Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 29 Samhain 2023 ag Nicoventures Trading Ltd agus Páirtithe Eile i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra) a fógraíodh an 20 Meán Fómhair 2023 i gCás T-706/22, Nicoventures Trading agus Páirtithe Eile v an Coimisiún

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-731/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Nicoventures Trading Ltd, British American Tobacco (an Ghearmáin) GmbH, British American Tobacco Italia SpA (BAT Italia), British American Tobacco Polska Trading sp. z o.o., British American Tobacco España, SA, P.J. Carroll & Company Ltd (ionadaithe: L. Van den Hende agus M. Schonberg, advocaten)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

an t-ordú atá faoi achomharc a chur ar leataobh;

a mhéid a mheasann an Chúirt go gceadaítear le staid na n-imeachtaí, pléadáil do-ghlacthachta an Choimisiúin a dhíbhe, a dhearbhú go bhfuil an chaingean inghlactha agus an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun rialú a fháil ar shubstaint an cháis; agus

a ordú don Choimisiún costais na n-achomharcóirí a íoc, lena n-áirítear iad siúd a tabhaíodh os comhair na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Tá saincheist dlí amháin san achomharc seo a bhaineann le cur i bhfeidhm na Cúirte Ginearálta maidir leis an gceanglas an chúraim leithligh agus lena cinneadh nach bhfuil seasamh ag na hachomharcóirí maidir lena gcaingean le haghaidh neamhniú Threoir Tarmligthe (AE) 2022/2100 1 an 29 Meitheamh 2012 lena leasaítear Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí áirithe i leith táirgí tobac téite a tharraingt siar (‘an beart atá faoi chonspóid’).

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí agus measúnú á dhéanamh ar na tosca arna n-ardú ag na hachomharcóirí i dtaca a gcúram leithleach. Go bunúsach, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid ina cur chuige agus í ag déanamh measúnú ar na tosca ar leithligh agus go leithleach, agus mar sin ar cé acu atá leordhóthanach chun cúram leithleach a bhunú, seachas measúnú a dhéanamh orthu i dteannta a chéile. Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid freisin agus measúnú á dhéanamh ar thábhacht dhlíthiúil na dtosca arna n-ardú ag na hachomharcóirí, mar is léir go bhfuil gach ceann de na tosca sin ábhartha agus go bhfuil tábhacht ag baint leo i ndáil leis sin.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid agus measúnú á dhéanamh ar an tástáil dhlíthiúil shainiúil le haghaidh cúram leithleach ar cé acu an bhfuil tionchar substaintiúil ar shuíomh na n-achomharcóirí ar an margadh. Go sonrach, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid maidir le hinfheidhmeacht agus cur chun feidhme na tástála sin.

____________

1 OI 2022 L 283, lch. 4.