Caingean arna tabhairt an 31 Bealtaine 2023 – Coinbase v EUIPO (C)
(Cás T-304/23)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Coinbase, Inc. (Oakland, California, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: M. Zintler, N. Schmidt-Hamkens agus F. Stoll, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Clárúchán idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i leith an mhairc fhíoraigh C – Iarratas ar chlárú Uimh. 1 629 156
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de chuid EUIPO an 30 Márta 2023 i gCás R 2001/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a dhearbhú nach gcuireann Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle bac ar chlárú an trádmhairc atá i gceist maidir leis na hearraí agus na seirbhísí a éilítear;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an dea-riaracháin.
____________