Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) an 18 Aibreán 2023 — VP v Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság

(Cás C-247/23, Deldits 1 )

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: VP

Cosantóir: Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 16 de RGCS 1 a léiriú sa chaoi go gceanglaítear leis ar an údarás atá freagrach as na cláir i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir le feidhmiú chearta an ábhair sonraí, an sonra pearsanta a bhaineann le gnéas an duine sin arna chlárú ag an údarás a cheartú i gcás gur athraigh an sonra sin tar éis a iontrála ar an gclár agus, dá bhrí sin, nach gcomhlíontar prionsabal an chruinnis arna leagan síos in Airteagal 5(1)(d) de RGCS?

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist a tharchuirtear, an gcaithfear Airteagal 16 de RGCS a léiriú sa chaoi go n-éilítear leis go mbeidh ag an duine atá ag iarraidh go gceartófaí an sonra maidir lena ghnéas fianaise lena dtugtar údar dá éileamh ar cheartú?

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an dara ceist a tharchuirtear, an gcaithfear Airteagal 16 de RGCS a léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar an duine is iarratasóir a léiriú go ndearnadh obráid athraithe gnéis air?

____________

1 Ainm dlítheanach atá in ainm an cháis seo. Ní bhaineann sé le fíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.

1 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).