Language of document : ECLI:EU:C:2022:491

Cás C817/19

Ligue des droits humains

v

Comhairle na nAirí

(Iarraidh ar réamhrialú ón Cour constitutionnelle (An Chúirt Bhunreachtúil, an Bheilg))

 Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) 21 Meitheamh 2022

(Tarchur chun réamhrialú – Sonraí pearsanta a phróiseáil – Taifid ainmneacha paisinéirí (PNR) – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 2(2)(d) – Raon feidhme – Treoir (AE) 2016/681 – Úsáid shonraí PNR paisinéirí d’aereitiltí a oibrítear idir an tAontas agus tríú tíortha – An fhéidearthacht chun sonraí paisinéirí maidir le haereitiltí a oibrítear laistigh den Aontas a chur san áireamh – Próiseáil uathoibrithe na sonraí sin – Tréimhse coinneála sonraí – Cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chomhrac – Bailíocht – an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagail 7, 8, 21 agus Airteagal 52(1) – Reachtaíocht náisiúnta lena leathnaítear cur i bhfeidhm chóras PNR chuig oibríochtaí iompair eile laistigh den Aontas – Saoirse gluaiseachta laistigh den Aontas – an Chairt um Chearta Bunúsacha – Airteagal 45)

1.        1.      Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Rialachán (AE) 2016/679 – Raon feidhme – Oibríochtaí próiseála sonraí pearsanta dá bhforáiltear i reachtaíocht náisiúnta atá beartaithe chun Treoir 2004/82, Treoir 2010/65 agus Treoir 2016/681 a thrasuí sa dlí náisiúnta – Cuimsiú – Teorainneacha

[Rialachán 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagail 2(2)(d) agus 23; Treoracha 2010/65, 2016/680 agus 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; Treoir 2004/82 ón gComhairle]

(féach míreanna 67, 68, 73, 74, 80, 83, 84, cuid oibríochtúil 1)

2.        Comhar póilíneachta – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Sonraí ón Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a úsáid chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh – Treoir 2016/681 – Sonraí PNR – Raon feidhme – Aerphaisinéirí agus na heitiltí lena mbaineann – Próiseáil uathoibrithe na sonraí sin – Sárú ar an gceart chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus ar an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint – Gan a bheith ann

[an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 8, 21 agus 52(1); Treoir 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagail 1(2), 2, 3(2), 3(4), 3(8) agus 3(9), 6 agus 12 agus Iarscríbhinní I agus II]

(féach míreanna 94 - 97, 111, 122, 123, 129, 131 - 140, 152, 157, 162, 169 - 175, 184, 188, 197, 202, 213, 218 - 220, 223, 225 - 228, cuid oibríochtúil 2)

3.        Cearta Bunúsacha – Urraim ar an saol príobháideach – Sonraí pearsanta a chosaint – Teorainneacha – Coinníollacha

(An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 8 agus 52(1))

(féach míreanna 115 - 118)

4.        4.      Comhar póilíneachta – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Sonraí ón Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a úsáid chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh – Treoir 2016/681 – Sonraí PNR a phróiseáil – Críocha – Próiseáil chun críocha seachas na críocha dá dtagraítear go sainráite – Neamhcheadaithe

(an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 8 agus 52(1); Treoir 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 1(2) agus (6)

(Féach míreanna 233, 235, 237, 288, 289, cuid oibríochtúil 3)

5.        Comhar póilíneachta – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Sonraí ón Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a úsáid chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh – Treoir 2016/681 – Sonraí PNR a nochtadh i ndiaidh na tréimhse sé mhí tar éis aistriú na sonraí ag aeriompróirí – Coinníoll – Sonraí a nochtadh ag údarás náisiúnta inniúil – Coincheap – Aonad ainmnithe um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí – Eisiamh

[an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 7; Treoir 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagail 4(1) go (3) agus 12(3)(b)]

(féach míreanna 244 - 245, 247, cuid oibríochtúil 4)

6.        Comhar póilíneachta – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Sonraí ón Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a úsáid chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh – Treoir 2016/681 – Tréimhse choinneála shonraí PNR –Tréimhse ghinearálta choinneála shonraí PNR cúig bliana, a bheidh infheidhme gan idirdhealú maidir le gach aerphaisinéir – Neamhcheadaithe

