Language of document :

Caingean arna tabhairt an 27 Márta 2024 – PMC Vlissingen Netherlands v an Coimisiún

(Cás T-169/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: PMC Vlissingen Netherlands BV (Leiden, an Ísiltír) (ionadaithe: J.-P. Montfort, P. Chopova-Leprêtre agus N. Kyriazopoulou, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/197 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear, chun críocha a oiriúnaithe do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 1 a chur ar neamhní a mhéid a thugtar isteach leis aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe le haghaidh ocsaíde débhúitiline (‘DBTO’) mar thocsain atáirgthe i gCatagóir 1B (‘an Rialachán atá faoi chonspóid’); 2

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagail 36(1)(d) agus 37(5), Roinn 3.7.2.3.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus prionsabal an dea-riaracháin, toisc nár chuir sé an fhaisnéis ‘go léir’ a bhí ar fáil ar DBTO san áireamh mar chuid de chinneadh thromachar na fianaise cuimsitheach, lena n-áirítear staidéar nua agus cinntitheach, a cuireadh ar fáil tar éis glacadh thuairim an Choiste Measúnaithe Riosca ach i bhfad roimh glacadh an Rialacháin atá faoi chonspóid.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagail 36(1)(d) agus 37(5), Ranna 1.1.1.3 agus 3.7.2.3.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus Iarscríbhinn XI a ghabhann le  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (‘REACH’) 1 agus go ndearna sé earráid fhollasach mheasúnaithe, toisc gur ghlac sé an Rialachán atá faoi chonspóid ar bhonn cur chuige léamh-trasna nach raibh gá nó údar leis ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil, i gcomhréir le hIarscríbhinn XI a ghabhann le  REACH, leis na treoirlínte ECHA gaolmhara agus go háirithe, le creat measúnaithe léamh-trasna cuimsitheach an ECHA.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagail 36(1)(d) agus 37(5), Roinn 3.7.2.1.1 agus Tábla 3.7.1(a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus go ndearna sé earráid fhollasach mheasúnaithe, toisc nár bhunaigh sé an Rialachán atá faoi chonspóid ar ‘fhianaise shoiléir’ go bhfuil an tsaintréith shonrach lena ndéantar dochar ar atáirgeadh ag DTPO, eadhon an tairseach dhlíthiúil is gá i gcomhair aicmithe i gCatagóir 1B. Chomh maith leis sin, mhainnigh an Coimisiún tionchar thocsaineacht na máthar tromchúisí ar na torthaí sna staidéir a thacaíonn leis an Rialachán atá faoi chonspóid.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear, nuair a ghlac an Coimisiún an Rialachán atá faoi chonspóid, gur sháraigh sé an ceanglas nós imeachta in Airteagal 37(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 faoinar gá dul i gcomhairle maidir le tuairim an Choiste Measúnaithe Riosca sula nglactar aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe.

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO 2008 L 353, lch. 1).

1 Foilsítear an Rialachán atá faoi chonspóid in IO L 2024/197.

1 Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CE, 93/67/CE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO 2006 L 396, lch. 1).