Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 27 Samhain 2023 — Indetec v CINEA

(Cás T-250/22)1

(Caingean le haghaidh neamhniú agus le haghaidh damáistí – Clásal eadrána – Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) – Comhaontú deontais – Cinneadh lena n-aicmítear mar chaiteachas neamh-incháilithe costais áirithe atá nasctha le fochonraitheoir – Oibleagáid chun cúiseanna a thabhairt – An ceart chun dea-riaracháin – Airteagal 202(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 – Cearta na cosanta – Comhréireacht – Caingean i bpáirt arna tabhairt os comhair cúirte nach bhfuil dlínse aici í a éisteacht go follasach agus nach bhfuil aon bhunús dlí léi go follasach)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Ingeniería para el Desarrollo Tecnológico, SL (Indetec) (Valencia, an Spáinn) (ionadaí: J. Navas Marqués, Dlíodóir)

Cosantóir: an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (ionadaithe: I. Ramallo agus P. Rosa Plaza, Gníomhairí, le cúnamh ó J. Rivas Andrés agus A. Manzaneque Valverde, Dlíodóirí)

Maidir le:

Lena chaingean de bhun Airteagail 263 agus 272 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt, ar an gcéad dul síos, an cinneadh atá i litir ar a bhfuil an tagairt Ares (2022) 1775149 ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA) an 10 Márta 2022 a chur ar neamhní, trínar aicmíodh costais áirithe a bhaineann le fochonraitheoir mar chaiteachas neamh-incháilithe, ar an dara dul síos, chun a rialú go gcuirfeadh sé clásal II.9.1 de choinníollacha ginearálta an chomhaontaithe deontais a raibh sé ina pháirtí ann i bhfeidhm i gceart agus, ar an tríú dul síos, ordú a thabhairt don Choimisiún Eorpach suim EUR 335 900 a íoc leis i gcomhlíonadh a oibleagáidí conarthacha faoin gcomhaontú sin.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Ingeniería para el Desarrollo Tecnológico, SL (Indetec) na costais a íoc.

____________

1     IO C 244, 27.6.2022.