Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 16 Meán Fómhair ag Tigran Khudaverdyan i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 6 Meán Fómhair 2023 i gCás T-335/22

(Cás C-704/23 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Tigran Khudaverdyan (ionadaithe: F. Bélot agus T. Bontinck, Dlíodóirí, agus M. Brésart, avocate)

Páirtí eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t- achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais

breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh (an Chéad Dlísheomra) an 6 Meán Fómhair, T-335/22 a chur ar ceal, lena n-áirítear sa mhéid gur ordaigh sí don achomharcóir a chostais féin chomh maith le costais na Comhairle a íoc;

substaint an cháis a chinneadh agus na cinntí atá faoi chonspóid a chur ar neamhní sa mhéid go gcláraíonn siad agus go gcoinníonn siad an t-achomharcóir ar na liostaí a ghabhann leis na gníomhartha sin:

Cinneadh (CBES) 2022/429 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 87 I, lch. 44), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 87 I, lch. 1);

Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar na méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1);

Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 75 I, lch. 134) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar na méid sin (IO 2014 L 75 I, lch. 1);

a ordú, ar bhonn Airteagal 268 CFAE, cúiteamh as an dochar morálta a d’fhulaing sé mar gheall ar ghlacadh na ngníomhartha sin;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí:

Measann an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráidí dlí i léiriú agus i gcur i bhfeidhm an chritéir a leagtar amach in Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES maidir le coincheap an phríomhdhuine gnó (i.) agus, chomh maith leis sin, maidir le coincheap na foinse substaintiúla ioncaim don rialtas (ii). Rinne an Chúirt Ghinearálta earráidí dlí freisin ina measúnú ar an nasc idir na cuspóirí arna saothrú ag na bearta sriantacha agus iompar aonair an achomharcóra (iii.).

Measann an t-achomharcóir go raibh míthuiscint ar an gCúirt Ghinearálta maidir lena cumhacht athbhreithnithe trína réasúnaíocht féin agus measúnú a chur in áit na réasúnaíochta a leagtar amach sa ráiteas ar chúiseanna a eascraíonn as na cinntí atá faoi chonspóid arna nglacadh ag an gComhairle.

Measann an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí toisc gur mheas sí go mícheart an argóint os comhair na Cúirte Ghinearálta maidir le sárú ar phrionsabal na comhréireachta sa mhéid go raibh míthuiscint uirthi mar gheall ar chumas na gcinntí atá faoi chonspóid cuspóirí na mbeart sin agus a gcomhréireacht sa chiall dhocht a bhaint amach.

Measann an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina measúnú ar phrionsabal an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe trína measúnú a theorannú d’fhoclaíocht an chritéir a leagtar amach in Airteagal 2(1)(g) den Chinneadh 2014/145/CBES agus gan anailís a dhéanamh ar léirigh nó nár léirigh cur i bhfeidhm an chritéir seo idirdhealú. Ina theannta sin, os rud é go raibh míthuiscint ar an gCúirt Ghinearálta maidir le hacmhainneacht agus comhréireacht sa chiall dhocht na mbeart sriantach (an triú saincheist dlí), maíonn an t-iarratasóir freisin sa cheathrú saincheist dlí go bhfuil earráid dlí i réasúnaíocht na Cúirte Ghinearálta maidir le cearta bunúsacha an iarratasóra agus a thagraíonn don scrúdú ar an gcomhréireacht.

____________