Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State (an Ísiltír) a taisceadh an 2 Márta 2022 – S, A, Staatssecretaris van Veiligheid en Justitie; Páirtí eile: Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe

(Cás C-151/22)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Raad van State

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóirí: S, A, Staatssecretaris van Veiligheid en Justitie

Páirtí eile: Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagal 10(1)(e) den Treoir maidir le Cáiliú 1 a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé go bhféadfaidh iarratasóirí nach maíonn ach go bhfuil dearcadh polaitiúil acu agus/nó go gcuireann siad dearcadh dá leithéid in iúl tuairim pholaitiúil a agairt mar chúis le géarleanúint, gan iad tar éis aird dhiúltach de ghníomhaí géarleanúna a mhealladh le linn a gcónaí ina dtír thionscnaimh nó ó bhí siad ina gcónaí sa tír óstach?

Más dearfach an freagra ar Cheist 1, agus is leor mar sin dearcadh polaitiúil chun cáiliú mar thuairim pholaitiúil, cén tábhacht a chaithfear a chur ar neart na tuairime, an smaoinimh nó an dearcaidh pholaitiúil sin agus ar thábhacht na ngníomhaíochtaí a eascraíonn as sin don náisiúnach eachtrach le linn iarratas ar thearmann a scrúdú agus a mheasúnú, is é sin le rá, scrúdú ar a fhírinne is atá eagla líomhnaithe an iarratasóra sin roimh ghéarleanúint

Más diúltach an freagra ar Cheist 1, an é an critéar ansin nach mór a leithéid de thuairim pholaitiúil a bheith fréamhaithe go domhain, agus mura bhfuil, cad é an critéar ábhartha agus conas a chuirfear i bhfeidhm é?

Más é an critéar nach mór don tuairim pholaitiúil a bheith fréamhaithe go domhain, an féidir a bheith ag súil go staonfaidh iarratasóir nach léiríonn go bhfuil tuairim pholaitiúil atá fréamhaithe go domhain aige nó aici ón tuairim pholaitiúil sin a chur in iúl tar éis filleadh ar an tír thionscnaimh, ionas nach spreagfar aird dhiúltach gníomhaí géarleanúna?

____________

1 Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar (IO 2011 L 337, lch.  9).