Caingean arna tabhairt an 8 Eanáir 2024 – TU agus BY v Parlaimint na hEorpa
(Cás T-10/24)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóirí: TU agus BY (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
cinntí an 9 agus an 28 Márta 2023 a chur ar neamhní;
a ordú don Pharlaimint an tuarascáil ar fhiosrúchán riaracháin a tharchur chuig na hiarratasóirí;
a ordú don Pharlaimint liúntas EUR 20 000 a thabhairt le haghaidh gach iarratasóra;
a ordú don Pharlaimint na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean i gcoinne chinntí an 9 agus an 28 Márta 2023 lenar dhiúltaigh an Coiste Comhairleach maidir le Ciapadh d’iarratas na n-iarratasóirí chun rochtain a fháil ar an tuarascáil ar fhiosrúchán riaracháin a bunaíodh mar gheall ar ghníomhartha ciaptha a rinne Feisire de Pharlaimint na hEorpa orthu mar chuid dá ndualgais mar Chúntóirí Parlaiminteacha Creidiúnaithe, maíonn na hiarratasóirí dhá shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain cúiseanna a lua.
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh, sa chéad áit, Airteagal 24 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, sa dara háit, an dualgas cúnaimh agus, ar deireadh, prionsabal an dea-riaracháin.
____________