Language of document : ECLI:EU:C:2023:819

Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

JEAN RICHARD DE LA TOUR

arna tabhairt an 26 Deireadh Fómhair 2023 (1)

Cás C-752/22

EP

v

Maahanmuuttovirasto

[Iarraidh ar réamhrialú ón Korkein hallinto-oikeus (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Fhionlainn]

(Tarchur chun réamhrialú – Beartas inimirce – Treoir 2003/109/CE – Stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad – Coinníollacha cónaithe an chónaitheora fhadtéarmaigh i mBallstát eile – Airteagal 22(3) – Cosaint fheabhsaithe i gcoinne díbeartha – Náisiúnach tríú tír, a bhfuil cónaí fadtéarmach air sa chéad Bhallstát agus atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch Bhallstáit eile – Cinneadh um fhilleadh lena ngabhann toirmeasc náisiúnta ar theacht isteach ar fhorais an bheartais phoiblí agus na slándála poiblí – Treoir 2008/115/CE – Caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais – Airteagal 6(2) – Náisiúnach tríú tír ag a bhfuil cead cónaithe bailí arna eisiúint ag Ballstát eile aige)






I.      Réamhrá

1.        An bhfuil cosaint fheabhsaithe i gcoinne díbeartha ag náisiúnach tríú tír a bhfuil stádas cónaitheora fhadtéarmaigh faighte aige i mBallstát i gcomhréir le Treoir 2003/109/CE (2), i mBallstát eile a bhfuil sé ag taisteal ar a chríoch de shárú ar thoirmeasc ar theacht isteach a forchuireadh air, faoi Airteagal 12 agus Airteagal 22(3) den Treoir sin?

2.        Is é sin go bunúsach an cheist a ardaítear leis an tarchur chun réamhrialú seo.

3.        Tháinig an díospóid seo chun cinn i gcomhthéacs díospóid idir EP, náisiúnach Rúiseach a bhfuil stádas cónaitheora fhadtéarmaigh faighte aige san Eastóin, agus Maahanmuuttovirasto (an Oifig Náisiúnta Inimirce, an Fhionlainn) (“an Oifig”) maidir le dlíthiúlacht an chinnidh é a dhíbirt chuig Cónaidhm na Rúise, agus toirmeasc ar theacht isteach i limistéar Schengen (“an cinneadh atá faoi chonspóid”) a bheith ag gabháil leis, agus é teoranta don chríoch náisiúnta ina dhiaidh sin. Cé gur bhunaigh an Oifig a cinneadh ar na forálacha a leagtar síos le Treoir 2008/115/CE (3), tá amhras ar an Korkein hallinto-oikeus (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Fhionlainn) an raibh sé de cheangal ar an Oifig, ar an taobh eile, na bearta a chur chun feidhme a bhaineann le cosaint fheabhsaithe i gcoinne díbirt dá bhforáiltear in Airteagal 22(3) de Threoir 2003/109 do náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad.

4.        Sa chás seo, tugtar an cheist arís os comhair na Cúirte maidir le cómhaireachtáil, i ndáil leis an náisiúnach tríú tír céanna, toirmeasc ar dhul isteach arna eisiúint ag Ballstát agus cead cónaithe bailí arna eisiúint ag Ballstát eile (4). Sa chás seo, léirítear na deacrachtaí a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar raon feidhme Threoir 2003/109 agus Threoir 2008/115 faoi seach, atá ardaithe ag an gCoimisiún Eorpach, ina theannta sin, i gcomhthéacs a thogra reatha le haghaidh athmhúnlú ar Threoir 2003/109 (5). Is é is aidhm do na tograí ón gCoimisiún maidir leis an ábhar seo comhleanúnachas agus comhlántacht níos fearr a áirithiú idir an dá théacs (6).

5.        Sa Tuairim seo, lena ndíreofar, i gcomhréir le hiarraidh na Cúirte, ar an gcéad cheist a tharchuirtear chun réamhrialú, míneoidh mé cén fáth a measaim nach féidir an ceart cónaithe díorthaithe ón stádas cónaitheora fhadtéarmaigh atá ag náisiúnach tríú tír i mBallstát amháin, agus an chosaint a eascraíonn as sin, a fheidhmiú i mBallstát eile, ach amháin má tá cead cónaithe faighte ag an náisiúnach sin sa dara Ballstát. Bainfidh mé de thátal as m’anailís nach mór Airteagal 22(3) de Threoir 2003/109 a léiriú sa chaoi nach rialaítear na coinníollacha faoina nglacfaidh Ballstát cinneadh chun náisiúnach den sórt sin a dhíbirt i gcás inar thaistil an náisiúnach sin chuig a chríoch de shárú ar thoirmeasc ar dhul isteach arna fhorchur air ar fhorais an bheartais phoiblí agus na slándála poiblí leis.

II.    An dlí lena mbaineann

A.      Dlí an Aontais Eorpaigh

1.      Treoir 2003/109

6.        Foráiltear le hAirteagal 1 de Threoir 2003/109, dar teideal “Ábhar”:

“Leis an Treoir seo, cinntear an méid seo a leanas:

a)      na coinníollacha maidir le stádas cónaitheora fhadtéarmaigh arna dheonú ag Ballstát do náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a chríoch a dheonú agus a tharraingt siar, agus

b)      na coinníollacha cónaithe i mBallstáit seachas an Ballstát a dheonaigh stádas fadtéarmach do náisiúnaigh tríú tír a bhfuil an stádas sin acu.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

7.        Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 2(b) go (d) den Treoir sin, dar teideal “Sainmhínithe”:

“Chun críocha na Treorach seo:

[...]

b)      ciallaíonn “cónaitheoir fadtéarmach” aon náisiúnach tríú tír ag a bhfuil stádas cónaithe fadtéarmach dá bhforáiltear faoi Airteagail 4 go 7;

c)      ciallaíonn “an chéad Bhallstát” an Ballstát a dheonaigh stádas cónaithe fadtéarmach do náisiúnach tríú tír den chéad uair;

d)      ciallaíonn “an dara Ballstát” aon Bhallstát seachas an Ballstát a dheonaigh stádas cónaithe fadtéarmach den chéad uair do náisiúnach tríú tír agus ina bhfeidhmíonn an cónaitheoir fadtéarmach sin a cheart cónaithe.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

8.        Foráiltear le hAirteagal 3 den Treoir sin, dar teideal “Raon Feidhme”:

“Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch Bhallstáit.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

9.        Áirítear i gCaibidil II de Threoir 2003/109 Airteagail 4 go 13. Leis an gcaibidil sin, leagtar amach na coinníollacha maidir le stádas cónaitheora fhadtéarmaigh arna dheonú ag Ballstát do náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a chríoch a dheonú agus a tharraingt siar, arb é is cuspóir dó lánpháirtiú na náisiúnach sin a chothú chun comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn i gcomhréir le haithrisí 4 agus 6 den Treoir sin.