(an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 8, 45 agus 52(1); Treoir 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 12)

(féach míreanna 251, 255 - 259, 262, cuid oibríochtúil 5)

7.        Rialuithe teorann tearmann agus inimirce – Oibleagáid atá ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl – Treoir 2004/82 – Raon Feidhme – Eitiltí laistigh den Aontas – Eisiamh

[Treoir 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 2; Treoir 2004/82 ón gComhairle, Airteagail 2(a), (b) agus (d), 3(1) agus (2) agus 6(1)]

(féach míreanna 266 - 269, cuid oibríochtúil 6)

8.        Comhar póilíneachta – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Sonraí ón Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a úsáid chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh – Treoir 2016/681 – Cur i bhfeidhm na Treorach maidir le heitiltí laistigh den Aontas – Cur i bhfeidhm ar gach eitilt laistigh den Aontas agus iompar a dhéantar ar mhodhanna eile laistigh den Aontas in éagmais bagairt dháiríre reatha sceimhlitheoireachta nó bagairt sceimhlitheoireachta intuartha – Neamhcheadaithe– Cur i bhfeidhm teoranta – Ceadmhach – Coinníollacha

(Airteagal 3(2) CAE; Airteagal 67(2) CFAE; an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 8, 45 agus 52(1); Treoir 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)

(féach míreanna 277 - 282, 285, 290 - 291, cuid oibríochtúil 7)

9.        Dlí an Aontais –Tosaíocht – Treoir 2016/681 – Forálacha náisiúnta nach bhfuil ag luí leis an Treoir sin a neamhniú ag an gcúirt náisiúnta – An fhéidearthacht éifeachtaí na bhforálacha i dtrácht a choinneáil – Gan a bheith ann – Inghlacthacht na fianaise a fhaightear de bhun na bhforálacha sin – Cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta – Teorainneacha – Urraim ar phrionsabal an chomhionannais agus ar phrionsabal na héifeachtachta

(Airteagal 3(2) CAE; Airteagal 67(2) CFAE; an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 8, 45 agus 52(1); Treoir 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)

(féach míreanna 293 - 298, cuid oibríochtúil 6)

Résumé

Is éard atá sa Taifead Ainmneacha Paisinéirí (Passenger Name Record (PNR)) gus faisnéis áirithinte arna stóráil ag aeriompróirí ina gcórais áirithinte agus rialaithe imeachta Le Treoir PNR,(1) cuirtear d’oibleagáid ar na hiompróirí sin sonraí aon phaisinéara ar eitilt lasmuigh den Aontas idir tríú tír agus an tAontas Eorpach a aistriú chuig an Aonad ainmnithe um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí (“PIU”) sa Bhallstát ceann scríbe nó imeacht na heitilte lena mbaineann, chun sceimhlitheoireacht agus coireacht thromchúiseach a chomhrac. Maidir leis na sonraí PNR a aistrítear mar sin, tá siad faoi réir réamh-mheasúnú ag PIU(2) agus coimeádann údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann nó údaráis inniúla Ballstáit eile ina dhiaidh sin iad le go bhféadfaidh siad measúnú a dhéanamh orthu níos déanaí. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an Treoir a chur i bhfeidhm maidir le heitiltí laistigh den Aontas freisin(3).

Thionscain an Ligue des droits humains caingean os comhair an Cour constitutionnelle (an Chúirt Bhunreachtúil, an Bheilg) ag iarraidh go ndéanfaí Dlí an 25 Nollaig 2016 (4), lena dtrasuítear Treoir PNR, Treoir API i reachtaíocht na Beilge, a neamhniú (5) . Dar leis an iarratasóir, sáraítear leis an Dlí sin an ceart chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Cáineann sé, ar an gcéad dul síos, cineál an‑leathan shonraí PNR agus, ar an dara dul síos, cineál ginearálta bhailiú, aistriú agus phróiseáil na sonraí sin. Chomh maith leis sin, áitíonn sé go gcuirtear bac leis an Dlí ar shaorghluaiseacht daoine freisin trí rialuithe teorann a athbhunú go hindíreach trí chóras PNR a leathnú chuig eitiltí laistigh den Aontas agus chuig iompar a dhéantar ar mhodhanna eile laistigh den Aontas.

