Language of document : ECLI:EU:C:2024:371

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

30 Aibreán 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Sonraí pearsanta a phróiseáil san earnáil cumarsáide leictreonaí – Rúndacht na cumarsáide – Soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí – Treoir 2002/58/CE – Airteagal 15(1) – Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Rochtain ar shonraí arna n-iarraidh ag údarás náisiúnta inniúil chun gadaíocht le himthosca géaraitheacha a ionchúiseamh – Sainmhíniú ar ‘choir thromchúiseach’ a bhféadfadh a ionchúiseamh a bheith ina údar le cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha – Inniúlacht na mBallstát – Prionsabal na comhréireachta – Raon feidhme réamh-athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar iarrataí ar rochtain ar shonraí arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí)

I gCás C-178/22,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Giudice delle indagini preliminari presso il Tribunale di Bolzano (breitheamh imscrúdaithe na Cúirte Dúiche, Bolzano, an Iodáil), trí bhreith an 20 Feabhra 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 8 Márta 2022, sna himeachtaí cóiriúla i gcoinne

Daoine aonair anaithnide

Tríú páirtí:

Procura della Repubblica presso il Tribunale di Bolzano,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe, T. von Danwitz agus Z. Csehi, Uachtaráin Dlísheomra, J.-C. Bonichot, S. Rodin, P. G. Xuereb (Rapóirtéir), D. Gratsias, M. L. Arastey Sahún agus M. Gavalec, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. M. Collins,

Cláraitheoir: C. Di Bella, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 21 Márta 2023,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        la Procura della Repubblica presso il Tribunale di Bolzano, ag F. Iovene, sostituto procuratore della Repubblica,

–        Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó S. Faraci, avvocato dello Stato,

–        Rialtas na Seice, ag A. Edelmannová, O. Serdula, M. Smolek, T. Suchá agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hEastóine, ag M. Kriisa, i gcáil Gníomhaire,

–        Éire, ag M. Browne, Príomh-Aturnae Stáit, A. Joyce agus M. Tierney, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó D. Fennelly, BL,

–        Rialtas na Fraince, ag A. Daniel, A.-L. Desjonquères, B. Fodda agus J. Illouz, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Cipire, ag E. Neophytou, i gcáil Gníomhaire,

–        Rialtas na hUngáire, ag Zs. Biró-Tóth agus M. Z. Fehér, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman, A. Hanje agus J. Langer, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hOstaire, ag A. Posch, J. Schmoll, C. Gabauer, K. Ibili agus E. Samoilova, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, D. Lutostańska agus J. Sawicka, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag S. L. Kalėda, H. Kranenborg, L. Malferrari agus F. Wilman, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 8 Meitheamh 2023,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37), arna leasú ag Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 (IO 2009 L 337, lch. 11) (‘Treoir 2002/58’), arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

2        Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs tarchur ón Procura della Repubblica presso il Tribunale di Bolzano (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí ag Cúirt Dúiche, Bolzano, an Iodáil) (‘an tIonchúisitheoir Poiblí’) chuig an Giudice delle indagini preliminari presso il Tribunale di Bolzano (breitheamh imscrúdaithe na Cúirte Dúiche, Bolzano, an Iodáil) ag lorg údarú uaidh chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun déantóirí an dá ghadaíocht fón póca le himthosca géaraitheacha a shainaithint.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Treoir 2002/58

3        Leagtar an méid seo a leanas amach in aithrisí 2 agus 11 de Threoir 2002/58:

‘(2)      Leis an Treoir seo, féachtar leis na cearta bunúsacha a urramú agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe [sa Chairt]. Go háirithe, leis an Treoir seo féachtar le hurraim iomlán do na cearta atá leagtha amach in Airteagail 7 agus 8 [den Chairt] a áirithiú.

[...]

(11)      Amhail Treoir 95/46/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31)], ní thugtar aghaidh ar shaincheisteanna maidir le cosaint ceart agus saoirsí bunúsacha a bhaineann le gníomhaíochtaí nach rialaítear faoi dhlí an Chomhphobail leis an Treoir seo. Dá bhrí sin, ní athraítear an chothromaíocht reatha léi, idir ceart an duine aonair chun an saol príobháideach agus an fhéidearthacht do na Ballstáit na bearta dá dtagraítear in Airteagal 15(1) den Treoir seo a dhéanamh, bearta atá riachtanach maidir leis an tslándáil phoiblí, an chosaint, slándáil an Stáit (lena n‑áirítear rathúnas eacnamaíoch an Stáit nuair a bhaineann na gníomhaíochtaí le hábhair slándála an Stáit) agus forfheidhmiú an dlí choiriúil a chosaint. Dá bharr sin, ní dhéantar difear leis an Treoir seo do chumas na mBallstát idircheapadh dleathach a dhéanamh ar chumarsáid leictreonach ná dá gcumas bearta eile a dhéanamh más gá chun na gcríoch thuasluaite sin, i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint [arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950], arna léiriú ag na rialuithe ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine. Ní mór bearta den sórt sin a bheith cuí, go hiomlán comhréireach leis an gcuspóir a shaothraítear agus riachtanach mar chuid de shochaí dhaonlathach. Ba cheart go mbeidís faoi réir cosaintí leordhóthanacha i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4        De réir Airteagal 2 den Treoir sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Mura bhforáiltear dá mhalairt, beidh feidhm ag na sainmhínithe i dTreoir [95/46] agus i dTreoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialúcháin i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (‘Creat‑Treoir’) [(IO 2002 L 108, lch. 33),] chun críocha na Treorach seo.

Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas chomh maith:

a) ciallaíonn “úsáideoir” aon duine nádúrtha a úsáideann seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, chun críoch príobháideach nó gnó, gan gá a bheith suibscríofa don tseirbhís sin;

b) ciallaíonn “sonraí tráchta” aon sonraí a dhéantar a phróiseáil chun cumarsáid a iompar ar líonraí cumarsáide leictreonaí nó chun críoch billeála;

c) ciallaíonn “sonraí suímh” aon sonraí a dhéantar a phróiseáil i líonra cumarsáide leictreonaí, nó a phróiseálann seirbhís cumarsáide leictreonaí, a léiríonn suíomh geografach an trealaimh teirminéil d’úsáideoir seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí;

d) ciallaíonn “cumarsáid” aon fhaisnéis a dhéantar a mhalartú nó a iompar idir líon teoranta páirtithe trí mheán seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí. Ní áirítear air sin aon fhaisnéis a dhéantar a iompar mar chuid de sheirbhís craolacháin don phobal thar líonraí cumarsáide leictreonaí seachas a mhéid is féidir an fhaisnéis sin a cheangal leis an síntiúsóir nó úsáideoir aonair a fhaigheann an fhaisnéis;

[...]’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Foráiltear le hAirteagal 5 den Treoir sin, dar teideal ‘Rúndacht na cumarsáide’:

‘1.      Áiritheoidh na Ballstáit rúndacht na cumarsáide agus na sonraí tráchta gaolmhara trí mheán líonra cumarsáide poiblí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, le reachtaíocht náisiúnta. Cuirfidh siad toirmeasc go háirithe ar éisteacht, ar chúléisteacht, ar stóráil nó ar chineálacha eile idircheaptha nó faireachais ar chumarsáid agus na sonraí tráchta gaolmhara ag daoine seachas na húsáideoirí, gan toiliú ó na húsáideoirí lena mbaineann, ach amháin nuair a údaraítear amhlaidh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15(1). Ní chuirfidh an mhír seo cosc ar stóráil theicniúil atá riachtanach chun cumarsáid a iompar gan dochar do phrionsabal na rúndachta.

