Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2023 – J. García Carrión v EUIPO – Eckes-Granini Group (Cruth buidéil)
(Cás T-1157/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: J. García Carrión, SA (Jumilla, an Spáinn) (ionadaí: J. Mora Cortés, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Eckes Granini Group GmbH (Nieder-Olm, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc faoi cheist: Trádmharc tríthoiseach (Cruth buidéil) – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 177 417
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 22 Lúnasa 2023 i gCás R 2485/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO agus don idiragraí (i gcás ina láithríonn sé agus ina ndéanann sé idirghabháil sa chás seo) na costais a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí os comhair an Rannáin Cúlghairme agus os comhair an Chúigiú Bord Achomhairc de EUIPO.
Saincheist dlí
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________