10.      Foráiltear le hAirteagal 12 den Treoir sin, dar teideal “Cosaint ar dhíbirt”:

“Ní fhéadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh cónaitheoir fadtéarmach a dhíbirt ach amháin i gcás ina bhfuil sé ina fhíorbhagairt leorthromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil phoiblí.

[...]

3.      Sula ndéanfar cinneadh cónaitheoir fadtéarmach a dhíbirt, cuirfidh na Ballstáit na cúinsí seo a leanas san áireamh:

a)      tréimhse an chónaithe ina gcríoch;

b)      aois an duine lena mbaineann;

c)      na hiarmhairtí don duine lena mbaineann agus do bhaill dá theaghlaigh;

d)      an nasc leis an tír chónaithe nó easnamh nasc leis an tír thionscnaimh.

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

11.      Áirítear i gCaibidil III de Threoir 2003/109, dar teideal “Cónaí i mBallstáit eile”, Airteagail 14 go 23. Is é is cuspóir dó na coinníollacha a leagan síos maidir le ceart cónaithe náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil stádas cónaitheora fhadtéarmaigh a fheidhmiú i mBallstáit seachas an Ballstát a dheonaigh an stádas sin dó, d’fhonn cur le comhlánú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh mar limistéar ina n-áirithítear saorghluaiseacht gach duine, i gcomhréir le haithris 18 den Treoir sin.

12.      Foráiltear le hAirteagal 14(1) den Treoir sin:

“Gheobhaidh cónaitheoir fadtéarmach an ceart cónaí i gcríoch Ballstát seachas an Ballstát a dheonaigh an stádas cónaithe fhadtéarmaigh le linn tréimhse níos faide ná trí mhí ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa Chaibidil seo.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

13.      In Airteagal 15 den Treoir sin, dar teideal “Coinníollacha cónaithe sa dara Ballstát", foráiltear, sa chéad fhomhír de mhír 1:

“A luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis dó dul isteach ar chríoch an dara Ballstát, cuirfidh an cónaitheoir fadtéarmach iarratas ar chead cónaithe faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit sin.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

14.      Foráiltear le hAirteagal 22 de Threoir 2003/109, dar teideal “Tarraingt siar an cheada cónaithe agus an oibleagáid maidir le hathligean isteach”:

“1. Go dtí go mbeidh stádas cónaitheora fhadtéarmaigh faighte ag an náisiúnach tríú tír, féadfaidh an dara Ballstát a chinneadh an cead cónaitheora tharraingt siar nó a athnuachan a dhiúltú agus iallach a chur ar an duine lena mbaineann agus ar a bhaill teaghlaigh, i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear nósanna imeachta aistrithe, a chríoch a fhágáil sna cásanna seo a leanas:

a)      ar fhorais an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí dá dtagraítear in Airteagal 17;

b)      i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagail 14, 15 agus 16 a thuilleadh;

c)      i gcás nach bhfuil cónaí dleathach ar an náisiúnach tríú tír sa Bhallstát lena mbaineann.

2.      Má ghlacann an dara Ballstát ceann de na bearta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an chéad Bhallstát an cónaitheoir fadtéarmach sin agus a bhaill teaghlaigh a athligean isteach láithreach, gan foirmiúlachtaí agus gan mhoill. Cuirfidh an dara Ballstát an chéad Bhallstát ar an eolas faoina chinneadh.

3.      Fad nach mbeidh stádas cónaitheora fadtéarma deonaithe don chónaitheoir tríú tír agus gan dochar don oibleagáid um athligean isteach dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an dara Ballstát cinneadh a ghlacadh é a dhíbirt ó chríoch an Aontais [Eorpaigh], i gcomhréir le hAirteagal 12 agus leis na ráthaíochtaí dá bhforáiltear ann, ar fhorais thromchúiseacha an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí.

Sna cásanna sin, rachaidh an dara Ballstát i gcomhairle leis an gcéad Bhallstát agus an cinneadh sin á ghlacadh aige.

Nuair a ghlacfaidh an dara Ballstát cinneadh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a dhíbirt, déanfaidh sé gach beart iomchuí chun é a chur chun feidhme go héifeachtach. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an dara Ballstát faisnéis iomchuí ar fáil don chéad Bhallstát maidir le cur chun feidhme an chinnidh díbeartha.

[...]

4.      Ní fhéadfaidh toirmeasc ar bhuanchónaí a bheith ag gabháil le cinntí díbeartha sna cásanna dá dtagraítear i mír 1(b) agus (c).

5.      Beidh an oibleagáid maidir le hathligean isteach dá dtagraítear i mír 2 gan dochar don fhéidearthacht go n-aistreoidh an cónaitheoir fadtéarmach agus a bhaill teaghlaigh chuig an tríú Ballstát.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

2.      Treoir 2008/115

15.      Foráiltear le hAirteagal 3 de Threoir 2008/115:

“Chun críocha na Treorach seo:

[...]

2)      ciallaíonn ‘láithreacht neamhdhleathach’ láithreacht i gcríoch Bhallstáit náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleamh, na coinníollacha teacht isteach atá leagtha amach in Airteagal 5 de [Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 (7)], nó coinníollacha eile a bhaineann le teacht isteach, fanacht nó cónaí sa Bhallstát sin;

3)      ciallaíonn ‘filleadh’ an próiseas ina dtéann náisiúnach tríú tír ar ais – bíodh sé dá dheoin féin chun oibleagáid um fhilleadh a chomhlíonadh, nó go héigeantach – chuig:

–        a thír thionscnaimh, nó

–        tír idirthurais i gcomhréir le comhaontuithe Comhphobail nó déthaobhacha um athligean isteach nó le socruithe eile, nó

–        tríú tír eile, a bhfuil cinneadh déanta ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann filleadh dá dheoin féin uirthi agus ina nglacfar leis an duine sin;

4)      ciallaíonn ‘cinneadh um fhilleadh’ cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach, ina luaitear nó ina ndearbhaítear fanacht náisiúnaigh tríú tír a bheith neamhdhleathach agus lena bhforchuirtear nó lena luaitear oibleagáid um fhilleadh;

5)      ciallaíonn ‘aistriú’ an oibleagáid maidir le filleadh a fhorfheidhmiú, eadhon trí iompar fisiciúil amach as an mBallstát;

6)      ciallaíonn ‘toirmeasc ar dhul isteach’ cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach lena dtoirmisctear teacht isteach agus fanacht ar chríoch na mBallstát ar feadh tréimhse shonraithe, a ghabhann le cinneadh um fhilleadh;

[...]

8)      Ciallaíonn ‘imeacht deonach’ chomhlíonadh laistigh den tréimhse a fhorordaítear chun na críche sin sa chinneadh um fhilleadh.

