Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 12 Deireadh Fómhair 2023 – Thunus agus páirtithe eile v BEI

(Cás T-799/22) 1

(Státseirbhís – Foireann BEI – Luach saothair – Coigeartú tuarastail bliantúil – Pléadáil neamhdhleathachta – Res judicata – Prionsabal an ionchais dhlisteanaigh – Comhairliúchán leis an bhfoireann – Oibleagáid cúiseanna a lua – Dícheall cuí – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: Vincent Thunus (Contern, Lucsamburg) agus an t-ochtar iarratasóirí eile a bhfuil a n-ainmneacha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an ordú (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)

Cosantóir: An Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: T. Gilliams, A. García Sánchez agus E. Manoukian, Gníomhairí, le cúnamh ó P.-E. Partsch, Dlíodóir)

Ábhar

Lena gcaingean de bhun Airteagal 270 CFAE agus Airteagal 50a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, iarrann na hiarratasóirí, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí cinntí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) ar neamhní, ar cinntí iad atá ina nduillíní tuarastáil do mhí Feabhra nó mí Aibreáin 2022 agus ina dhiaidh sin, lena socraítear coigeartú bliantúil an bhuntuarastail atá teoranta do 0.9% le haghaidh 2022 agus, ar an dara dul síos, cúiteamh as an damáiste ábhartha a mhaíonn siad a bhain dóibh mar thoradh ar na cinntí sin.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith gan bhunús sa dlí go follasach.

Ordaítear do Vincent Thunus agus na hiarratasóirí eile atá ainmnithe san iarscríbhinn a gcostais féin chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) a íoc.

____________

1     IO C 71, 27.2.2023.