[...]

3.      Áiritheoidh na Ballstáit nach gceadófar stóráil faisnéise, nó rochtain ar fhaisnéis atá stóráilte cheana, i dtrealamh teirminéil an úsáideora ach amháin ar choinníoll go bhfuil toiliú tugtha ag an síntiúsóir nó an úsáideoir tar éis dó faisnéis shoiléir, chuimsitheach, i gcomhréir le Treoir [95/46], a fháil inter alia faoi chuspóirí na próiseála. Ní chuirfí cosc leis sin ar stóráil nó ar rochtain theicniúil chun tarchur cumarsáide a dhéanamh nó a éascú thar líonraí cumarsáide leictreonaí, nó de réir mar is gá d’fhonn seirbhís na sochaí faisnéise arna hiarraidh go sainráite ag an síntiúsóir nó ag an úsáideoir a sholáthar, agus ar an mbonn sin amháin.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Foráiltear le hAirteagal 6 den Treoir chéanna, dar teideal ‘Sonraí tráchta’:

‘1.      Ní mór sonraí tráchta a bhaineann le rannpháirtithe agus úsáideoirí arna bpróiseáil agus arna stóráil ag soláthraí líonra cumarsáide poiblí nó seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a scriosadh nó a dhéanamh anaithnid nuair nach bhfuil gá a thuilleadh leo chun cumarsáid a tharchur gan dochar do mhíreanna 2, 3 agus 5 den Airteagal seo agus d’Airteagal 15(1).

2.      Féadfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí tráchta atá riachtanach chun críoch billeála nó íocaíochtaí idirnaisc ón síntiúsóir. Ceadaítear próiseáil den chineál sin go dtí deireadh na tréimhse lena linn ar féidir agóid a dhéanamh i gcoinne an bhille nó íocaíocht a shaothrú lena linn.

3.      D’fhonn seirbhísí cumarsáide leictreonaí a mhargú nó seirbhísí breisluacha a sholáthar, féadfaidh soláthraí seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil a mhéid is gá do sheirbhísí nó margú den chineál sin agus ar feadh na tréimhse sin, má tá toiliú tugtha ag an síntiúsóir nó ag an úsáideoir lena mbaineann na sonraí. Tabharfar an deis d'úsáideoirí nó do shíntiúsóirí a dtoiliú chun sonraí a próiseáil a tharraingt siar aon am.

[...]

5.      I gcomhréir le míreanna 1, 2, 3 agus 4, ní mór próiseáil sonraí tráchta a theorannú do dhaoine a ghníomhaíonn faoi údarás sholáthraithe na ngréasán cumarsáide poiblí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a láimhseálann billeáil nó bainistíocht tráchta, fiosrúcháin ó chustaiméirí, brath calaoise, seirbhísí cumarsáide leictreonaí a mhargú nó seirbhís breisluacha a sholáthar, agus ní mór iad a theorannú a mhéad is gá chun críoch gníomhaíochtaí den sórt sin.

[...]’ ‘
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        Foráiltear le hAirteagal 9(1) de Threoir 2002/58, dar teideal ‘Sonraí suímh seachas sonraí tráchta’:

‘I gcás inar féidir sonraí suímh seachas sonraí tráchta, a bhaineann le húsáideoirí nó le rannpháirtithe líonraí cumarsáide poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, a phróiseáil, ní fhéadfar sonraí den sórt sin a phróiseáil ach amháin nuair a dhéantar anaithnid iad, nó le toiliú na n-úsáideoirí nó na rannpháirtithe a mhéad agus don tréimhse is gá chun seirbhís breisluacha a sholáthar. Ní mór don soláthraí seirbhíse na húsáideoirí nó na rannpháirtithe a chur ar an eolas, roimh a dtoiliú a fháil, maidir leis an gcineál sonraí suímh seachas sonraí tráchta a phróiseálfar, maidir le críocha agus tréimhse ama na próiseála agus bunaithe ar an gceist an dtarchuirfear na sonraí chuig tríú páirtí chun an tseirbhís breisluacha a sholáthar. [...]’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8        Foráiltear le hAirteagal 15(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Forálacha áirithe i dTreoir [95/46] a chur i bhfeidhm’:

‘Féadfaidh na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh chun raon feidhme na gceart agus na n‑oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 5 agus 6, in Airteagal 8(1), (2), (3) agus (4) agus in Airteagal 9 den Treoir seo a shrianadh nuair is beart riachtanach, iomchuí, comhréireach é srianadh den chineál sin laistigh de shochaí dhaonlathach chun an tslándáil náisiúnta (i.e. slándáil an Stáit), an chosaint agus an tslándáil phoiblí a shlánchoimeád nó chun cionta coiriúla nó úsáid neamhúdaraithe an chórais cumarsáide leictreonaí, dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Threoir [95/46], a chosc, a fhiosrú, a bhrath agus a ionchúiseamh. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit, inter alia, bearta reachtacha a ghlacadh ina bhforáiltear do shonraí a choinneáil ar feadh tréimhse shrianta le bonn cirt ar na forais a leagtar síos sa mhír seo. Beidh gach beart dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, lena n‑áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na hIodáile

 Foraithne Reachtach Uimh. 196/2003

9        Foráiltear don mhéid seo a leanas le mír 3 d’Airteagal 132 de Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 – Codice in materia di protezione dei dati personali, recante disposizioni per l’adeguamento dell’ordinamento nazionale al regolamento (UE) n. 2016/679 del Parlamento europeo e del Consiglio, del 27 aprile 2016, relativo alla protezione delle persone fisiche con riguardo al trattamento dei dati personali, nonché alla libera circolazione di tali dati e che abroga la direttiva 95/46/CE [Foraithne Reachtach Uimh. 196, lena mbunaítear Cód maidir le Cosaint Sonraí Pearsanta lena n-áirítear forálacha chun an dlí náisiúnta a oiriúnú do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE], an 30 Meitheamh 2003 (gnáthfhorlíonadh le GURI Uimh. 174, an 29 Iúil 2003), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘Foraithne Reachtach Uimh. 196/2003’):

