Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 27 Feabhra 2024 – SBK Art v an Chomhairle
(Cás T-102/23 R)
(Imeachtaí eatramhacha – Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha maidir le gníomhaíochtaí a chuireann lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar na nithe sin – Cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo – Iarratas ar bhearta eatramhacha – Easpa práinne)
Teanga an cháis : an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: SBK Art OOO (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: G. Lansky agus P. Goeth, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe : A. Boggio-Tomasaz, Gníomhaire, le cúnamh ó B. Maingain, Dlíodóir)
Idiragraithe ag tacú leis na cosantóirí: Poblacht na Cróite (ionadaí: G. Vidović Mesarek, Gníomhaire), Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: M. K. Bulterman, A. Hanje agus C. S. Schillemans, Gníomhairí), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Carpus Carcea, C. Georgieva agus L. Puccio, Gníomhairí)
Ábhar
Trína iarraidh de bhun Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go háirithe, go bhfionrófar oibriú Chinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 226, lch. 104), chomh maith le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 226, lch. 3), a mhéid a chuireann na gníomhartha sin cosc air a chearta mar gheallsealbhóir de chuid Fortenova Group STAK Stichting a fheidhmiú agus ó vótáil i gcomhthéacs dhíol agus aistriú scaireanna Fortenova Group MidCo BV le Fortenova Group TopCo BV.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.
Forchoimeádtar na costais.
____________