Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 12 Eanáir 2022 ag KS agus KD i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a fógraíodh an 10 Samhain 2021 i gCás T-771/20, KS agus KD v an Chomhairle agus Daoine Eile

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-29/22 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: KS agus KD (ionadaithe: J. Stojsavljevic-Savic, Solicitor, F. Randolph QC agus P. Koutrakos, Barrister)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t-achomharc a cheadú, an t-ordú faoi achomharc a chur i leataobh agus an faoiseamh atá á lorg os comhair na Cúirte Ginearálta a dheonú;

ina ionad sin, an t-achomharc a cheadú agus an cás a chur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh cinneadh críochnaitheach; agus

ordú a thabhairt do na freagróirí costais an achomhairc seo, na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus na n-imeachtaí os comhair Painéal Athbhreithnithe um Chearta an Duine de EULEX a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Tá an t-achomharc bunaithe ar an bhforas go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a tháinig sí ar an gconclúid nach raibh dlínse aici an chaingean a thionscain na hiarratasóirí atá ag lorg cúitimh as an damáiste a d’fhulaing siad mar thoradh ar shárú na bhfreagróirí ar a gcearta bunúsacha an duine, a éisteacht agus breith a thabhairt ina taobh. Roinntear an foras achomhairc seo ina cheithre chuid.

Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a rinne sí léirmhíniú leathan ar eisiamh an CBES (Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh) a leagtar síos san abairt dheireanach den dara fomhír d’Airteagal 24(1) CAE agus sa chéad mhír d’Airteagal 275 CFAE.

Ar an dara dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a cuireadh breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, Bank Refah Kargaran v an Chomhairle (C-134/19 P, EU:C:2020:793) chun míchríche.

Ar an tríú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a cuireadh breithiúnas an 25 Márta 2021, Carvalho agus Daoine Eile v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C-565/19 P, neamhfhoilsithe, EU:C:2021:252) chun míchríche.

Ar an gceathrú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí mhainneachtain aghaidh a thabhairt ar chodanna ábhartha den éileamh agus gan cúiseanna leordhóthanacha a thabhairt lena cinneadh.

____________