Sa chomhthéacs sin, chuir Cúirt Bhunreachtúil na Beilge deich gceist faoi bhráid na Cúirte le haghaidh réamhrialú maidir le, inter alia, bailíocht agus léirmhíniú Threoir PNR agus infheidhmeacht RGCS (6).

Leis na ceisteanna sin, tugadh ar an gCúirt aghaidh a thabhairt arís ar phróiseáil shonraí PNR i bhfianaise na gceart bunúsach chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (7), mar a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (8). Ina breithiúnas, arna thabhairt ag an Mór-Dhlísheomra, deimhníonn an Chúirt bailíocht Threoir PNR a mhéid is féidir í a léirmhíniú i gcomhréir leis an gCairt agus déanann sí pointí áirithe maidir le léirmhíniú cuid dá forálacha a shoiléiriú (9).

Breithniú na Cúirte

Tar éis a shonrú cé acu i measc na n‑oibríochtaí próiseála sonraí pearsanta dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta atá beartaithe, mar atá an reachtaíocht atá i gceist, chun Treoir API agus Treoir PNR araon a thrasuí, na hoibríochtaí próiseála sonraí sin a bhfuil feidhm ag rialacha ginearálta RGCS (10) maidir leo, fíoraíonn an Chúirt bailíocht Threoir PNR.

Maidir le bailíocht Threoir PNR

Ina breithiúnas, chinn an Chúirt, ar an gcéad dul síos, ós rud é go n‑áirithítear le léirmhíniú na Cúirte ar fhorálacha Threoir PNR i bhfianaise na gceart bunúsach a ráthaítear in Airteagail 7, 8, 21 agus in Airteagal 52(1) den Chairt (11) go bhfuil an Treoir sin i gcomhréir leis na hAirteagail sin den Chairt, nár léirigh scrúdú ar na ceisteanna dá dtagraítear fachtóir ar bith de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht na Treorach sin.

Mar réamhphointe, tugann sí dá haire nach mór gníomh de chuid an Aontais a léirmhíniú, a mhéid is féidir, ar bhealach nach gcaitheann amhras ar a bhailíocht agus atá i gcomhréir leis an dlí príomhúil ina iomláine agus, go háirithe, le forálacha na Cairte, agus nach mór do na Ballstáit a áirithiú dá réir sin nach mbeadh siad ag brath ar léirmhíniú di a bheadh contrártha leis na cearta bunúsacha atá faoi chosaint ag dlíchóras an Aontais nó leis na prionsabail ghinearálta eile a aithnítear sa dlíchóras sin. Maidir le Treoir PNR, soiléiríonn an Chúirt go n‑éilítear léirmhíniú comhsheasmhach den sórt sin le líon mór aithrisí agus forálacha den Treoir sin, agus béim á leagan aici ar an tábhacht atá curtha in iúl ag reachtas an Aontais, trí thagairt a dhéanamh d’ardleibhéal cosanta sonraí, leis na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a urramú go hiomlán.

Tugann an Chúirt faoi deara go bhfuil cur isteach de thromchúis dhoshéanta ar na cearta a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ag baint le Treoir PNR go háirithe sa mhéid a bhfuil sé d’aidhm léi córas faireachais leanúnaigh, neamhdhírithe agus córasaigh a bhunú, lena n‑áirítear measúnú uathoibrithe a dhéanamh ar shonraí pearsanta gach duine a úsáideann seirbhísí aeriompair. Cuireann sí in iúl nach mór measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ag na Ballstáit údar a thabhairt leis an gcur isteach sin trí thromchúis an chur isteach a bhaineann le teorannú den sórt sin a thomhas agus trína fhíorú go bhfuil tábhacht an chuspóra leasa ghinearálta a shaothraíonn an teorannú sin i gcomhréir leis an tromchúis sin.

