, i mír 438 et seq. agus 518 et seq. den bhreithiúnas sin, an prionsabal, leis go bhfuil mí-úsáid á baint as staid cheannasach, nár ghá don Choimisiún a chruthú ach amháin go bhféadfadh tionchar a imirt leis an gcleachtas i gceist i.e. nár ghá tionchar frithiomaíoch iarbhír a bhunú dá bhrí sin. Ina theannta sin, níor chuir na hachomharcóirí i gcoinne chinntí sin na Cúirte Ginearálta mar fhreagra ar an gcéad chuid agus ar an gceathrú cuid den cheathrú saincheist dlí.

166. A mhalairt air sin, ní bhaineann an cinneadh arna lua ag na hachomharcóirí, atá in aithris 462 den chinneadh atá faoi chonspóid ach leis an laghdú iarbhír – rud nach bhfuil faoi chonspóid faoi láthair – ar thrácht ó leathanaigh torthaí ginearálta Google go seirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí. Mar a áitíonn an Coimisiún agus an ceart aige, ní chuireann an t‑achomharc i gcoinne na gcinntí i míreanna 401 go 422 den bhreithiúnas atá faoi achomharc ina leith sin. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí athléiriú a dhéanamh ar an tagairt don mhéid sin i mír 519 den bhreithiúnas sin amhail gur ghlac an Chúirt leis gur mhian leis an gCoimisiún, nó go raibh sé de cheangal air, a chruthú go raibh éifeachtaí iarbhír ag na cleachtais líomhainte maidir le hiomaíocht. Dá bhrí sin, tá argóint na n‑achomharcóirí go raibh gá le cruthúnas ar chúisíocht maidir le héifeachtaí iarbhír neamhéifeachtach agus ní mór diúltú di.

167. Ina theannta sin, áitíonn na hachomharcóirí, le tacaíocht ó CCIA, gur mhainnigh an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 377 go 379 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, a thabhairt ar aird gur cheart don Choimisiún anailís fhrithfhíorasach a dhéanamh ar éifeachtaí sriantacha iarbhír nó féideartha an chleachtais sin agus na cúiseanna atá aici a leagan amach sa chinneadh atá faoi chonspóid agus, ina leith sin, an dualgas cruthúnais a mhalartú go míchuí.

168. Is cinnte gur deacair ráitis na Cúirte Ginearálta a thuiscint ina leith sin. Luaitear ann, i mír 377 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go bhféadfadh aithint cáis fhrithfhíorasaigh, mar atá sa chás seo, a bheith treallach nó fiú dodhéanta i gcás ‘nach ann dó i ndáiríre do mhargadh a raibh ar cosúil a thréithe agus tréithe an mhargaidh... inar cuireadh na cleachtais sin i bhfeidhm’. I bprionsabal, is é atá i gcás frithfhíorasach go bunúsach ná fíorchás ‘a bhí inchomparáide ar dtús ach nach raibh tionchar ag na cleachtais uile atá i gceist ar a fhorbairt’. Anuas air sin, deir an Chúirt Ghinearálta go bunúsach, murab ionann agus cás ina bhfuil dhá fhorbairt iarbhír inchurtha le chéile, tá measúnú ar an tionchar inimeartha le bheith réadúil ach tá cás féideartha le cur síos leis. I míreanna 378 agus 379 den bhreithiúnas sin, diúltaíonn sí don argóint go gceanglaítear ar an gCoimisiún cás frithfhíorasach a dhéanamh, as maoil a chonláin nó go córasach, mar fhreagairt ar anailís fhrithfhíorasach arna cur isteach ag an ngnóthas is cosantóir. Léireofaí leis sin an oibleagáid – nach ann di – a chruthú go raibh iarmhairtí iarbhír ag na cleachtais líomhainte. Tá a thionchar iomlán agus ní hamháin a thionchar páirteach le bheith inchinnte ag anailís fhrithfhíorasach arna déanamh ag an ngnóthas sin, lena bhféachtar le cur i gcoinne mheasúnú an Choimisiúin ar an tionchar atá inimeartha leis an gcleachtas sin.

169. I mo thuairimse, ní féidir a thuiscint ó na cinntí sin gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta, i bprionsabal, d’oibleagáid ar an gCoimisiún anailís fhrithfhíorasach a dhéanamh ar thionchar iarbhír nó féideartha na gcleachtas agus ní léirítear leo go gceadaítear leo an dualgas cruthúnas a mhalartú chun dochair don ghnóthas faoi chonspóid ina leith sin. Os a choinne sin, ní mór iad a chur i gcomhthéacs foriomlán fhreagra na Cúirte Ginearálta ar na hargóintí a leagtar amach sa chéad chuid den tríú saincheist dlí agus ní mór iad a thuiscint sa chuid sin amháin.

170. Sa bhreithiúnas sin, mar is léir go háirithe ó mhíreanna 372 agus 374 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, diúltaíonn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, don argóint ina maítear nach bhfuil anailís fhrithfhíorasach ann ar an bhforas go ndearna an argóint sin agus na cásanna frithfhíorasacha a cuireadh chun cinn chun tacú leis ná cleachtais líomhainte, ar cleachtais iad atá ina dhá chuid atá doscartha óna céile. Ní féidir measúnú ar leithligh a dhéanamh ar éifeachtaí carnacha na gcomhchodanna sin – an tosaíocht a thugtar do sheirbhís comparáide praghsanna Google trí aird a tharraingt ar a thorthaí cuardaigh i mboscaí Shopping Units agus, ar an taobh eile, cur i bhfeidhm na n‑algartam sonrach chun torthaí seirbhísí comparáide a iomaitheoirí praghsanna a chur ina n‑íochtar. Dá bhrí sin, is í conclúid na Cúirte Ginearálta i mír 376 den bhreithiúnas sin gurb é an t‑aon chás frithfhíorasach amháin nach n‑úsáidfí aon cheann de na codanna sin mar bhunús, ós rud é nach gcumhdófaí a n‑éifeachtaí carnacha ach go páirteach murach sin.

