Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Eanáir 2024 – Meta Platforms Ireland v EDPB

(Cás T-8/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Meta Platforms Ireland Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaí: H. G. Kamann, F. Louis, M. Braun, A. Vallery, Dlíodóirí, D. McGrath, E. Egan McGrath, SC, S. Horan, H. Godfrey, Abhcóidí, P. Nolan, B. Johnston, L. Joyce agus D. Breatnach, Aturnaetha)

Cosantóir: an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh EDPB ‘Cinneadh Ceangailteach Práinneach 01/2023 arna hiarraidh ag SA de chuid na hIorua lena n-ordaítear bearta críochnaitheacha maidir le Meta Platforms Ireland Ltd (Airteagal 66(2) RGCS 1 )’ arna glacadh an 27 Deireadh Fómhair 2023 a chur ar neamhní, ina iomláine nó, mar mhalairt air sin, na codanna ábhartha de; agus

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear le hAirteagal 66(2) de RGCS an smacht reachta, Airteagail 41 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt), agus Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) agus, mar sin, tá sé neamhdhleathach agus neamhbhailí.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh EDBP a inniúlacht faoi Airteagal 66 de RGCS.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh EDBP an ceart chun dea-riaracháin a chumhdaítear in Airteagal 41 den Chairt.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur chuir an EDBP critéir mhíchearta san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aici an féidir léi cinneadh ceangailteach práinneach a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66(2) de RGCS.

____________

1 Rialachán (AE) 2016/679 an 27 Aibreán 2016 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO 2016 L 119, lch. 1).