Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 11 Aibreán 2022 - BM v Gebühren Info Service GmbH (GIS)

(Cás C-249/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: BM

Údarás is Freagróir: Gebühren Info Service GmbH (GIS)

Páirtithe eile: Bundesminister für Finanzen, Österreichischer Rundfunk (ORF)

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear táille ar nós táille chlár ORF (“Údarás Craolacháin na hOstaire”), a chinneann an t-údarás craolacháin poiblí é féin, chun a sheirbhís a mhaoiniú, i bhfianaise an dlí phríomha in Airteagal 151(1) i gcomhar le hIarscríbhinn XV, Cuid IX, Uimh 2, (h)(1) dara fleasc den Ionstraim a bhaineann leis na coinníollacha aontachais agus le hoiriúnuithe na gConarthaí, 1 a mheas mar tháille de réir bhrí Airteagal 2 i gcomhar le hAirteagal 378(1) de Threoir 2006/112/CE? 2

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1, an gcaithfear, sa chaoi sin, an táille chlár ORF thuasluaite a mheas mar tháille de réir bhrí Threoir 2006/112 freisin i gcás ina bhfuil ceangal ar dhaoine í a íoc má úsáidtear glacadóir craolta raidió i bhfoirgneamh dá soláthraíonn ORF a chláir thrastíre cé nach féidir leis, gan modúl glacadóra riachtanach, na cláir sin de ORF a ghlacadh?

____________

1     Arna chur i gcrích leis an gConradh idir Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éire, Poblacht na hIodáile, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Portaingéile, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Ríocht na hIorua, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne, i dtaobh aontachas Ríocht na hIorua, Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne leis an Aontas Eorpach (IO 1994 C 241, lch. 336).

1     Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).