171. Léirítear leis sin go bhfuil freagra na Cúirte Ginearálta ar na saincheisteanna dlí i míreanna 372 go 376 go príomha, bíodh is nach bhfuil ach feidhm fhorlíontach nó choimhdeach ag na breithnithe i míreanna 377 go 379 den bhreithiúnas faoi achomhairc, dar tús na focail ‘[m]ar gheall air sin’.

172. Ní mór géilleadh do na hachomharcóirí agus do CCIA go bhfuil an t‑idirdhealú a dhéantar i mír 377 den bhreithiúnas atá faoi achomharc idir anailísí frithfhíorasacha ag brath ar cibé an mbaineann nó nach mbaineann siad le héifeachtaí iarbhír nó féideartha. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil casadh iarbhír san am a caitheadh, i bhfianaise an tsáraithe, le cur i gcomparáid ex post le casadh cuir i gcás, gan beann ar an sárú sin, sa dá chás. (96) Thairis sin, ní léir an chúis, mar is féidir go raibh sé de rún ag an gCúirt Ghinearálta, le cur de cheangal fianaise a sholáthar ar éifeachtaí iarbhír le hoibleagáid chórasach ar an gCoimisiún cás frithfhíorasach a bhunú i gcás nach mbeadh ach éifeachtaí féideartha ann.

173. Mar sin féin, níl sé intugtha le tuiscint ó na ráitis sin nár mheas an Chúirt Ghinearálta go raibh sé de cheangal ar an gCoimisiún anailís fhónta fhrithfhíorasach ar an ngnóthas atá i gceist a chur san áireamh agus, más amhlaidh atá, diúltú di, rud a d’fhéadfadh a chuid torthaí a thabhairt faoi cheist. Os a choinne sin, rinne sé measúnú mionsonraithe, i mír 380 et seq. den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ar dlíodh nó nár dlíodh don Choimisiún diúltú do na hanailísí a chuir Google isteach le linn na n‑imeachtaí riaracháin (97) agus a fháil amach go raibh nasc cúisíoch idir na cleachtais líomhainte agus an laghdú ar thrácht óna thorthaí ginearálta go seirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí. (98)

174. Sa mhéid a chuireann na hachomharcóirí i gcoinne na n‑argóintí a leagtar amach i míreanna 377 go 379 den bhreithiúnas atá faoi achomharc go sonrach, tá a gcuid argóintí neamhéifeachtach agus ní mór diúltú dóibh.

175. Scrúdóidh mé an bhfuil nó nach bhfuil míreanna 372 go 376 den bhreithiúnas atá faoi achomharc ó mhaith ag earráid dlí a dhéanamh agus ar ghá nó nár ghá anailís fhrithfhíorasach chuige sin mar a d’áitigh na hachomharcóirí i gcomhthéacs an dara cuid den tríú foras achomhairc.

176. Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad chuid den tríú saincheist dlí.

3.      An dara cuid den tríú foras achomhairc

177. Leis an dara cuid, áitíonn na hachomharcóirí, le tacaíocht ó CCIA, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí le cinneadh nach bhféadfadh baint a bheith ag anailís fhrithfhíorasach ach leis an dá ghné le chéile den chleachtas a cuireadh i leith Google dá dtagraítear i mír 170. Tá míreanna 374, 376 agus 525 den bhreithiúnas atá faoi achomharc curtha ó mhaith ag earráidí dlí sa mhéid is go mbaintear mí-bhrí as coincheap na hanailíse frithfhíorasaí ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, is leor ceann amháin de na gnéithe sin a bhaint d’fhonn deireadh a chur leis an mí-úsáid, eadhon suíomh agus taispeáint boscaí Shopping Units. Ar an dara dul síos, chuir an Chúirt Ghinearálta critéar i bhfeidhm nach raibh i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cás frithfhíorasach réalaíoch, sochreidte nó dóchúil a aithnítear sa chásdlí. Eisiamh an dá chuid sin, mar a cheanglaítear i mír 376 den bhreithiúnas sin, lena n‑áirítear na halgartaim choigeartaithe speisialta, rachfaí thar a bhfuil riachtanach leis, ní bheadh sé réalaíoch agus mheasfaí go do-ghlactha éifeachtaí ghnéithe ceadaithe agus ghnéithe neamhcheadaithe an chomhchleachtais sin faoi seach.

178. Measaim freisin go bhfuil an dara cuid den tríú foras achomhairc gan bhunús.

179. Mar is léir ó chinntí na Cúirte Ginearálta i míreanna 372, 417, 419 agus 525 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, rud nach bhfuil faoi chonspóid ag na hachomharcóirí, tá na cleachtais líomhainte bunaithe ar dhá chuid atá doscartha óna céile, eadhon, ar an gcéad dul síos, cur i bhfeidhm na n‑algartam coigeartaithe speisialta nach ndéantar ach torthaí cuardaigh sheirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí a chur ina n‑íochtar agus, ar an dara dul síos, aird a tharraingt sa bhoscaí ar Shopping Units torthaí cuardaigh sheirbhís comparáide praghsanna Google amháin. Fónann an dá ghné sin le chéile d’fhéinthosaíocht Google. Ní ach le chéile amháin a imrítear tionchar leo ar iompar úsáideoirí amhail go gcuirtear trácht sonraí ar a mharlataí sin de shlí ar son a sheirbhís comparáide praghsanna féin.

180. Murab ionann agus áitiú an achomharcóra, níl deireadh inchurtha leis an nasc doscartha sin ar mhaithe le hanailís fhrithfhíorasach ar an nasc cúisíoch idir na cleachtais líomhainte agus a n-éifeachtaí (bíodh siad iarbhír nó féideartha). Ní chuirfí san áireamh ina leithéid de chur chuige comh-éifeachtaí teicniúla agus eacnamaíocha an dá chuid. Go háirithe, ní aithneofaí leis an gcomhthionchar atá acu ar iompar úsáideoirí. Is cúis leis an méadú ar chliceanna ar son sheirbhís comparáide praghsanna Google ní hamháin a thorthaí cuardaigh i mboscaí Shopping Units a shuí agus a thaispeáint ina n‑íochtar ach iad a chur ina n‑íochtar trí algartam agus torthaí cuardaigh a iomaitheoirí a thaispeáint mar atá níos lú tarraingtí freisin, trína dtéann siad i ngan fhios do na húsáideoirí. Dá bhrí sin, ní bheadh an anailís fhrithfhíorasach ar leith atá molta ag na hachomharcóirí inchreidte ná réalaíoch, ach sách treallach. (99)

