Language of document :

Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2023 – J. García Carrión v EUIPO – Eckes-Granini Group (Cruth buidéil)

(Cás T-1155/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: J. García Carrión, SA (Jumilla, an Spáinn) (ionadaí: J. Mora Cortés, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Eckes-Granini Group GmbH (Nieder-Olm, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc faoi cheist: Trádmharc tríthoiseach (Cruth buidéil) – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 004 504

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 5 Meán Fómhair 2023 i gCás R 239/2023-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus don idiragraí (i gcás ina láithríonn sé agus ina ndéanann sé idirghabháil sa chás seo) na costais a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí os comhair an Rannáin Cúlghairme agus os comhair an Chúigiú Bord Achomhairc de EUIPO.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagal 58(1)(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________