Cinneann an Chúirt go bhféadfar a mheas go bhfuil aistriú, próiseáil agus coinneáil shonraí PNR dá bhforáiltear leis an Treoir sin teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chomhrac, ar choinníoll go ndéantar na cumhachtaí dá bhforáiltear leis an Treoir sin a léirmhíniú go sriantach. Maidir leis sin, luaitear i mbreithiúnas an lae inniu, inter alia, an méid seo a leanas:

–        Ní mór gan a chumhdach leis an gcóras arna bhunú le Treoir PNR ach faisnéis atá inaitheanta agus imscríofa go soiléir in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus a bhaineann leis an eitilt a dhéantar agus leis an bpaisinéir lena mbaineann, rud a chiallaíonn, i gcás míreanna áirithe san Iarscríbhinn sin, nach gcumhdaítear ach an fhaisnéis dá dtagraítear go sainráite (12).

–        Ní mór do chur i bhfeidhm an chórais a bhunaítear le Treoir PNR a bheith teoranta do chionta sceimhlitheoireachta agus do choireacht thromchúiseach a bhfuil nasc oibiachtúil, indíreach ar a laghad aici le haeriompar paisinéirí. Maidir leis an gcoireacht sin, ní fhéadfaí cur i bhfeidhm an chórais sin a leathnú chuig coireacht a thagann, cé go gcomhlíonann sí an critéar dá bhforáiltear sa Treoir sin a bhaineann leis an tairseach tromchúise agus dá dtagraítear go háirithe in Iarscríbhinn II a ghabhann léi, faoi raon feidhme na gnáthchoireachta i bhfianaise ghnéithe sonracha an chórais choiriúil náisiúnta.

–        Ní mór an leathnú féideartha ar chur i bhfeidhm Threoir PNR chuig gach eitilt laistigh den Aontas nó cuid díobh, a bhféadfaidh Ballstát a chinneadh trí leas a bhaint as an rogha dá bhforáiltear sa Treoir sin, a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach. Chuige sin, ní mór é a bheith faoi réir athbhreithniú éifeachtach ó cúirt nó ó chomhlacht neamhspleách riaracháin a bhfuil éifeacht cheangailteach ag a chinneadh. Maidir leis sin, soiléiríonn an Chúirt: Maidir leis sin, deir an Chúirt:

–        Sa chás ina gcinnfidh an Ballstát sin, agus sa chás sin amháin, go bhfuil imthosca sách nithiúil ann chun a mheas go bhfuil bagairt sceimhlitheoireachta ann, ar bagairt í atá dáiríre agus láithreach nó intuartha, ní sháraítear an méid atá fíor-riachtanach le cur i bhfeidhm na Treorach sin ar gach eitilt laistigh den Aontas chuig an mBallstát sin nó uaidh, ar feadh tréimhse atá fíor-riachtanach, ach atá in‑athnuaite (13).

–        In éagmais bagairt sceimhlitheoireachta den sórt sin, ní féidir cur i bhfeidhm na Treorach sin a leathnú chuig gach eitilt laistigh den Aontas; ní mór é a bheith teoranta d’eitiltí laistigh den Aontas a bhaineann go háirithe le haerbhealaí áirithe nó le patrúin taistil áirithe nó le haerfoirt áirithe a bhfuil tásca ann ina leith, de réir mheasúnú an Bhallstáit lena mbaineann, go bhfuil bonn cirt leis an gcur i bhfeidhm sin. Ní mór athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an nádúr fíor-riachtanach den chur i bhfeidhm sin maidir le heitiltí laistigh den Aontas a roghnaítear ar an gcaoi sin, i bhfianaise athruithe ar na dálaí a thug údar lena roghnú.

