Language of document :

Caingean arna tabhairt an 16 Feabhra 2024 – Münchner Wohnen v EUIPO (Münchner Wohnen)

(Cás T-85/24)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Münchner Wohnen GmbH (München, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Kockläuner agus O. Nilgen, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an fhocalmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Münchner Wohnen’ – Uimhir chláraithe 18 762 837

An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gChéad Bord Achomhairc de EUIPO an 19 Nollaig 2023 i gCás R 1288/2023-1

An t ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a diúltaíodh do bhunghearán an 20 Meitheamh 2023;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 47(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(b), i gcomhar le hAirteagal 7(2), de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________