181. Dá bhrí sin, dlíodh don Chúirt Ghinearálta a chinneadh, gan earráid dlí, i mír 372 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ‘nach féidir anailís a dhéanamh ar éifeachtaí na g[comhchodanna] comhcheangailte sin trí éifeachtaí [comhchoda] amháin a scaradh ó éifeachtaí na g[comhchodanna] eile’. Ní dhéantar earráid dlí sa mheasúnú i mír 376 den bhreithiúnas sin ach an oiread, ar dá réir ba é an t‑aon chás frithfhíorasach bailí amháin ná an cás nach raibh ag brath ar cheachtar den dá [chomhchoda] ‘toisc nach ndéanfaí ach go páirteach éifeachtaí carnacha na [comhchodanna] comhcheangailte seo a ghabháil”.

182. Ní féidir leis na hachomharcóirí a mhaíomh nach ndearna an Coimisiún agóid in aghaidh chur i bhfeidhm na n‑algartam coigeartaithe speisialta. Mar a chinn an Chúirt agus an ceart aige, ní hé sin an cheist. Is é an teaglaim shonrach d’úsáid na n‑algartam sin i gcomhar le cur i láthair fabhrach na dtorthaí cuardaigh táirge ó sheirbhís comparáide praghsanna Google a d’fhág go bhféadfaí na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar an iomaíocht a sainaithníodh sa chinneadh i gceist sa chéad áit. (100)

183. Dá bhrí sin, ní féidir agóid a dhéanamh i gcoinne na dtorthaí i míreanna 372 go 376 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.

184. Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara cuid den tríú foras achomhairc freisin.

4.      An tríú cuid den tríú foras achomhairc

185. Tugtar le tusicint ón measúnú ar an gcéad chuid agus ar an dara cuid nach féidir rath a bheith ar an tríú cuid den tríú foras achomhairc ach an oiread. Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ansin ina measúnú ar éifeachtaí agus le húdar oibiachtúil a thabhairt leis na cleachtais líomhainte i mír 572 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.

186. I mír 572, bhí an Chúirt Ghinearálta in ann a chinneadh, gan earráid dlí a dhéanamh, óna cinntí maidir le doscarthacht an dá chuid den chleachtas líomhainte óna chéile nach bhféadfaí éifeachtaí dochracha ionchasacha an iompair sin ar iomaíocht agus ar leas na dtomhaltóirí a chur in aghaidh ach amháin trí aon éifeachtúlacht a dhéantar le ceann amháin de na codanna ach leis sin amháin, eadhon na halgartaim choigeartaithe speisialta. Tá feidhm aige seo gan beann ar cé acu an gcruthaítear nó nach gcruthaítear go dtéitear in éifeachtúlacht trí chur i bhfeidhm na n‑algartam coigeartaithe speisialaithe. (101)

187. Dá bhrí sin, ní mór diúltú don tríú cuid agus an tríú foras achomhairc ina iomláine toisc iad a bheith gan bhunús.

E.      Infheidhmeacht chritéar an iomaitheora atá chomh feidhmiúil céanna (an ceathrú saincheist dlí)?

188. Lena gceathrú foras achomhairc, cáineann na hachomharcóirí nach ndearna an Chúirt Ghinearálta agóid i leith an Choimisiúin a d’fhág ar lár measúnú a dhéanamh ar thionchar na gcleachtas líomhainte ar iomaitheoirí atá chomh feidhmiúil céanna. De réir chuspóir Airteagal 102 CFAE, mar a aithnítear sa chásdlí, ní bhunaítear éifeachtaí sriantacha ar an iomaíocht go ginearálta ach amháin má dhéantar dochar leis na cleachtais sin d’iomaitheoirí atá ann nó d’iomaitheoirí cuir i gcás atá chomh feidhmiúil céanna. Sa chinneadh atá faoi chonspóid, áfach, ní dhearna an Coimisiún scrúdú ar fheidhmíocht sheirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí, ná níor chuir sé iomaitheoir hipitéiseach den sórt sin san áireamh. Dá bhrí sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí le cinneadh, i mír 538 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár ceanglaíodh ar an gCoimisiún critéar an iomaitheora atá chomh feidhmiúil céanna a chur i bhfeidhm in éagmais iomaíocht praghsanna.

189. In éagmais iomaíocht praghsanna, áitíonn an Coimisiún, le tacaíocht óna idiragraithe, nach raibh gá le comparáid le hiomaitheoir a bhí ann cheana nó le hiomaitheoir hipitéiseach atá chomh feidhmiúil céanna. Ós rud é nár cuireadh i leith Google go ndearna sé mí-úsáid a bhaineann le praghsáil, níor ceanglaíodh air critéar an iomaitheora atá chomh feidhmiúil a chur i bhfeidhm. A mhalairt air sin, d’fhéadfadh aon chineál fianaise ar bith ar an tionchar inimeartha ar iomaíocht a chur ar fáil, mar a rinne sé amhlaidh sa chinneadh atá faoi chonspóid.

190. Scrúdaíonn an Chúirt Ghinearálta éifeachtaí sriantacha na gcleachtas líomhainte in aithris 518 et seq. agus critéar an iomaitheora atá chomh feidhmiúil céanna i míreanna 538 go 543 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. I mír 527 den bhreithiúnas sin, dhearbhaigh sí, (102) ar an gcéad dul síos, go raibh sé de cheart ag an gCoimisiún a mheas go raibh sé d’éifeacht ag an gcleachtas sin an trácht go seirbhísí comparáide praghsanna iomaitheoirí le chéile a laghdú agus an trácht sin ar sheirbhís comparáide praghsanna Google féin a mhéadú, rud a dhéanann dochar do chás ghrúpa suntasach dá iomaitheoirí chun tionchar frithiomaíoch a shuí. Ina dhiaidh sin, i míreanna 538 go 541 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, nach raibh sé de cheangal ar an gCoimisiún, chun na críche sin, critéar an iomaitheora atá chomh feidhmiúil céanna a chur i bhfeidhm. Ní bheadh ciall leis sin ach i gcás iomaíocht praghsanna agus ní hamhlaidh an cás anseo. Dá bhrí sin, níor ceanglaíodh ar an gCoimisiún ach éifeachtaí sriantacha féideartha ar iomaíocht na gcleachtas líomhainte a shuí. (103) I ndáil leis sin, ní bhaineann sé le hábhar an raibh nó nach raibh inneall cuardaigh táirgí Google níos éifeachtúla ná inneall cuardaigh táirgí a iomaitheoirí.

