Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Högsta förvaltningsdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an23 Aibreán 2024 – Polismyndigheten v Konkurrensverket

(Cás C-282/24, Polismyndigheten)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Högsta förvaltningsdomstolen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Polismyndigheten

Freagróir: Konkurrensverket

An cheist a tharchuirtear

An féidir le leasú ar shamhail luacha saothair i gcreat-chomhaontú arna dámhadh ar dtús ar bhun chritéir dámhachtana don phraghas is ísle a bhí ar fáil, ina athraítear cothromaíocht idir phraghsanna seasta agus phraghsanna athraitheacha agus choigeartaítear na leibhéil praghsanna sa mhéid nach athraíonn luach iomlán an chonartha níos mó le suim teoranta imeallach, go gciallóidh an méid sin go measfar gur athraítear cineál foriomlán an chreat-chomhaontaithe de réir bhrí Airteagal 72(2) den Treoir maidir le Soláthar Poiblí? 1

____________

1 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94, lch. 65).