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

16.      Foráiltear le hAirteagal 6 den Treoir sin, a bhaineann le cinntí lena gcuirtear deireadh le fanacht neamhdhleathach:

“1. Eiseoidh na Ballstáit cinneadh um fhilleadh d’aon náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a gcríoch, gan dochar do na heisceachtaí dá dtagraítear i míreanna 2 go 5.

2.      Náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch Bhallstáit agus a bhfuil cead cónaithe bailí nó údarú bailí eile acu lena dtugtar ceart fanachta dóibh, arna eisiúint ag Ballstát eile, ceanglófar orthu dul go críoch an Bhallstáit eile sin láithreach. I gcás nach gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír lena mbaineann an ceanglas seo, nó i gcás inar gá don náisiúnach tríú tír imeacht láithreach ar chúiseanna a bhaineann leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil náisiúnta, beidh feidhm ag mír 1.

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

B.      Dlí na Fionlainne

17.      Chun go ligfear isteach i gcríoch na Fionlainne é, de réir Airteagal 11(1) den ulkomaalaislaki 301/2004 (Dlí maidir le náisiúnaigh eachtracha) an 30 Aibreán 2004, níor cheart náisiúnach eachtrach a bheith faoi réir toirmeasc ar theacht isteach, nó a bheith ina mbagairt don bheartas poiblí ná don tslándáil phoiblí.

18.      Faoi Airteagal 149 den dlí sin, maidir le náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar an gcríoch nó ar diúltaíodh a iarratas ar chead cónaithe agus a bhfuil cead cónaithe bailí nó údarú bailí eile aige lena dtairgtear ceart fanachta arna eisiúint ag Ballstát eile, ceanglaítear air taisteal láithreach chuig críoch an Bhallstáit eile sin. I gcás nach gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír lena mbaineann an ceanglas seo, nó i gcás inar gá don náisiúnach tríú tír imeacht láithreach ar chúiseanna a bhaineann leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil náisiúnta, déanfar cinneadh an duine sin a dhíbirt.

III. Fíorais na bpríomhimeachtaí agus an cheist arna tarchur chun réamhrialú

19.      Tá dhá thréimhse ar leith ag baint leis an gcomhthéacs fíorasach.

20.      Is í an chéad tréimhse ná roimh an 12 Iúil 2019, an dáta ar bhronn Poblacht na hEastóine stádas cónaitheach fadtéarmach don duine lena mbaineann, ar náisiúnach de chuid na Rúise é, a bhfuil pas bailí aige.

21.      Is comhthuiscint é gur thug sé cuairt go minic ar an bhFionlainn le linn na tréimhse sin, áit a raibh sé faoi réir ceithre ordú díbeartha go dtí an Eastóin, dar dáta an 9 Feabhra 2017, an 16 Márta 2017, an 26 Samhain 2018 agus an 8 Iúil 2019, faoi seach. Glacadh na cinntí sin tar éis don duine lena mbaineann cionta iolracha a dhéanamh, eadhon tiomáint ar meisce tromaithe, tiomáint gan ceadúnas tiomána agus, ar deireadh, sárú ar thoirmeasc ar theacht isteach. Tá sé faoi dhrochamhras freisin maidir le tromghoid, chomh maith le falsú agus dearbhú bréagach céannachta. I bhfianaise chineál agus athdhéanamh a ghníomhaíochtaí coiriúla, mheas na húdaráis inniúla náisiúnta gur bagairt é don bheartas poiblí agus don tslándáil phoiblí agus, dá bhrí sin, bhí toirmeasc ar theacht isteach ar chríoch na Fionlainne ag gabháil le trí cinn de na cinntí sin.

22.      Is í an dara tréimhse ná an tréimhse a chomhfhreagraíonn do dheonú stádais cónaitheora fhadtéarmaigh ó Phoblacht na hEastóine don duine lena mbaineann agus don chead cónaithe ar feadh tréimhse cúig bliana a bhí ag gabháil leis, is é sin le rá, ón 12 Iúil 2019 go dtí an 12 Iúil 2024. Dá bhrí sin, deonaíodh an stádas sin cé gur eisigh Stát na Fionlainne toirmeasc bailí ar theacht isteach i gcoinne an duine sin cheana féin (8).

23.      An 19 Samhain 2019, tar éis measúnú foriomlán a dhéanamh ar staid an duine lena mbaineann – mar a leagtar amach sa chomhad náisiúnta os comhair na Cúirte – níor cheadaigh an Oifig dó filleadh go deonach ar an Eastóin agus ghlac sí an cinneadh atá faoi chonspóid (9). Is léir ón ordú tagartha go raibh oibleagáid sa chinneadh atá faoi chonspóid an duine lena mbaineann a dhíbirt chuig a thír thionscnaimh, eadhon Cónaidhm na Rúise, agus go raibh toirmeasc ar theacht isteach do limistéar Schengen ina iomláine ar feadh tréimhse ceithre bliana ag gabháil leis, i bhfianaise na bagartha atá ann don bheartas poiblí agus don tslándáil phoiblí. Glacadh an cinneadh sin ar bhonn Threoir 2008/115, os rud é go raibh an Oifig den tuairim go raibh EP “ag fanacht go neamhdhleathach” ar a chríoch náisiúnta de réir bhrí Airteagal 3(2) den Treoir sin sa mhéid gur thaistil EP go dtí an chríoch sin de shárú ar na toirmisc ar dhul isteach a eisíodh ina choinne roimhe sin. Tugaim le fios cheana nach mór, dar liom, cinneadh den sórt sin a mheas mar “chinneadh um fhilleadh” de réir bhrí Airteagal 3(4) den Treoir sin. I gcomhthéacs na Treorach sin, sainmhínítear an filleadh in Airteagal 3(3) den Treoir sin mar an oibríocht lena gcaithfidh náisiúnach tríú tír taisteal chuig tríú tír, tír idirthurais nó filleadh ar a thír thionscnaimh, is é sin le rá, lasmuigh de chríoch an Aontais Eorpaigh.

24.      Is léir freisin ón gcomhad náisiúnta gur thionscain an Oifig, ar an dáta céanna, an 19 Samhain 2019, an nós imeachta comhairliúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 25(2) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen (10) chun feidhme le Poblacht na hEastóine, sa chomhthéacs sin, d’iarr sí ar an mBallstát sin seasamh a ghlacadh maidir leis an bhféidearthacht an cead cónaithe cónaitheora fhadtéarmaigh a tharraingt siar ón duine lena mbaineann. An 9 Nollaig 2019, thug Poblacht na hEastóine fógra nach dtarraingeofaí sí an cead sin siar. Sna himthosca sin, rinne an Oifig an toirmeasc ar theacht isteach ar fud limistéar Schengen a athrú ina thoirmeasc ar theacht isteach ar bhonn náisiúnta amháin, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 25(2) den Choinbhinsiún sin (11).