–        Chun críocha réamh-mheasúnú a dhéanamh ar shonraí PNR, chun daoine a shainaithint a dteastaíonn tuilleadh scrúdaithe ina leith roimh theacht nó imeacht dóibh agus a dhéanfar ar dtús trí phróiseáil uathoibrithe, féadfaidh an tAonad um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí (PIU) na sonraí sin a chur i gcomparáid, ar thaobh amháin, le bunachair sonraí a bhaineann le daoine nó le rudaí atá á lorg nó faoi réir foláirimh, agus iad sin amháin (14).. Ní mór do na bunachair sonraí sin a bheith neamh-idirdhealaitheach agus á n‑oibriú ag na húdaráis inniúla i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na gcionta sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí a bhfuil nasc oibiachtúil, indíreach ar a laghad acu le haeriompar paisinéirí. Ar an taobh eile, maidir leis an réamh-mheasúnú i bhfianaise critéir réamhbhunaithe, ní féidir le PIU teicneolaíochtaí hintleachta saorga a úsáid i gcomhthéacs córais féinfhoghlama (“machine learning”), a fhéadfaidh an próiseas meastóireachta a athrú, gan idirghabháil ná rialú daonna, agus go háirithe na critéir mheasúnaithe ar a bhfuil toradh a chur i bhfeidhm bunaithe agus ualú na gcritéar sin. Ní mór na critéir sin a chinneadh sa chaoi is go ndíreoidh a gcur i bhfeidhm, go sonrach, ar na daoine aonair a bhféadfadh amhras réasúnach a bheith ann ina leith go bhfuil siad rannpháirteach i gcionta sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach agus na gnéithe “inchoiritheacha” agus “saorthacha” á gcur san áireamh, gan idirdhealú díreach nó indíreach a bheith mar thoradh air (15).

–        I bhfianaise an ráta earráide atá ina dhlúthchuid de phróiseáil uathoibrithe den sórt sin ar shonraí PNR agus an líon mór “bréagdheimhniucháin” a fuarthas tar éis iad a chur i bhfeidhm sna blianta 2018 agus 2019, braitheann cumas an chórais arna bhunú le Treoir PNR chun na cuspóirí arna saothrú a bhaint amach go bunúsach ar fheidhmiú cuí an fhíoraithe a dhéanfar ar na torthaí dearfacha a fhaightear maidir leis an bpróiseáil sin, a dhéanann PIU, ina dhiaidh sin, trí mhodhanna neamh-uathoibrithe. I ndáil leis sin, ní mór do na Ballstáit rialacha soiléire, beachta a leagan síos chun an anailís a dhéanfaidh oifigigh PIU atá freagrach as an athbhreithniú aonair sin a threorú agus a rialáil d’fhonn lánurramú na gceart bunúsach a chumhdaítear in Airteagail 7, 8 agus 21 den Chairt a áirithiú agus, go háirithe, chun cleachtas comhsheasmhach riaracháin a áirithiú laistigh de PIU lena n‑urramaítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Go háirithe, ní mór dóibh a áirithiú go leagann PIU síos critéir athbhreithnithe oibiachtúla lena gcumasaítear dá oifigigh a fhíorú, ar thaobh amháin cé acu an mbaineann agus a mhéid a bhaineann meaitseáil dhearfach (“hit”) le duine ar dócha go bhfuil sé rannpháirteach i gcionta sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach, agus, ar an taobh eile, chineál neamh-idirdhealaitheach na próiseála uathoibrithe. Sa chomhthéacs sin, cuireann an Chúirt i bhfios freisin nach mór do na húdaráis inniúla a áirithiú go bhféadfaidh an duine lena mbaineann feidhmiú na gcritéar measúnaithe réamhbhunaithe agus na gclár lena gcuirtear na critéir sin i bhfeidhm a thuiscint, ionas go bhféadfaidh sé a chinneadh, agus láneolas aige ar na fíorais, an bhfeidhmeoidh sé a cheart chun leighis bhreithiúnaigh nó nach bhfeidhmeoidh. Ar an gcaoi chéanna, i gcomhthéacs caingean den sórt sin, ní mór don chúirt atá freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chinnidh arna ghlacadh ag na húdaráis inniúla agus, ach amháin i gcásanna bagairtí do shlándáil an Stáit, an duine lena mbaineann a bheith in ann eolas a fháil maidir leis na cúiseanna agus leis an bhfianaise ar glacadh an cinneadh sin ar a mbonn, lena n‑áirítear na critéir mheasúnaithe réamhbhunaithe agus feidhmiú na gclár lena gcuirtear na critéir sin i bhfeidhm.

