Language of document :

Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 29 Feabhra 2024 – Zakłady Farmaceutyczne Polpharma v an Coimisiún

(Cás T-1183/23 R) 

(Nós imeachta eatramhach – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Údarú margaíochta a dheonú d’fhúmaráit démheitil Polpharma – fúmaráit dé-mheitil – Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí – Easpa práinne)

Teanga an cháis : an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Zakłady Farmaceutyczne Polpharma S.A. (Starogard Gdański, an Pholainn) (ionadaithe: K. Roox, T. De Meese, J. Stuyck agus C. Dumont, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Spina agus E. Mathieu, Gníomhairí)

Maidir le:

Trína iarratas faoi Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar fionraí forghníomhú Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 8928 final ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023, lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 3253 final an 13 Bealtaine 2022, lena ndeonaítear údarú margaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle d'fhúmaráit démheitil Polpharma – fúmaráit dé-mheitil mar tháirge íocshláinte lena úsáid ag an duine faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO 2004 L 136, lch. 1), arna leasú.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

Forchoimeádtar na costais.

____________