Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 22 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank van eerste aanleg Oost-Vlaanderen Afdeling Gent - an Bheilg) – The Escape Center BVBA v Belgische Staat

(Cás C-330/21)1

(Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 98 – Rogha ag na Ballstáit ráta laghdaithe CBL a chur i bhfeidhm le haghaidh soláthairtí áirithe earraí agus seirbhísí – Iarscríbhinn III, pointe 14 – Coincheap “saoráidí spóirt a úsáid” – Ionaid aclaíochta – Cóitseáil aonair nó grúpa)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank van eerste aanleg Oost-Vlaanderen Afdeling Gent

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: The Escape Center BVBA

Cosantóir: Belgische Staat

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 98(2) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna léamh i gcomhar le pointe 14 d’Iarscríbhinn III a ghabhann léi,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas :

féadfar soláthar seirbhísí a bhaineann le saoráidí spóirt a úsáid in ionad aclaíochta agus soláthar cóitseála aonair nó grúpa a bheith faoi réir ráta laghdaithe cánach breisluacha i gcás ina bhfuil an chóitseáil sin nasctha le húsáid na saoráidí sin agus go bhfuil sé riachtanach chun spórt agus corpoideachas a chleachtadh nó i gcás ina bhfuil an chóitseáil sin coimhdeach le húsáid na saoráidí sin nó lena n-úsáid éifeachtach.

____________

1 IO C 338, 23.08.2021