–        Maidir le sonraí PNR a nochtadh agus a mheas níos déanaí, is é sin le rá, tar éis don duine lena mbaineann teacht nó imeacht, ní fhéadfar é sin a dhéanamh ach amháin ar bhonn imthosca nua agus fianaise oibiachtúil de chineál a fhéadfaidh a bheith ina gcúis le hamhras réasúnta ann go bhfuil an duine sin páirteach i gcoireacht thromchúiseach a bhfuil nasc oibiachtúil, indíreach ar a laghad aici le haeriompar paisinéirí, nó go bhféadfadh na sonraí sin, i gcás sonrach, rannchuidiú go héifeachtach leis an gcomhrac i gcoinne cionta sceimhlitheoireachta a bhfuil nasc den sórt sin ag baint leo. Ní mór, i bprionsabal, nochtadh shonraí PNR chun críocha an mheasúnaithe níos déanaí sin, ach amháin i gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo, a chur faoi réir grinnscrúdú roimh ré a dhéanfaidh cúirt nó údarás riaracháin neamhspleách, ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó na húdaráis inniúla, beag beann ar an iarraidh sin a bheith déanta roimh dhul in éag na tréimhse sé mhí tar éis aistriú na sonraí sin chuig PIU nó ina dhiaidh sin (16).

Maidir le léirmhíniú Threoir PNR

Tar éis di a chinneadh go bhfuil Treoir PNR bailí, tugann an Chúirt soiléiriú breise maidir le léirmhíniú na Treorach sin. Ar an gcéad dul síos, tugann sí dá haire go liostaítear go huileghabhálach sa Treoir na cuspóirí a shaothraítear le próiseáil shonraí PNR. Mar sin, cuirtear bac le Treoir PNR ar reachtaíocht náisiúnta lena n‑údaraítear próiseáil shonraí PNR chun críocha seachas cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chomhrac. Mar sin, is dócha go ndéanfar neamhaird de chineál uileghabhálach an liosta seo i reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear, mar chríoch chun sonraí PNR a phróiseáil, gníomhaíochtaí na seirbhísí faisnéise agus slándála a shaothrú. Ar an gcaoi chéanna, ní féidir foráil a dhéanamh don chóras a bhunaítear le Treoir PNR chun críocha rialuithe teorann a fheabhsú agus chun inimirce neamhdhleathach a chomhrac (17). Dá bhrí sin, ní féidir sonraí PNR a stóráil i mbunachar sonraí aonair ar féidir breathnú air chun críocha Threoir PNR agus críocha eile araon a shaothrú.

Ar an dara dul síos, soiléiríonn an Chúirt an coincheap maidir le húdarás náisiúnta neamhspleách, atá inniúil chun a fhíorú an bhfuil na coinníollacha maidir le nochtadh shonraí PNR chun críocha a measúnaithe ina dhiaidh sin, á gcomhlíonadh agus nochtadh den sórt sin a fhormheas. Go háirithe, ní féidir an t‑údarás atá bunaithe mar PIU a cháiliú amhlaidh toisc nach bhfuil stádas tríú páirtí aige maidir leis an údarás a iarrann rochtain ar na sonraí. . Ós rud é go bhféadfadh sé gur gníomhairí atá tugtha ar iasacht ag na húdaráis atá údaraithe an rochtain sin a iarraidh iad a bhaill foirne, dealraíonn sé gur gá go bhfuil nasc idir PIU agus na húdaráis sin. Dá bhrí sin, le Treoir PNR, cuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhfuil stádas ag an údarás a bunaíodh mar PIU mar údarás náisiúnta inniúil, a bhfuil an chumhacht aige nochtadh shonraí PNR a fhormheas ar dhul in éag na tréimhse sé mhí tar éis aistriú na sonraí sin chuig PIU.

Ar an tríú dul síos, maidir leis an tréimhse chun sonraí PNR a choinneáil, chinn an Chúirt go gcuirtear cosc le hAirteagal 12 de Threoir PNR, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 agus Airteagal 52(1) den Chairt, ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do thréimhse ghinearálta choinneála cúig bliana, a bheidh infheidhme gan idirdhealú maidir le gach aerphaisinéir.

