Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 30 Meán Fómhair 2022 ag Grail LLC i gcoinne Ordú na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra mhéadaithe) a tugadh an 13 Iúil 2022 i gCás T-227/21, Illumina v an Coimisiún

(Cás C-625/22 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Grail LLC (ionadaí: D. Little, Aturnae, J. Ruiz Calzado, J. M. Jiménez Laiglesia, abogados, A. Giraud, avocat, S. Troch, advocaat)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Illumina, Inc., an Coimisiún Eorpach, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Fraince, Ríocht na hÍsiltíre, Údarás Faireacháin CSTE

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–    an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal agus a chur ar neamhní;

Cinneadh C(2021) 2847 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2021 i gCás COMP/M.10188 – Illumina/Grail; Cinntí gaolmhara ón gCoimisiún C(2021) 2848 final, C(2021) 2849 final, C(2021) 2851 final, C(2021) 2854 final agus C(2021) 2855 final an 19 Aibreán 2021; agus an Cinneadh gaolmhara ón gCoimisiún an 11 Márta 2021 inar cuireadh in iúl do Illumina agus GRAIL go bhfuair an Coimisiún iarraidh ar réamhrialú agus go raibh an iarmhairt dhlíthiúil aige, de bhun Airteagal 22(4)§2 go raibh cosc ar Illumina agus ar GRAIL an comhchruinniú a chur chun feidhme de bhun Airteagal 7 de EUMR1 , a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún a chostais féin agus costais an achomharcóra arna dtabhú sna himeachtaí seo agus os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc; agus

aon bhearta eile is cuí leis an gCúirt Bhreithiúnais a dhéanamh.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintíMar thaca leis an gcaingean, maíonn GRAIL an t-iarratasóir trí shaincheist dlí. Dírítear leis an gcéad saincheist dlí ar na hearráidí dlíthiúla a áirítear i léirmhíniú stairiúil, comhthéacsúil agus teileolaíoch an bhreithiúnais atá faoi chonspóid ar Airteagal 22 EUMR, gurb é an tátal a bhaintear as ná go bhféadfaidh na Ballstáit iarraidh ar réamhrialú a dhéanamh faoin bhforáil sin beag beann ar raon feidhme a ndlíthe náisiúnta maidir le rialú cumasc. Dírítear leis an dara saincheist dlí ar na hearráidí dlíthiúla a rinne an Chúirt Ghinearálta ina breithiúnas (i) gan aon iarmhairt dhlíthiúil a bhaint as an gcinneadh ceart gur ghlac an Coimisiún “tréimhse ama míréasúnta” chun an cuireadh a sheoladh chuig na Ballstáit uile maidir leis an gcomhchruinniú a bhaineann le urlámhas aonair a fháil ag Illumina ar GRAIL, agus (ii) sa mheasúnú as a dtagann an conclúid nár sháraigh an Coimisiún ceart cosanta na bPáirtithe le linn an nós imeachta as ar eascair glacadh an chuiridh agus, ar deireadh, Cinneadh C(2021) 2847 ón gCoimisiún. Ar deireadh, dírítear leis an tríú saincheist dlí ar na hearráidí dlíthiúla i measúnú an bhreithiúnais atá faoi chonspóid ar na hionchais dhlisteanacha agus ar an deimhneacht dhlíthiúil a eascraíonn as na dearbhuithe neamhchoinníollacha agus beachta a rinne an Coimisinéir um Iomaíocht/Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin maidir le cathain agus conas a dhéanfaidh an Coimisiún athmheasúnú ar chur i bhfeidhm Airteagal 22 de EUMR.

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO 2004 L 24, lch. 1)