‘Laistigh den tréimhse choinneála arna leagan síos le dlí, má tá fianaise leordhóthanach ann go ndearnadh cion dá bhforáiltear pionós príosúnachta saoil nó uastéarma príosúnachta trí bliana ar a laghad le dlí, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4 den [codice di procedura penale (Cód um an Nós Imeachta Coiriúil)], nó cion i leith daoine a bhagairt agus a chiapadh nó i leith suaitheadh a chur ar dhaoine trí theileafóin, i gcás ina bhfuil an bhagairt, an ciapadh agus an suaitheadh tromchúiseach, féadfar na sonraí a fháil, i gcás inarb ábhartha é chun na fíorais a shuíomh, le réamhúdarú na cúirte, le hordú réasúnaithe, arna iarraidh sin don Ionchúisitheoir Poiblí nó le hiarraidh ó ionadaí dlíthiúil an chúisí, ón duine atá faoi imscrúdú, ón duine díobhálaithe agus aon pháirtí príobháideach eile.’

10      Foráiltear mar seo a leanas le mír 3 bis d’Airteagal 132:

‘I gcásanna práinneacha, ina meastar go réasúnta go ndéanfadh moill díobháil thromchúiseach ar an imscrúdú, ordóidh an tIonchúisitheoir Poiblí na sonraí a fháil trí ordú réasúnaithe, arna cur in iúl láithreach agus in aon chás laistigh de 48 n-uair, don bhreitheamh ábhartha ag lorg údarú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta. Sna 48 n-uair i ndiadh an ordaithe, rialóidh an breitheamh ar bhailíocht an ordaithe trí ordú réasúnaithe a eisiúint.’

11      Ar deireadh, de réir mhír 3 quater d’Airteagal 132, ‘ní fhéadfar aon úsáid a bhaint as sonraí a gheofar de shárú ar fhorálacha mhír 3 nó mhír 3 bis.’

 An Cód Coiriúil

12      Foráiltear le hAirteagal 624 den codice penale (Cód Coiriúil), dar teideal ‘Gadaíocht’:

‘Cuirfear téarma príosúnachta sé mhí go trí bliana agus fíneáil EUR 154 go EUR 516 ar dhuine a ghoideann maoin shochorraithe duine eile tríd í a bhaint dá sealbhóir agus le hintinn brabús a dhéanamh dó féin nó do dhuine eile.

[...]

Cion inphionóis a bheidh ann ar ghearán an pháirtí a ndéantar díobháil dó ach amháin má chomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 7 d’Airteagal 61 agus in Airteagal 625.’

13      Foráiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 625 den Chód Coiriúil, dar teideal ‘Imthosca géaraitheacha’:

‘Tá téarma príosúnachta dhá bhliain go sé bliana agus fíneáil EUR 927 go EUR 1500 ag gabháil leis an gcion dá dtagraítear in Airteagal 624 mar phionós:

[...]

(2)      má úsáideann an té atá ciontach foréigean i leith sócmhainní nó modhanna calaoiseacha ar bith eile;

(3)      má tá airm nó drugaí ar iompar ag an té atá ciontach, gan iad a úsáid;

(4)      má tá peasghadaíocht i gceist;

(5)      más triúr nó níos mó a dhéanann an cion, nó má dhéanann duine amháin, faoi bhréagriocht nó ag ligean air féin gur oifigeach poiblí atá ann nó go bhfuil cumhacht phoiblí á feidhmiú aige a dhéanann an cion;

(6)      má bhaineann an cion le bagáiste taistealaithe i bhfeithicil dá laghad, i stáisiúin traenach, in aerfoirt nó ar chéanna, in óstáin nó i ngach gnólacht ina ndíoltar bia nó deoch;

(7)      má bhaineann an cion le hearraí a fhaightear in oifigí nó i ngnólachtaí poiblí, a choigistítear nó a ghabhtar, nó a nochtar ar chúiseanna riachtanais, traidisiúin nó creidimh phoiblí, nó atá beartaithe don tseirbhís phoiblí nó don fhóntas poiblí, don chosaint nó don ómós;

(7)(a) má bhaineann an cion le páirteanna miotail nó le hábhair eile a bhaintear de bhonneagar atá beartaithe do sholáthar an fhuinnimh, an iompair, teileachumarsáidí nó seirbhísí poiblí eile agus a bhfuil eintitis phoiblí nó phríobháideacha i mbun orthu de réir lamháltas poiblí;

(8)      má bhaineann an cion le trí cinn nó níos mó de bheostoc i dtréad, nó le heallaigh nó le heachaithe, fiú mura bhfuil siad i dtréad;

(8)(a)      má dhéantar an cion ar iompar poiblí;

(8)(b)      má dheantar an cion in aghaidh duine a bhfuil seirbhísí ó fhoras creidmheasa, ó oifig poist nó ó UMB á n-úsáid aige, nó a bhfuil díreach tar éis seirbhísí den chineál sin a úsáid.’

 Cód um an Nós Imeachta Coiriúil

14      Foráiltear le hAirteagal 4 den Chód um an Nós Imeachta Coiriúil, dar teideal ‘Rialacha chun dlínse a chinneadh’:

‘Socraítear dlínse tríd an bpíonós a fhorordaítear le dlí maidir le gach cion a dhéantar nó le gach iarracht ar chion. Ní chuirtear san áireamh leanúint leis an gcion, atarlú an chiona ná imthosca an chiona, seachas imthosca géaraitheacha dá bhforáiltear pionós de chineál éagsúil ná an pionós a fhoráiltear de ghnáth maidir leis an gcion agus imthosca speisialta le dlí.’

15      Foráiltear le mír 2 d’Airteagal 269 den Chód sin:

‘[...] coinnítear na taifeadtaí go dtí go dtugtar breithiúnas críochnaitheach. Mar sin féin, chun an rúndacht a chosaint, is féidir leis na hábhair sonraí – i gcás nach bhfuil na doiciméid riachtanach chun críocha an nóis imeachta – iarraidh ar an mbreitheamh a d’údaraigh nó a bhailíochtaigh an t-idircheapadh na taifeadtaí a scriosadh.’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

16      Tar éis dhá ghearán a fháil maidir le gníomhartha gadaíochta fóin póca a rinneadh an 27 Deireadh Fómhair agus an 20 Samhain 2021 faoi seach, thionscain an tIonchúisitheoir Poiblí, de bhun Airteagail 624 agus 625 den Chód Coiriúil, dhá shraith imeachtaí coiriúla i gcoinne daoine anaithnide mar gheall ar chionta gadaíochta le himthosca géaraitheacha.