191. I mo thuairimse, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí le séanadh go raibh sé d’oibleagáid ag an gCoimisiún critéar an iomaitheora atá chomh feidhmiúil céanna a chur i bhfeidhm.

192. Go hiondúil, is é atá i gceist le cur i bhfeidhm an chritéir sin ná scrúdú a dhéanamh ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil straitéis phraghsála iomchuí chun iomaitheoir atá chomh feidhmiúil céanna a dhíbirt ón margadh. (104) Chuige sin, is gá anailís a dhéanamh ar phraghsanna-costais, bunaithe go ginearálta ar struchtúr costais an ghnóthais féin a bhfuil staid cheannasach aige. (105)

193. De réir cásdlí socair, ní fhéachtar le hAirteagal 102 CFAE a áirithiú go bhfanann iomaitheoirí sa mhargadh atá níos lú éifeachtaí ná an gnóthas a bhfuil staid cheannasach aige. Faoi mar a thuigfeá, d’fhéadfaí éifeachtúlacht a chosnaítear leis an bhforáil sin a bheith mar thoradh, de réir sainmhíniú, imeacht ón margadh nó imeallú iomaitheoirí nach bhfuil chomh héifeachtach sin agus nach bhfuil chomh tarraingteach sin do thomhaltóirí, go háirithe ó thaobh praghsanna, rogha, caighdeáin agus nuálaíochta de. (106)

194. Ní cheart mí-bhrí a bhaint as an gcásdlí sin, áfach, mar rud a chiallaíonn nach bhfuil cosaint ar chor ar bith tuillte ag gníomhaíochtaí iomaitheoirí atá níos lú feidhmiúla, eadhon iomaitheoirí níos lú nach bhfuil acu an bharainneacht scála nó na buntáistí costais atá ag gnóthas a bhfuil staid cheannasach aige nó nach bhfuil siad inchúitithe acu nó nach bhfuil aon ról acu chun críche chothabháil a dhéanamh ar fheidhmiú na hiomaíochta. (107)

195. Os a choinne sin, ag brath ar struchtúr an mhargaidh, go háirithe i gcás ina bhfuil bacainní iontrála móra ann, d’fhéadfadh iomaitheoir nach bhfuil chomh feidhmiúil céanna an srian iomaíochta a mhéadú agus, dá bhrí sin, tionchar a imirt ar iompar gnóthais a bhfuil staid cheannasach aige. (108) Is fíor sin i gcás, i bhfianaise struchtúr margaidh den sórt sin, nach dócha go mbeidh gnóthas eile chomh feidhmiúil leis an ngnóthas ceannasach. Thairis sin, más rud é, i bhfianaise a leithéide de ghnóthas a bheith ann, go lagaítear iomaíocht ar mhargadh a mhéid nach féidir le hiomaitheoirí atá chomh feidhmiúil céanna iad féin a bhunú ann, ní féidir neamhaird a thabhairt ar an mbrú iomaíoch a chuireann gnóthais nach bhfuil chomh feidhmiúil sin, a fortiori. Is amhlaidh atá toisc go bhféadfaí cosc a chur tríd le dul in olcas struchtúr an mhargaidh agus rogha na dtomhaltóirí a thuilleadh mar gheall ar iompar gnó na gnólachta ceannasaí agus sroichtear bunchuspóir maidir le cothabháil a dhéanamh ar an iomaíocht a shaothraítear le hAirteagal 102 CFAE mar sin. (109) I gcásanna den sórt sin, tá sé curtha as an áireamh go loighciúil ag an gCúirt Bhreithiúnais go bhféadfaí tástáil an iomaitheora atá chomh feidhmiúil céanna a chur i bhfeidhm. (110)

196. Murab ionann agus argóint na n‑achomharcóirí, ní hiondúil gurb infheidhme critéar an iomaitheoirí atá chomh feidhmiúil céanna, gan trácht ar réamhriachtanas éigeantach a bheith ann lena gcinntear an bhfuil nó nach bhfuil gníomhaíochtaí gnólachta a bhfuil staid cheannasach aige i gcomhréir leis na modhanna iomaíochta feidhmíochta. (111) Dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais an tuiscint sin roinnt uaireanta freisin, agus chuir sí i dtábhacht nach bhfuil oibleagáid dlí ar údaráis iomaíochta, i bprionsabal, an critéar sin a chur i bhfeidhm. Is amhlaidh atá toisc nach ann ach ceann de na modhanna le measúnú a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil cleachtais a bhaineann le praghsanna iomchuí chun éifeachtaí eisiaimh a chruthú. (112) Thairis sin, i gcás ina bhfuil sé dochurtha i bhfeidhm, ní fhéadfar a cheangal ar an gCoimisiún ná ar an gCúirt Ghinearálta freagra a thabhairt ar argóintí arna gcur chun cinn i ndáil leis sin ag an ngnóthas lena mbaineann. (113)

197. Go háirithe, níor cheart a dhéanamh go dtagann cleachtais nach mbaineann le hiomaíocht praghsanna faoi raon feidhme chritéir an iomaitheora atá chomh feidhmiúil céanna, ar ceapadh iad ina leith ar dtús i gcomhréir leis an bhFógra Tosaíochta ón gCoimisiún. (114) I ndáil leis sin, ba cheart ráitis mhíthreoracha ar a laghad sa chásdlí a shoiléiriú, i mo thuairimse, mura gceartaítear iad. (115)

198. Níl baint dá laghad ag na cleachtais líomhainte le hiomaíocht praghsanna. Dá bhrí sin, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí le cinneadh nár dlíodh ar an gCoimisiún tástáil an iomaitheora atá chomh feidhmiúil céanna a chur i bhfeidhm maidir le seirbhísí comparáide praghsanna nó lena leithéid sin d’iomaitheoirí cuir i gcás d’fhonn a chruthú gur cruthaíodh leis éifeachtaí a d’fhéadfaidís a bheith creachach chun dochair donn chleachtais sin.

