Caingean arna tabhairt an 17 Eanáir 2024 – Funline International v EUIPO – MS Trade (JUNGLE JUICE)
(Cás T-26/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Funline International Corp. (Wilmington, Delaware, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: S. Hejdová, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: MS Trade s. r. o. (Prág, Poblacht na Seice)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “JUNGLE JUICE” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 8 630 832
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 19 Deireadh Fómhair 2024 i gCás R 2264/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; nó
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus diúltú don iarratas ar chúlghairm;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 19(1) den Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (an Comhaontú TRIPS).
____________