17      Chun údair an dá ghadaíocht a shainaithint, rinne an tIonchúisitheoir Poiblí iarratais an 7 Nollaig agus an 30 Nollaig 2021 faoi seach, ar bhonn mhír 3 d’Airteagal 132 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/200, ar an Giudice delle indagini preliminari presso il Tribunale di Bolzano (breitheamh imscrúdaithe na Cúirte Dúiche, Bolzano), an chúirt a rinne an tarchur, ar údarú chun taifid teileafóin a bhaineann le teileafóin ghoidte i seilbh na gcuideachtaí teileafóin go léir a fháil. Bhain na hiarratais sin leis ‘na sonraí go léir [i seilbh na gcuideachtaí teileafóin], le modhanna rianaithe agus logánaithe (go háirithe, úsáideoirí agus cóid ionchasacha [maidir le hAitheantas Trealaimh Mhóibíligh Idirnáisiúnta (IMEI) na sásanna láimhe] glaoite/glaoiteoirí, suíomhanna ar tugadh cuairt orthu/ar sroicheadh, uair agus fad na nglaonna/na nasc agus sonraí na gcodanna den líonra agus/nó na dtúr athchraolta lena mbaineann, úsáideoirí agus IMEInna seoltóirí/glacadóirí SMS agus MMS agus, nuair is féidir, sonraí na sealbhóirí lena mbaineann) comhráite teileafóin isteach agus amach/cumarsáid agus naisc a rinneadh, lena n-áirítear faoi fhánaíocht agus lena n-áirítear iad siúd nár billeáladh (glaonna gan freagra) ó dháta na gadaíochta go dtí an dáta a phróiseáiltear an iarraidh.’

18      Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir le comhoiriúnacht mhír 3 d’Airteagal 132 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 arna léiriú i mbreithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach) (C-746/18, EU:C:2021:152).

19      Meabhraíonn sí, faoi mhír 45 den bhreithiúnas sin, nach bhfuil údar maith le forálacha náisiúnta lena gceadaítear d’údaráis phoiblí rochtain a bheith acu ar thaifid teileafóin, lena n-áirítear tacar sonraí tráchta nó sonraí suímh lenar féidir tátail bheachta maidir le saol príobháideach an úsáideora lena mbaineann a bhaint astu, i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, dá bhforáiltear in Airteagal 52(1) den Chairt, agus tromchúis an chur isteach ar chearta bunúsacha chun príobháideachais, chun sonraí pearsanta a chosaint agus chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, mar a ráthaítear, faoi seach, in Airteagail 7, 8 agus 11 den Chairt, ach amháin má bhaineann na taifid le cionta tromchúiseacha a ionchúiseamh, amhail bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí, is é sin le rá, ar an tslándáil náisiúnta, agus coireacht thromchúiseach eile.

20      I ndáil leis sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, ina breithiúnas dar Uimh. 33116 an 7 Meán Fómhair 2021, gur chinn an Corte suprema di cassazione (an Chúirt Uachtarach, an Iodáil), ag cur corrlach léirmhínithe a bhaineann le bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí nó le coireacht thromchúiseach eile de réir bhrí chásdlí na Cúirte a aithint mar chionta san áireamh, nach raibh na saintréithe riachtanacha ag an gcásdlí sin ionas go bhféadfadh na cúirteanna náisiúnta é a chur i bhfeidhm go díreach. Dá bhrí sin, leasaigh reachtas na hIodáile mír 3 d’Airteagal 132 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003, chun cionta lena bhforchuirtear leis an dlí uastéarma príosúnachta ‘trí bliana ar a laghad’ a aithint mar chionta tromchúiseacha, ar féidir taifid teileafóin a fháil ina leith.

21      Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, más féidir taifid teileafóin a thabhairt do na húdaráis phoiblí i gcásanna ina bhfuil tairseach uastéarma príosúnachta trí bliana ar a laghad, d’fhéadfaí na taifid sin a thabhairt do na húdaráis phoiblí chun cionta atá ina gcúis le suaitheadh sóisialta teoranta agus nach ngearrtar pionós orthu ach amháin de bhun gearán ó dhuine aonair a ionchúiseamh, go háirithe gadaíocht ar luach íseal amhail gadaíocht fóin póca nó rothair.  

22      Dá bhrí sin, sáraíonn an fhoráil náisiúnta atá i gceist prionsabal na comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 52(1) den Chairt, lena bhforáiltear nach mór tromchúis an chiona atá á ionchúiseamh a mheas i gcoinne na gceart bunúsach a bhí le sárú chun é a ionchúiseamh. Leis an bprionsabal sin, cuirtear cosc ar ionchúiseamh ciona, mar shampla gadaíocht, a úsáid mar údar maith le sárú ar na cearta bunúsacha a ráthaítear le hAirteagail 7, 8 agus 11 den Chairt.

23      Míníonn an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil discréid an-teoranta ag cúirteanna na hIodáile diúltú údarú rochtana ar thaifid ghutháin toisc, i gcomhréir leis an bhforáil i gceist, go gcaithfear an t-údarú a dheonú i gcás ina bhfuil ‘fianaise leordhóthanach ann go ndearnadh cionta’ agus ina bhfuil na sonraí arna n-iarraidh ‘ábhartha chun na fíorais a shuíomh’. Níl aon discréid ag na cúirteanna Iodálacha mar sin, chun tromchúis nithiúil an chiona atá faoi imscrúdú a mheas. Bhain reachtas na hIodáile úsáid as an discréid sin go cinnte nuair a shocraigh sé gur ghá údarú a thabhairt chun na sonraí a fháil, inter alia, maidir leis na cionta go léir lena mbaineann uastéarma príosúnachta trí bliana ar a laghad.

24      Sna himthosca sin, chinn an Giudice delle indagini preliminari presso il Tribunale di Bolzano (breitheamh imscrúdaithe na Cúirte Dúiche, Bolzano) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

‘An gcuirtear cosc le hAirteagal 15(1) de Threoir [2002/58] ar fhoráil den dlí náisiúnta amhail an fhoráil atá [i mír 3 d’Airteagal 132 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196 de 2003 ina bhforáiltear]:

“3. Laistigh den tréimhse choinneála arna leagan síos le dlí, má tá fianaise leordhóthanach ann go ndearnadh [cionta dá bhforáiltear pionós príosúnachta saoil nó uastéarma príosúnachta trí bliana ar a laghad le dlí, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4 den Chód um an Nós Imeachta Coiriúil, nó cion i leith daoine a bhagairt agus a chiapadh nó i leith suaitheadh a chur ar dhaoine trí theileafóin, i gcás ina bhfuil an bhagairt nó an suaitheadh tromchúiseach, féadfar na sonraí a fháil, i gcás inarb ábhartha iad chun na fíorais a shuíomh, le réamhúdarú na cúirte, le hordú réasúnaithe, arna iarraidh sin don Ionchúisitheoir Poiblí nó le hiarraidh ó ionadaí dlíthiúil an chúisí, ón duine atá faoi imscrúdú, ón duine díobhálaithe agus aon pháirtí príobháideach eile]”?’

 Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú

25      Áitíonn Rialtas na hIodáile agus Éire nach bhfuil cuid den iarraidh ar réamhrialú inghlactha. Tugann siad faoi deara go ndearna an tIonchúisitheoir Poiblí na hiarrataí maidir le rochtain ar shonraí arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí de bhun mhír 3 d’Airteagal 132 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 chun cionta maidir le gadaíocht fóin póca le himthosca géaraitheacha a ionchúiseamh. Chomh maith leis sin, lena ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt an gcuirtear bac le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 ar fhoráil den dlí náisiúnta lena gceadaítear rochtain ar shonraí arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun cionta a bhaineann le mír 3 d’Airteagal 132 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 amhail na cionta atá i gceist sna príomhimeachtaí, mar shampla, gadaíocht shimplí nó ciapadh tromchúiseach trí theileafóin. Dá bhrí sin, tá an iarraidh ar réamhrialú hipitéiseach a mhéid is go mbaineann sé leis na cionta eile sin.

26      I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, gur don chúirt náisiúnta ar tugadh an díospóid os a comhair agus nach mór freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, an gá atá le réamhrialú ionas go mbeidh sí in ann a breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuirfidh sí faoi bhráid na Cúirte araon a chinneadh. Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh le léiriú dhlí an Aontais, tá an Chúirt faoi cheangal, i bprionsabal, rialú a thabhairt (breithiúnas an 21 Márta 2023, Mercedes-Benz Group (Dliteanas tairgeoirí feithiclí arna bhfeistiú le feistí sáraithe), C-100/21, EU:C:2023:229, mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear).

27      Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ann maidir le ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais Eorpaigh. Ní féidir leis an gCúirt diúltú rialú a thabhairt maidir le ceist arna tarchur ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíorais iarbhír nó cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, gur fadhb de chineál hipitéiseach í nó nach bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 21 Márta 2023, Mercedes-Benz Group (Dliteanas tairgeoirí feithiclí arna bhfeistiú le feistí sáraithe), C-100/21, EU:C:2023:229, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear).

28      Trí mhír 3 d’Airteagal 132 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 a athchruthú ina iomláine, is léir go gcumhdaítear leis an gceist a tharchuirtear chun réamhrialú cionta gadaíochta le himthosca géaraitheacha lena mbaineann na hiarratais ar údarú chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta arna n-áitiú sna príomhimeachtaí, cé nach ndéanann an cheist idirdhealú idir na cineálacha cionta ar a bhfuil feidhm ag an Airteagal sin.

29      Dá bhrí sin, ní cheist hipitéiseach ann agus mar sin, tá an cheist inghlactha.

 Breithniú ar an gceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

30      Mar a áitíonn Rialtas na Fraince ina bharúlacha i scríbhinn, leis an gceist a tharchuir an chúirt a rinne an tarchur, de réir a foclaíochta, iarrtar ar an gCúirt cinneadh a thabhairt ar chomhoiriúnacht mhír 3 d’Airteagal 132 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58.

31      I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, i gcomhthéacs an nóis imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, nach bhfuil aon dlínse ag an gCúirt cinneadh a thabhairt ar léiriú dlíthe nó rialachán náisiúnta nó ar chomhréireacht na bhforálacha sin le dlí an Aontais. Is léir ón gcásdlí socair, i gcomhthéacs tarchur chun réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, nach féidir leis an gCúirt dlí an Aontais a léiriú ach amháin laistigh de theorainneacha na n-inniúlachtaí a thugtar don Aontas (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, Getin Noble Bank (Tréimhse teorann le haghaidh gníomhartha cúitimh), C-28/22, EU:C:2023:992, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear).

32      É sin ráite, is léir ón gcásdlí socair, i gcás ina gcuirtear ceisteanna atá leagtha amach go míchuí nó a dtéann thar raon feidhme na bhfeidhmeanna a thugtar don Chúirt le hAirteagal 267 CFAE, gur faoin gCúirt atá sé, ag féachaint ar an ábhar go léir a sholáthair an chúirt náisiúnta, agus go háirithe an t-ábhar sa ráiteas ar na cúiseanna leis an ordú tarchuir, na heilimintí de dhlí an Aontais is gá a léiriú i bhfianaise ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí a tharraingt amach. Á choimeád sin i gcuimhne di, i gcás inarb iomchuí, tá sé de dhualgas ar an gCúirt Bhreithiúnais na ceisteanna a tharchuirtear chuici a athfhoirmliú (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, Sparkasse Südpfalz, C-206/22, EU:C:2023:984, mír 20 agus an cásdlí dá dtagraítear).

33      Ina theannta sin, d’fhéadfaí a chur ina luí ar an gCúirt forálacha dhlí an Aontais a chur san áireamh nár thagair an chúirt náisiúnta dóibh i bhfoclaíocht a ceiste (breithiúnas an 17 Samhain 2022, Harman International Industries, C-175/21, EU:C:2022:895, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).

34      I bhfianaise an mhéid thuas, ní mór a mheas, go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ag iarraidh, trína ceist, go bunúsach, an gá Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar fhoráil náisiúnta lena gceanglaítear ar an mbreitheamh náisiúnta, arna gníomhú i gcomhthéacs athbhreithniú roimh ré arna dhéanamh tar éis iarraidh réasúnaithe maidir le rochtain ar thacar sonraí tráchta nó sonraí suímh lenar féidir tátail bheachta maidir le saol príobháideach úsáideora modh cumarsáide leictreonaí a bhaint astu, arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, a fháil ó údarás náisiúnta inniúil i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil, an rochtain sin a údarú má bhaineann sé le hionchúiseamh cionta lena mbaineann téarma príosúnachta trí bliana ar a laghad faoin dlí náisiúnta, ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach ann go ndearnadh cionta dá leithéidí agus go bhfuil na sonraí sin riachtanach chun na fíorais a dheimhniú.

35      Ar dtús, ba cheart a mheabhrú, maidir leis na coinníollacha faoina bhfuiltear in ann rochtain ar shonraí tráchta agus ar shonraí suímh arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a thabhairt d’údaráis phoiblí, chun críocha cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, de bhun beart reachtach arna ghlacadh de bhun Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, chinn an Chúirt nach bhféadfar an rochtain sin a dheonú ach amháin a mhéid a choimeádann na soláthraithe sin na sonraí sin i gcomhréir leis an Treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an lae seo, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (Sonraí pearsanta agus an comhrac in aghaidh an ghóchumtha), C-470/21, mír 65 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ina theannta sin, chinn sí go gcuirtear cosc le hAirteagal 15(1), arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 chomh maith le hAirteagal 52(1) den Chairt, ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear, chun na gcríoch sin, mar bheart réamhchúraim, do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí tráchta agus suímh (breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), C-746/18, EU:C:2021:152, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear).