199. Dá bhrí sin, tá an ceathrú foras achomhairc gan bhunús agus ní mór diúltú dó freisin.

F.      Conclúid eatramhach

200. Is léir ón méid sin roimhe seo nach mór diúltú do na ceithre fhoras achomhairc agus, dá bhrí sin, don achomharc ina iomláine.

V.      Costais

201. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 184(2) de na Rialacha Nós Imeachta, déanfaidh an Chúirt cinneadh maidir le costais.

202. Faoi Airteagal 138(1) de na Rialacha Nós Imeachta, a bhfuil feidhm aige maidir le hachomhairc de bhua Airteagal 184(1) díobh, ní mór a ordú don pháirtí caillteach na costais a íoc, más rud é go ndearna an páirtí eile é sin a iarraidh. Ós rud é go ndearna an Coimisiún agus na hidirghabhálaithe a thacaíonn leo iarratas ar chostais, ní mór ordú a thabhairt do na hachomharcóirí a gcostais féin a íoc agus costais na n‑imeachtaí achomhairc agus na n‑idirghabhálaithe atá ag tacú leis an gCoimisiún a íoc.

203. Faoi Airteagal 140(1) agus (2) de na Rialacha Nós Imeachta, a bhfuil feidhm aige freisin maidir le himeachtaí achomhairc, íocfaidh na Ballstáit agus Údarás Faireacháin CSTE a rinne idiragairt sna himeachtaí a gcostais féin. Thairis sin, faoi Airteagal 184(4) de na Rialacha Nós Imeachta, ní fhéadfaidh an Chúirt a ordú d’idiragraí ag an gcéad chéim nach mbeidh an t‑achomharc taiscthe aige féin a chostais féin a íoc ach amháin má bhí sé rannpháirteach sa chuid i scríbhinn nó ó bhéal den nós imeachta os comhair na Cúirte.

204. Dá bhrí sin, ní mór a ordú d’Údarás Faireacháin CSTE a chostais féin a íoc. I bhfianaise mhír 5 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ní gá costais a ordú i leith Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine nár ghlac páirt sna himeachtaí achomhairc.

205. Faoi Airteagal 140(3) de na Rialacha Nós Imeachta a bhfuil feidhm acu freisin maidir le himeachtaí achomhairc, féadfaidh an Chúirt a ordú d’idiragraí seachas na cinn dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chostais féin a iompar. Ós rud é gur thacaigh CCIA leis na foirmeacha ordaithe atá á lorg ag na hachomharcóirí nár éirigh leo, ní mór a ordú do CCIA a chostais féin a íoc.

VI.    Conclúid

206. Ar na cúiseanna sin roimhe seo, molaim don Chúirt gur cheart di cinneadh a dhéanamh mar seo a leanas:

1.      diúltú don achomharc;

2.      ordú do Google LLC agus Alphabet Inc. a gcostais féin a íoc agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún, an Bureau européen des union de consommateurs (BEUC), Infederation Ltd, Verband Deutscher Zeitschriftenverleger e. V., BDZV – Bundesverband Digitalpublisher und Zeitungsver Verlager e. V., Visual Meta GmbH, Twenga agus Kelkoo a íoc.

3.      ordú d’Údarás Faireacháin CSTE agus do Computer & Communication Industry Association a gcostais féin a íoc.


1      Bunteanga: an Ghearmáinis.


2      T‑612/17, EU:T:2021:763.


3      Cinneadh C(2017) 4444 final a bhaineann le himeacht faoi Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) (Cás AT.39740). – Google Search [Shopping]).


4      C‑7/97, EU:C:1998:569, mír 37 et seq..


5      Ar a dtugtar ‘as-efficient‑competitor-test’ nó ‘AEC-test’ i mBéarla.


6       Féach, go háirithe, aithris 356 et seq. den chinneadh atá i gceist, agus mír 59 et seq., 282 et seq. agus 369 et seq. den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


7      Míreanna 59 go 62 den bhreithiúnas atá faoi achomharc; féach freisin aithris 371 et seq. den chinneadh atá i gceist.


8      Rialachán ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le himeachtaí a bheith á seoladh ag an gCoimisiún de bhun Airteagail [101] agus [102 CFAE] (IO 2004 L 123, lch. 18).


9      Rialachán ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail [101] agus [102 CFAE] (IO 2003 L 1, lch. 1).


10      Féach freisin míreanna 40 go 78 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


11      Aithris 154 et seq. den chinneadh atá i gceist.


12      Féach freisin mír 43 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


13      Aithris 254, 269, 270 agus 285 et seq. den chinneadh atá i gceist; féach míreanna 46 agus 47 den bhreithiúnas atá faoi achomharc freisin.


14      Aithris 264 et seq. den chinneadh atá i gceist; mír 54 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


15       Aithris 444 a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid; mír 64 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


16      Aithris 452 et seq. den chinneadh atá i gceist; Mír 65 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


17      Aithris 539 et seq. den chinneadh atá i gceist; Mír 66 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


18      Aithris 89 et seq. den chinneadh atá i gceist; Mír 67 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


19      Aithris 710 et seq. agus Airteagal 2 den chinneadh atá i gceist; mír 78 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


20      Ordú ó Uachtarán na Cúirte an 22 Márta 2022, Google agus Alphabet v an Coimisiún (C‑48/22 P, nár foilsíodh, EU:C:2022:207).


21      Féach, chuige sin, breithiúnais an 3 Meán Fómhair 2020, Vereniging tot Behoud van Natuurmonumenten in Nederland agus páirtithe eile v an Coimisiún (C‑817/18 P, EU:C:2020:637, mír 46), agus an 22 Meitheamh 2023, DI v BCE (C‑513/21 P, EU:C:2023:500, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear).


22      Breithiúnas an 26 Samhain 1998 (C‑7/97, EU:C:1998:569, mír 37 et seq.).


23      Féach, le déanaí, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Saugmandsgaard Øe in Deutsche Telekom v an Coimisiún agus Slovak Telekom v an Coimisiún (C‑152/19 P agus C‑165/19 P, EU:C:2020:678, mír 56 et seq.), agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Rantos in Lietuvos geležinkeliai v an Coimisiún (C‑42/21 P, EU:C:2022:537, mír 55 et seq.).