25.      Cuireadh díbirt EP chuig Cónaidhm na Rúise chun feidhme an 24 Márta 2020. D’fhill sé ar chríoch na Fionlainne ónar aistríodh go dtí an Eastóin é an 8 Lúnasa 2020 agus an 16 Samhain 2020 faoi seach.

26.      Tar éis don Helsingin hallinto-oikeus (an Chúirt Riaracháin, Heilsincí, an Fhionlainn) a achomharc a thaisceadh i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid a dhíbhe, thug an t-iarratasóir caingean os comhair Korkein hallinto-oikeus (an Chúirt Riaracháin Uachtarach), ag iarraidh an breithiúnas sin a chur ar leataobh.

27.      Ag féachaint do chomhthéacs fíorasach an cháis seo agus go háirithe an stádas mar chónaitheoir fadtéarmach atá ag EP san Eastóin, iarrann an chúirt a rinne an tarchur an raibh sé de cheangal ar an Oifig na bearta a bhaineann le cosaint fheabhsaithe i gcoinne díbeartha a bunaíodh le Treoir 2003/109 a chur chun feidhme chun críche an cinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh.

28.      Ar an gcéad dul síos, measann an chúirt sin go bhfágann Airteagal 3(1) de Threoir 2003/109 nach féidir a chinneadh go soiléir an dtagann cás amhail an cás seo faoi raon feidhme na Treorach sin. Cé go bhfuil fanacht EP san Eastóin dleathach ós rud é go bhfuil sé bunaithe ar a stádas cónaitheora fhadtéarmaigh a d’eisigh an Ballstát sin dó, ar an taobh eile, níl a fhanacht san Fhionlainn dleathach, os rud é nach ndearna sé iarratas ar chead cónaithe de réir Chaibidil III den Treoir sin agus go bhfuil toirmeasc ar dhul isteach i gcríoch an Bhallstáit sin forchurtha air.

29.      Ar an dara dul síos, measann an chúirt sin nach bhfuil forálacha sa Dlí maidir le náisiúnaigh eachtracha lena dtrasuitear go sainráite Airteagal 22(3) de Threoir 2003/109 maidir le náisiúnach tríú tír ar eisigh Ballstát eile cead cónaitheora fhadtéarmaigh dó a aistriú ón bhFionlainn lasmuigh de chríoch an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, tagann an cheist chun cinn an bhfuil Airteagal 12(1) agus (3) agus Airteagal 22(3) den Treoir sin neamhchoinníollach agus sách beacht maidir lena n-inneachar, de réir bhrí chásdlí na Cúirte, ionas go mbeidh náisiúnach tríú tír in ann brath orthu i gcoinne Ballstáit.

30.      Sna himthosca sin, chinn an Korkein hallinto-oikeus (an Chúirt Riaracháin Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“1) An bhfuil feidhm ag Treoir 2003/109/CE maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad maidir le díbirt duine ó chríoch an Aontais Eorpaigh, ar duine é a tháinig isteach nuair a bhí toirmeasc air teacht isteach i gcríoch Bhallstáit agus a bhí, dá bhrí sin, ina chónaí sa Bhallstát go neamhdhleathach faoin dlí náisiúnta agus nár chuir isteach ar chead cónaithe sa Bhallstát sin, i gcás ina bhfuil cead cónaithe fadtéarmach do náisiúnaigh tríú tíortha eisithe don duine sin i mBallstát eile?

Má thugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist:

2)      Maidir le hAirteagal 12(1) agus (3) agus Airteagal 22(3) de Threoir 2003/109/CE maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad, an bhfuil a n-ábhar neamhchoinníollach agus sách beacht go bhféadfadh náisiúnach tríú tír brath orthu i gcoinne Ballstáit?”

31.      Tá barúlacha i scríbhinn curtha isteach ag Rialtas na Fionlainne agus ag an gCoimisiún.

IV.    Anailís

32.      Lena céad cheist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt Bhreithiúnais, go bunúsach, an bhfuil feidhm ag Airteagal 22(3) de Threoir 2003/109, faoina bhfuil an chosaint fheabhsaithe i gcoinne díbeartha dá bhforáiltear in Airteagal 12 den Treoir sin ag náisiúnach tríú tír ar tairbhí é de stádas cónaitheora fhadtéarmaigh sa chéad Bhallstát, sa dara Ballstát, infheidhme i gcás inar bhog an náisiúnach sin go críoch an dara Ballstát sin de shárú ar thoirmeasc ar dhul isteach a forchuireadh air ar fhorais an bheartais phoiblí agus na slándála poiblí.

33.      Sula gcuirfear tús leis an anailís ar fhoclaíocht na chéad fhomhíre d’Airteagal 22(3) de Threoir 2003/109 agus ar an scéim agus ar chuspóir Chaibidil III den Treoir sin, ar cuid di an tAirteagal sin, is gá, mar réamhphointe, raon feidhme Threoir 2008/115 agus Threoir 2003/109 faoi seach a shoiléiriú.

A.      Raon feidhme Threoir 2008/115 agus Threoir 2003/109 faoi seach

34.      Leanann sé ó theideal agus ó fhoclaíocht Airteagal 1 de Threoir 2008/115 go leagtar síos leis na caighdeáin choiteanna agus na nósanna imeachta coiteanna atá le cur i bhfeidhm ag gach Ballstát chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais.

35.      Is léir ó Airteagal 2(1) den Treoir sin freisin go bhfuil feidhm aici maidir le “náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch Bhallstáit” (12). [Aistriúchán neamhoifigiúil]

36.      In Airteagal 3(2) de Threoir 2008/115, sainmhínítear an coincheap “fanacht neamhdhleathach” mar “láithreacht i gcríoch Bhallstáit náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleamh, na coinníollacha teacht isteach atá leagtha amach in Airteagal 5 de [Rialachán Uimh. 562/2006 (13)] nó coinníollacha eile a bhaineann le teacht isteach, fanacht nó cónaí sa Bhallstát sin”. [Aistriúchán neamhoifigiúil] A mhéid atá náisiúnach tríú tír a théann chuig críoch Bhallstáit de shárú ar thoirmeasc ar dhul isteach arna fhorchur air maidir leis an gcríoch sin, go deimhin, tá sé, de bhua an fhíorais sin amháin, ag fanacht go neamhdhleathach, de réir bhrí Airteagal 3(2) den Treoir sin, agus tagann sé faoi raon feidhme na Treorach sin, i gcomhréir le hAirteagal 2 de (14). Le hAirteagal 6 de Threoir 2008/115 leagtar síos na rialacha agus an nós imeachta is infheidhme maidir leis an “gcinneadh um fhilleadh”, lena gceanglaítear ar an náisiúnach, trí chomhlíonadh deonach nó go héigeantach, filleadh ar a thír thionscnaimh (15). Leagtar síos le hAirteagal 6(2) den Treoir sin forálacha speisialta is infheidhme maidir le náisiúnach tríú tír a bhfuil cead cónaithe bailí nó údarú bailí eile acu lena dtugtar ceart fanachta dóibh, arna eisiúint ag Ballstát eile.