36      Chomh maith leis sin, meabhraítear cásdlí na Cúirte ar dá réir nach dtugann ach cuspóirí maidir leis an gcoireacht thromchúiseach a chomhrac nó le bagairtí tromchúiseacha don tslándáil phoiblí a chosc bonn cirt le cur isteach tromchúiseach ar na cearta bunúsacha dá bhforáiltear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, a leanann as rochtain na n-údarás poiblí ar thacar sonraí tráchta nó suímh, lenar féidir faisnéis a sholáthar maidir le cumarsáid a dhéanann úsáideoir modh cumarsáide leictreonaí nó maidir le suíomh an trealaimh teirminéil a úsáideann sé agus lenar féidir tátail bheachta maidir le saolta príobháideacha na n-ábhar sonraí a bhaint aisti, gan tosca eile a bhaineann le comhréireacht iarrata ar rochtain, amhail fad na tréimhse dá bhfuil rochtain ar na sonraí sin á lorg, agus mar sin go bhféadfadh cuspóir maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh go ginearálta bonn cirt a thabhairt le rochtain den chineál sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), C-746/18, EU:C:2021:152, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).

37      Lena ceist, fiosraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an féidir cur isteach tromchúiseach den chineál sin a údarú maidir le cionta amhail na cionta dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí.

38      Ar an gcéad dul síos, maidir leis an gceist ar chóir rochtain den chineál atá i gceist a aicmiú mar chur isteach tromchúiseach ar na cearta bunúsacha dá ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ní mór a thabhairt faoi deara, chun déantóirí na ngadaíochtaí líomhnaithe a chuir tús leis an díospóid seo a shainaithint, gur iarr an tIonchúisitheoir Poiblí ar an gcúirt a rinne an tarchur, ar bhonn mhír 3 d’Airteagal 132 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003, údarú chun na sonraí go léir atá i seilbh na gcuideachtaí teileafóin a fháil, i ndáil le gach ceann de na fóin phóca lena mbaineann, arna bhfáil trí mhodhanna rianaithe agus logánaithe maidir le comhráite, trí chumarsáid teileafóin agus le naisc a rinneadh leis na teileafóin sin. Bhain na hiarrataí sin, go háirithe, le rannpháirtithe agus cóid IMEI na ngaireas glaoite/glaoiteoirí, suíomhanna ar tugadh cuairt orthu/ar sroicheadh, uair agus fad na nglaonna agus na nasc, sonraí na gcealla agus/nó na dtúr lena mbaineann, chomh maith leis na húsáideoirí agus na cóid IMEI seoltóirí/glacadóirí SMS nó MMS.

39      D’fheadfadh tátail an-mhionsonraithe a bhaint as rochtain ar thacar sonraí tráchta nó sonraí suímh den sórt sin maidir le saol príobháideach na ndaoine ar coinníodh a gcuid sonraí, amhail a nósanna laethúla, a n‑áiteanna cónaithe buana nó sealadacha, a gcuid imeachtaí laethúla nó eile, na gníomhartha a dhéanann siad, a gcaidreamh sóisialta agus na timpeallachtaí sóisialta ina mbíonn siad (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), C-746/18, EU:C:2021:152, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear). Is cosúil, dá bhrí sin, gur féidir an cur isteach ar na cearta bunúsacha dá ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt de bharr rochtain ar shonraí den chineál sin a aicmiú mar chur isteach tromchúiseach.

40      Mar is léir ó mhír 39 de bhreithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach) (C-746/18, EU:C:2021:152), ní féidir an measúnú sin a chur ar leataobh toisc amháin go mbaineann an dá iarraidh maidir le rochtain ar shonraí tráchta nó suímh a bhfuil i gceist le tréimhsí gearra, níos lú ná dhá mhí, ó dhátaí ghadaíochta na bhfón póca líomhnaithe go dtí na dátaí ar a dréachtaíodh na hiarrataí sin, de bhrí gur bhain na hiarrataí sin le tacar sonraí den chineál sin lenar féidir faisnéis bheacht a sholáthar maidir le saolta príobháideacha úsáideoirí na bhfón póca lena mbaineann.

41      Ar an gcaoi chéanna, níl an fíoras nach mbaineann sonraí arna lorg ag an Ionchúisitheoir Poiblí le húinéirí na bhfón póca ach leo siúd a rinne cumarsáid lena chéile leis na fóin phóca ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an ndearna cur isteach tromchúiseach ar na cearta dá ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt. Is léir ó Airteagal 5(1) de Threoir 2002/58 go mbaineann an oibleagáid phrionsabail rúndacht na cumarsáide leictreonaí a dheantar trí líonra cumarsáide poiblí nó trí sheirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, chomh maith le rúndacht na sonraí tráchta lena mbaineann, a ráthú le cumarsáid a dhéanann úsáideoirí an líonra sin. Is é an sainmhíniú a thugtar ar an gcoincheap ‘úsáideoir’ in Airteagal 2(a) den Treoir sin ná aon duine nádúrtha a úsáideann seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, chun críoch príobháideach nó gnó, gan gá a bheith suibscríofa don tseirbhís sin.

42      Dá bhrí sin, i bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear i mír 36 den bhreithiúnas seo, i gcás gur dócha go meastar gurb ionann an cur isteach ar chearta bunúsacha arna chothú ag an rochtain ar shonraí – amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí – agus cur isteach tromchúiseach, ní thugtar bonn cirt leis sin ach amháin le cuspóirí maidir leis an gcoireacht thromchúiseach a chomhrac nó bagairtí tromchúiseacha don tslándáil phoiblí a chosc.

43      Ina dhiaidh sin, cé gur faoin dlí náisiúnta atá sé na coinníollacha a chinneadh faoinar gá do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí rochtain a thabhairt do na húdaráis náisiúnta inniúla ar na sonraí arna gcoinneáil acu, ní mór don reachtaíocht sin rialacha soiléire agus beachta a leagan síos chun raon feidhme agus coinníollacha cur chun feidhme maidir le rochtain den chineál sin a rialú. I bprionsabal, ní féidir rochtain a dheonú, i gcás ina bhfuil cuspóir an choireacht a chomhrac i gceist, ach amháin má bhaineann an rochtain le sonraí daoine a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad rannpháirteach i gcion tromchúiseach. Chun a áirithiú, i gcleachtas, go gcomhlíontar go hiomlán na coinníollacha sin lena ráthaítear go bhfuil an cur isteach teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach, tá sé riachtanach go mbeadh rochtain na n‑údarás náisiúnta inniúil ar na sonraí a choimeádtar, ach amháin i gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo, faoi réir grinnscrúdú roimh ré arna dhéanamh ag cúirt nó ag údarás riaracháin neamhspleách (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), C‑746/18, EU:C:2021:152, míreanna 48 go 51).