24      Féach mír 136 et seq. den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


25      Mír 212 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


26      Míreanna 213 go 217 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


27      Mír 218 et seq. den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


28      Míreanna 219 go 222 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


29      Mír 223 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


30      Míreanna 224 go 227 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, lena dtagraítear d’aithrisí 285 go 305, 544, 568, 580 agus 588 den chinneadh atá faoi chonspóid.


31      Mír 228 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, lena dtagraítear do 594. Aithris an chinnidh atá faoi chonspóid.


32      Mír 231 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, lena dtagraítear do 649. Aithris an chinnidh atá faoi chonspóid.


33      Chuige sin, tá friotal úr curtha agam ar mhíreanna 232 agus 233 den bhreithiúnas atá faoi achomharc ar mhaithe na soiléireachta.


34      Mír 234 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ag brath ar Thuairim an Abhcóide Ghinearálta Saugmandsgaard Øe in Deutsche Telekom v an Coimisiún agus Slovak Telekom v an Coimisiún (C‑152/19 P agus C‑165/19 P, EU:C:2020:678, míreanna 85 go 89).


35      Mír 235 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ag tagairt do bhreithiúnais an 17 Feabhra 2011, TeliaSonera Sverige (C‑52/09, EU:C:2011:83, míreanna 55 go 58); an 10 Iúil 2014, Telefónica agus Telefónica de España v an Coimisiún (C‑295/12 P, EU:C:2014:2062, mír 75), agus an 17 Meán Fómhair 2007, Microsoft v an Coimisiún (T‑201/04, EU:T:2007:289, mír 961).


36      Mír 236 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, lena dtagraítear do bhreithiúnas an 26 Samhain 1998, Bronner (C‑7/97, EU:C:1998:569, míreanna 48 agus 49).


37      Míreanna 237 go 240 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, lena dtagraítear, inter alia, do Thuairim an Abhcóide Ghinearálta Mazák in TeliaSonera Sverige (C‑52/09, EU:C:2010:483, mír 32), agus do bhreithiúnas an 25 Márta 2021, Deutsche Telekom v an Coimisiún (C‑152/19 P, EU:C:2021:238, mír 45).


38      Míreanna 241 go 247 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


39      Féach aithrisí 331 et seq., go háirithe aithris 334 agus 341 et seq. den chinneadh atá i gceist.


40      Breithiúnas an 14 Samhain 1996, Tetra Pak v an Coimisiún, (C‑333/94 P, EU:C:1996:436, mír 25.


41      Féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Aibreán 2018, MEO – Serviços de Comunicações e Multimédia (C‑525/16, EU:C:2018:270, míreanna 24 agus 25 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Mazák in TeliaSonera Sverige (C‑52/09, EU:C:2010:483, mír 32).


42      Breithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 2010, Deutsche Telekom v an Coimisiún (C‑280/08 P, EU:C:2010:603, mír 172); an 17 Feabhra 2011, TeliaSonera Sverige (C‑52/09, EU:C:2011:83, mír 26); agus an 16 Márta 2023, Towercast (C‑449/21, EU:C:2023:207, mír 46).


43      Cásdlí socair; féach, inter alia, breithiúnais an 30 Eanáir 2020, Generics (UK) agus páirtithe eile (C‑307/18, EU:C:2020:52, mír 153), agus an 12 Eanáir 2023, Lietuvos geležinkeliai v an Coimisiún (C‑42/21 P, EU:C:2023:12, mír 76 agus an cásdlí dá dtagraítear).


44      Féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Eanáir 2023, Lietuvos geležinkeliai v an Coimisiún (C‑42/21 P, EU:C:2023:12, mír 77 agus an cásdlí dá dtagraítear).


45      Féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Eanáir 2023, Lietuvos geležinkeliai v an Coimisiún (C‑42/21 P, EU:C:2023:12, mír 78), agus an 19 Eanáir 2023, Unilever Italia Mkt. Operations (C‑680/20, EU:C:2023:33, míreanna 40 agus 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).


46      Féach, chuige sin, breithiúnais an 26 Samhain 1998, Bronner (C‑7/97, EU:C:1998:569, mír 41); an 25 Márta 2021, Deutsche Telekom v an Coimisiún (C‑152/19 P, EU:C:2021:238, mír 44); agus an 12 Eanáir 2023, Lietuvos geležinkeliai v an Coimisiún (C‑42/21 P, EU:C:2023:12, mír 79). Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Rantos in Lietuvos geležinkeliai v an Coimisiún (C‑42/21, EU:C:2022:537, mír 61).


47      Breithiúnas an 6 Aibreán 1995, RTE agus ITP v an Coimisiún (C‑241/91 P agus C‑242/91 P, EU:C:1995:98, mír 50 et seq.). Féach freisin breithiúnas an 29 Aibreán 2004, IMS Health (C‑418/01, EU:C:2004:257, mír 35 et seq.).


48      Féach, chuige sin, breithiúnais an 25 Márta 2021, Deutsche Telekom v an Coimisiún (C‑152/19 P, EU:C:2021:238, míreanna 45 et seq.), agus an 12 Eanáir 2023, Lietuvos geležinki v an Coimisiún (C‑42/21 P, EU:C:2023:12, mír 78 et seq.).


49      Cuirtear i mbeagán focal é i dTuairim an Abhcóide Ghinearálta Saugmandsgaard Øe sna cásanna Deutsche Telekom v an Coimisiún agus Slovak Telekom v an Coimisiún (C‑152/19 P agus C‑165/19 P, EU:C:2020:678, mír 63): ‘Déantar le critéir Bronner go bhfuil cinneadh mí-úsáide faoi réir caighdeán an‑ard. Tá siad ina “mbuaic” de shórt éigin i measc rialacha Airteagal 102 CFAE’.


50      Féach freisin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Rantos in Lietuvos geležinkeliai v an Coimisiún (C‑42/21, EU:C:2022:537, míreanna 63 go 65).


