Caingean arna tabhairt an 12 Aibreán 2024 – Toya Development v EUIPO – Szmidt (TOYA)
(Cás T-199/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Toya Development sp. z o.o. (Kryniczo, an Pholainn) (ionadaí: J. Sikocińska, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Jan Szmidt (Wrocław, an Pholainn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘TOYA’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 17 027 591
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 6 Feabhra 2024 i gCás R 470/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
An cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
A ordú do EUIPO agus don idiragraí iomlán chostais na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________