44      Ar deireadh, maidir leis an sainmhíniú ar an gcoincheap ‘cion tromchúiseach’, is léir ón gcásdlí go dtagann an reachtaíocht choiriúil agus rialacha an nóis imeachta choiriúil faoi inniúlacht na mBallstát, a mhéid nach bhfuil reachtaíocht curtha i bhfeidhm ag an Aontas sa réimse sin. Mar sin féin, ní mór dóibh an inniúlacht sin a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Feabhra 2019, Rimšēvičs agus BCE v an Laitvia, C-202/18 agus C-238/18, EU:C:2019:139, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).

45      I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfaightear sna sainmhínithe ar chionta coiriúla, ar imthosca maolaitheacha agus géaraitheacha agus ar phionóis, léiriú ar réadúlachtaí sóisialta agus ar thraidisiúin dhlíthiúla araon a athraíonn ní hamháin ó Bhallstát go Ballstát ach le himeacht ama freisin. Níl aon amhras nach bhfuil tábhacht ag baint leis na réadúlachtaí agus leis na traidisiúin sin agus cinneadh á dhéanamh maidir leis cionta a mheastar a bheith tromchúiseach a aithint.

46      Dá bhrí sin, i bhfianaise roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit faoi CFAE agus na difríochtaí suntasacha idir córais dlí na mBallstát i réimse na n-ábhar coiriúil, ní mór a chinneadh go bhfuil na Ballstáit freagrach as sainmhíniú a thabhairt ar ‘chionta tromchúiseacha’ chun críocha Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 a chur i bhfeidhm.

47      Mar sin féin, ní mór go gcomhlíonann an sainmhíniú ar ‘chionta tromchúiseacha’ a roghnaíonn na Ballstáit na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 15(1), arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt.

48      I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, a mhéid go ligtear do na Ballstáit le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 bearta reachtacha a ghlacadh arb é is cuspóir dóibh teorainn a chur le raon feidhme na gceart agus na n‑oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 9 den Treoir sin, amhail iad siúd a eascraíonn ó phrionsabal rúndacht na cumarsáide agus an prionsabal go ndéanfar stóráil na sonraí lena mbaineann a thoirmeasc, leagtar amach san fhoráil sin eisceacht ón riail ghinearálta dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 9 a chaithfear a léiriú go dian i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach dá bhrí sin. Ar an gcúis sin, ní féidir foráil den sórt sin údar a thabhairt leis go ndéanfaí riail den mhaolú ar an oibleagáid prionsabal rúndacht na cumarsáide leictreonaí agus na sonraí lena mbaineann a ráthú, mura mbainfí an chuid is mó dá fheidhm d’Airteagal 5 den Treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Commissioner of An Garda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 40).

49      Ina theannta sin, is léir ón tríú habairt d’Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 nach mór prionsabail ghinearálta an Aontais a urramú leis na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit faoin bhforáil sin, lena n‑áirítear prionsabal na comhréireachta, agus a áirithiú go n‑urramófar na cearta bunúsacha arna ráthú le hAirteagail 7, 8 agus 11 den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Commissioner of An Garda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 42).

50      Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit coincheap an ‘chiona tromchúiseach’ agus, leis sin, coincheap na ‘coireachta tromchúisí’ a chur as a riocht ach chomh beag, trí chionta ar follas nach bhfuil siad tromchúiseach a chur san áireamh, chun críocha Airteagal 15(1) a chur i bhfeidhm, i bhfianaise na gcoinníollacha sochaíocha atá i réim sa Bhallstát lena mbaineann, cé go bhforáiltear sa Bhallstát sin go bhféadfadh pionós d’uastéarma príosúnachta trí bliana ar a laghad a bheith ag gabháil leo.

51      Go háirithe, chun a bheith cinnte nach bhfuil aon saobhadh den chineál sin ann, tá sé riachtanach, i gcás ina bhfuil baol ann go gcuirfí isteach go mór ar chearta bunúsacha an ábhair sonraí de bharr rochtain na n-údarás náisiúnta inniúil ar shonraí a choinnítear, go mbeadh an rochtain sin faoi réir athbhreithniú roimh ré ag cúirt nó ag údarás riaracháin neamhspleách (féach, chuige sin, breithiúnas an lae seo, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (sonraí pearsanta agus an comhrac in aghaidh an ghóchumtha), C-470/21, míreanna 124 go 131 agus an cásdlí dá dtagraítear).

52      Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir go bhforáiltear i mír 3 d’Airteagal 132 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 na coinníollacha faoina bhféadfaidh cúirt rochtain ar shonraí arna gcoinneáil ag soláthraithe cumarsáide leictreonaí a dheonú tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás poiblí. Tugtar sainmhíniú san fhoráil sin ar na cionta faoinar féidir rochtain ar shonraí arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a thabhairt chun iad a ionchúiseamh, trí thagairt a dhéanamh d’uastéarma príosúnachta trí bliana ar a laghad. Cuireann sí an rochtain sin faoi réir coinníoll dúbailte, eadhon, go bhfuil ‘fianaise leordhóthanach ann go ndearnadh cion’ agus go bhfuil na sonraí sin ‘ábhartha chun na fíorais a shuíomh’.

53      Mar sin féin, iarrann an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil an sainmhíniú, a eascraíonn as an bhforáil sin, ar ‘chionta tromchúiseacha’, ar féidir rochtain ar shonraí a dheonú chun iad a ionchúiseamh, róleathan ós rud é go gcumhdaítear leis cionta a bhfuil ina gcúis le suaitheadh sóisialta teoranta amháin.

54      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go mbunaítear ar chritéar oibiachtúil sainmhíniú lena bhforáiltear gur ‘cionta tromchúiseacha’ – ar féidir rochtain a dheonú chun iad a ionchúiseamh – iad na cionta siúd lena mbaineann uastéarma príosúnachta atá ar a laghad ar chomhchéim le tréimhse dá bhforáiltear le dlí. Tá sé sin i gcomhréir leis an gceanglas nach mór an reachtaíocht náisiúnta lena mbaineann a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla chun na himthosca agus na coinníollacha a shainiú faoinar gá rochtain a dheonú do na húdaráis náisiúnta inniúla ar na sonraí i gceist (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Commissioner of An Garda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 105 agus an cásdlí dá dtagraítear).