51      Breithiúnas an 25 Márta 2021, Deutsche Telekom v an Coimisiún (C‑152/19 P, EU:C:2021:238, mír 46); Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Rantos in Lietuvos geležinkeliai v an Coimisiún (C‑42/21, EU:C:2022:537, mír 64).


52      Déanann an Coimisiún cur síos sa bhreis ar an bhfadhb sin, ar a dtugtar ‘hold-up’ freisin, in aithrisí 16(e) agus (f) dá Threoirlínte maidir le Srianta Ingearacha (IO 2022 C 248, lch. 1).


53      Féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Márta 2021, Deutsche Telekom v an Coimisiún, (C‑152/19 P, EU:C:2021:238, mír 47); Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Rantos in Lietuvos geležinkeliai v an Coimisiún (C‑42/21 P, EU:C:2022:537, mír 65).


54      Féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Bealtaine 2022, Servizio Elettrico Nazionale agus páirtithe eile (C‑377/20, EU:C:2022:379, mír 73). Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Rantos in Lietuvos geležinkeliai v an Coimisiún (C‑42/21 P, EU:C:2022:537, mír 65).


55      Féach breithiúnais an 17 Feabhra 2011, TeliaSonera Sverige (C‑52/09, EU:C:2011:83, mír 58 in fine).


56      Féach, chuige sin, breithiúnais an 25 Márta 2021, Deutsche Telekom v an Coimisiún (C‑152/19 P, EU:C:2021:238, mír 50 et seq.), agus Slovak Telekom v an Coimisiún (C‑165/19 P, EU:C:2021:239, mír 50 et seq). Féach freisin breithiúnais an 17 Feabhra 2011, TeliaSonera Sverige (C‑52/09, EU:C:2011:83, míreanna 54 go 58 agus 70 go 72), agus an 10 Iúil 2014, Telefónica agus Telefónica de España v an Coimisiún (C‑295/12 P, EU:C:2014:2062, míreanna 75 agus 96).


57      Aithrisí 331 et seq. agus 652 den chinneadh atá i gceist; míreanna 223 agus 237 go 240 den bhreithiúnas faoi achomharc.


58      Breithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 2010, Deutsche Telekom v an Coimisiún (C‑280/08 P, EU:C:2010:603); an 17 Feabhra 2011, TeliaSonera Sverige (C‑52/09, EU:C:2011:83); an 10 Iúil 2014, Telefónica agus Telefónica de España v an Coimisiún (C‑295/12 P, EU:C:2014:2062); agus an 25 Márta 2021, Deutsche Telekom v an Coimisiún (C‑152/19 P, EU:C:2021:238), agus Slovak Telekom v an Coimisiún (C‑165/19 P, EU:C:2021:239).


59      Féach na cásanna a dtugtar tuairisc orthu i mbreithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 2010, Deutsche Telekom v an Coimisiún (C‑280/08 P, EU:C:2010:603, mír 4), agus an 25 Márta 2021, Deutsche Telekom v an Coimisiún (C‑152/19 P, EU:C:2021:238, mír 16) agus Slovak Telekom v an Coimisiún (C‑165/19 P, EU:C:2021:239, mír 16).


60      Féach míreanna 287 agus 288 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ar dá réir nach í is cúis leis an gcóir neamh-chomhionann ná difríocht oibiachtúil idir dhá chineál torthaí cuardaigh, ach as cinneadh Google chun caitheamh níos fabhraí le torthaí cuardaigh sheirbhísí comparáide praghsanna a iomaitheoirí ná le torthaí cuardaigh a sheirbhíse comparáide praghsanna féin lena gcur i láthair mar atá níos lú feiceálaí agus lena gcur in áit níos lú feiceálaí.


61      Féach freisin mír 61 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


62      Mír 224 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


63      Mír 227 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


64      Mír 228 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


65      Mír 226 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, lena dtagraítear d’aithrisí 285 go 305, 544, 568, 580 agus 588 den chinneadh atá faoi chonspóid.


66      Féach, chuige sin, mír 239 den bhreithiúnas atá faoi achomharc amháin.


67      Féach aithris 335 et seq. den chinneadh atá i gceist, ag brath ar an gcásdlí maidir le cásanna cúngaithe corrlaigh.


68      Seo a leanas focail cheannteideal na Rannta sin sa bhunleagan Béarla: ‘The Conduct has potential anti-competitive effects on several markets’.


69       Seo a leanas focail an bhunleagain Béarla: ‘… the Conduct is capable of leading competing comparison shopping services to cease providing their services’ (béim curtha air seo).


70      Féach míreanna 333 go 335 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ag tagairt d’aithris 414 et seq. den chinneadh atá i gceist, lenar dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don dara cuid den dara saincheist dlí.


71      Féach freisin míreanna 136, 139, 142 go 145 agus 158 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


72      Féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Nollaig 2015, an Iodáil v an Coimisiún (C‑280/14 P, EU:C:2015:792, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).


73      Mír 168 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


74      Mír 169 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, lena dtagraítear do mhír 7.2.2 go mír 7.2.4 den chinneadh faoi chonspóid.


75      Míreanna 170 go 171 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


76      Mír 172 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


77      Aithris 539 et seq. den chinneadh sin.


78      Mír 173 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


79      Míreanna 174 agus 175 den bhreithiúnas atá faoi achomharc (béim curtha air seo).


80      Féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Eanáir 2023, Lietuvos geležinkeliai v an Coimisiún (C‑42/21 P, EU:C:2023:12, mír 78) agus an 19 Eanáir 2023, Unilever Italia Mkt. Operations (C‑680/20, EU:C:2023:33, míreanna 40 agus 44 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féach freisin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Rantos in Lietuvos geležinkeliai v an Coimisiún (C‑42/21 P, EU:C:2022:537, mír 92).


81      Mír 195 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


82      Mír 196 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


83      Mír 197 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


84      Míreanna 180, 182 go 183 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


85      Míreanna 176 go 184 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


86      Mír 180 den bhreithiúnas atá faoi achomharc; féach freisin míreanna 240 agus 279 et seq. den bhreithiúnas sin.


87      Míreanna 176 go 179 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


88      Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 2015 L 310, lch. 1).


