Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Transport Werk v EUIPO – Haus & Grund Deutschland (Haus & Grund)

(Cás T-779/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta neamhbhailíochta – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Haus & Grund – Dearbhfhorais neamhbhailíochta – Cineál tuairisciúil – Saincháilíocht – Airteagal 7(1)(b) agus (c) agus Airteagal 51 (1) (a) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 (Airteagal 7(1)(b) agus (c) anois) agus Airteagal 59(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001))

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Transport Werk GmbH (Offenbach am Main, an Ghearmáin) (ionadaí: D. Donath, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, Gníomhaire)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte: Haus & Grund Deutschland Zentralverband der Deutschen Haus-, Wohnungs- und Grundeigentümer eV (Berlin, an Ghearmáin) (ionadaí: K. Welkerling, Dlíodóir)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 26 Deireadh Fómhair 2022 (Cás R 84/2022-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 26 Deireadh Fómhair 2022 (Cás R-84/2022 5) ar neamhní a mhéid a dhíbh sé an t-achomharc i gcoinne chinneadh an Rannáin Cealúcháin an 29 Samhain 2021 maidir leis an bhfocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Haus & Grund’ maidir le ‘iompróirí sonraí; bogearraí chun foirgnimh, suiteálacha agus trealaimh a fháil, a dhíol, a riaradh, a ligean ar cíos, a thógáil agus a oibriú’, a thagann faoi aicme 9, ‘gnó eastát réadach; tuairimí saineolaithe sna hearnálacha árachais, airgeadais, eastát réadach agus airgeadaíochta’, a thagann faoi aicme 36, agus ‘tuairimí teicniúla saineolaithe; comhairle theicniúil; bogearraí a chruthú chun foirgnimh, suiteálacha agus trealaimh a fháil, a dhíol, a ligean ar cíos, a chur suas, a riaradh agus a oibriú; bogearraí a chruthú chun luach an eastáit réadaigh agus an trealaimh a bhainistiú, a bhrabúsacht, a úsáid, a mhargú agus a chaomhnú’, a thagann faoi réim aicme 42 de réir bhrí shocrú Nice maidir le haicmiú idirnáisiúnta Earraí agus Seirbhísí chun críocha Trádmharcanna a Chlárú, dar dáta 15 Meitheamh, 1957, arna athbhreithniú agus arna leasú.

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 45, 6.2.2023.