Language of document :

Caingean arna tabhairt an 3 Bealtaine 2024 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Bulgáire

(Cás C-329/24)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: N. Nikolova agus E. Sanfrutos Cano, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Bulgáire

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún,

a dhearbhú gur mhainnigh Poblacht na Bulgáire a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 13(7) agus faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2000/60/CE 1 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, trí mhainneachtain a hoibleagáidí maidir le pleananna bainistíochta abhantraí a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta a chomhlíonadh agus tuairisciú a dhéanamh ar na pleananna sin, i gcomhréir le hAirteagal 15 den Treoir, faoin 22 Márta 2022,

a ordú do Phoblacht na Bulgáire na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Is é is aidhm do Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce stádas maith cainníochtúil agus cáilíochtúil d’uiscí Eorpacha amhail aibhneacha agus lochanna a áirithiú. Cuireann an Treoir de cheangal ar Bhallstáit athbhreithniú, nuashonrú agus tuairisciú a dhéanamh ar a bpleananna bainistíochta abhantraí gach sé bliana. De réir na Treorach, tá na pleananna sin, lena n-áirítear clár gníomhaíochtaí, ríthábhachtach chun stádas uisce maith a bhaint amach agus a chothabháil.

Ba cheart go mbeadh athbhreithniú agus nuashonrú déanta ag na Ballstáit ar a bpleananna bainistithe abhantraí faoin 22 Nollaig 2021 agus go mbeadh cóipeanna díobh curtha faoi bhráid an Choimisiúin faoin 22 Márta 2022.

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún cóip de na pleananna bainistíochta abhantraí ó Phoblacht na Bulgáire laistigh den spriocdháta sonraithe, sheol sé litir fógra foirmiúil chuig Poblacht na Bulgáire an 15 Feabhra 2023. An 28 Meán Fómhair 2023, chuir sé tuairim réasúnaithe chuig Poblacht na Bulgáire. Dá ainneoin sin, níl na bearta cur chun feidhme glactha fós ag Poblacht na Bulgáire agus níor chuir sí in iúl don Choimisiún iad.

____________

1 IO 2000 L 327, lch. 1.