37.      Mar sin féin, is léir ó Airteagal 4(2) de Threoir 2008/115 go bhfuil feidhm ag an Treoir sin “gan dochar d’fhorálacha a thagann faoi raon feidhme acquis an Chomhphobail maidir le hinimirce agus tearmann agus a bheadh níos fabhraí don náisiúnach tríú tír”. [Aistriúchán neamhoifigiúil] Mar a luaigh an Chúirt, níl sé i gceist leis an Treoir sin rialacha na mBallstát maidir le fanacht na n-eachtrannach a chomhchuibhiú ina n-iomláine (16).

38.      I ndáil leis sin, níl aon amhras ann go dtagann na rialacha a leagtar síos le Treoir 2003/109 faoi raon feidhme an acquis sin agus go leagtar síos leo forálacha níos fabhraí do náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad, trí chosaint fheabhsaithe a thabhairt dóibh i gcoinne díbeartha agus nós imeachta um athligean isteach idir na Ballstáit i gcásanna áirithe soghluaisteachta laistigh den Aontas. Mar a thugann an Coimisiún le fios ina Lámhleabhar maidir le Filleadh, is lex specialis í an Treoir sin “nach mór cloí léi go háirithe sna cásanna a chumhdaítear go sainráite leis an Treoir [sin].” (17) [Aistriúchán neamhoifigiúil]

39.      Leagtar raon feidhme Threoir 2003/109 amach in Airteagal 3(1) mar seo a leanas “beidh feidhm [ag an Treoir seo] maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch Bhallstáit.” [Aistriúchán neamhoifigiúil] Fad a bheidh stádas cónaitheora fhadtéarmaigh ag an náisiúnach tríú tír i mBallstát, rud atá fianaithe, thairis sin, leis an gcead cónaithe ábhartha agus nár tarraingíodh siar go foirmiúil an stádas sin, tá cónaí dlíthiúil ar an náisiúnach tríú tír ar chríoch Bhallstáit. Sa chás seo, tagann EP faoi raon feidhme na Treorach sin agus, dá bhrí sin, ní mór go mbeadh sé in ann tairbhe a bhaint as, na cearta a bhaineann lena stádas cónaitheora fhadtéarmaigh a leagtar amach i gCaibidil II den Treoir sin, lena n-áirítear an ceart chun cosaint fheabhsaithe i gcoinne díbeartha dá bhforáiltear in Airteagal 12 de, san Eastóin (18).

40.      Ar an taobh eile, maidir le coinníollacha cónaithe an náisiúnaigh sin i mBallstáit seachas an Ballstát a dheonaigh an stádas sin dó, déantar tagairt do na coinníollacha sin i gCaibidil III de Threoir 2003/109. Ní bhaineann aon cheann de na coinníollacha sin le cás amhail an cás atá i gceist, nach bhfuil ceart cónaithe díorthaithe aige sa Bhallstát a bhfuil sé ag taisteal ar a chríoch, ar náisiúnach tríú tír é a bhfuil cónaí fadtéarmach air sa chéad Bhallstát, de shárú ar thoirmeasc ar dhul isteach a fhorchuirtear air ar fhorais an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí.

41.      Tá an measúnú sin bunaithe ar scrúdú liteartha ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 22(3) de Threoir 2003/109 agus ar anailís shistéamach, chomhthéacsúil agus theileeolaíoch ar an Treoir sin.

B.      Foclaíocht na chéad fhomhíre d’Airteagal 22(3) de Threoir 2003/109

42.      Sa chéad fhomhír d’Airteagal 22(3) de Threoir 2003/109, leagtar síos an prionsabal “[f]ad nach bhfuil stádas cónaitheora fhadtéarmaigh deonaithe don chónaitheoir (19) tríú tír anseo agus gan dochar don oibleagáid um athligean isteach dá dtagraítear i mír 2 (20), féadfaidh an dara Ballstát cinneadh a ghlacadh é a dhíbirt ó chríoch an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 12 agus leis na ráthaíochtaí dá bhforáiltear ann, ar fhorais thromchúiseacha an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí”. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

43.      Ní féidir raon feidhme pearsanta na chéad fhomhíre d’Airteagal 22(3) de Threoir 2003/109 a chinneadh go cruinn os rud é go n-úsáidtear an gcomhcheangal “fad is” sa téarma “fad is nach bhfuil stádas cónaitheora fhadtéarmaigh deonaithe don chónaitheoir tríú tír”. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

44.      Is léir ón bhfoclaíocht sin go bhfuil rún soiléir ag reachtóir an Aontais náisiúnach tríú tír ar tairbhí é de stádas cónaitheora fhadtéarmaigh sa chéad Bhallstát, a fhaigheann an stádas sin sa dara Ballstát, a eisiamh ó raon feidhme na forála sin (21). Mar sin féin, ní fhágann an abairt sin gur féidir an t-am a chinneadh ónar féidir leis an náisiúnach sin tairbhe a bhaint as an gcosaint sin i gcríoch an Bhallstáit eile: an leor é a bheith ina chónaitheoir fadtéarmach sa chéad Bhallstát, beag beann ar fhad agus ar choinníollacha a chónaithe i gcríoch an chéad Bhallstáit sin, nó ar gá dó, ar an taobh eile, iarratas ar chead cónaithe a bheith déanta aige sa dara Ballstát nó a bheith ina thairbhí de?

45.      Sílim nach mór raon feidhme ratione personae den chéad fhomhír d’Airteagal 22(3) den Treoir sin a léiriú sa chaoi sin.

46.      Ar an gcéad dul síos, i dtéacs na forála seo, déanann reachtóir an Aontais tagairt d’oibleagáidí an “dara Ballstát”. Sainmhínítear an coincheap sin in Airteagal 2(d) de Threoir 2003/109, mar “aon Bhallstát seachas an Ballstát a dheonaigh stádas cónaitheora fhadtéarmaigh den chéad uair do náisiúnach tríú tír agus ina bhfeidhmíonn an cónaitheoir fadtéarmach sin a cheart cónaithe.” (22) [Aistriúchán neamhoifigiúil] Léiríonn úsáid na haimsire láithrí (“ina bhfeidhmíonn”) agus ní an modh coinníollach (“ina bhfeidhmeodh”) go gcaithfidh go bhfuil náisiúnach tríú tír ag feidhmiú a cheart cónaithe díorthaithe sa dara Ballstát faoi láthair. Mar is léir ó Airteagal 14(1) agus aithris 21 den Treoir sin, glactar leis, le feidhmiú an chirt cónaithe sin, go gcomhlíonann an náisiúnach sin na coinníollacha a leagtar amach i gCaibidil III den Treoir sin (23).

