Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Meán Fómhair 2023 — Dow Silicones agus páirtithe eile v an Coimisiún
(Cásanna T-858/16 agus T-867/16) 1
(Státchabhair — Scéim cabhrach arna cur chun feidhme ag an mBeilg — Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an scéim cabhrach ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus neamhdhleathach agus lena n-ordaítear aisghabháil na cabhrach arna híoc — Rialú cánach — Brabúis inmheasúnaithe — Díolúine ó iarmhéid na mbrabús — Buntáiste — Cineál roghnach — Aisghabháil)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí i gCás T-858/16: Dow Silicones Corp., ar a dtugtaí Dow Corning Corp. roimhe seo (Midland, Michigan, Stáit Aontaithe Mheiriceá), Dow Silicones Belgium, ar a dtugtaí Dow Corning Europe roimhe seo (Seneffe, an Bheilg)
Iarratasóir i gCás T-867/16: Vinventions, ar a dtugtaí Nomacorc roimhe seo (Thimister-Clermont, an Bheilg)
(ionadaithe: H. Gilliams agus L. Goossens, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P.-J.Loewenthal, B. Stromsky agus F. Tomat, Gníomhairí)
Ábhar
Lena gcaingne de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Cinneadh (AE) 2016/1699 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2016 maidir le scéim Státchabhrach um dhíolúine ó iarmhéid na mbrabús SA.37667 (2015/C) (ex 2015/NN) arna cur chun feidhme ag an mBeilg ar neamhní (IO 2016 L 260, lch. 61).
An chuid oibríochtúil
Déantar Cásanna T-858/16 agus T-867/16 a uamadh chun críocha an bhreithiúnais seo.
Diúltaítear do na caingne.
Ordaítear do Dow Silicones Corp. agus Dow Silicones Belgium a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach i gCás T-858/16 a íoc.
Ordaítear do Vinventions a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún i gCás T-867/16 a íoc.
____________
1 IO C 46, 13.2.2017.