Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 4 Feabhra 2022 – M.A. v Valstybės sienos apsaugos tarnyba

(Cás C-72/22)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: M.A.

Páirtí eile sna himeachtaí achomhairc: Valstybės sienos apsaugos tarnyba

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An beite Airteagal 7(1) de Threoir 2013/32/AE1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta comhchoiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(1) de Threoir 2011/95/AE2 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar, a léirmhíniú mar chosc ar rialacha den dlí náisiúnta, amhail is infheidhme sa chás seo, i gcás go bhfógrófaí dlí míleata, staid éigeandála nó éigeandáil a bheith i bhfeidhm mar gheall ar mhórphlódú d’eachtrannaigh, lena ndiúltaítear, i bprionsabal, a cheadú d’eachtrannach a thiocfadh isteach agus a d’fhanfadh go neamhdhleathach i gcríoch an Bhallstáit iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh?

Má thugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist, an beite Airteagal 8(2) agus (3) de Threoir 2013/33/AE1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh le hiarratasóirí do chosaint idirnáisiúnta a léirmhíniú mar chosc ar rialacha den dlí náisiúnta faoina gceadófaí, i gcás go bhfógrófaí dlí míleata, staid éigeandála nó éigeandáil a bheith i bhfeidhm mar gheall ar mhórphlódú d’eachtrannaigh, iarratasóir ar thearmann a choinneáil ar an gcúis amháin gur tháinig sé isteach i gcríoch Phoblacht na Liotuáine trí theorainn Phoblacht na Liotuáine a thrasnú go neamhdhleathach?

____________

1 IO 2013 L 180, lch. 60.

1 IO 2011 L 337, lch. 9.

1 IO 2013 L 180, lch. 96.