47.      Ar an dara dul síos, is léir ó fhoclaíocht na chéad fhomhíre d’Airteagal 22(3) de Threoir 2003/109 nach mór “cinneadh chun náisiúnach tríú tír a dhíbirt ó chríoch an Aontais” a ghlacadh “i gcomhréir le hAirteagal 12 [den Treoir sin] agus leis na ráthaíochtaí dá bhforáiltear ann, ar fhorais thromchúiseacha an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí.” [Aistriúchán neamhoifigiúil] Ciallaíonn sé sin nach bhféadfar an náisiúnach sin a dhíbirt ach amháin más fíorbhagairt thromchúiseach go leor don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí é, nach féidir údar a thabhairt leis an gcinneadh díbeartha ar fhorais eacnamaíocha agus go gceanglaítear ar údaráis inniúla an dara Ballstát, tréimhse a chónaithe ar chríoch náisiúnta, a aois, iarmhairtí na díbeartha don pháirtí leasmhar agus do bhaill dá theaghlaigh, agus an nasc leis an tír chónaithe nó easnamh nasc leis an tír thionscnaimh, a chur san áireamh roimh ré (24). Dá bhrí sin, tá deonú an leibhéil cosanta sin atá feabhsaithe go mór ar aistriú bunaithe ar réasúnuithe oibiachtúla atá nasctha le leibhéal comhtháthaithe an chónaitheora fhadtéarmaigh sa chéad Bhallstát lena mbaineann de bhua a stádais mar chónaitheoir fadtéarmach (Airteagal 12 de Threoir 2003/109) agus sa dara Ballstát, i ndáil le feidhmiú an chirt cónaithe díorthaithe a eascraíonn as a stádas (Airteagal 22 den Treoir sin). Ní féidir, dá bhrí sin, údar a thabhairt don chosaint sin i ndáil le náisiúnach tríú tír ar cónaitheoir fadtéarmach é nach bhfuil ceart cónaithe díorthaithe den sórt sin aige sa Bhallstát a bhfuil sé ag taisteal ar a chríoch, ar bhonn toirmeasc ar theacht isteach arna fhorchur air ar fhorais an bheartais phoiblí agus na slándála poiblí.

48.      Tá an léirmhíniú seo i gcomhréir le scéim agus cuspóir na bhforálacha a leagtar amach i gCaibidil III de Threoir 2003/109

C.      Scéim agus cuspóir Chaibidil III de Threoir 2003/109

49.      Mar a léiríonn a theideal, is é is cuspóir do Chaibidil III de Threoir 2003/109 ná na coinníollacha a leagan síos maidir le ceart cónaithe náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil stádas cónaitheora fhadtéarmaigh a fheidhmiú i mBallstáit seachas an Ballstát a dheonaigh an stádas sin dó, d’fhonn cur le comhlánú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh mar limistéar ina n-áirithítear saorghluaiseacht gach duine (25). Foráiltear leis do chóras céimnitheach maidir le ceart an náisiúnaigh sin sna Ballstáit eile, a bhféadfadh ceart buanchónaithe a bheith mar thoradh air tríd an stádas sin a dheonú i gceann de na Stáit sin.

50.      Maidir leis an gceart chun cónaí ar feadh níos mó ná trí mhí (26) a deonaíodh sa dara Ballstát, is ceart é a dhíorthaítear ón stádas mar chónaitheoir fadtéarmach a fuarthas sa chéad Bhallstát. Dá bhrí sin, is go díreach toisc gur dheonaigh an chéad Bhallstát an stádas sin don duine lena mbaineann faoi Airteagal 4 de Threoir 2003/109 go bhféadfaidh an dara Ballstát an ceart cónaithe díorthaithe sin a dheonú trí chead cónaithe a eisiúint dó, i gcomhréir le hAirteagal 14(1) den Treoir sin (27). Chuige sin, ní mór do chónaitheoirí fadtéarmacha iarratas a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 15 den Treoir sin agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 16 go 19 den Treoir sin a chomhlíonadh. I measc na gcoinníollacha sin tá an coinníoll nach bhfuil an duine lena mbaineann ina bhagairt don bheartas poiblí ná don tsláinte phoiblí (28). Cé go leagtar amach in Airteagal 20 de Threoir 2003/109 na coimircí nós imeachta nach mór a dheonú do chónaitheoirí fadtéarmacha i gcás ina ndiúltaítear dá n-iarratas ar chead cónaithe, déantar foráil in Airteagal 21 den Treoir sin maidir leis an gcóir nach mór a thabhairt dó sa dara Ballstát sin i gcás ina ndeonaítear an cead sin dó.

51.      Is cuid de na forálacha sin Airteagal 22 de Threoir 2003/109, dar teideal “Tarraingt siar an cheada cónaithe agus an oibleagáid maidir le hathligean isteach.” [Aistriúchán neamhoifigiúil] Deir an Coimisiún, ina thuarascáil ar chur i bhfeidhm na Treorach sin, go leagtar amach san Airteagal sin na coinníollacha faoina bhféadfaidh an dara Ballstát cinneadh díbeartha a ghlacadh i ndáil le cónaitheoir fadtéarmach a bhfuil cead cónaithe aige sa Bhallstát sin ach nach bhfuil an stádas cónaitheora fhadtéarmaigh (29) dá bhforáiltear in Airteagal 23 den Treoir sin faighte aige fós.

52.      Dá bhrí sin, déantar tagairt go soiléir in Airteagal 22 de Threoir 2003/109 do chónaitheoirí fadtéarmacha a chuaigh i mbun fíorphróiseas lánpháirtithe sa dara Ballstát tríd an gceart cónaithe díorthaithe a fhaigheann sé óna stádas a fheidhmiú. Ina theannta sin, is é is cuspóir do mhír 3 den Airteagal sin éifeachtacht an chirt cónaithe sin a áirithiú, lena gceanglaítear ar an dara Ballstát cosaint fheabhsaithe a thabhairt don chónaitheoir sin i gcoinne díbeartha i gcás ina mbeadh sé ina bhagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí, ar an gcaoi chéanna leis an gceann atá aige de bhua a stádais sa chéad Bhallstát.

53.      I gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, níl sé de cheart ag náisiúnach tríú tír ar cónaitheoir fadtéarmach é dul isteach sa Bhallstát lena mbaineann mar gheall ar éifeachtaí dlíthiúla toirmeasc ar theacht isteach a fhorchuirtear air. Ní féidir leis, a fortiori, cead cónaithe díorthaithe a fháil sa Bhallstát sin mar gheall ar an mbagairt a bhaineann leis don bheartas poiblí agus don tslándáil phoiblí, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2003/109. Sna himthosca sin, measaim nach féidir leis tairbhe a bhaint as an leibhéal cosanta sin atá feabhsaithe go mór i gcoinne díbeartha dá bhforáiltear in Airteagal 22(3) den Treoir sin.