89      Mír 180 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


90      Míreanna 181 go 184 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


91      Maidir leis an toirmeasc seo ar ionadú, féach breithiúnais an 10 Aibreán 2014, Areva agus páirtithe eile v an Coimisiún (C‑247/11 P agus C‑253/11 P, EU:C:2014:257, mír 56); an 21 Eanáir 2016, Galp Energía España agus páirtithe eile v an Coimisiún (C‑603/13 P, EU:C:2016:38, mír 73); agus an 28 Meán Fómhair 2023, Ryanair v an Coimisiún (C‑321/21 P, EU:C:2023:713, mír 105).


92      Féach Uimh. 83 et seq. thuas freisin.


93      ‘Ina theannta sin, ar mhaithe na foirfeachta, ba cheart tagairt a dhéanamh dó sin...’. It may be observed, for the sake of completeness…’ sa leagan Béarla; níos soiléire fós sa leagan Fraincise: ‘Il peut d’ailleurs être observé, à titre surabondant...’.


94      Féach freisin aithris 378 et seq. den chinneadh faoi chonspóid agus mír 168 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


95      Aithris 589 et seq. den chinneadh sin.


96      Maidir le sárú ar Airteagal 101 CFAE, féach breithiúnais an 30 Eanáir 2020, Generics (UK) agus páirtithe eile (C‑307/18, EU:C:2020:52, míreanna 118 go 121); an 2 Aibreán 2020, Budapest Bank agus páirtithe eile (C‑228/18, EU:C:2020:265, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear); agus an 18 Samhain 2021, Visma Enterprise (C‑306/20, EU:C:2021:935, mír 74). Féach freisin mo Thuairim in an Coimisiún v Servier agus Servier Laboratories (C‑176/19 P, EU:C:2022:576, mír 288 et seq.).


97      Roinn 7.2.3.2 agus aithrisí464 et seq. agus 523 et seq. den chinneadh atá i gceist.


98      Féach, go háirithe, mír 392 den bhreithiúnas atá faoi achomharc freisin.


99      Ní féidir an ráiteas a rinne an Chúirt Ghinearálta i mír 377 den bhreithiúnas atá faoi achomharc a cháineadh ach an oiread.


100      Aithris 344 et seq. agus 589 et seq. den chinneadh atá i gceist.


101      Féach, i ndáil leis sin, míreanna 568, 577, 588 agus 590 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


102      Ag tagairt do na cinntí a leagtar amach i míreanna 420, 506 agus 520 go 526 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


103      I ndáil leis sin, tagraíonn an Chúirt Ghinearálta don chinneadh i mír 441 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


104      Féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2015, Post Danmark (C‑23/14, EU:C:2015:651, mír 53).


105      Féach breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2015, Post Danmark (C‑23/14, EU:C:2015:651, mír 54), agus an 19 Eanáir 2023, Unilever Italia Mkt.Operations (C‑680/20, EU:C:2023:33, mír 56 in fine).


106      Féach, chuige sin, breithiúnais an 27 Márta 2012, Post Danmark (C‑209/10, EU:C:2012:172, mír 22); an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún (C‑413/14 P, EU:C:2017:632, mír 134); agus an 12 Bealtaine 2022, Servizio Elettrico Nazionale agus páirtithe eile (C‑377/20 P, EU:C:2022:379, mír 45).


107      Féach, áfach, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Rantos in Servizio Elettrico Nazionale agus páirtithe eile (C‑377/20, EU:C:2021:998, mír 45), lena bhféachtar le léiriú a dhéanamh ar an gcásdlí sin mar chosaint ar na gnóthais is éifeachtúla amháin ar féidir leo gníomhú mar thiománaithe iomaíochas an mhargaidh, agus ní na gnóthais is lú feidhmiúla agus éifeachtúla.


108      Féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2015, Post Danmark (C‑23/14, EU:C:2015:651, mír 60).


109      Féach, chuige sin, mo Thuairim in Post Danmark (C‑23/14, EU:C:2015:343, pointí 71 agus 73).


110      Breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2015, Post Danmark (C‑23/14, EU:C:2015:651, mír 59), agus an 12 Bealtaine 2022, Servizio Elettrico Nazionale agus páirtithe eile (C‑377/20, EU:C:2022:379, mír 101). Féach, chuige sin, mo Thuairim in Post Danmark (C‑23/14, EU:C:2015:343, míreanna 71 agus 73).


111      Le breithiúnas an 12 Bealtaine 2022, Servizio Elettrico Nazionale agus páirtithe eile (C‑377/20, EU:C:2022:379, mír 82), ní cheadaítear léiriú eile a dhéanamh. Maidir le cleachtais chreachacha, rinne an Chúirt Bhreithiúnais critéar an iomaitheora a aicmiú mar cheann de na critéir lena chinneadh an bhfuil iompar gnóthais cheannasaigh bunaithe ar ghnáthmhodhanna iomaíochta, a mhéid gur féidir í a scrúdú (béim curtha air seo).


112      Breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2015, Post Danmark (C‑23/14, EU:C:2015:651, míreanna 57 go 61); an 12 Bealtaine 2022, Servizio Elettrico Nazionale agus páirtithe eile (C‑377/20, EU:C:2022:379, míreanna 81 agus 82); agus an 19 Eanáir 2023, Unilever Italia Mkt.Operations (C‑680/20, EU:C:2023:33, míreanna 56 go 58); féach freisin mo Thuairim in Post Danmark (C‑23/14, EU:C:2015:343, míreanna 61, 63 agus 71 go 74).


113      Os a choinne sin, féach breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, (C‑413/14 P, EU:C:2017:632, mír 141).


114      Féach mír 23 et seq. den Fhógra ón gCoimisiún. – Nóta Míniúcháin maidir leis na tosaíochtaí atá ag an gCoimisiúin i gcur i bhfeidhm Airteagal 102 CFAE maidir le cleachtas éagórach eisiatach ag gnóthais cheannasacha (IO 2009 C 45, lch. 7). Féach, chuige sin, mo Thuairim in Post Danmark (C‑23/14, EU:C:2015:343, míreanna 59 agus 60).


115      Breithiúnas an 19 Eanáir 2023, Unilever Italia Mkt. Operations (C-680/20, EU:C:2023:33, mír 59).