Language of document :

Caingean arna tabhairt an 12 Iúil 2023 – an Coimisiún Eorpach v Ríocht na Spáinne

(Cás C-433/23)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Hermes agus E. Sanfrutos Cano, Gníomhairí)

Cosantóir: Ríocht na Spáinne

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

1) a dhearbhú,

- gur mhainnigh Ríocht na Spáinne na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 3 de Threoir 91/271/CEE 1 a chomhlíonadh ós rud é nár ghlac sí na bearta is gá maidir le bailiú fuíolluisce uirbigh sna ceirtleáin Acorán; Adeje-Arona; Añaza; Candelaria-Casco; Candelaria-Punta Larga; Golf del Sur; Guía de Isora Litoral; La Esperanza-La Laguna Sur-Santa Cruz-Valles (La Laguna, El Rosario, Santa Cruz); Puerto de Santiago-Playa la Arena; San Isidro-Litoral; Sueño Azul; agus Valle de la Orotava, sna hOileáin Chanáracha, agus Medio-Andarax san Andalúis.

- gur mhainnigh Ríocht na Spáinne na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 4(1) agus (3) de Threoir 91/271/CEE a chomhlíonadh ós rud é nár ghlac sí na bearta is gá maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh sna ceartleáin Acantilado de los Gigantes; Adeje-Arona; Almansa; Almodóvar del Campo; Almodóvar del Río; Alto Nerbioi-Amurrio; Alto Nerbioi-Laudio; Candelaria-Casco; Candelaria-Punta Larga; Consuegra; Donostia-San Sebastián; Estepa; Genil-Cubillas; Golf del Sur; Guareña-Oliva de Mérida-Cristina; Guía de Isora Litoral; Jódar; La Esperanza-La Laguna Sur-Santa Cruz-Valles (La Laguna, El Rosario, Santa Cruz); Lora del Río; Los Yébenes; Martos; Medio-Andarax; Posadas; Puerto de Santiago-Playa la Arena; Quintanar de la Orden; Rambla (La)-Montalbán; San Isidro-Litoral; San Roque; Santoña; Sueño Azul; Torredonjimeno; Trebujena; Trujillo; Valle de la Orotava; Venta de Baños, agus Villanueva del Río-Alcolea del Río.

- gur mhainnigh Ríocht na Spáinne na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 5 agus Roinn B d’Iarscríbhinn I de Threoir 91/271/CEE a chomhlíonadh ós rud é nár ghlac sí na bearta is gá maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh sna ceartleáin Almodóvar del Campo; Argamasilla de Alba; Cáceres; Condado de Huelva II (Chucena-Escacena-Paterna-Manzanilla); Consuegra; Don Benito-Villanueva de la Serena; Guareña-Oliva de Mérida-Cristina; Guillena; Los Yébenes; Madridejos; Mérida; Montcada; Montijo-Puebla Calzada; Palma del Condado; Quintanar de la Orden; Rubí; Sonseca; Soria; Trujillo; Venta de Baños, agus Villafranca de los Barros.

- nár urramaigh Ríocht na Spáinne na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 15 de Threoir 91/271/CEE, arna léamh i gcomhar le Roinn D d’Iarscríbhinn I den Treoir chéanna, maidir le ceartleáin Acantilado de los Gigantes, Adeje-Arona, Almansa, Almodóvar del Campo, Almodóvar del Río, Alto Nerbioi-Amurrio, Alto Nerbioi-Laudio, Argamasilla de Alba, Bargas-Cabañas-Mocejón-Olías-Magán-Villaseca, Cáceres, Candelaria-Casco, Candelaria-Punta Larga, Condado de Huelva II (Chucena-Escacena-Paterna-Manzanilla), Consuegra, Don Benito-Villanueva de la Serena, Donostia-San Sebastián, Estepa, Genil-Cubillas, Golf del Sur, Guareña-Oliva de Mérida-Cristina, Guía de Isora Litoral, Guillena, Jódar, La Esperanza-La Laguna Sur-Santa Cruz-Valles (La Laguna, El Rosario, Santa Cruz), Lora del Río, Los Yébenes, Madridejos, 77 Martos, Medio-Andarax, Mérida, Montijo-Puebla Calzada, Montcada, Palma del Condado, Posadas, Puerto de Santiago-Playa la Arena, Quintanar de la Orden, Rambla (La)-Montalbán, Rubí, San Isidro-Litoral, San Roque, Santoña, Sonseca, Soria, Sueño Azul, Torredonjimeno, Trebujena, Trujillo, Valle de la Orotava, Villanueva del Río-Alcolea del Río, Venta de Baños agus Villafranca de los Barros.