54.      Dealraíonn sé dom go bhfuil an léiriú sin i gcomhréir le cuspóir Threoir 2003/109. Mar is léir ó aithrisí 4, 6 agus 12 den Treoir sin, ba cheart stádas cónaitheora fhadtéarmaigh a bheith mar fhíor-ionstraim le haghaidh lánpháirtiú sa tsochaí inar bhunaigh an náisiúnach tríú tír é féin, agus, thairis sin, go bhfuil an lánpháirtiú sin ina phríomhghné chun comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn, ar bunchuspóir de chuid an Aontais Eorpaigh é (30). Ina theannta sin, ba mhaith liom a chur in iúl, i gcomhréir le haithris 18 den Treoir sin, nach mór don cheart cónaithe atá ag cónaitheoirí fadtéarmacha i mBallstát seachas an Ballstát a thug a stádas dóibh rannchuidiú le gnóthú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh mar limistéar ina n-áirithítear saorghluaiseacht gach duine.

55.      Is léir, sa chás atá i gceist sna príomhimeachtaí, nach féidir le deonú stádas cónaitheora fhadtéarmaigh don duine lena mbaineann ag údaráis na hEastóine a ligean dó brath, i leith údaráis na Fionlainne, ar an leibhéal chosanta atá feabhsaithe go mór i gcoinne díbeartha dá bhforáiltear in Airteagal 22(3) den Treoir sin, cé gur thaistil sé go críoch na Fionlainne ag tabhairt neamhaird iomlán ar thoirmeasc ar dhul isteach a forchuireadh air ar fhorais an bheartais phoiblí agus na slándála poiblí agus, dá bhrí sin, nach bhfuil ceart cónaithe aige sa Bhallstát sin.

56.      I bhfianaise na dtosca sin go léir, measaim nach mór Airteagal 22(3) de Threoir 2003/109 a léiriú sa chaoi nach bhfuil sé infheidhme maidir le náisiúnach tríú tír nach bhfuil ceart cónaitheora fhadtéarmaigh aige sa Bhallstát a bhfuil sé ag taisteal ar a chríoch de shárú ar thoirmeasc ar dhul isteach arna fhorchur air ar fhorais an bheartais phoiblí agus na slándála poiblí cé go bhfuil stádas cónaitheora fhadtéarmaigh aige sa chéad Bhallstát.

57.      Tá an náisiúnach sin fós in ann an ceart a fhaigheann sé óna chead cónaithe fadtéarmach a fheidhmiú trí dhul chuig críoch an chéad Bhallstáit ina dhiaidh sin.

58.      Ní mór don Bhallstát a bhfuil an náisiúnach sin ar a chríoch an nós imeachta um fhilleadh a leagtar síos le Treoir 2008/115 a chur i bhfeidhm ansin, agus go háirithe Airteagal 6(2) di.

59.      Ba mhaith liom a chur in iúl gurb é is cuspóir d’Airteagal 6 den Treoir sin na caighdeáin agus an nós imeachta is infheidhme maidir le cinntí um fhilleadh maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch Bhallstáit a bhunú. Baineann Airteagal 6(2) den Treoir sin leis an gcás speisialta ina bhfuil cead cónaithe bailí nó údarú eile arna eisiúint ag Ballstát eile ag an náisiúnach sin lena dtairgtear ceart cónaithe. Faoin bhforáil sin, ní fhéadfaidh an Ballstát a bhfuil an náisiúnach sin ag fanacht go neamhdhleathach ar a chríoch cinneadh um fhilleadh a eisiúint ach amháin i gcás ina ndiúltaíonn an duine lena mbaineann taisteal láithreach chuig an mBallstát a d’eisigh an cead cónaithe nó i gcás inar gá dó a fhágáil láithreach ar fhorais an bheartais phoiblí nó na slándála náisiúnta (31).

V.      Conclúid

60.      I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, molaim don Chúirt Bhreithiúnais na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú ón Korkein hallinto-oikeus (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Fhionlainn) a fhreagairt mar seo a leanas:

Maidir le hAirteagal 22(3) de Threoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003, maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad, arna leasú ag Treoir 2011/51/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

–        níl sé infheidhme maidir le náisiúnach tríú tír nach bhfuil ceart cónaitheora fhadtéarmaigh aige sa Bhallstát a bhfuil sé ag taisteal ar a chríoch de shárú ar thoirmeasc ar dhul isteach arna fhorchur air ar fhorais an bheartais phoiblí agus na slándála poiblí, cé go bhfuil stádas cónaitheora fhadtéarmaigh aige sa chéad Bhallstát.

–        Tá an náisiúnach sin fós in ann an ceart a fhaigheann sé óna chead cónaithe fadtéarmach a fheidhmiú trí dhul chuig críoch an chéad Bhallstáit ina dhiaidh sin.


1      Bunteanga: an Fhraincis.


2      Treoir ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO 2004 L 16, lch. 44), arna leasú ag Treoir 2011/51/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 (IO 2011 L 132, lch. 1) (“Treoir 2003/109”).


3      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais (IO 2008 L 348, lch. 98).


4      Tá an cás seo ar aon dul leis an gcás as ar eascair breithiúnas an 16 Eanáir 2018, E (C-240/17, EU:C:2018:8), a bhfuil a fhíricí cosúil leis an gcás seo, ós rud é go raibh cead cónaithe bailí ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a eisíodh sa Spáinn tráth a d’eisigh údaráis na Fionlainne cinneadh é a fhilleadh chuig a thír thionscnaimh, agus toirmeasc ar theacht isteach i limistéar Schengen ag gabháil leis.


5      Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a tíolacadh an 27 Aibreán 2022 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad [COM(2022) 650 final].


6      Tugann an Coimisiún le fios go háirithe gur cheart go gcuirfí “na caighdeáin choiteanna agus na nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais, ar caighdeáin agus nósanna imeachta iad a tugadh isteach le [Treoir 2008/115/CE]” san áireamh in athmhúnlú Threoir 2003/109 (aithris 21), agus molann sí, dá bhrí sin, tagairt shainráite a dhéanamh don Treoir dheireanach sin, chun go bhféadfaí idirdhealú níos fearr a dhéanamh idir raon feidhme an dá théacs sin.


7      Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha a rialaíonn gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO 2006 L 105, lch. 1). Rinneadh an Rialachán sin a aisghairm agus cuireadh Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO 2016 L 77, lch. 1) ina ionad.


8      Faoi Airteagal 11(4) de Threoir 2008/115, ceanglaíodh ar údaráis na hEastóine dul i gcomhairle le húdaráis na Fionlainne chun a leasanna a chur san áireamh sula ndeonófaí an stádas atá i gceist.