Dar leis an gCúirt, tar éis dhul in éag na tréimhse coinneála tosaigh sé mhí, ní dhealraíonn sé go bhfuil coinneáil shonraí PNR teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach i ndáil le haerphaisinéirí nár nochtadh ina leith leis an réamh-mheasúnú, ná le haon seiceálacha a rinneadh le linn na tréimhse coinneála tosaigh sé mhí, ná le haon chúinse eile, go bhfuil fianaise oibiachtúil ann – amhail go raibh meaitseáil dhearfach ann le sonraí PNR na bpaisinéirí lena mbaineann, arna fíorú faoi chuimsiú an réamh-mheasúnaithe – de chineál lena bhféadfaí riosca maidir le cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a shuí a bhfuil nasc oibiachtúil acu, indíreach ar a laghad, leis an turas aeir a rinne na paisinéirí sin. Os a choinne sin, measann sí, i rith na tréimhse tosaigh sé mhí, nach cosúil, i bprionsabal, go sáraítear teorainneacha an mhéid atá fíor-riachtanach trí shonraí PNR a choimeád faoi gach aerphaisinéir atá faoi réir an chórais a bhunaítear leis an Treoir sin.

Ar an gceathrú dul síos, cuireann an Chúirt treoir ar fáil maidir le cur i bhfeidhm féideartha Threoir PNR, chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chomhrac, maidir le modhanna eile iompair lena n‑iompraítear paisinéirí san Aontas Eorpach. Leis an Treoir, arna léamh i bhfianaise Airteagal 3(2) CAE, Airteagal 67(2) CFAE agus Airteagal 45 den Chairt, cuirtear cosc ar chóras chun sonraí PNR a aistriú agus a phróiseáil i ndáil leis na hoibríochtaí iompair uile a dhéantar ar mhodhanna eile laistigh den Aontas Eorpach in éagmais bagairt dháiríre reatha sceimhlitheoireachta nó bagairt sceimhlitheoireachta intuartha don Bhallstát lena mbaineann. I gcás den sórt sin, faoi mar atá i gcás eitiltí laistigh den Aontas, ní mór cur i bhfeidhm an chórais a bhunaítear le Treoir PNR a theorannú do shonraí PNR iompair a bhaineann go háirithe le bealaí áirithe nó le patrúin taistil áirithe nó fiú le stáisiúin nó calafoirt áirithe a bhfuil an chosúlacht ann go bhfuil údar maith le cur i bhfeidhm den sórt sin a dhéanamh ina leith. Is faoin mBallstát lena mbaineann atá sé na hoibríochtaí iompair arb ann do thásca den sórt sin ina leith a roghnú agus cur i bhfeidhm sin a athbhreithniú go tráthrialta de réir aon athrú sna coinníollacha a thug údar lena roghnú.


1      Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO 2016 L 119, lch. 132) (“Treoir PNR”).


2      Tá sé mar aidhm ag an réamh-mheasúnú sin na daoine ar cheart do na húdaráis inniúla iad a scrúdú tuilleadh a shainaithint, ag cur san áireamh go bhféadfadh na daoine sin a bheith rannpháirteach i gcionta sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach. Déantar é go córasach agus trí mhodhanna uathoibrithe, trí shonraí PNR a chur i gcomparáid le bunachair sonraí “ábhartha” nó trína bpróiseáil i bhfianaise critéir réamhbhunaithe in Airteagal 6(2)(a) agus (3) de Threoir PNR.


3      Úsáid a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 2 de Threoir PNR.


4      Dlí an 25 Nollaig 2016 maidir le sonraí paisinéirí a phróiseáil (Moniteur belge an 25 Eanáir 2017, lch. 12905).


5      Treoir 2004/82/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an oibleagáid atá ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl (IO 2004 L 261, lch. 24) (“Treoir API”). Rialaítear leis an Treoir sin tarchur réamhfhaisnéise maidir le paisinéirí (amhail uimhir agus cineál an doiciméid taistil a úsáidtear, chomh maith le náisiúntacht) arna dhéanamh ag aeriompróirí chuig na húdaráis náisiúnta inniúla d’fhonn rialuithe teorann a fheabhsú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac.


6      Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, (“RGCS”).


7      “na cearta bunúsacha a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt”. Rinne an Chúirt scrúdú cheana ar cé acu an bhfuil an córas chun sonraí PNR a bhailiú agus a phróiseáil a beartaíodh sa dréacht‑chomhaontú idir Ceanada agus an tAontas Eorpach maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí a aistriú agus a phróiseáil i gcomhréir leis na cearta sin [Tuairim 1/15 (Comhaontú AE-Ceanada PNR) an 26 Iúil 2017 (EU:C:2017:592)]


8      “An Chairt”.