2) a ordú do Ríocht na Spáinne na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Ina chaingean, maíonn an Coimisiún ceithre shaincheist dlí um neamhchomhlíonadh a bhaineann le Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh, arna leasú le Treoir 2013/64/AE 1 ón gComhairle an 17 Nollaig 2013.

Lena chéad saincheist dlí um neamhchomhlíonadh, cáineann an Coimisiún Ríocht na Spáinne toisc gur mhainnigh sí na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 3 de Threoir 91/271/CEE a chomhlíonadh ós rud é nár ghlac sí na bearta is gá maidir le bailiú fuíolluisce uirbigh sna ceirtleáin Acorán; Adeje-Arona; Añaza; Candelaria-Casco; Candelaria-Punta Larga; Golf del Sur; Guía de Isora Litoral; La Esperanza-La Laguna Sur-Santa Cruz-Valles (La Laguna, El Rosario, Santa Cruz); Puerto de Santiago-Playa la Arena; San Isidro-Litoral; Sueño Azul; agus Valle de la Orotava, sna hOileáin Chanáracha, agus Medio-Andarax san Andalúis.

Maidir leis na 12 cheirtleán sna hOileáin Chanáracha, maíonn an Coimisiún, go bunúsach, go dtéann na ceirtleáin sin i muinín córais indibhidiúla gan coinníollacha fhomhír 3 d’Airteagal 3(1) de Threoir 91/271/CEE a shásamh, lena gcuirtear an eisceacht sin ón riail maidir le córas bailithe fuíolluisce faoi réir dhá choinníoll charnacha a shásamh. Ar thaobh amháin, ní mór do na húdaráis a léiriú, de réir an cháis, nach bhfuil údar le bunú córais bailithe fuíolluisce, toisc nach mbeadh aon bhuntáiste leis don chomhshaol nó toisc go mbeadh costas iomarcach ag baint lena bhunú. Ar an taobh eile, ní mór go n-áiritheofar leibhéal comhionann cosanta don chomhshaol le córas indibhidiúil nó córas eile a úsáidtear. Maidir leis an gceirtleán Medio Andarax, san Andalúis, maíonn an Coimisiún nach bhfuil córas bailithe fuíolluisce ag an gceirtleán sin dá fhuíolluisce go léir.

Lena dara saincheist dlí um neamhchomhlíonadh, maíonn an Coimisiún gur mhainnigh Ríocht na Spáinne na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 4(1) agus (3) de Threoir 91/271/CEE a chomhlíonadh ós rud é nár ghlac sí na bearta is gá maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh sna ceirtleáin Acantilado de los Gigantes; Adeje-Arona; Almansa; Almodóvar del Campo; Almodóvar del Río; Alto Nerbioi-Amurrio; Alto Nerbioi-Laudio; Candelaria-Casco; Candelaria-Punta Larga; Consuegra; Donostia-San Sebastián; Estepa; Genil-Cubillas; Golf del Sur; Guareña-Oliva de Mérida-Cristina; Guía de Isora Litoral; Jódar; La Esperanza-La Laguna Sur-Santa Cruz-Valles (La Laguna, El Rosario, Santa Cruz); Lora del Río; Los Yébenes; Martos; Medio-Andarax; Posadas; Puerto de Santiago-Playa la Arena; Quintanar de la Orden; Rambla (La)-Montalbán; San Isidro-Litoral; San Roque; Santoña; Sueño Azul; Torredonjimeno; Trebujena; Trujillo; Valle de la Orotava; Venta de Baños, agus Villanueva del Río-Alcolea del Río.