9      I mbreithiúnas an 16 Eanáir 2018, E (C-240/17, EU:C:2018:8, mír 46), chinn an Chúirt, i gcás ina bhfuil náisiúnach tríú tír ag a bhfuil cead cónaithe arna eisiúint ag Ballstát ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch Bhallstáit eile, nach mór cead a thabhairt dó imeacht ón mBallstát a d’eisigh an cead cónaithe seachas é a chur de cheangal air ón tús filleadh ar a thír thionscnaimh, mura rud é, go n-éilítear amhlaidh leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil náisiúnta.


10      Coinbhinsiún an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile, a síníodh in Schengen an 19 Meitheamh 1990 agus a tháinig i bhfeidhm an 26 Márta 1995 (IO 2000 L 239, lch. 19).


11      Féach freisin breithiúnas an 16 Eanáir 2018, E (C-240/17, EU:C:2018:8, mír 58).


12      Cé go leagtar síos na forais ar a bhféadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a eisiamh ó raon feidhme na Treorach sin le hAirteagal 2(2) de Threoir 2008/115, is léir nach n-áirítear sna forais sin seilbh ar chead cónaithe atá bailí i mBallstát eile.


13      Féach fonóta 7 den Tuairim seo.


14      Féach breithiúnas an 7 Meitheamh 2016, Affum (C-47/15, EU:C:2016:408, mír 48).


15      Féach Airteagal 3(3) agus (4) de Threoir 2008/115.


16      Féach breithiúnas an 8 Bealtaine 2018, K.A. agus páirtithe eile (Athaontú teaghlaigh sa Bheilg) (C-82/16, EU:C:2018:308, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).


17      Féach pointe 5.8 den Lámhleabhar maidir le Filleadh, atá i gceangal le Moladh (AE) 2017/2338 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2017 lena mbunaítear lámhleabhar coiteann dar teideal “Lámhleabhar maidir le Filleadh” a bheidh le húsáid ag údaráis inniúla na mBallstát agus cúraimí a bhaineann le filleadh á gcur i gcrích acu (IO 2017 L 339, lch. 83). Mar is léir ó mhír 2 den mholadh sin, is príomhuirlis é an lámhleabhar sin d’údaráis na mBallstát atá inniúil ar chúraimí a dhéanamh a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh.


18      Féach freisin aithris 16 de Threoir 2003/109.


19      Béim curtha leis. Sa leagan Fraincise den fhoráil sin, úsáidtear an fhoclaíocht “résident de pays tiers” [cónaitheoir tríú tír], ach déantar tagairt leis do “ressortissant d’un pays tiers” [náisiúnach tríú tír] in Airteagal 22(1) den Treoir sin. Sna leaganacha teanga eile, úsáidtear an fhoclaíocht chéanna sa dá mhír sin, amhail an leagan Spáinnise (“el nacional de un tercer país”), Gearmáinis (“Drittstaatsangehörige”), Béarla (“the third-country national”), an Iodáilis (“il cittadino di un paese terzo”) agus an tSlóivéinis (“državljan tretje države”).


20      Chuir an Coimisiún in iúl, ina thuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm [Threoir 2003/109] an 28 Meán Fómhair 2011 [COM(2011) 585 final], go ndearna “Treoir [2008/115] difear d’Airteagal 22(2) agus (3), ós rud é, i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin, go gceanglaítear ar náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch Bhallstáit agus a bhfuil cead cónaithe bailí acu arna eisiúint ag Ballstát eile taisteal láithreach chuig críoch an Bhallstáit eile sin. Ní fhéadfaidh na Ballstáit cinneadh um fhilleadh a eisiúint do náisiúnach tríú tír ach amháin mura gcomhlíonann ar an náisiúnach tríú tír an oibleagáid sin” (mír 3.9).


21      Baineann an náisiúnach sin tairbhe as an gcosaint a eascraíonn as stádas cónaitheora fhadtéarmaigh, dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Threoir 2003/109.


22      Béim curtha leis.


23      Féach mo Thuairim i gCásanna Uamtha Stadt Frankfurt am Main agus Stadt Offenbach am Main (Athnuachan ar chead cónaithe sa dara Ballstát) (C-829/21 agus C-129/22, EU:C:2023:244, míreanna 40 agus 41), agus breithiúnas an 29 Meitheamh 2023, Stadt Frankfurt am Main agus Stadt Offenbach am Main (Athnuachan ar chead cónaithe sa dara Ballstát) (C-829/21 agus C-129/22, EU:C:2023:525, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).


24      Féach breithiúnas an 9 Feabhra 2023, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid agus páirtithe eile (Tarraingt siar ceart cónaithe oibrí Turcach) (C-402/21, EU:C:2023:77, mír 71 agus an cásdlí dá dtagraítear).


25      Féach aithris 18 den Treoir sin.


26      Féach Airteagal 14(1) de Threoir 2003/109.


27      Féach mo Thuairim i gCásanna Uamtha Stadt Frankfurt am Main agus Stadt Offenbach am Main (Athnuachan ar chead cónaithe sa dara Ballstát) (C-829/21 agus C-129/22, EU:C:2023:244, míreanna 40 agus 41), agus breithiúnas an 29 Meitheamh 2023, Stadt Frankfurt am Main agus Stadt Offenbach am Main (Athnuachan ar chead cónaithe sa dara Ballstát) (C-829/21 agus C-129/22, EU:C:2023:525, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).


28      Mar a thugann reachtóir an Aontais Eorpaigh le fios in aithris 21 de Threoir 2003/109, ní mór don Bhallstát ina mbeartaíonn an cónaitheoir fadtéarmach a cheart cónaithe a fheidhmiú a bheith in ann a fhíorú go gcomhlíonann an duine sin na coinníollacha a leagtar síos maidir le cónaí ar a chríoch agus nach bhfuil sé ina bhagairt láithreach ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil inmheánach ná ar an tsláinte phoiblí.


29      Féach an tuarascáil a luaitear i bhfonóta 20 den Tuairim seo, mír 3.9.


30      Is léir ó aithris 22 de Threoir 2003/109 go bhfuil sé d’fhonn éifeachtacht an chirt chónaithe dhíorthaithe sin a áirithiú go bhfuil reachtóir an Aontais Eorpaigh ag iarraidh ar an dara Ballstát an chóir chéanna a thugtar do chónaitheoir fadtéarmach sa chéad Bhallstát a ráthú. Féach freisin breithiúnas an 4 Meitheamh 2015, P agus S, (C-579/13, EU:C:2015:369, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).


31      Féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Eanáir 2018, E (C-240/17, EU:C:2018:8, mír 45), agus ordú an 26 Aibreán 2023, Migrationsverket (C-629/22, EU:C:2023:365, míreanna 20, 22 agus 33, agus an cásdlí dá dtagraítear).