Caingean arna tabhairt an 29 Eanáir 2024 – Coinbase v EUIPO – bitFlyer (coinbase)
(Cás T-46/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Coinbase, Inc. (Oakland, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: M. Maier agus A. Nordemann, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: bitFlyer Inc. (Tóiceo, an tSeapáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an bhfocalmharc ‘coinbase’ – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 308 248
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de chuid EUIPO an 29 Samhain 2023 i gCás R 1751/2020-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________