Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 - an Ostair v an Coimisiún

(Cás T-101/18)1

(Státchabhair – An tionscal núicléach – Cabhair arna bheartú ag an Ungáir chun dhá imoibreoir núicléach nua a fhorbairt ag stáisiún Paks – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair ag luí leis an margadh inmheánach faoi réir gealltanas áirithe a chomhlíonadh – Airteagal 107(3)(c) CFAE – Comhoiriúnacht na cabhrach le dlí an Aontais seachas an dlí maidir le státchabhair – Nasc doscartha – Fuinneamh núicléach a chur chun cinn – Airteagal 192(1) de Chonradh Euratom – Prionsabail chosaint an chomhshaoil, íoc mar a thruaillítear, an réamhchúraim agus na hinbhuanaitheachta – An ghníomhaíocht eacnamaíoch lena mbaineann a chinneadh – Teip sa mhargadh – Saobhadh iomaíochta – Comhréireacht na cabhrach – An gá atá le hidirghabháil Stáit – Eilimintí na cabhrach a chinneadh – Nós imeachta um sholáthar poiblí – Oibleagáid cúiseanna a lua)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na hOstaire (ionadaithe: J. Schmoll, F. Koppensteiner, M. Klamert agus T. Ziniel, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó H. Kristoferitsch, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Blanck, K. Herrmann agus P. Němečková, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an iarratasóir: Ard-Diúcacht Lucsamburg (ionadaithe: A. Germeaux agus T. Schell, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó P. Kinsch, Dlíodóir)

Idiragraithe, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht na Seice (ionadaithe: M. Smolek, J. Vláčil, T. Müller, J. Pavliš agus L. Halajová, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na Fraince (ionadaithe: E. de Moustier agus P. Dodeller, i gcáil Gníomhairí), an Ungáir (ionadaithe: M. Fehér, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó P. Nagy, N. Gràcia Malfeito, B. Karsai, Dlíodóirí agus C. Bellamy, KC), Poblacht na Polainne (ionadaí: B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire), Poblacht na Slóvaice (ionadaí: S. Ondrášiková, i gcáil Gníomhaire), Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (ionadaithe: F. Shibli, L. Baxter agus S. McCrory, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó T. Johnston, Abhcóide)

Ábhar

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann Poblacht na hOstaire go ndéanfaí Cinneadh (AE) 2017/2112 ón gCoimisiún an 6 Márta 2017, maidir leis an mbeart/scéim chabhrach/Státchabhair SA.38454 – 2015/C (ex 2015/N) atá beartaithe ag an Ungáir a chur chun feidhme mar thaca le dhá imoibreoir núicléach nua a fhorbairt ag stáisiún cumhachta núicléiche Paks II (IO 2017 L 317, lch. 45), a neamhiú.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don achomharc.

Ordaítear do Phoblacht na hOstaire a costais féin agus iad siúd arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.

Ordaítear do Phoblacht na Seice, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, don Ungáir, do Phoblacht na Polainne, do Phoblacht na Slóvaice agus do Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a gcostais féin a íoc.

____________

1      IO C 152, 30.4.2018.