Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Alba Iulia (an Rómáin), arna taisceadh an 14 Márta 2022 – Vantage Logistics S.R.L. v Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Alba, Auto Help Alba S.R.L., Banca Transilvania S.A., BRD – Groupe Société Générale S.A., S.C. Croma S.R.L., S.C. Polaris M.Holding, S.C. Elit România Piese Auto Originale S.R.L., S.C. Nedo Auto Service S.R.L., CH Insolvency I.P.U.R.L. mar leachtaitheoir arna cheapadh ag an gcúirt ar S.C. Nedo Auto Service S.R.L.

(Cás C-200/22)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Alba Iulia

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Vantage Logistics S.R.L.

Páirtithe eile sna himeachtaí: Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Alba, Auto Help Alba S.R.L., Banca Transilvania S.A., BRD – Groupe Société Générale S.A., S.C. Croma S.R.L., S.C. Polaris M.Holding, S.C. Elit România Piese Auto Originale S.R.L., S.C. Nedo Auto Service S.R.L., CH Insolvency I.P.U.R.L. mar leachtaitheoir arna cheapadh ag an gcúirt ar S.C. Nedo Auto Service S.R.L.

An cheist a tharchuirtear

An féidir le dlí an Aontais, prionsabal an ceart chun maoine príobháidí a urramú agus a chosaint dá bhforáiltear in Airteagal 17 den Chairt [um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh], prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais ar an dlí náisiúnta agus, go háirithe, an chéad abairt d’Airteagal 9(6) de Threoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais agus maidir le dícháilíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht)1 , a léirmhíniú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta amhail an ceann atá i gceist sna príomhimeachtaí (Airteagal 139(1) [pointe] (C) de Dhlí Uimh. 85/2014], [lena gceadaítear], i gcomhthéacs imeachtaí dócmhainneachta, an plean atheagrúcháin/athstruchtúraithe a mheas a bheith glactha más rud é, i gcás ina bhfuil dhá nó ceithre chatagóir éileamh, go vótálann ar a laghad leath de líon na gcatagóirí ina bhfabhar, ar choinníoll go nglacann ceann de na catagóirí faoi mhíbhuntáiste leis an bplean agus go nglacann 30% ar a laghad d’iomlán, de réir luacha, de na creidiúnaithe i gcoitinne leis an bplean céanna?

____________

1 IO L 172, lch. 18.