55      Ar an dara dul síos, leanann sé ón gcásdlí a luaitear i mír 48 den bhreithiúnas seo nach féidir leis an sainmhíniú a thugtar sa dlí náisiúnta ar ‘chionta tromchúiseacha’ – lena gceadaítear rochtain a fháil ar shonraí arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, lenar féidir tátail bheachta maidir le saolta príobháideacha na n-ábhar sonraí a bhaint astu – a bheith chomh leathan is go mbeadh rochtain ar na sonraí sin ina riail seachas ina heisceacht. Mar sin, ní féidir leis formhór mór na gcionta coiriúla a chumhdach, rud a d’fhéadfadh tarlú dá socrófaí an tairseach uastéarma príosúnachta lena bhforáiltear gur cionta tromchúiseacha iad na cionta siúd lena mbaineann uastéarma príosúnachta áirithe ag leibhéal ró-íseal.

56      I ndáil leis sin, ní léir gur tairseach ró-íseal í tairseach a shocraítear trí thagairt d’uastéarma príosúnachta trí bliana ar a laghad (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains, C-817/19, EU:C:2022:491, mír 150).

57      Cinnte, ós rud é go ndeimhnítear an sainmhíniú ar ‘chionta tromchúiseacha’, lena gceadaítear iarraidh maidir le rochtain ar shonraí arna gcoinneáil ag soláthraithe cumarsáide leictreonaí, trí thagairt a dhéanamh don uasphionós is infheidhme seachas don íosmhéid, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfar rochtain ar shonraí, arb ionann é agus cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha, a iarraidh chun cionta nach dtagann faoi raon feidhme na gcionta tromchúiseacha a ionchúiseamh (féach, de réir analaí, breithiúnas an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains, C-817/19, EU:C:2022:491, mír 151).

58      Mar sin féin, ní gá go sáraítear prionsabal na comhréireachta nuair a shocraítear tairseach lena bhforáiltear gur cionta tromchúiseacha iad na cionta siúd lena mbaineann uastéarma príosúnachta áirithe.

59      Ar thaobh amháin, is cosúil gurb amhlaidh atá sa chás seo leis an bhforáil atá i gceist sna príomhimeachtaí toisc, mar is léir ón ordú tarchuir, go dtagraíonn sé go ginearálta do rochtain ar shonraí arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, gan cineál na sonraí sin a lua go sonrach. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an fhoráil sin cásanna nach féidir rochtain a aicmiú mar chur isteach tromchúiseach a chumhdach toisc nach mbaineann sí le tacar sonraí lena bhféadfaí tátail bheachta maidir le saol príobháideach na n-ábhar sonraí a bhaint as.

60      Ar an taobh eile, ní mór don chúirt nó don údarás riaracháin neamhspleách, ag gníomhú di nó dó i gcomhthéacs athbhreithniú roimh ré arna dhéanamh tar éis iarraidh réasúnaithe ar rochtain, a bheith i dteideal rochtain den chineál sin a dhiúltú nó a shrianadh i gcás ina gcinntear gur cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha é an rochtain sin nuair is léir nach dtagann an cion atá i gceist faoi raon feidhme na coireachta tromchúisí i ndairíre (féach, de réir analaí, breithiúnas an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains, C-817/19, EU:C:2022:491, mír 152).

61      Ba chóir go mbeadh an chúirt nó an t-eintiteas atá freagrach as maoirseacht in ann cothromaíocht chóir a bhaint amach idir, ar thaobh amháin, na leasanna dlisteanacha atá nasctha le riachtanais an imscrúdaithe i gcomhthéacs an chomhraic i gcoinne na coireachta agus, ar an taobh eile, na cearta bunúsacha chun príobháideachais atá ag na daoine a bhfuil a gcuid sonraí i gceist leis an rochtain (breithiúnas an lae seo, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (Sonraí pearsanta agus an comhrac in aghaidh an ghóchumtha), C-470/21, mír 125 agus an cásdlí dá dtagraítear).

62      Go háirithe, i gcomhthéacs a scrúdaithe ar chomhréireacht an chur isteach ar chearta bunúsacha an duine lena mbaineann an iarraidh ar rochtain, ní mór don chúirt nó don eintiteas sin a bheith in ann an rochtain sin a eisiamh i gcás ina lorgaítear an rochtain sin i gcomhthéacs ionchúiseamh ciona nach bhfuil tromchúiseach go follasach, de réir bhrí mhír 50 den bhreithiúnas seo.

63      I bhfianaise an mhéid sin go léir, is é an freagra ar an gceist nach mór Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar fhoráil náisiúnta lena gceanglaítear ar an mbreitheamh náisiúnta, arna ghníomhú dó i gcomhthéacs athbhreithniú roimh ré arna dhéanamh tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás náisiúnta inniúil i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil maidir le rochtain ar thacar sonraí tráchta nó sonraí suímh lenar féidir tátail bheachta a bhaint astu maidir le saol príobháideach úsáideora modh cumarsáide leictreonaí, arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, an rochtain sin a údarú má bhaineann sé le hionchúiseamh cionta a bhfuil téarma príosúnachta trí bliana ar a laghad faoin dlí náisiúnta ag gabháil leo mar phionós, ar acht go bhfuil fianaise leordhóthanach ann go ndearnadh cionta dá leithéidí agus go bhfuil na sonraí sin ábhartha chun na fíorais a shuíomh, ar choinníoll áfach go mbeadh an breitheamh in ann an rochtain sin a dhiúltú dá mbainfeadh an iarraidh ar rochtain le cion nach bhfuil tromchúiseach go follasach i bhfianaise na gcoinníollacha sochaíocha atá i réim sa Bhallstát i gceist.

 Costais

64      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

Maidir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), arna leasú le Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis ar fhoráil náisiúnta lena gceanglaítear ar an mbreitheamh náisiúnta, arna ghníomhú dó i gcomhthéacs athbhreithniú roimh ré arna dhéanamh tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás náisiúnta inniúil i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil maidir le rochtain ar thacar sonraí tráchta nó sonraí suímh lenar féidir tátail bheachta a bhaint astu maidir le saol príobháideach úsáideora modh cumarsáide leictreonaí, arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, an rochtain sin a údarú má bhaineann sé le hionchúiseamh cionta a bhfuil téarma príosúnachta trí bliana ar a laghad faoin dlí náisiúnta ag gabháil leo mar phionós, ar acht go bhfuil fianaise leordhóthanach ann go ndearnadh cionta dá leithéidí agus go bhfuil na sonraí sin ábhartha chun na fíorais a shuíomh, ar choinníoll áfach go mbeadh an breitheamh in ann an rochtain sin a dhiúltú dá mbainfeadh an iarraidh ar rochtain le cion nach bhfuil tromchúiseach go follasach i bhfianaise na gcoinníollacha sochaíocha atá i réim sa Bhallstát i gceist.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Iodáilis.