Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 28 Feabhra 2024 – J.P. v A.T., J.B., Skarb Państwa – Prezes Sądu Okręgowego w O.

(Cás C-158/24, Rojcki) 1

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Najwyższy

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: J.P.

Cosantóirí: A.T., J.B., Skarb Państwa – Prezes Sądu Okręgowego w O.

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 2 agus Airteagal 6(1) agus 6(3) agus dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt um Cheart Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh le léiriú sa chaoi nach bhfuil éifeacht dlí ag an ngníomh lena socraítear comhdhéanamh an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach), ar nós ordú Uachtarán na Cúirte Uachtaraí lena dtugtar treoir maidir le hobair Dhlísheomra na Cúirte Uachtaraí, i gcás nach cúirt neamhspleách, neamhchlaonta arna bunú roimh ré de réir bhrí dhlí an Aontais Eorpaigh í agus í chomhdhéanta mar sin, go háirithe i bhfianaise an mhéid seo a leanas:

páirt a ghlacadh ina comhdhéanamh coláisteach ag daoine arna gceapadh mar bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí ar bhealach atá ar neamhréir go follasach le forálacha an dlí náisiúnta maidir le breithiúna a cheapadh, mar a cinneadh trí chinntí críochnaitheacha na cúirte uachtaraí náisiúnta, arb iad na daoine sin tromlach chomhdhéanamh na cúirte;

go socraítear comhdhéanamh na cúirte ar an mbealach arna shonrú thuas ag Uachtarán na Cúirte Uachtaraí, a ceapadh sna himthosca céanna mar bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí agus de shárú ar na rialacha maidir le breitheamh Chúirt Uachtarach a cheapadh chun poist Uachtarán na Cúirte Uachtaraí?

____________

1 Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.