Ordú na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2024 – Mincu Pătrașcu Brâncuși v Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
(Cás T-385/23) 1
(Caingean le haghaidh neamhniú – Cinneadh ó Bhuan-Dhlísheomra Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh cás a thabhairt chun breithiúnais – Airteagal 42(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/1939 – Gníomh nós imeachta Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh – Easpa dlínse)
Teanga an cháis: an Rómáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Constantin Mincu Pătrașcu Brâncuși (Búcairist, an Rómáin) (ionadaithe: A. Şandru agus M.-A. Ion, Dlíodóirí)
Cosantóir : Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (ionadaithe: L. De Matteis, F.-R. Radu agus E. Farhat, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Deichiú Buan-Dhlísheomra d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh an 8 Nollaig 2022, lenar tarchuireadh an cás a bhaineann leis chun breithiúnais, ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ní gá rialú a dhéanamh ar na hiarratais ar idiragairt ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ón gCoimisiún Eorpach, ó Pharlaimint na hEorpa agus ó European Criminal Bar Association (ECBA).
Ordaítear do Constantin Mincu Pătrașcu Brâncuși a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, a íoc, ach amháin na costais a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt.
Ordaítear do Mincu Pătrașcu Brâncuși, an Chomhairle, an Coimisiún, an Pharlaimint agus ECBA a gcostas féin, a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt, a íoc.
____________
1 IO C 321, 11.9.2023.