Breithiúnas na Cúirte (Deichiú Dlísheomra) an 17 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Piteşti – an Rómáin) – SC Avicarvil Farms SRL v Ministerul Agriculturii şi Dezvoltării Rurale, Agenţia pentru Finanţarea Investiţiilor Rurale, Agenţia de Plăţi şi Intervenţie în Agricultură, Agenţia de Plăţi şi Intervenţie în Agricultură – Centrul Judeţean Vâlcea
(Cás C-443/21) 1
(Tarchur chun réamhrialú – Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) – Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) – Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 – Airteagal 40 – Clár forbartha tuaithe náisiúnta 2007-2013 – Íocaíochtaí leasa ainmhithe – Earráidí ríofa – Laghdú ar íocaíochtaí ó na húdaráis inniúla – Prionsabal maidir le hionchais dhlisteanacha a chosaint – Prionsabal na deimhneachta dlíthiúla)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Curtea de Apel Piteşti
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: SC Avicarvil Farms SRL
Cosantóirí: Ministerul Agriculturii şi Dezvoltării Rurale, Agenţia pentru Finanţarea Investiţiilor Rurale, Agenţia de Plăţi şi Intervenţie în Agricultură, Agenţia de Plăţi şi Intervenţie în Agricultură – Centrul Judeţean Vâlcea
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 40(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 74/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009, maidir le hAirteagal 58(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle, arna léamh in éineacht le hAirteagal 310(5) CFAE, agus maidir leis an bprionsabal maidir le hionchais dhlisteanacha a chosaint agus le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla,
ní mór léiriú a dhéanamh orthu mar seo a leanas:
ní chuirtear bac leo ar udaráis náisiúnta atá páirteach i gcur i bhfeidhm beart tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha, mar gheall ar earráid ríofa a d’aimsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, gníomhartha a ghlacadh lena bhforchuirtear laghdú i méid na cabhrach airgeadais arna ndeonú faoin gclár forbartha tuaithe don Rómáin ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) don tréimhse chlársceidealaithe 2007-2013, mar a d’fhormheas an Coimisiún Eorpach, gan a bheith ag fanacht ar an gCoimisiún chun cinneadh a ghlacadh lena ndéanfar na suimeanna a tháinig ón earráid ríofa sin a fhágáil amach ó mhaoiniú an Aontais.
____________
1 IO C 452, 8.11.2021.