Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2022 – Cogebi agus Cogebi v an Chomhairle
(Cás T-782/22)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Cogebi (an Bhruiséil, an Bheilg), Cogebi, a.s. (Tábor, Poblacht na Seice) (ionadaí: H. over de Linden, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
Airteagal 3(i) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014, 1 arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1904 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise chun an staid san Úcráin a dhíchobhsú, 2 a mhéid a bhaineann sé le cuimsiú ar an liosta earraí agus teicneolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(i) de Rialachán (AE) 2022/1904 ón gComhairle (Iarscríbhinn XXI) den chód AC 6814, a neamhniú;
a ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí seo a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheanglas riachtanach nós imeachta - an oibleagáid cúiseanna a lua.
An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe.
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta.
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh, dá dtagraítear in Airteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun dea-riaracháin, dá dtagraítear in Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus sárú ar an gceart chun leigheas éifeachtach agus chun trialach córa a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt.
____________
1 IO 2014 L 229, lch. 1.
1 IO 2022 L 259, lch. 3.