Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Islentyeva v an Chomhairle

(Cás T-233/22) 1

(Caingean le haghaidh neamhniú – Comhbheartas eachtrach agus slándála –Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine – Toirmeasc ar aon aerárthach nach bhfuil cláraithe sa Rúis atá faoi úinéireacht, cairtfhostaithe nó rialaithe ar shlí eile ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach, eintiteas nó comhlacht Rúiseach, ó thuirlingt, éirí de thalamh nó eitilt thar chríoch an Aontais Eorpaigh – Airteagal 4e de Chinneadh 2014/512/CBES – Easpa dlínse na Cúirte Ginearálta – Airteagal 3d de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 – Easpa locus standi – Neamh-inghlacthacht)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Ekaterina Islentyeva (Strassen, Lucsamburg) (ionadaithe: F. Moyse agus V. Sulea, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: V. Piessevaux agus M.-C. Cadilhac, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J.-F. Brakeland, C. Giolito, K. Simonsson, M. Carpus Carcea agus B. Sasinowska, Gníomhairí)

Ábhar

Trína caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/335 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2022 L 57, lch. 4) a chur ar neamhní agus, ar an dara dul síos, Rialachán (AE) 2022/334 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2022 L 57, lch. 1) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Ekaterina Islentyeva agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a gcostais féin a íoc.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 237, 20.6.2022.