9      Go háirithe, Airteagal 2 (“Cur i bhfeidhm [na Treorach] maidir le heitiltí laistigh den Aontas”), Airteagal 6 (“Próiseáil shonraí PNR”), agus Airteagal 12 (“Tréimhse coinneála sonraí agus díphearsantú”), de Threoir PNR.


10      Sonraíonn an Chúirt go bhfuil RGCS infheidhme maidir le hoibríochtaí próiseála sonraí pearsanta dá bhforáiltear i reachtaíocht amhail sin maidir le, ar thaobh amháin, próiseáil sonraí arna déanamh ag oibreoirí príobháideacha agus, ar an taobh eile, próiseáil sonraí arna déanamh ag údaráis phoiblí a thagann faoi raon feidhme Threoir API amháin nó freisin. Os a choinne sin, níl RGCS infheidhme maidir le próiseáil sonraí dá bhforáiltear le reachtaíocht den sórt sin nach dtagann ach faoi raon feidhme Threoir PNR, arna déanamh ag PIU nó ag na húdaráis inniúla chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chomhrac.


11      I gcomhréir leis an bhforáil sin, ní mór foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n‑aithint sa Chairt sin agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú. Thairis sin, ní fhéadfar teorainneacha a chur leis na cearta agus na saoirsí sin ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí eile leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.


12      Mar sin, go háirithe, ní mór “faisnéis maidir le modhanna íocaíochta” (ceannteideal 5 den Iarscríbhinn) a bheith teoranta d’fhaisnéis a bhaineann le socruithe íocaíochta agus billeála an ticéid eitilte amháin, gan aon fhaisnéis eile nach mbaineann go díreach leis an eitilt a chur san áireamh agus nach mbaineann “nótaí ginearálta” (ceannteideal 12) ach leis an bhfaisnéis liostaithe go sainráite sa cheannteideal maidir le paisinéirí mionaoiseacha.


13      Más ann do bhagairt den sórt sin, déantar ceangal a bhunú idir aistriú agus próiseáil na sonraí lena mbaineann agus an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta. Dá bhrí sin, má dhéantar foráil do chur i bhfeidhm Threoir PNR maidir le gach eitilt laistigh den Aontas chuig an mBallstát lena mbaineann nó uaidh, ar feadh tréimhse theoranta ní théitear thar an méid atá fíor-riachtanach, sa chás gur féidir an cinneadh lena bhforáiltear do chur i bhfeidhm den sórt sin a chur faoi réir athbhreithniú arna dhéanamh ag cúirt nó ag comhlacht neamhspleách riaracháin.


14      Is iad sin bunachair shonraí a bhaineann le daoine nó rudaí atá á lorg nó faoi réir foláirimh de réir bhrí Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh anailísí a dhéanamh ar bhonn bunachair sonraí éagsúla, agus go bhféadfadh anailísí den sórt sin a bheith i bhfoirm mianadóireacht sonraí (“data mining”) agus is dócha go mbeadh sé ina chúis le húsáid dhíréireach na sonraí sin, lena mbunófaí modhanna chun próifíl bheacht na ndaoine lena mbaineann a bhunú ar an gcúis amháin go bhfuil sé ar intinn ag na daoine sin taisteal d’aer.


15      Ní mór do na critéir réamhbhunaithe a bheith spriocdhírithe, comhréireach agus sonrach agus ní mór iad a athbhreithniú go tráthrialta (Airteagal 6(4) de Threoir PNR). Ní mór an réamh-mheasúnú i bhfianaise na gcritéir réamhbhunaithe a dhéanamh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach. De réir an ceathrú habairt d’Airteagal 6(4) de Threoir PNR, ní bheidh na critéir sin i gcás ar bith, bunaithe ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, stádas sláinte, saol gnéis nó gnéaschlaonadh.


16      De réir fhoclaíocht Airteagal 12(1) agus (3) de Threoir PNR, ní dhéantar foráil go sainráite de sheiceáil den sórt sin ach amháin maidir le hiarrataí ar chumarsáid sonraí PNR arna dtíolacadh tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí i ndiaidh aistriú na sonraí PNR chuig PIU.


17      Eadhon, cuspóir Threoir API.