Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Torre Oria v EUIPO – Giramondi agus Antonelli (WINE TALES RACCONTI DI VINO)

(Cás T-655/22)1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh WINE TALES RACCONTI DI VINO – Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh WINE TALES – Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Torre Oria SL (Derramador-Requena, an Spáinn) (ionadaithe: A. González López-Menchero agus V. Valero Piña, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Ringelhann agus T. Klee, Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Simone Giramondi (Milano, an Iodáil), Damiano Atonelli (Vignate, an Iodáil) (ionadaithe: A. Parassina agus A. Giovannardi, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Aibreán 2022 (Cás R 822/2022-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Torre Oria, SL a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Simone Giramondi agus Damiano Antonelli, a íoc.

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.

____________

1     IO C 472, 12.12.2022.