Dé réir an méid dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) de Threoir 91/271/CEE, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fuíolluisce uirbeach a théann isteach sna córais bhailithe faoi réir cóireáil thánaisteach nó cóireáil choibhéiseach sula sceithfear é. Ceanglaítear le mír 3 den fhoráil chéanna go gcomhlíonfaidh sceitheanna ó shaoráidí cóireála fuíolluisce ceanglais Roinn B d’Iarscríbhinn I de Threoir 91/271/CEE. Measann an Coimisiún nach gcomhlíontar na hoibleagáidí sin sna ceirtleáin dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, toisc nach mbailítear an fuíolluisce i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir sin agus dá bhrí sin ní féidir é a chóireáil ach oiread, nó toisc nach gcuirtear an fuíolluisce go léir a bhailítear faoi réir an leibhéil cóireála a éilítear faoi Airteagal 4 de Threoir 91/271/CEE agus ní chomhlíonann na sceitheanna na ceanglais a leagtar síos i Roinn B d’Iarscríbhinn I den Treoir ach oiread, mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(3).

Lena tríú saincheist dlí um neamhchomhlíonadh, iarrann an Coimisiún ar an gCúirt a dhearbhú gur mhainnigh Ríocht na Spáinne na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 5 agus Roinn B d’Iarscríbhinn I de Threoir 91/271/CEE a chomhlíonadh ós rud é nár ghlac sí na bearta is gá maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh sna ceirtleáin Almodóvar del Campo; Argamasilla de Alba; Cáceres; Condado de Huelva II (Chucena-Escacena-Paterna-Manzanilla); Consuegra; Don Benito-Villanueva de la Serena; Guareña-Oliva de Mérida-Cristina; Guillena; Los Yébenes; Madridejos; Mérida; Montcada; Montijo-Puebla Calzada; Palma del Condado; Quintanar de la Orden; Rubí; Sonseca; Soria; Trujillo; Venta de Baños, agus Villafranca de los Barros.

Maíonn an Coimisiún, go bunúsach, nach ráthaíonn na ceirtleáin uirbeacha de bhreis is 10 000 chónaitheoir a sceitheann i limistéir íogaire, i leith a bhfuíolluisce uile, cóireáil níos déine ná an chóireáil a chuirtear síos uirthi in Airteagal 4 de Threoir 91/271/CEE, mar a éilítear le hAirteagal 5(2) den Treoir chéanna, ná nach gcomhlíonann na sceitheanna ó shaoráidí cóireála fuíolluisce na gceirtleán sin i limistéir íogaire ceanglais ábhartha Roinn B d’Iarscríbhinn I.

Lena cheathrú saincheist dlí um neamhchomhlíonadh, cáineann an Coimisiún Ríocht na Spáinne toisc nár urraimigh sí na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 15 de Threoir 91/271/CEE, arna léamh i gcomhar le Roinn D d’Iarscríbhinn I den Treoir chéanna, maidir le ceartleáin Acantilado de los Gigantes, Adeje-Arona, Almansa, Almodóvar del Campo, Almodóvar del Río, Alto Nerbioi Amurrio, Alto Nerbioi-Laudio, Argamasilla de Alba, Bargas-Cabañas-Mocejón-Olías-Magán-Villaseca, Cáceres, Candelaria-Casco, Candelaria-Punta Larga, Condado de Huelva II (Chucena-Escacena-Paterna-Manzanilla), Consuegra, Don Benito-Villanueva de la Serena, Donostia-San Sebastián, Estepa, Genil-Cubillas, Golf del Sur, Guareña-Oliva de Mérida-Cristina, Guía de Isora Litoral, Guillena, Jódar, La Esperanza-La Laguna Sur-Santa Cruz-Valles (La Laguna, El Rosario, Santa Cruz), Lora del Río, Los Yébenes, Madridejos, Martos, Medio-Andarax, Mérida, Montijo-Puebla Calzada, Montcada, Palma del Condado, Posadas, Puerto de Santiago-Playa la Arena, Quintanar de la Orden, Rambla (La)-Montalbán, Rubí, San Isidro-Litoral, San Roque, Santoña, Sonseca, Soria, Sueño Azul, Torredonjimeno, Trebujena, Trujillo, Valle de la Orotava, Villanueva del Río-Alcolea del Río, Venta de Baños agus Villafranca de los Barros.

____________

1 Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO 1991 L 135, lch. 40).

1 Treoir 2013/64/AE ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leasaítear Treoracha 91/271/CEE agus 1999/74/CE ón gComhairle agus Treoracha 2000/60/CE, 2006/7/CE agus 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar thoradh ar mhodhnú ar stádas Mayotte i leith an Aontais Eorpaigh (IO 2013 L 353, lch. 8).